Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1256

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1256 ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2024 lena leasaítear agus lena gceartaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le hinnealra talmhaíochta lódaire tosaigh, cuadfheithiclí uile-thír-raoin, chomh maith le huirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach

C/2024/2641

IO L, 2024/1256, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1256/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1256/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1256

30.4.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1256 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Aibreán 2024

lena leasaítear agus lena gceartaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le hinnealra talmhaíochta lódaire tosaigh, cuadfheithiclí uile-thír-raoin, chomh maith le huirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (1), agus go háirithe Airteagal 10 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2006/42/CE, innealra a monaraíodh i gcomhréir le caighdeán comhchuibhithe, agus ar foilsíodh an tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go gcomhlíonann sé na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a chumhdaítear le caighdeán comhchuibhithe den sórt sin.

(2)

Le litir M/396 an 19 Nollaig 2006, chuir an Coimisiún iarraidh (‘iarraidh M/396’) faoi bhráid an Choiste Eorpaigh um Chaighdeánú (CEN) agus Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) go ndéanfaí caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú, agus go gcuirfí an obair ar na caighdeáin sin i gcrích, chun tacú le Treoir 2006/42/CE ionas go gcuirfí athruithe san áireamh a tugadh isteach leis an Treoir sin i gcomparáid le Treoir 98/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(3)

Ar bhonn iarraidh M/396, dhréachtaigh CEN agus Cenelec caighdeáin chomhchuibhithe EN 12525:2000+A2:2010 maidir le hinnealra talmhaíochta agus sábháilteacht lódairí tosaigh, EN 15997:2011, arna cheartú le EN 15997:2011/AC:2012, maidir le feithiclí uile-thír-raoin agus sábháilteacht cuadrothar, EN 62841-1:2015, arna cheartú le EN 62841-1:2015/AC:2015 agus arna leasú le EN 62841-1:2015/A11:2022, maidir le huirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach agus ceanglais ghinearálta maidir le sábháilteacht uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín, agus EN 62841-2-11:2016, arna leasú le EN 62841-2-11:2016/A1:2020, maidir le huirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín agus ceanglais shainiúla maidir le sábha frithingeacha láimhe. Foilsítear tagairtí na gcaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 ón gCoimisiún (3).

(4)

An 6 Meitheamh 2022, rinne an Ghearmáin agóid fhoirmiúil i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2006/42/CE in aghaidh chaighdeán comhchuibhithe EN 12525:2000+A2:2010, lena mínítear nach gcomhlíontar leis an gcaighdeán comhchuibhithe na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointí 1.1.2. agus 1.7.4.2. (l) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE. Áitíonn an Ghearmáin go bhforchuirtear bearta eagraíochtúla leis an gcaighdeán maidir le lódairí tosaigh le haghaidh feithiclí talmhaíochta seachas bearta teicniúla, a mhéid a bhaineann leis na ceanglais a leagtar amach i bpointe 1.1.2. d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. Thairis sin, áitíonn an Ghearmáin nach meastar gur leor struchtúr cosanta iompaithe a bheith ann chun na ceanglais a leagtar amach i bpointe 1.7.4.2. (l) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE a chumhdach toisc gur cheart struchtúr cosanta ar rudaí atá ag titim a chomhfhreagraíonn do chód 10 na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) (4) a bheith ann ina ionad sin.

(5)

Pléadh an agóid fhoirmiúil i nGrúpa Saineolaithe an Choimisiúin maidir le hInnealra (5) ag na cruinnithe a bhí aige an 10 Deireadh Fómhair 2022 agus an 23 Márta 2023. Phléigh an Coiste a bunaíodh le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus an gComhairle (6) é an 15 Nollaig 2023.

(6)

Tar éis scrúdú a dhéanamh ar chaighdeán comhchuibhithe EN 12525:2000+A2:2010 in éineacht le hionadaithe Ghrúpa Saineolaithe an Choimisiúin maidir le hInnealra agus le hionadaithe an choiste a bunaíodh le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach gcomhlíontar leis an gcaighdeán na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointí 1.1.2. agus 1.7.4.2. (l) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE.

