This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1274
Commission Decision (EU) 2024/1274 of 29 April 2024 granting the Hellenic Republic a derogation from certain provisions of Regulation (EU) 2019/943 of the European Parliament and of the Council and of Directive (EU) 2019/944 of the European Parliament and of the Council, as regards the island of Crete (notified under document C(2024) 2890)
Cinneadh (AE) 2024/1274 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2024 lena ndeonaítear maolú don Phoblacht Heilléanach ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hoileán na Créite (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 2890)
Cinneadh (AE) 2024/1274 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2024 lena ndeonaítear maolú don Phoblacht Heilléanach ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hoileán na Créite (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 2890)
C/2024/2890
IO L, 2024/1274, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1274/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1274 |
3.5.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/1274 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Aibreán 2024
lena ndeonaítear maolú don Phoblacht Heilléanach ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hoileán na Créite
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 2890)
(Is é an téacs Gréigise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (1), agus go háirithe Airteagal 64 de,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (2), agus go háirithe Airteagal 66 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
|
(1) |
An 21 Feabhra 2022, ghlac an Coimisiún Cinneadh (AE) 2022/258 (3) lena ndeonaítear maolú don Ghréig ar na forálacha seo a leanas de Rialachán (AE) 2019/943 agus de Threoir (AE) 2019/944, a mhéid a bhaineann le hoileán na Créite:
|
|
(2) |
An maolú a deonaíodh i gCinneadh (AE) 2022/258, bhí feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2023 nó go dtí go mbeadh oileán na Créite idirnasctha go hiomlán le mórthír na Gréige, cibé acu ba thúisce. |
|
(3) |
An 18 Nollaig 2023, chuir an Ghréig faoi bhráid an Choimisiúin iarraidh nua ar mhaolú (an ‘tIarratas’) ar na forálacha dá dtagraítear in aithris 1 a mhéid a bhaineann le hoileán na Créite. San iarraidh nua, mhínigh an Ghréig nárbh fhéidir, de dheasca moilleanna ar na próisis ábhartha tógála agus cheadúnúcháin nárbh fhéidir a thuar, nárbh fhéidir oileán na Créite a idirnascadh go hiomlán faoi dheireadh mhí na Nollag 2023 agus d’iarr sí maolú nua ar na forálacha sin go dtí an 31 Nollaig 2025 nó go dtí go gcuirfear i gcrích idirnasc iomlán oileán na Créite le mórthír na Gréige, cibé acu ba thúisce. |
|
(4) |
An 28 Feabhra 2024, d’fhoilsigh an Coimisiún an tIarratas ar a shuíomh gréasáin agus d’iarr sé ar na Ballstáit agus ar na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt faoin 27 Márta 2024. Níor chuir ach páirtí amháin barúlacha isteach, barúlacha a bhain le suiteáil acmhainneachta breise le haghaidh giniúint choinbhinsiúnta sa Chréit chomh maith le luach saothair na hacmhainneachta sin. Go sonrach, léirigh an páirtí go raibh imní orthu go bhféadfadh sé nach mbeadh an scéim luacha saothair is infheidhme i gcomhréir le rialacha an Aontais is infheidhme maidir le sásraí acmhainneachta. Chun amhras a sheachaint, níor iarr an Ghréig maolú ar rialacha an Aontais is infheidhme maidir le sásraí acmhainneachta, rud a fhágann go leanfaidh na rialacha sin d’fheidhm a bheith acu maidir le haon scéim luacha saothair le haghaidh acmhainneacht ghiniúna sa Chréit. Dá bhrí sin, tá na barúlacha a fuarthas lasmuigh de raon feidhme an chinnidh seo. Ina theannta sin, tá an cinneadh seo gan dochar do dhlí an Aontais maidir le Státchabhair. |
