EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1175

Cinneadh (CBES) 2024/1175 ón gComhairle an 19 Aibreán 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

ST/7943/2024/INIT

IO L, 2024/1175, 19.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1175/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1175/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1175

19.4.2024

CINNEADH (CBES) 2024/1175 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Aibreán 2024

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1999.

(2)

An 8 Nollaig 2020, i nDearbhú ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’), thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh i ndáil le Cearta an Duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine cuirtear i bhfios go láidir a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach den Aontas é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a bhaint amach. Is bunluach den Aontas agus dá chomhbheartas eachtrach agus slándála é meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine.

(3)

Sa ráiteas uaidh an 16 Nollaig 2023, leag an tArdionadaí béim ar an imní atá ar an Aontas faoin méadú atá tagtha ar an bhforéigean in aghaidh na bPalaistíneach atá á dhéanamh ag lonnaitheoirí antoisceacha ar an mBruach Thiar atá faoi fhorghabháil, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Leanann an tAontas dá ghéarcháineadh ar fhoréigin lonnaitheoirí agus tá cuntasacht á iarraidh aige. D’iarr an tAontas freisin ar Iosrael cosc a chur ar fhoréigean Ionnaitheoirí agus a áirithiú go dtabharfar déantóirí na gcoireanna chun cuntais. Ón 7 Deireadh Fómhair 2023, nuair a rinne Hamas ionsaithe sceimhlitheoireachta ar Iosrael tá méadú as cuimse tagtha ar fhoréigean lonnaitheoirí.

(4)

Sa chomhthéacs sin, ba cheart ceathrar agus dhá eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2020/1999 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Aibreán 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO L 410 I, 7.12.2020, p. 13.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 mar a leanas:

(1)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí faoin gceannteideal A. ‘Daoine nádúrtha’:

 

Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

Ainmneacha

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘106.

Neria BEN PAZI

ar a dtugtar freisin Naria BEN FAZI

 

Dáta breithe: 28.11.1993

Náisiúntacht: Iosraelach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais: 311509004

Bhunaigh Neria Ben Pazi ceithre cinn de na hurphoist ba fhoréigní ar an mBruach Thiar in 2019.

Tá sé ar dhuine de na daoine lárnacha atá taobh thiar d’easáitiú éigeantais phobal Bedouin in Wadi Seeq, atá gar do Ramallah. Ó 2021, cuireadh i leith Neria Ben Pazi go ndearna sé ionsaí arís agus arís eile ar Phalaistínigh in Wadi Seeq agus in Deir Jarir agus go bhfuil a chuid gníomhaíochtaí ar aon dul le céasadh.

An 12 Deireadh Fómhair 2023, ghlac sé páirt in ionsaí foréigneach in Wadi Seeq, inar buaileadh Palaistínigh go dona, cuireadh glais lámh orthu agus glacadh grianghraf díobh ina bhfo-éadaí. Rinne lonnaitheoirí fual orthu agus mhúch siad toitíní orthu.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine a rinneadh in aghaidh na bPalaistíneach lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, ar cúis mhór imní iad freisin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

19.4.2024

107.

Yinon LEVI

 

Dáta breithe: 12.12.1992

Náisiúntacht: Iosraelach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais: 203807276

Ghlac Yinon Levi páirt san iliomad gníomhartha foréigneacha ar shráidbhailte chomharsanacha gar dá áit chónaithe ar fheirm urphoist neamhdhleathach in Mitarim.

Áirítear leis sin go háirithe tithe na dteaghlach Palaistíneach a réabadh agus díobháil a dhéanamh dóibh, lena n-áirítear i láthair ban agus leanaí, chomh maith le madraí a chur sa tóir ar aoirí Palaistíneacha chun iad a ionsaí go fisiciúil agus ligean dá thréad a bheith ag innilt ar a dtailte atá faoi úinéireacht phríobháideach.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha forleathana ar chearta an duine atá dírithe ar an gceart atá ag Palaistínigh chun iomláine coirp agus intinne, an ceart chun maoine agus an ceart chun saoil phríobháidigh agus saoil teaghlaigh, ar cúis mhór imní iad freisin a mhéid a bhaineann le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

19.4.2024

108.

