EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1277

Cinneadh (AE) 2024/1277 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gcomhthéacs na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil, maidir le hionstraim dlí idirnáisiúnta a bhaineann le maoin intleachtúil, acmhainní géiniteacha, agus eolas traidisiúnta i ndáil le hacmhainní géiniteacha

ST/8843/2024/INIT

IO L, 2024/1277, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1277/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1277/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1277

3.5.2024

CINNEADH (AE) 2024/1277 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2024

lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gcomhthéacs na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil, maidir le hionstraim dlí idirnáisiúnta a bhaineann le maoin intleachtúil, acmhainní géiniteacha, agus eolas traidisiúnta i ndáil le hacmhainní géiniteacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chomhaontaigh an tAontas agus a Bhallstáit, ina dTeachtaireacht ó 2002 chuig an gComhairle um ghnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (Comhairle TRIPS), plé a dhéanamh ar cheanglas neamhspleách nochta a thabhairt isteach lena gceadaítear do na Ballstáit cuntas a choinneáil ar iarratais phaitinne maidir le hacmhainní géiniteacha.

(2)

In 2004, chomhaontaigh comhthionól ginearálta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI), ar mholadh Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, an ghaolmhaireacht idir rochtain ar acmhainní géiniteacha agus ceanglais nochta in iarratais ar chearta maoine intleachtúla a mheas.

(3)

Ó bhí 2004 ann, bhí plé ag EDMI maidir le tionscnamh nó foinse acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta gaolmhar a nochtadh in iarratais phaitinne.

(4)

Chinn comhthionól ginearálta EDMI comhdháil taidhleoireachta a thionól chun ionstraim dlí idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích maidir le maoin intleachtúil, acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta i ndáil le hacmhainní géiniteacha, ar comhdháil í a thionólfar tráth nach déanaí ná 2024.

(5)

Ba cheart don Aontas a bheith rannpháirteach sa chaibidlíocht maidir le hionstraim dlí idirnáisiúnta den sórt sin, maidir le hábhair a thagann faoina inniúlacht agus a bhfuil comhrialacha glactha ag an Aontas ina leith a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh nó ar féidir a raon feidhme a athrú leis an ionstraim idirnáisiúnta sin. Coinníonn na Ballstáit a n-inniúlacht sa mhéid nach ndéanfaidh an ionstraim dlí náisiúnta difear do rialacha comhchoiteanna nó nach n-athróidh sí a raon feidhme, lena n-áirítear an fhorbairt is intuartha a dhéanfar orthu amach anseo.

(6)

Ba cheart an Cinneadh seo a bheith gan dochar do roinnt na hinniúlachta idir an tAontas agus a Bhallstáit, mar a shainítear sna Conarthaí,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, údaraítear an Coimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht, thar ceann an Aontais, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoina inniúlacht agus a bhfuil comhrialacha glactha ag an Aontas ina leith, a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh nó a bhféadfaí a raon feidhme a athrú leis an ionstraim idirnáisiúnta, maidir le hionstraim dlí idirnáisiúnta a bhaineann le maoin intleachtúil, acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta i ndáil le hacmhainní géiniteacha i gcomhthéacs na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil.

2.   Seolfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín, agus a fhéadfar a athbhreithniú agus a fhorbairt a thuilleadh de réir mar is iomchuí ag brath ar éabhlóid na caibidlíochta.

3.   A mhéid a thagann ábhar na gcaibidlíochta faoi inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát araon, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstát comhoibriú go dlúth le linn an phróisis chaibidlíochta, d’fhonn aontacht a áirithiú maidir le hionadaíocht an Aontais agus a Bhallstáit go hidirnáisiúnta.

Airteagal 2

Déanfar an chaibidlíocht i gcomhar leis an Meitheal um Maoin Intleachtúil, a ainmnítear leis seo mar choiste speisialta de réir bhrí Airteagal 218(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tuairisceoidh an Coimisiún go rialta don choiste speisialta dá dtagraítear sa chéad mhír faoi na céimeanna arna nglacadh de bhun an Chinnidh seo agus rachaidh sé i gcomhairle leis go rialta.

Arna iarraidh sin don Chomhairle, tuairisceoidh an Coimisiún di maidir le seoladh agus toradh na caibidlíochta, lena n-áirítear i scríbhinn.

Airteagal 3

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 29 Aibreán 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. CLARINVAL


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1277/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top