2. OILEÁN NA CRÉITE
An córas leictreachais agus an margadh leictreachais ar oileán na Créite
|
(5) |
Tá oileán na Créite lonnaithe sa Mheánmhuir, ó dheas ó mhórthír ilchríochach na Gréige. Go dtí an 3 Iúil 2021, bhí córas cumhachta uathrialaithí aici, córas nach raibh nasctha le córas leictreachais ilchríochaigh na Gréige. |
|
(6) |
Mar a mhínítear in aithrisí (6) go (9) de Chinneadh (AE) 2022/258, chaith an Ghréig le hidirnasc iomlán oileán na Créite le mórthír na Gréige mar thionscadal tosaíochta a raibh sé beartaithe é a chur i gcrích faoi dheireadh 2023 agus é a dhéanamh in dhá chéim:
|
|
(7) |
Sular cuireadh i gcrích idirnasc Chéim I, d’fhág an margadh leictreachais sa Chréit nár chuir táirgeoirí agus soláthróirí aon tairiscint isteach i margadh na Gréige agus gur seoladh na haonaid ghiniúna de réir a n-íoschostas inathraitheach. Ríomhadh an praghas imréitigh mórdhíola le haghaidh leictreachas sa Chréit ar bhonn míosúil, bunaithe ar na costais inathraitheacha agus iomlána ar na haonaid cumhachta coinbhinsiúnta, aonaid ar leis an gcuideachta cheannasach sa mhargadh Public Power Cooperation S.A. iad uile. Ba é Public Power Cooperation S.A. an t-aon ghineadóir cumhachta coinbhinsiúnta ar an oileán. Ina theannta sin, bhí roinnt táirgeoirí leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite ann ag a bhfuil taraif sheasta de bhun comhaontú ceannaigh cumhachta nó taraif sheasta ag brath ar an dáta a thosóidh gach aonad ar bheith ag oibriú. Tháinig deireadh le cur i bhfeidhm na samhla sin a luaithe a cuireadh Céim I i gcrích (an 1 Samhain 2021). |
|
(8) |
I gcás na hidirthréimhse idir cur i gcrích Chéim I agus cur i gcrích Chéim II (an ‘idirthréimhse’), tá feidhm ag samhail hibrideach den mhargadh maidir leis an margadh leictreachais sa Chréit (an ‘tsamhail hibrideach’). Leagadh amach mionsonraí maidir le hoibriú na samhla hibridí in aithrisí 15 go 19 de Chinneadh (AE) 2022/258. |
|
(9) |
Mar achoimre, de réir de réir na samhla hibridí, cuireann HEnEX, malartán cumhachta leictreachais na Gréige, orduithe isteach le haghaidh an lóid agus na giniúna teirmí iomláine sa Chréit chuig an margadh lá roimh ré agus chuig an margadh ionlae araon. Cuirtear isteach na haighneachtaí sin thar ceann na n-ionadaithe lóid agus na ngineadóirí teirmeacha uile sa Chréit. Aistríodh na conarthaí uile i dtaca le foinsí fuinnimh in-athnuaite chuig Oibreoir na bhFoinsí Fuinnimh In-athnuaite & Ráthaíochtaí Tionscnaimh (‘DAPEEP’) trí bhíthin cinneadh aireachta agus is é an tOibreoir Córais Dáileacháin (‘HEDNO S.A.’) a sholáthraíonn do DAPEEP na sonraí méadraithe ábhartha uile le haghaidh na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite atá ann cheana agus atá nua sa Chréit. Go comhuaineach, cuireann DAPEEP orduithe isteach le haghaidh ghiniúint na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite uile sa Chréit. Ar bhonn na n-orduithe sin, leithdháiltear an t-éileamh iomlán ar leictreachas, mar atá tuartha ag Oibreoir Córais Tarchuir na Gréige (‘IPTO S.A.’), ar ionadaithe lóid i gcomhréir lena gcóimheas céatadáin soláthair a ríomhann HEDNO S.A. ex ante ar bhonn míosúil. Ar chur i gcrích an phróisis sin, tugtar isteach próifíl iomlán lóid agus ghiniúna na Créite go fíorúil i margadh lá roimh ré agus i margadh ionlae chóras idirnasctha mhórthír na Gréige. |
|
(10) |
