This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1330
Council Decision (EU) 2024/1330 of 7 May 2024 appointing six members and six alternate members, proposed by the Hellenic Republic, of the Committee of the Regions
Cinneadh (AE) 2024/1330 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2024 lena gceaptar seisear comhaltaí agus seisear comhaltaí malartacha, arna moladh ag an bPoblacht Heilléanach, de Choiste na Réigiún
Cinneadh (AE) 2024/1330 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2024 lena gceaptar seisear comhaltaí agus seisear comhaltaí malartacha, arna moladh ag an bPoblacht Heilléanach, de Choiste na Réigiún
ST/7591/2024/INIT
IO L, 2024/1330, 14.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1330/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 25/01/2025
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1330 |
14.5.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/1330 ÓN GCOMHAIRLE
an 7 Bealtaine 2024
lena gceaptar seisear comhaltaí agus seisear comhaltaí malartacha, arna moladh ag an bPoblacht Heilléanach, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint do na tograí ó rialtas na Gréige,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 20 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/102 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 30 Iúil 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/1152 (3) lena gceaptar beirt chomhaltaí, arna moladh ag an bPoblacht Heilléanach, de Choiste na Réigiún. |
|
(3) |
Tá suíocháin seisear comhaltaí ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis na sainorduithe náisiúnta ar dá mbun a moladh Konstantinos AGORASTOS, Konstantinos BAKOYANNIS, Dimitrios KARNAVOS, Ioannis KOURAKIS, Rodi KRATSA, agus Georgios PATOULIS a cheapadh. |
|
(4) |
Tá suíocháin seisear comhaltaí malartacha ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis na sainorduithe náisiúnta ar dá mbun a moladh Nikolaos CHIOTAKIS, Katerina CHRYSSOPOULOU, Dimitrios KALOGEROPOULOS, Georgios KASAPIDIS, Dimitrios PETROVITS, agus Nikolaos VAFEIADIS a cheapadh. |
|
(5) |
Mhol rialtas na Gréige na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlacht áitiúil nó réigiúnach iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás áitiúil nó réigiúnach, mar chomhaltaí de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Konstantinos AGORASTOS, περιφερειακός σύμβουλος Θεσσαλίας (comhairleoir réigiúnach, réigiún na Teasáile), Konstantinos BAKOYANNIS, δημοτικός σύμβουλος, Δήμος Αθηναίων (comhairleoir bardais, bardas na hAithne), Nikolaos CHARDALIAS, περιφερειάρχης Αττικής (gobharnóir, réigiún na hAtaice), Dimitrios KARNAVOS, δημοτικός σύμβουλος, Δήμος Καλλιθέας (comhairleoir bardais, bardas Kallithea), Rodi KRATSA, περιφερειακή σύμβουλος Ιονίων Νήσων (comhairleoir réigiúnach, réigiún Iónach), agus Ioannis MYLONAKIS, δήμαρχος, Δήμος Αγίας Παρασκευής (méara, bardas Agia Paraskevi). |
|
(6) |
Mhol rialtas na Gréige na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlacht áitiúil nó réigiúnach iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás áitiúil nó réigiúnach, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Nikolaos CHIOTAKIS, περιφερειακός σύμβουλος Αττικής (comhairleoir réigiúnach, réigiún na hAtaice), Meropi-Spiridoula IDRAIOU, δημοτική σύμβουλος, Δήμος Κεντρικής Κερκύρας και Διαποντίων Νήσων (comhairleoir bardais, bardas na n-oileán Corfú Láir agus Diapontia), Ioannis IOANNIDIS, δημοτικός σύμβουλος, Δήμος Αμαρουσίου (comhairleoir bardais, bardas Amaroussion), Nikolaos KARAPANOS, δημοτικός σύμβουλος, Δήμος Ιεράς Πόλεως Μεσολογγίου (comhairleoir bardais, bardas chathair naofa Messologhi), Georgios KASAPIDIS, περιφερειακός σύμβουλος Δυτικής Μακεδονίας (comhairleoir réigiúnach, réigiún na Macadóine Thiar), agus Dimitrios PETROVITS, δημοτικός σύμβουλος, Δήμος Αλεξανδρούπολης (comhairleoir bardais, bardas Alexandroupolis), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla nó réigiúnacha iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:
|
(a) |
mar chomhaltaí:
|
agus
|
(b) |
mar chomhaltaí malartacha:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Bealtaine 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M.-C. LEROY
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).
(3) Cinneadh (AE) 2020/1152 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena gceaptar beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag an bPoblacht Heilléanach, de Choiste na Réigiún (IO L 256, 5.8.2020, lch. 11).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1330/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)