This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1339
Council Decision (CFSP) 2024/1339 of 13 May 2024 amending Decision (CFSP) 2017/2074 concerning restrictive measures in view of the situation in Venezuela
Cinneadh (CBES) 2024/1339 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2074 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala
Cinneadh (CBES) 2024/1339 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2074 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala
ST/7543/2024/INIT
IO L, 2024/1339, 14.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1339/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1339 |
14.5.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/1339 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Bealtaine 2024
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2074 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 13 Samhain 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/2074 (1). |
|
(2) |
An 10 Samhain 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/2498 (2), lena ndéantar na bearta sriantacha a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2017/2074 a athnuachan go dtí an 14 Bealtaine 2024. |
|
(3) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh (CBES) 2017/2074, agus i bhfianaise na géarchéime leanúnaí polaitiúla, eacnamaíche, sóisialta agus daonnúla i Veiniséala, mar aon le gníomhaíochtaí leanúnacha lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta agus den urraim do chearta an duine, in éagmais dul chun cinn nithiúil infhíoraithe inbhuanaithe a bheith déanta i dtaca leis an staid i Veiniséala, agus chun go neartófar iarrachtaí Veiniséala arb é is aidhm dóibh an chonair thoghchánach a chaomhnú agus an spás daonlathach sa tír sin a mhéadú, measann an Chomhairle gur cheart na bearta sriantacha a leagtar amach sa Chinneadh a athnuachan go dtí an 10 Eanáir 2025. |
|
(4) |
D’fhonn eagrú toghchán cuimsitheach inchreidte iomaíoch a chur chun cinn i Veiniséala, i gcomhréir leis an gcomhaontú polaitiúil faoi stiúir Veiniséala ar thángthas air an 17 Deireadh Fómhair 2023 i mBarbadós, agus chun tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag Veiniséala chun conair na dtoghchán a chaomhnú agus an spás daonlathach sa tír a mhéadú, ba cheart na srianta taistil a chuirtear i bhfeidhm maidir le ceathrar daoine nádúrtha a áirítear ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/2074 a chur ar fionraí. |
|
(5) |
Thairis sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le seisear daoine nádúrtha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/2074 a nuashonrú. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2017/2074 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2074 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 6, cuirtear isteach an mhír seo a leanas: ‘1a. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis na daoine nádúrtha a shainaithnítear le réiltín san Iarscríbhinn.’ |
|
(2) |
in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: ‘Beidh feidhm ag an gcinneadh seo go dtí an 10 Eanáir 2025.’ ; |
|
(3) |
leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Bealtaine 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
B. DALLE
(1) Cinneadh (CBES) 2017/2074 ón gComhairle an 13 Samhain 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala (IO L 295, 14.11.2017, lch. 60).
(2) Cinneadh (CBES) 2023/2498 ón gComhairle an 10 Samhain 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2074 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala (IO L, 2023/2498, 13.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2498/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/2074 mar a leanas:
|
(1) |
i ‘Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 6(1) agus 7(1)’, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad iontrálacha 6, 9, 17, 18, 21, 23, 29, 48, 49 agus 50:
|
|
(2) |
cuirtear an abairt seo a leanas i ndiaidh an tábla:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1339/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)