De réir an Iarratais, leanann oibriú idirnasc Chéim I comharthaí eacnamaíocha an phraghasmhúnlaithe i gcóras idirnasctha na mórthíre i leith an mhargaidh leictreachais sa Chréit. Ós rud é go bhfuil na costais ar ghiniúint an leictreachais theirmigh sa Chréit ard, le hidirnasc Chéim I, allmhairítear leictreachas chuig an gCréit den chuid is mó. Mar sin féin, ní hamhlaidh atá i gcónaí. Le linn tréimhsí inar ann do lód íseal agus do ghiniúint ard leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite sa Chréit, aisiompaíonn an sreabh i gcáblaí idirnasc Chéim I agus sreabhann an leictreachais ón gCréit go dtí an mhórthír. Mhínigh an Ghréig, nuair a tharlaíonn sé sin, gur gineadh aon leictreachas den sórt sin ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, toisc go meastar go bhfreastalaíonn gach giniúint theirmeach ar an lód áitiúil sa Chréit. |
|
(11) |
Chuir an Ghréig in iúl gur tháinig an tsamhail hibrideach i bhfeidhm trí bhíthin na mbeart náisiúnta seo a leanas: Airteagail 105, 107 agus 108 de Dhlí na Gréige 4821/2021 agus Cinntí Uimh. 755/2021 agus 807/2021 ón údarás rialála náisiúnta. |
|
(12) |
Chuir an Ghréig in iúl freisin, i gcás na hidirthréimhse, gur cruthaíodh gurb í an tsamhail hibrideach an córas margaidh is oiriúnaí, is éifeachtúla agus is éifeachtaí don Chréit i gcomparáid leis an dá rogha mhalartacha a breithníodh, is é sin comhtháthú na Créite i margadh leictreachais na Gréige trí chrios tairisceana amháin nó trí dhá chrios tairisceana faoi seach. Chun tacaíocht a thabhairt don ráiteas sin, chuir an Ghréig isteach faisnéis lena léirítear gurbh é an toradh a bhí ar an tsamhail hibrideach coigilteas mór costais, seachaint na gcostas iomarcach don athsheoladh, costais níos ísle ar an leictreachas arna sholáthar agus úsáid éifeachtúil na dteicneolaíochtaí ar lú an truailliú uathu. |
|
(13) |
I ndáil leis an margadh miondíola, chuir an Ghréig in iúl go bhfuil sí oscailte do gach soláthróir, agus tá thart ar chúig sholáthróir déag ghníomhacha ar oileán na Créite faoi láthair. Ós rud é go bhfuil na costais ghiniúna ar oileán na Créite níos airde ná costais chóras leictreachais idirnasctha na Gréige, ba é a roghnaigh an Ghréig cur i bhfeidhm taraife aonair ag na soláthróirí le haghaidh gach catagóire custaiméirí ar fud a críche iomláine. Ba iad cúiseanna an chomhtháthaithe shóisialta ba chúis leis an gcinneadh sin. |
3. AN MAOLÚ ARNA IARRAIDH
|
(14) |
An iarraidh ar mhaolú a cuireadh isteach le haghaidh oileán na Créite, tá sí bunaithe ar a cáilitheacht mar chóras beag nasctha de réir bhrí Airteagal 64(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/943. Deimhníodh an cháilitheacht sin in aithrisí 36 go 40 de Chinneadh (AE) 2022/258. |
3.1. Maolú de bhun Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/943
|
(15) |
D’iarr an Ghréig maolú nua ar Airteagal 6, Airteagal 7(1), Airteagal 8(1) agus (4), Airteagail 9, 10, 11 de Rialachán (AE) 2019/943 le haghaidh oileán na Créite. |
3.2. Maolú de bhun Airteagal 66 de Threoir (AE) 2019/944
|
(16) |
D’iarr an Ghréig maolú nua ar Airteagal 40(4) go (7) de Threoir (AE) 2019/944 le haghaidh oileán na Créite. |
3.3. Fad an mhaolaithe arna iarraidh
|
(17) |
D’iarr an Ghréig go mbeadh an maolú ar comhfhad leis an idirthréimhse, is é sin go dtí deireadh 2025, faoina mbeidh an Chréit idirnasctha go hiomlán le mórthír na Gréige. Cé go mbeidh uasghráduithe líonra áirithe á ndéanamh de réir a chéile ar oileán na Créite go dtí deireadh 2028, shoiléirigh an Ghréig nach gcuirfidh siad i mbaol cur i gcrích agus oibriú idirnasc Chéim II. |
|
(18) |
