Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1452

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1452 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2024 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 3458)

C/2024/3458

IO L, 2024/1452, 21.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1452/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1452/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1452

21.5.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1452 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Bealtaine 2024

lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 3458)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1), pointe (c), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach in éin é an fliú éanúil ardphataigineach (HPAI) agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar bhrabúsacht na feirmeoireachta éanlaithe clóis, rud a chuirfeadh isteach ar thrádáil laistigh den Aontas agus ar onnmhairí chuig tríú tíortha. Is féidir le víris HPAI éin imirceacha a ionfhabhtú, rud a fhágann gur féidir leo na víris sin a leathadh thar achair fhada le linn a n-imircí san fhómhar agus san earrach. Dá bhrí sin, is bagairt leanúnach é víris HPAI a bheith in éin fhiáine maidir le tabhairt isteach na víreas sin go díreach agus go hindíreach i ngabháltais ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. I gcás ráig de HPAI, tá baol ann go bhféadfaidh an t-oibreán galair leathadh go gabháltais eile ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas.

(2)

Le Rialachán (AE) 2016/429 bunaítear creat reachtach nua chun galair a chosc agus a rialú, ar galair iad atá in-tarchurtha chuig ainmhithe nó chuig daoine. Tagann HPAI faoin sainmhíniú ar ghalar liostaithe sa Rialachán sin, agus tá sé faoi réir na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar a leagtar síos ann. Ina theannta sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann leis na rialacha a mhéid a bhaineann le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú, lena n-áirítear bearta rialaithe galar le haghaidh HPAI.

(3)

Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 (3) ón gCoimisiún faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos leis bearta éigeandála ar leibhéal an Aontais i ndáil le ráigeanna HPAI.

(4)

Go háirithe, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 déantar foráil maidir leis na criosanna cosanta agus faireachais agus na criosanna srianta breise arna mbunú ag na Ballstáit tar éis ráigeanna HPAI, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go gcuimseoidh siad ar a laghad na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais agus criosanna srianta breise san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin.

(5)

Leasaíodh an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 le déanaí le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1297 ón gCoimisiún (4) tar éis ráigeanna HPAI in éanlaith chlóis nó in éin i mbraighdeanas san Ungáir, rud ba ghá a léiriú san Iarscríbhinn sin.

(6)

Ón dáta a glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1297, tá fógra tugtha ag an mBulgáir don Choimisiún faoi ráigeanna nua HPAI i mbunaíochtaí inar coinníodh éanlaith chlóis, bunaíocht atá lonnaithe i réigiúin Haskovo agus Plovidv.

(7)

Rinne údarás inniúil na Bulgáire na bearta rialaithe galar is gá i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear bunú criosanna cosanta agus faireachais timpeall ar na ráigeanna sin.

(8)

Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar na bearta rialaithe galar a rinne an Bhulgáir i gcomhar leis an mBallstát sin, agus tá sé sásta maidir le teorainneacha na gcriosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag údarás inniúil na Bulgáire, go bhfuil siad fada go leor ó na bunaíochtaí inar deimhníodh na ráigeanna HPAI.

(9)

Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha bacainní gan údar ar thrádáil, is gá tuairisc a thabhairt go mear ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis an mBulgáir ar na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú go cuí ag an mBallstát sin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais don Bhulgáir san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 a leasú.

(11)

Dá réir sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 a leasú chun an réigiúnú a thabhairt cothrom le dáta ar leibhéal an Aontais chun aird a thabhairt ar na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú go cuí ag an mBulgáir i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus fad na mbeart is infheidhme sna criosanna sin.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 a leasú dá réir.

(13)

I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh HPAI, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 leis an gCinneadh seo i bhfeidhm a luaithe is féidir.

(14)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447.

Airteagal 2

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Bealtaine 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 2023/2447, 30.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2447/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1297 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2024 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 2024/1297, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1297/oj).


IARSCRÍBHINN

Cuid A

Criosanna cosanta sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), agus Airteagal 2:

Ballstát: An Bhulgáir

Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

Réigiún Haskovo

BG-HPAI(P)-2024-00014

The following village in Simeonovgrad municipality:

Konstantinovo

The following village in Harmanli municipality:

Polyanovo

7.6.2024

Réigiún Plovdiv

BG-HPAI(P)-2024-00013

The following villages in Asenovgrad municipality:

Asenovgrad

Boyantsi

26.5.2024

The following village in Sadovo municipality:

Mominsko

BG-HPAI(P)-2024-00015

The following village in Rakovski municipality:

Momino selo

The following village in Kaloyanovo municipality:

Glavatar

The following village in Brezovo municipality:

Padarsko

7.6.2024

Ballstát: An Ungáir

Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

Békés vármegye

HU-HPAI(P)-2024-00014

Gyomaendrőd és Szarvas települések közigazgatási területének a 46.903093 és a 20.747254 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 3 km sugarú körön belül eső területe.