(7)

An 30 Meán Fómhair 2022, rinne an Fhrainc agóid fhoirmiúil i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2006/42/CE in aghaidh chaighdeán comhchuibhithe EN 15997:2011, arna cheartú le EN 15997:2011/AC:2012, lena mínítear nach gcomhlíontar leis an gcaighdeán comhchuibhithe sin na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointí 1.1.2., 1.3.1., agus 3.4.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE. Áitíonn an Fhrainc nach dtugtar aghaidh go leormhaith leis an gcaighdeán, lena gcumhdaítear feithiclí uile-thír-raoin agus cuadrothair, ar phrionsabail an chomhtháthaithe sábháilteachta agus na mí-úsáide measartha intuartha a leagtar amach i bpointe 1.1.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE. Áitíonn an Fhrainc freisin go bhfuil easnaimh thromchúiseacha ann freisin a bhaineann le cailliúint na cobhsaíochta toisc nach bhfuil ceanglas ann maidir le cobhsaíocht thaobhach agus fadchobhsaíocht tosaigh a leagtar amach i bpointe 1.3.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir. Ina theannta sin, áitíonn an Fhrainc nach bhfuil sonraíochtaí ag an gcaighdeán comhchuibhithe sin chun gluaiseachtaí neamhrialaithe a leagtar amach i bpointe 3.4.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE a chosc. De réir na Fraince, meastar gurb iad iompú agus eisteilgean an rothaí na cásanna tionóisce is ábhartha.

(8)

Pléadh an agóid fhoirmiúil i nGrúpa Saineolaithe an Choimisiúin maidir le hInnealra ag an gcruinniú a bhí aige an 23 Márta 2023. Phléigh an Coiste a bunaíodh le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 maidir le caighdeánú Eorpach é an 15 Nollaig 2023.

(9)

Tar éis scrúdú a dhéanamh ar chaighdeán comhchuibhithe EN 15997:2011, arna cheartú le EN 15997:2011/AC:2012, in éineacht le hionadaithe Ghrúpa Saineolaithe an Choimisiúin maidir le hInnealra agus le hionadaithe an choiste a bunaíodh le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach gcomhlíontar leis an gcaighdeán na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointí 1.1.2., 1.3.1., agus 3.4.1. d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE.

(10)

An 20 Bealtaine 2022, rinne an Ghearmáin agóid fhoirmiúil i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2006/42/CE in aghaidh chaighdeán comhchuibhithe EN 62841-1:2015, arna cheartú le EN 62841-1:2015/AC:2015, agus in aghaidh chaighdeán comhchuibhithe EN 62841-2-11:2016, arna leasú le EN 62841-2-11:2016/A1:2020, lena mínítear nach gcomhlíontar leis na caighdeáin chomhchuibhithe sin na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointí 1.2.3. agus 2.2.1. d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE. Maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 62841-1:2015, arna cheartú le EN 62841-1:2015/AC:2015, agus caighdeán comhchuibhithe EN 62841-2-11:2016, arna leasú le EN 62841-2-11:2016/A1:2020, lena gcumhdaítear meaisíní leictreacha láimhe amhail preabshábha, áitíonn an Ghearmáin nach soláthraítear leis na caighdeáin sin cosaint leormhaith ar thosú neamhbheartaithe tar éis caillteanas voltais, a mhéid a bhaineann leis na ceanglais a leagtar amach i bpointe 1.2.3. (an dara mír, an chéad fhleasc, arna gcur i bhfeidhm leis an gcéad mhír) agus pointe 2.2.1. (an chéad mhír, an tríú fleasc) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE.

(11)

Pléadh an agóid fhoirmiúil i nGrúpa Saineolaithe an Choimisiúin maidir le hInnealra ag an gcruinniú a bhí aige an 10 Deireadh Fómhair 2022 agus sa Choiste a bunaíodh le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 maidir le caighdeánú Eorpach an 15 Nollaig 2023.

(12)

Tar éis scrúdú a dhéanamh ar chaighdeán comhchuibhithe EN 62841-1:2015, arna cheartú le EN 62841-1:2015/AC:2015, agus ar chaighdeán comhchuibhithe EN 62841-2-11:2016, arna leasú le EN 62841-2-11:2016/A1:2020, in éineacht le hionadaithe Ghrúpa Saineolaithe an Choimisiúin maidir le hInnealra agus le hionadaithe an choiste a bunaíodh le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach gcomhlíontar leis an gcaighdeán na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointí 1.2.3. agus 2.2.1. d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE.

