This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1300
Decision (EU) 2024/1300 of the European Parliament and of the Council of 24 April 2024 on the mobilisation of the European Globalisation Adjustment Fund for Displaced Workers (EGF/2024/000 TA 2024 — Technical assistance at the initiative of the Commission)
Cinneadh (AE) 2024/1300 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh (EGF/2024/000 TA 2024 – Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)
Cinneadh (AE) 2024/1300 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh (EGF/2024/000 TA 2024 – Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)
IO L, 2024/1300, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1300/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1300 |
8.5.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/1300 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Aibreán 2024
maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh (EGF/2024/000 TA 2024 – Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, de,
Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (2), agus go háirithe pointe 9 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas trí thacaíocht a thabhairt d’oibrithe ar cuireadh ar iomarcaíocht iad agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i gcás mórtheagmhais athstruchtúraithe, agus cúnamh a thabhairt dóibh filleadh ar fhostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a luaithe is féidir. |
(2) |
Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 30 milliún (praghsanna 2018) mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093ón gComhairle (3). |
(3) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2021/691 go bhféadfar uasmhéid 0,5 % d’uasmhéid bliantúil CED a úsáid gach bliain le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún. |
(4) |
Tá an cúnamh sin riachtanach chun oibleagáidí maidir le cur chun feidhme CED a chomhlíonadh, oibleagáidí a fhorchuirtear le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/691, go háirithe maidir le faireachán agus bailiú sonraí chomh maith le gníomhaíochtaí cumarsáide agus na gníomhaíochtaí sin lena bhfeabhsaítear infheictheacht CED. |
(5) |
Ba cheart CED a shlógadh, dá bhrí sin, chun méid EUR 165 000 a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Faoi chuimsiú bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2024, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh chun méid EUR 165 000 a sholáthar ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ina leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 24 Aibreán 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. MICHEL
(1) IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.
(2) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(3) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1300/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)