21.5.2024

Cuid B

Criosanna faireachais sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), agus Airteagal 3:

Ballstát: An Bhulgáir

Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

Réigiún Haskovo

BG-HPAI(P)-2024-00010

BG-HPAI(P)-2024-00011

The following villages in Haskovo municipality:

Haskovo

Voyvodovo

Manastir

Konush

16.5.2024 – 24.5.2024

The following villages in Haskovo municipality:

Klokotnitsa

Manastir

Malevo

Stamboliyski

Dinevo

Podkrepa

Uzumddzhovo

Haskovo

Knizhovnik

Dolno Voyvodino

Orlovo

Dolno Golemantsi

Mandra

Kozlets

Teketo

Galabets

Trakiets

Vaglarovo

24.5.2024

The following villages in Dimitrovgrad municipality:

Krepost

Chernogorovo

Voden

24.5.2024

BG-HPAI(P)-2024-00014

The following village in Simeonovgrad municipality:

Konstantinovo

The following village in Harmanli municipality:

Polyanovo

8.6.2024 – 16.6.2024

The following village in Simeonovgrad municipality:

Simeonovgrad

The following village in Harmanli municipality:

Preslavets

The following villages in Dimitrovgrad municipality:

Zlatnopole

Raynovo

The following villages in Haskovo municipality:

Aleksandrovo

Nova Nadezhda

Stoykovo

Rodopi

Bryagovo

16.6.2024

Réigiún Plovdiv

BG-HPAI(P)-2024-00013

The following villages in Asenovgrad municipality:

Asenovgrad

Boyantsi

The following village in Sadovo municipality:

Mominsko

27.5.2024 – 4.6.2024

The following villages in Asenovgrad municipality:

Izbeglii

Kozanovo

Stoevo

Zlatovrah

Muldava

Lyaskovo

4.6.2024

The following villages in Sadovo municipality:

Sadovo

Bolyartsi

Katunitsa

Karadzhovo

Kochevo

4.6.2024

The following villages in Rodopi municipality:

Krumovo

Yagodovo

4.6.2024

The following villages in Kuklen municipality:

Kuklen

Ruen

4.6.2024

BG-HPAI(P)-2024-00015

The following village in Rakovski municipality:

Momino selo

The following village in Kaloyanovo municipality:

Glavatar

The following village in Brezovo municipality:

Padarsko

8.6.2024 – 16.6.2024

The following villages in Rakovski municipality:

Rakovski

Strama

The following villages in Kaloyanovo municipality:

Dalgo pole

Razhevo Konare

Razhevo

The following villages in Brezovo municipality:

Streltsi

Borets

Otets Kirilovo

The following villages in Maritsa municipality:

Dink

Yasno pole

Kalekovets

16.6.2024

Ballstát: An Ungáir

Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

Békés vármegye

HU-HPAI(P)-2024-00007-00010

HU-HPAI(P)-2024-00013

Békéssámson, Csanádapáca, Kardoskút, Kaszaper, Nagybánhegyes, Orosháza, Pusztaföldvár és Tótkomlós települések védőkörzeten kívül eső teljes közigazgatási területe.

Csorvás, Gádoros, Gerendás, Medgyesbodzás, Mezőhegyes, Mezőkovácsháza, Nagyszénás és Végegyháza települések közigazgatási területének a 46.428759 és a 20.707461, a 46.489250 és a 20.791090, a 46.442322 és a 20.727723, a 46.443534 és a 20.727690, valamint a 46.593821 és a 20.626602 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 10 km sugarú körön belül eső területe.

23.5.2024

HU-HPAI(P)-2024-00011-00012

HU-HPAI(P)-2024-00014

Békésszentandrás, Csabacsűd, Gyomaendrőd, Hunya, Kardos, Örménykút és Szarvas települések közigazgatási területének a 46.889059 és a 20.421714, a 46.861838 és a 20.586673, valamint a 46.903093 és a 20.747254 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 10 km sugarú körön belül és védőkörzeten kívül eső területe.

30.5.2024

HU-HPAI(P)-2024-00014

Gyomaendrőd és Szarvas települések közigazgatási területének a 46.903093 és a 20.747254 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 3 km sugarú körön belül eső területe.

22.5.2024 - 30.5.2024

Csongrád-Csanád vármegye

HU-HPAI(P)-2024-00007

HU-HPAI(P)-2024-00009

HU-HPAI(P)-2024-00010

HU-HPAI(P)-2024-00013

Ambrózfalva és Nagyér teljes közigazgatási területe.

Árpádhalom, Csanádalberti, Hódmezővásárhely, Makó, Nagymágocs, Pitvaros és Székkutas települések közigazgatási területének a 46.428759 és a 20.707461, a 46.442322 és a 20.727723, a 46.443534 és a 20.727690, valamint a 46.593821 és a 20.626602 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 10 km sugarú körön belül eső területe

23.5.2024

HU-HPAI(P)-2024-00011-0012

Eperjes és Szentes települések közigazgatási területének a 46.889059 és a 20.421714, valamint a 46.861838 és a 20.586673 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 10 km sugarú körön belül eső területe.

30.5.2024

Jász-Nagykun-Szolnok vármegye

HU-HPAI(P)-2024-00011-00012

HU-HPAI(P)-2024-00014

Kunszentmárton, Mesterszállás, Mezőhék, Mezőtúr, Öcsöd és Tiszaföldvár települések közigazgatási területének a 46.889059 és a 20.421714, a 46.861838 és a 20.586673, valamint a 46.903093 és a 20.747254 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 10 km sugarú körön belül és védőkörzeten kívül eső területe.

30.5.2024

Cuid C

Criosanna srianta breise sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), agus Airteagal 4:

Ballstát: Ceann ar bith

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh na bearta infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 3a

 

 

*

I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023, IO L 102, 17.4.2023, lch. 87) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, baineann tagairtí don Bhallstát leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1452/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top