Chuir an Ghréig in iúl san iarratas gur cuireadh moill ar chur i gcrích an tionscadail, cé go raibh sé beartaithe an t-idirnasc iomlán a chur i gcrích faoi dheireadh 2023, rud a chomhfhreagraíonn d’fhad an mhaolaithe a deonaíodh i gCinneadh (AE) 2022/258. De réir na hamlíne nuashonraithe a chuir an Ghréig isteach, tá sé beartaithe an t-idirnasc iomlán a chur i gcrích faoi dheireadh 2025. Mhínigh an Ghréig go bhfuil moilleanna substaintiúla ar an tionscadal de dheasca imeachtaí nárbh fhéidir a thuar sular cuireadh tús leis na hoibreacha foirgníochta. |
|
(19) |
Go sonrach, chuir an Ghréig in iúl go raibh moilleanna suntasacha ar sholáthar ábhar agus seirbhísí foirgníochta áirithe mar thoradh ar phaindéim COVID-19. Ina theannta sin, bhí moilleanna breise ann nuair a thángthas ar sheaniarsmaí suntasacha le linn na n-oibreacha tochailte, toisc go raibh ar na húdaráis inniúla seandálaíochta a bheith rannpháirteach sna próisis cheadúcháin, próisis a bhí ar siúl cheana féin. Luaigh an Ghréig gur thángthas ar chuasa carstacha i limistéar faoi thalamh an ghoirt tógála agus gur ghá, ar an ábhar sin, na hoibreacha a chur ar fionraí go dtí go ndearnadh measúnú ar na cuasa sin agus gur déileáladh go leordhóthanach leo. Ar deireadh, bhí moilleanna breise ar an tionscadal de dheasca na dtuillte a tharla i mí Mheán Fómhair 2023 toisc go ndearna siad difear do phróiseas táirgthe sholáthróir struchtúr cruach an stáisiúin tiontaire sa Chréit. |
4. MEASÚNÚ
4.1. Córais bheaga nasctha a bhfuil fadhbanna substaintiúla ann i dtaobh a n-oibrithe
|
(20) |
I gcomhréir le hAirteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/943, féadfar maolú ar na forálacha ábhartha d’Airteagal 6, Airteagal 7(1), Airteagal 8(1) agus (4), agus Airteagail 9, 10 agus 11 den Rialachán sin a dheonú in dhá chás:
|
|
(21) |
I gcomhréir le hAirteagal 66(1), an chéad fhomhír, de Threoir (AE) 2019/944, féadfar maolú ar na forálacha ábhartha d’Airteagail 7 agus 8 agus de Chaibidlí IV, V agus VI den Treoir sin a dheonú le haghaidh córais bheaga scoite agus córais bheaga nasctha, más féidir leis an mBallstát nó na Ballstáit a léiriú go bhfuil fadhbanna substaintiúla ann i dtaobh oibriú na gcóras sin. |
|
(22) |
Faoi Rialachán (AE) 2019/943 agus faoi Threoir (AE) 2019/944 araon, i gcás na gcóras beag nasctha, ní mór do na Ballstáit a léiriú go bhfuil fadhbanna substaintiúla ann i dtaobh oibriú na gcóras sin. Thairis sin, ba cheart teorainn ama a chur leis an maolú agus ba cheart é a bheith faoi réir coinníollacha arb é is aidhm dóibh iomaíocht agus comhtháthú leis an margadh inmheánach don leictreachas a mhéadú. |
Córas beag nasctha
|
(23) |
Rinneadh measúnú ar cháilitheacht oileán na Créite mar chóras beag nasctha in aithrisí 36 go 40 de Chinneadh (AE) 2022/258. Ós rud é go bhfuil an measúnú sin fós bailí, cáilíonn oileán na Créite mar chóras beag nasctha chun críocha Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 66 de Threoir (AE) 2019/944. |
Fadhbanna substaintiúla i dtaobh oibriú an chórais
|
(24) |
Níor shainmhínigh an reachtóir ná an Coimisiún ina gcleachtas cinnteoireachta an téarma ‘fadhbanna substaintiúla’ dá dtagraítear in Airteagal 64(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/943. Leis an bhfoirmliú oscailte, is féidir leis an gCoimisiún gach fadhb a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann leis an gcás áirithe de chórais bheaga a chur san áireamh, ar choinníoll gur fadhbanna substaintiúla agus nach fadhbanna imeallacha amháin iad na fadhbanna sin. Is féidir fadhbanna den chineál sin a bheith an-éagsúil ag brath ar shaintréithe geografacha, táirgeadh agus tomhaltas an chórais i gceist, ach freisin ar bhonn forbairtí teicniúla, amhail stóráil leictreachais agus giniúint bheag. Thairis sin, ní mór baint a bheith ag na fadhbanna substaintiúla sin le hoibriú na gcóras beag scoite agus na gcóras beag nasctha. |
