Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1237

Cinneadh (CBES) 2024/1237 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin (EUAM Ukraine)

ST/8217/2024/INIT

IO L, 2024/1237, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1237/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1237/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1237

30.4.2024

CINNEADH (CBES) 2024/1237 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2024

lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin (EUAM Ukraine)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 22 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/486/CBES (1), maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin (EUAM Ukraine).

(2)

An 20 Bealtaine 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/813 (2), lenar cuireadh síneadh le sainordú EUAM Ukraine go dtí an 31 Bealtaine 2024 agus lenar tugadh méid tagartha airgeadais do EUAM Ukraine don tréimhse ón 1 Meitheamh 2021 go dtí an 31 Bealtaine 2024.

(3)

An 23 Feabhra 2022, sheol Cónaidhm na Rúise fogha míleata gan chúis gan údar faoin Úcráin, rud a cháin an Chomhairle Eorpach go géar sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022.

(4)

An 18 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/452 (3), lenar tugadh an cúram breise do EUAM Ukraine comhairle a chur ar údaráis na hÚcráine d’fhonn sreabhadh na ndídeanaithe ón Úcráin go dtí an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóvaic agus tabhairt isteach na cabhrach daonnúla san Úcráin a éascú.

(5)

An 13 Aibreán 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/638 (4), lenar tugadh an cúram breise do EUAM Ukraine tacú a thabhairt d’údaráis na hÚcráine imscrúdú agus ionchúiseamh coireanna idirnáisiúnta a éascú.

(6)

Tá níos mó caiteachais ann mar thoradh ar na cúraimí breise a tugadh do EUAM Ukraine agus ar an staid slándála san Úcráin.

(7)

Ba cheart an méid tagartha airgeadais le haghaidh EUAM Ukraine don tréimhse ón 1 Meitheamh 2021 go dtí an 31 Bealtaine 2024 a mhéadú chun riachtanais bhreise a chomhlíonadh.

(8)

Ba cheart Cinneadh 2014/486/CBES a leasú dá réir sin.

(9)

Cuirfear EUAM Ukraine i gcrích i gcomhthéacs staide a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 14(1) de Chinneadh 2014/486/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deireanaí:

‘Is é EUR 90 116 266 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha an caiteachas a bhaineann le EUAM Ukraine a chumhdach don tréimhse ón 1 Meitheamh 2021 go dtí an 31 Bealtaine 2024.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 29 Aibreán 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. CLARINVAL


(1)  Cinneadh 2014/486/CBES ón gComhairle an 22 Iúil 2014 maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin (EUAM Ukraine) (IO L 217, 23.7.2014, lch. 42).

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/813 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine) (IO L 180, 21.5.2021, lch. 149).

(3)  Cinneadh (CBES) 2022/452 ón gComhairle an 18 Márta 2022 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine) (IO L 92, 21.3.2022, lch. 3).

(4)  Cinneadh (CBES) 2022/638 ón gComhairle an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine) (IO L 117, 19.4.2022, lch. 38).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1237/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top