(13)

Ós rud é gur foilsíodh an tagairt do leasú EN 62841-1:2015/A11:2022 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586, tar éis na hagóide a rinne an Ghearmáin, scrúdaigh an Coimisiún freisin caighdeán comhchuibhithe EN 62841-1:2015, arna cheartú le EN 62841-1:2015/AC:2015 agus arna leasú le EN 62841-1:2015/A11:2022, agus tháinig sé ar an gconclúid nach gcomhlíontar leis an gcaighdeán na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.2.3. (an dara mír, an chéad fhleasc, arna gcur i bhfeidhm leis an gcéad mhír) agus pointe 2.2.1. (an chéad mhír, an tríú fleasc) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE.

(14)

Ba cheart, dá bhrí sin, caighdeáin chomhchuibhithe EN 12525:2000+A2:2010; EN 15997:2011, arna cheartú le EN 15997:2011/AC:2012; EN 62841-1:2015, arna cheartú le EN 62841-1:2015/AC:2015 agus arna leasú le EN 62841-1:2015/A11:2022; agus EN 62841-2-11:2016, arna leasú le EN 62841-2-11:2016/A1:2020, a choinneáil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian.

(15)

Na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 12525:2000+A2:2010; EN 15997:2011, arna cheartú le EN 15997:2011/AC:2012; EN 62841-1:2015, arna cheartú le EN 62841-1:2015/AC:2015 agus arna leasú le EN 62841-1:2015/A11:2022; agus EN 62841-2-11:2016, arna leasú le EN 62841-2-11:2016/A1:2020, liostaítear iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586. Áirítear san Iarscríbhinn sin freisin na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2006/42/CE, ach ar tagairtí iad a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srianta. Ba cheart, dá bhrí sin, na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin a choinneáil, trína scriosadh ón Iarscríbhinn sin agus trína dtabhairt isteach arís inti, leis na srianta iomchuí.

(16)

An tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 62841-1:2015, arna cheartú le EN 62841-1:2015/AC:2015, liostaítear í in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586, ina liostaítear na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a tharraingítear siar tar éis dátaí sonracha. Áirítear san Iarscríbhinn sin freisin na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2006/42/CE maille le srianta. Ba cheart, dá bhrí sin, an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a choinneáil, trína scriosadh ón Iarscríbhinn sin agus trína tabhairt isteach arís inti, leis an srian iomchuí.

(17)

Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht, ba cheart foráil a dhéanamh in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 go bhfuil infheidhmeacht na gcaighdeán, a liostaítear a dtagairtí san Iarscríbhinn sin, faoi réir aon srian a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 3 den Chinneadh Cur Chun Feidhme sin a cheartú.

(18)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 a leasú agus a cheartú dá réir sin.

(19)

Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

Na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe maidir le hinnealra a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2006/42/CE agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, déantar leis seo iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Na tagairtí do na caighdeáin a liostaítear i gCuid a Trí, pointe 2, rónna 121, 266, 324a, 343, 405, 495, 513a, 671a agus 681a d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, foilsítear iad nó coinnítear iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srianta.’;

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

‘Mar sin féin, leanfaidh sí d’fheidhm a bheith aici maidir leis na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo go dtí na dátaí a tharraingeofar siar na tagairtí sin a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, faoi réir aon srian a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.’; agus

(3)

Leasaítear Iarscríbhinní I agus II i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Ceartú ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586

In Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

‘Mar sin féin, leanfaidh sí d’fheidhm a bheith aici maidir leis na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo go dtí na dátaí a tharraingeofar siar na tagairtí sin a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, faoi réir aon srian a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.’.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Aibreán 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 157, 9.6.2006, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/42.

(2)  Treoir 98/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hinnealra (IO L 207, 23.7.1998, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2023 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le hinnealra arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 194, 2.8.2023, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1586/oj).

(4)  Cód caighdeánach 10 ECFE maidir le tástáil oifigiúil a dhéanamh ar struchtúir chosanta ar rudaí atá ag titim ar tharracóirí talmhaíochta agus tarracóirí foraoiseachta, cód a bhunaigh an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, dá dtagraítear i ró 40 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).

(5)  Grúpa E03676 den Chlár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin agus d’eintitis eile den saghas céanna.