|
(25) |
San Iarratas, mhínigh an Ghréig na fadhbanna a bheadh aici maidir leis an gcóras leictreachais sa Chréit a oibriú, dá gcuirfeadh sí Rialachán (AE) 2019/943 agus Treoir (AE) 2019/944 i bhfeidhm ina n-iomláine le linn na hidirthréimhse. Chun na gníomhartha dlí sin a chur i bhfeidhm ina n-iomláine, ba ghá an Chréit a chomhtháthú i margaí leictreachais na Gréige, trí chrios tairisceana amháin (‘cás an aon chreasa tairisceana amháin’) nó trí dhá chrios tairisceana (‘cás an dá chrios tairisceana’). Sna dúshláin ghaolmhara a cuireadh isteach san Iarratas, rinneadh tagairt do na fadhbanna substaintiúla céanna a ndearna an Coimisiún measúnú orthu i gCinneadh (AE) 2022/258. |
|
(26) |
Mar achoimre, chuir an Ghréig i dtábhacht na fadhbanna a bheadh ann i dtaobh oibriú an mhargaidh leictreachais sa Chréit dá mbeadh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/943 agus ag Treoir (AE) 2019/944 ina n-iomláine. |
|
(27) |
Ar thaobh amháin, dá ndéanfaí rannpháirtithe i margadh na Créite a chomhtháthú i margadh leictreachais na Gréige i gcás an aon chreasa tairisceana amháin bheadh costais arda don athsheoladh ann, costais a chaithfeadh na tomhaltóirí leictreachais a íoc ar deireadh. In aon chás, d’fhágfadh easnaimh sa bhonneagar méadraithe nach mbeadh rannpháirtithe i margadh na Créite in ann a bheith rannpháirteach go hiomlán i margadh lá roimh ré, i margadh ionlae agus i margadh cothromúcháin leictreachais na Gréige. Go háirithe, níl na córais mhéadraithe is gá i bhfeidhm agus ní bheidh siad i bhfeidhm roimh an gcéad ráithe de 2024. |
|
(28) |
Ar an taobh eile, ní hamháin go bhfágfadh cruthú creasa tairisceana ar leith go mbeadh gá le hinfheistíochtaí breise sa bhonneagar, ar rud é nach gcuirfí i gcrích le linn thréimhse an mhaolaithe arna iarraidh in aon chás, ach ba dhealraitheach freisin go mbeadh sé mí-oiriúnach ar chúiseanna a bhaineann le héifeachtúlacht fhoriomlán an mhargaidh, cobhsaíocht agus stóinseacht an chreasa tairisceana. Thairis sin, ní bheadh sé ina réiteach comhréireach ach oiread i bhfianaise fhad teoranta an mhaolaithe. |
|
(29) |
San iarratas, sholáthair an Ghréig nuashonruithe áirithe ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach sular glacadh Cinneadh (AE) 2022/258. I measc nithe eile, i dtaca leis an gcostas iomlán a bheadh ar an leictreachas, meastar i gcásanna hipitéiseacha an aon chreasa tairisceana amháin agus an dá chrios tairisceana, go mbeadh sé timpeall EUR 190 milliún agus EUR 217 milliún níos airde, faoi seach, i gcomparáid leis an gcostas iarbhír i gcomhthéacs na samhla hibridí le haghaidh na tréimhse. |
|
(30) |
Dá bhrí sin, is gá tagairt a dhéanamh don mheasúnú faoi seach in aithrisí 41 go 48 de Chinneadh (AE) 2022/258 agus is gá teacht ar an gconclúid gur léirigh an Ghréig go bhfuil fadhbanna substaintiúla ann i dtaobh oibriú an chórais leictreachais sa Chréit mar chóras beag nasctha, go dtí go mbeidh an t-oileán idirnasctha go hiomlán leis an eangach ilchríochach, is é sin, go dtí go gcuirfear i gcrích Céim II den tionscadal idirnaisc. |
|
(31) |
Is é is aidhm don tsamhail hibrideach shealadach is infheidhme sa Chréit faoi láthair aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin agus, ar na cúiseanna a leagtar amach in aithris 29, tá buntáistí móra ag baint léi i gcomparáid le comhtháthú iomlán chóras na Créite i margadh leictreachais na Gréige le linn na hidirthréimhse. |
4.2. Raon feidhme an mhaolaithe arna iarraidh
4.2.1. Airteagal 6, Airteagal 7(1), Airteagal 8(1) agus (4), Airteagail 9, 10, 11 de Rialachán (AE) 2019/943
4.2.1.1.
|
(32) |
Maidir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/943, chuir an Ghréig in iúl nach n-áirítear margadh don chothromú sa tsamhail hibrideach is infheidhme ar oileán na Créite faoi láthair. Dá bhrí sin, bheadh gá le maolú ar an Airteagal sin chun go leanfadh an tsamhail hibrideach d’fheidhm a bheith aici go dtí go mbeadh oileán na Créite idirnasctha go hiomlán. |
|
(33) |
I dtaca le hAirteagal 7(1) agus Airteagal 8(1) agus (4) de Rialachán (AE) 2019/943, tugann an Ghréig dá haire nach ndéantar foráil leis an tsamhail hibrideach mar is infheidhme faoi láthair ar oileán na Créite maidir leis an margadh lá roimh ré agus an margadh ionlae, ná maidir le trádálacha ar cheachtar de na margaí sin. Dá bhrí sin, de réir na Gréige, bheadh gá le maolú ar na hAirteagail sin chun go leanfadh an tsamhail hibrideach d’fheidhm a bheith aici go dtí go mbeadh oileán na Créite idirnasctha go hiomlán. |
|
(34) |
Ar an gcaoi chéanna, i gcomhréir leis an méid a leagtar amach in aithris 33, measann an Ghréig nach bhfuil feidhm ag comhtháthú na réamh-mhargaí, na dteorainneacha teicniúla ar thairiscintí agus an luacha atá ar chailliúint lóid dá dtagraítear in Airteagail 9, 10 agus 11 de Rialachán (AE) 2019/943 maidir leis an tsamhail hibrideach ar oileán na Créite. Dá bhrí sin, de réir na Gréige, bheadh gá le maolú ar na hAirteagail sin chun go leanfadh an tsamhail hibrideach d’fheidhm a bheith aici go dtí go mbeadh oileán na Créite idirnasctha go hiomlán. |
4.2.1.2.
|
(35) |
I ndáil leis an maolú arna iarraidh ar Airteagal 6, Airteagal 7(1), Airteagal 8(1) agus (4), agus Airteagail 9, 10, 11 de Rialachán (AE) 2019/943, tagraíonn na forálacha sin do cheanglais maidir leis an réamh-mhargadh, an margadh lá roimh ré, an margadh ionlae agus an margadh don chothromú. Ar bhonn na faisnéise a chuir an Ghréig isteach, is cosúil nach féidir na margaí sin a chur chun feidhme ar oileán na Créite ar bhealach éifeachtach i bhfianaise shaintréithe an chórais leictreachais is infheidhme sa chríoch sin faoi láthair. Dá bhrí sin, tá údar le maolú ar na forálacha sin. |
4.2.2. Airteagal 40(4) go (7) de Threoir (AE) 2019/944
4.2.2.1.
|
(36) |
Chuir an Ghréig in iúl nach ndéantar foráil leis an tsamhail hibrideach maidir le margadh don chothromú ná soláthar margadhbhunaithe seirbhísí coimhdeacha. Chun go leanfadh an tsamhail hibrideach de bheith ag oibriú san idirthréimhse, bheadh gá le maolú ar an Airteagal sin. |
4.2.2.2.
|
(37) |
Ós rud é nach ann do mhargadh don chothromú agus do sholáthar margadhbhunaithe seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta ar oileán na Créite, tá údar le maolú ar na hoibleagáidí in Airteagal 40(4) go (7) de Threoir (AE) 2019/944. |
4.3. Ní bheidh aon bhac ar an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite, solúbthacht mhéadaithe, stóráil fuinnimh, leictrea-shoghluaisteacht agus freagairt don éileamh
|
(38) |
De bhun Airteagal 64(1), an cúigiú fomhír, de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 66(2) de Threoir (AE) 2019/944, déantar cinneadh um maolú chun a áirithiú nach gcuirfidh sé isteach ar an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite, solúbthacht mhéadaithe, stóráil fuinnimh, leictrea-shoghluaisteacht agus freagairt don éileamh. |
|
(39) |
A mhéid a bhaineann leis an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite agus solúbthacht mhéadaithe, lena n-áirítear freagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh, ba cheart a thabhairt faoi deara, i dtaca leis an réamh-mhargadh, an margadh lá roimh ré, an margadh ionlae agus an margadh don chothromú atá ag feidhmiú go maith, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/943 agus Treoir (AE) 2019/944, gur cheart dóibh na comharthaí seolta agus infheistíochta is gá a sholáthar chun forbairt fhéideartha na dteicneolaíochtaí sin a uasmhéadú. Meastar gurb amhlaidh a bheidh a luaithe a bheidh oileán na Créite idirnasctha go hiomlán le mórthír na Gréige. |
|
(40) |