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní I agus II maidir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 mar a leanas:

(1)

i gCuid a Trí d’Iarscríbhinn I, leasaítear pointe (2) mar a leanas:

(a)

scriostar ró 324;

(b)

cuirtear isteach an ró 324a seo a leanas:

‘324a.

EN 12525:2000+A2:2010

Innealra talmhaíochta – Lódairí tosaigh – Sábháilteacht

Srian: Ní thugtar le fios leis an gcaighdeán comhchuibhithe seo go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.1.2. d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE, lena gceanglaítear bearta teicniúla, seachas bearta eagraíochtúla amhail struchtúir chosanta lena maolaítear go sonrach rudaí atá ag titim in ionad aghaidh a thabhairt ar chásanna tionóisce eile lena n-áirítear iompuithe feithiclí, agus i bpointe 1.7.4.2 (l) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE, lena n-éilítear faisnéis faoi na rioscaí iarmharacha atá fós ann d’ainneoin na mbeart bunúsach um dhearadh sábháilte, na mbeart coimirce agus na mbeart cosanta comhlántach arna nglacadh.’;

(c)

scriostar ró 513;

(d)

cuirtear isteach an ró 513 a seo a leanas:

‘513 a.

EN 15997:2011

Feithiclí uile-thír-raoin (ATVanna – Cuadrothair) – Riachtanais sábháilteachta agus modhanna tástála

EN 15997:2011/AC:2012

Srian: Ní thugtar le fios leis an gcaighdeán comhchuibhithe seo go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.1.2. d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE, lena gceanglaítear comhlíonadh phrionsabail an chomhtháthaithe sábháilteachta agus mhí-úsáid measartha intuartha na feithicle, i bpointe 1.3.1. d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE, lena gceanglaítear maolú maidir le cobhsaíocht thaobhach agus fadchobhsaíocht, agus i bpointe 3.4.1. d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE, lena gceanglaítear gluaiseacht neamhrialaithe a chosc.’;

(e)

scriostar ró 671;

(f)

cuirtear isteach an ró 671 a seo a leanas:

‘671 a.

EN 62841-1:2015

Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín - Sábháilteacht - Cuid 1: Riachtanais ghinearálta (IEC 62841-1:2014, leasaithe)

EN 62841-1:2015/AC:2015

EN 62841-1:2015/A11:2022

Srian: Ní thugtar le fios leis an gcaighdeán comhchuibhithe seo go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.2.3. (an dara mír, an chéad fhleasc, arna gcur i bhfeidhm leis an gcéad mhír) agus pointe 2.2.1. (an chéad mhír, an tríú fleasc) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE, lena gceanglaítear cosaint leormhaith ar thosú neamhbheartaithe gan beann ar an gcúis.’;

(g)

scriostar ró 681;

(h)

cuirtear isteach an ró 681 a seo a leanas:

‘681 a.

EN 62841-2-11:2016

Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín - Sábháilteacht - Cuid 2-11: Riachtanais shainiúla le haghaidh sábha frithingeacha láimhe (IEC 62841-2-11:2015, mionathraithe)

EN 62841-2-11:2016/A1:2020

Srian: Ní thugtar le fios leis an gcaighdeán comhchuibhithe seo go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.2.3. (an dara mír, an chéad fhleasc, arna gcur i bhfeidhm leis an gcéad mhír) agus pointe 2.2.1. (an chéad mhír, an tríú fleasc) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE, lena gceanglaítear cosaint leormhaith ar thosú neamhbheartaithe gan beann ar an gcúis.’;

(2)

i gCuid a Dó d’Iarscríbhinn II, leasaítear pointe 2 mar a leanas:

(a)

scriostar ró 79;

(b)

cuirtear isteach an ró 79 a seo a leanas:

‘79 a.

EN 62841-1:2015

Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín - Sábháilteacht - Cuid 1: Riachtanais ghinearálta (IEC 62841-1:2014, leasaithe)

EN 62841-1:2015/AC:2015

Srian: Ní thugtar le fios leis an gcaighdeán comhchuibhithe seo go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.2.3. (an dara mír, an chéad fhleasc, arna gcur i bhfeidhm leis an gcéad mhír) agus pointe 2.2.1. (an chéad mhír, an tríú fleasc) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE, lena gceanglaítear cosaint leormhaith ar thosú neamhbheartaithe gan beann ar an gcúis.

An 2 Feabhra 2025’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1256/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top