Mar a léirítear in aithris 56 de Chinneadh (AE) 2022/258, sular cuireadh i gcrích idirnasc Chéim I, cuireadh teorainneacha teicniúla i bhfeidhm maidir leis an gCréit, teorainneacha lenar forchuireadh dul i bhfód uasta i dtaca le foinsí fuinnimh in-athnuaite ar 25 % den lód, de bharr srianta slándála oibríochtúla. Le cur i gcrích Chéim I, maolaíodh, go pointe áirithe, an teorainn sin arna forchur ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite. Leis an tsamhail hibrideach, is féidir leis an gCréit a leictreachas a onnmhairiú i gcás inar ann do lód íseal agus do ghiniúint ard foinsí fuinnimh in-athnuaite, chun ciorrú na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite a sheachaint. Chun tacaíocht a thabhairt don ráiteas sin, chuir an Ghréig isteach figiúirí lena léirítear gur tháinig méadú, i gcomparáid le blianta roimhe sin, ar tháirgeadh foinsí fuinnimh in-athnuaite le linn 2021 agus 2022 go háirithe, arb í an chéad bhliain iomlán d’idirnasc Chéim I a bheith ag oibriú. |
|
(41) |
Tugann an Ghréig dá haire nach gcuirfidh an maolú arna iarraidh moill ar an bhforbairt agus ar an ullmhúchán atá ar siúl cheana chun acmhainneachtaí nua le haghaidh foinsí fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil ar oileán na Créite. Ina theannta sin, ar chur i gcrích an idirnaisc iomláin, chuir an Ghréig in iúl go n-éascóidh an Chréit 2 150 MW d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite ar a laghad, agus d’fhéadfadh sé méadú go 2 500 MW i bhfianaise shuiteáil na n-aonad stórála. |
|
(42) |
A mhéid a bhaineann le solúbthacht mhéadaithe, stóráil fuinnimh agus freagairt don éileamh, i dtaca leis an bhféidearthacht seirbhísí solúbthachta a thairiscint, lena n-áirítear seirbhísí stórála, chun tacú leis an gcóras leictreachais, braitheann sí ar cháilíocht na gcomharthaí praghais agus ar an gcumas atá iontu dreasachtaí éifeachtacha infheistíochta agus seolta a sholáthar do sholáthraithe na seirbhísí sin. De ghnáth, i gcás plódú struchtúrach laistigh de chrios tairisceana, arb é an cás a bheidh ann le linn na hidirthréimhse ó Chéim I go Céim II, d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le comharthaí infheistíochta saofa le haghaidh seirbhísí solúbthachta a bhaineann go sonrach le suíomh. Mar sin féin, i gcur chuige dhá chrios tairisceana don Chréit agus do mhórthír na Gréige, bheadh na comharthaí infheistíochta an-éagobhsaí i bhfianaise an tráthchláir atá ann le haghaidh chur i gcrích Chéim II agus idirnasc iomlán na Créite le mórthír na Gréige, rud lena maolófar plódú struchtúrach. Dá bhrí sin, ós rud é go gcumasófar leis an nasc leis an mórthír soláthar margadhbhunaithe seirbhísí solúbthachta, is tairbhiúil an rud é do chomhtháthú na freagartha don éileamh, na stórála fuinnimh agus seirbhísí solúbthachta eile maolú gearrthéarmach lenar féidir an Chréit a chomhtháthú go tapa le córas na mórthíre. |
|
(43) |
Ní cheanglaítear le hAirteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/943 go ndéantar an acmhainneacht le haghaidh solúbthachta ná stóráil fuinnimh a uasmhéadú le cinntí um maolú. Níl sé d’aidhm ag maolú faoin Airteagal sin ach a áirithiú nach gcuireann sé bac ar an aistriú sin. Is é sin le rá, níor cheart don mhaolú cosc a chur ar fhorbairtí a tharlódh go nádúrtha gan an maolú. Ní dócha, in éagmais an mhaolaithe, go ndéanfaí réamh-mhargadh, margadh lá roimh ré, margadh ionlae agus margadh don chothromú atá ag feidhmiú go maith a fhorbairt i ngach ceann de na córais leictreachais ar oileán na Créite. Is é is cúis leis sin na dúshláin a bhaineann le hoibriú na gcóras beag nasctha leictreachais, na leibhéil iomaíochta an-íseal atá ann sa deighleog ghiniúna, agus an easpa naisc le margadh na mórthíre. I ndáil leis sin, is ríthábhachtach na nithe iad fad teoranta an mhaolaithe agus an ullmhacht d’oibriú iomlán an mhargaidh a luaithe a chuirfear Céim II i gcrích. |
|
(44) |
Ós rud é gur samhail ghearrthéarmach í an tsamhail hibrideach, is cosúil nach bhfuil tionchar suntasach aici ar fhorbairt bhreise an fhuinnimh in-athnuaite, na solúbthachta, na stórála fuinnimh, na leictrea-shoghluaisteachta agus na freagartha don éileamh. |
|
(45) |
Ar deireadh, de bhun Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2019/943, ceanglaítear ar an gCoimisiún a léiriú cá mhéad a chaithfidh an maolú cur i bhfeidhm na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte a chur san áireamh. Sa chás sin, cé is moite de na forálacha a ndéanann raon feidhme an mhaolaithe a shonraítear in aithrisí (32) go (37) difear dóibh, tá na cóid ghréasáin agus na treoirlínte infheidhme maidir le hoileán na Créite, agus leanfaidh siad de bheith infheidhme maidir léi. |
4.4. Teorainn ama a chur leis an maolú agus coinníollacha arb aidhm é is aidhm dóibh iomaíocht agus comhtháthú leis an margadh inmheánach don leictreachas a mhéadú
|
(46) |
In Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 66 de Threoir (AE) 2019/944, leagtar amach go sainráite go mbeidh teorainn ama leis an maolú agus go mbeidh sé faoi réir coinníollacha arb é is aidhm dóibh iomaíochas agus comhtháthú leis an margadh inmheánach don leictreachas a mhéadú. |
|
(47) |
I bhfianaise na gcúiseanna a chuir an Ghréig ar aghaidh in aithris 19, tá an iarraidh nua ar mhaolú teoranta don idirthréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí. |
|
(48) |
Tuigtear, faoin 31 Nollaig 2025, go bhfuil coinne ann go mbeidh an t-idirnascaire idir an Chréit agus córas ilchríochach na Gréige oibríochtúil, in éineacht leis an mbonneagar méadraithe iomchuí a fhágfaidh go mbeidh an Chréit in ann a bheith ina cuid de mhargaí mórdhíola leictreachais na Gréige. Dheimhnigh an Ghréig nach mbeidh aon mhoill bhreise ar chur i gcrích an tionscadail idirnaisc. |
4.5. Am na héifeachta
|
(49) |
Cé go bhfuarthas an tIarratas an 18 Nollaig 2023, níorbh fhéidir an cinneadh seo a ghlacadh roimh an 31 Nollaig 2023, tráth a chuaigh an maolú a deonaíodh i gCinneadh (AE) 2022/258 in éag. Chun mearathruithe agus athruithe nach féidir a thuar ar an gcreat rialála a sheachaint le haghaidh na tréimhse idir an 1 Eanáir 2024 agus dáta glactha an Chinnidh seo, athruithe a d’fhéadfadh dochar tromchúiseach a dhéanamh d’fheidhmiú an mhargaidh ar oileán na Créite agus, b’fhéidir, ar mhórthír na Gréige, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ón dáta tar éis dháta deiridh an mhaolaithe a deonaíodh i gCinneadh (AE) 2022/258, is é sin ón 1 Eanáir 2024. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Deonaítear maolú don Phoblacht Heilléanach ar fhorálacha Airteagal 6, Airteagal 7(1), Airteagal 8(1) agus (4) agus Airteagail 9, 10 agus 11 de Rialachán (AE) 2019/943 agus ar fhorálacha Airteagal 40(4) go (7) de Threoir (AE) 2019/944, a mhéid a bhaineann le hoileán na Créite.
Airteagal 2
An maolú a dheonaítear faoi Airteagal 1, beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2025 nó go dtí go gcuirfear i gcrích Céim II den idirnasc idir an Chréit agus mórthír na Gréige, cibé acu is túisce.
Airteagal 3
Cuirfidh an Phoblacht Heilléanach an Coimisiún Eorpach ar an eolas in dhá chás, an chéad chás faoin 31 Nollaig 2024 agus an dara cás faoin 30 Meitheamh 2025, maidir leis an dul chun cinn agus maidir leis an bpleanáil atá fágtha i dtaobh chur i gcrích agus oibriú tráchtála Chéim II den idirnasc idir an Chréit agus mórthír na Gréige, lena n-áirítear maidir le leathadh amach agus oibriú an bhonneagair méadraithe leordhóthanaigh, lenar féidir leis an gCréit a bheith rannpháirteach i margadh mórdhíola agus margadh cothromúcháin na Gréige.
Airteagal 4
Is chuig an bPoblacht Heilléanach a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Aibreán 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Kadri SIMSON
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 158, 14.6.2019, lch. 54, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/943/oj.
(2) IO L 158, 14.6.2019, lch. 125, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/944/oj.
(3) Cinneadh (AE) 2022/258 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2022 lena ndeonaítear maolú don Phoblacht Heilléanach ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gCréit (IO L 42, 23.2.2022, lch. 92, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/258/oj).
(4) Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2015 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú (IO L 197, 25.7.2015, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1222/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1274/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)