Meir Mordechai ETTINGER

מאיר אטינגר

(Litriú Eabhrais)

Post/poist: comhalta de Hilltop Youth

Dáta breithe: 4.10.1991

Áit bhreithe: Kiryat Moshe, Iarúsailéim, Iosrael

Náisiúntacht: Iosraelach

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe: Hilltop Youth

Meastar duine ceannródaíoch é Meir Ettinger sa ghrúpa Hilltop Youth, grúpa radacach atá comhdhéanta de dhaoine óga a bhfuil míchlú ar a bhaill mar gheall ar ghníomhartha foréigneacha a dhéanamh i gcoinne na bPalaistíneach agus a sráidbhailte ar an mBruach Thiar.

Socraíonn an grúpa Hilltop Youth ar bharra cnoic ar an mBruach Thiar agus bíonn sé rannpháirteach i bhforéigean lonnaitheoirí trí “ionsaithe ar chlib phraghais” mar a thugtar orthu, a dhéanamh. Is foréigean de chineál córasach é an foréigean in aghaidh na bPalaistíneach, lena n-áirítear ciapadh fisiciúil agus síceasóisialta, bascadh, dúnmharú agus scartáil maoine.

Spreagann agus gríosaíonn Meir Ettinger ionsaithe agus glacann sé páirt san imeaglú chun Palaistínigh a ruaigeadh as a dtailte. Chuidigh sé le lonnaíochtaí agus urphoist neamhdhleathacha a bhunú ar thailte Palaistíneacha ar fud an Bhruacha Thiar, agus bhain sé úsáid as imeaglú, ciapadh agus foréigean agus bhí glacadh aige leo siúd.

Bhí baint aige le hionsaí marfach in 2015, a mheastar cheana féin a raibh baint ag an ngrúpa Hilltop Youth leis, ar theach a bhí ar an mBruach Thiar sa Phalaistín inar maraíodh beirt tuismitheoirí agus a mac a bhí 18 mí d’aois.

Dá bhrí sin, tá Meir Ettinger freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, chomh maith le sáruithe nó mí-úsáidí ar an gceart chun maoine agus an ceart chun saol príobháideach agus saol teaghlaigh atá ag Palaistínigh ar an mBruach Thiar agus as tacú leis na gníomhartha sin agus iad a spreagadh. Is cúis mhór imní iad na mí-úsáidí agus na sáruithe sin freisin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

19.4.2024

109.

Elisha YERED

אלישע ירד

(Litriú Eabhrais)

Post/poist: comhalta de Hilltop Youth

Dáta breithe: 2001

Náisiúntacht: Iosraelach

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe: Hilltop Youth

Is gníomhaí lonnaithe in Iosrael é Elisha Yered agus tuigtear go bhfuil baint aige le “Hilltop Youth”, grúpa radacach atá comhdhéanta de dhaoine óga a bhíonn ag gabháil do ghníomhartha foréigneacha i gcoinne na bPalaistíneach agus a sráidbhailte ar an mBruach Thiar.

Tá Hilltop Youth rannpháirteach i bhforéigin lonnaitheoirí trí “ionsaithe ar chlib phraghais”, mar a thugtar orthu, a dhéanamh. Is foréigean de chineál córasach é an foréigean lonnaitheoirí sin in aghaidh na bPalaistíneach, lena n-áirítear ciapadh fisiciúil agus síceasóisialta, bascadh, dúnmharú agus scartáil maoine.

Spreagann Elisha Yered na gníomhartha sin agus glacann sé páirt iontu. Is minic a ghríosaíonn sé an foréigean in aghaidh na bPalaistíneach ar an mBruach Thiar, lena n-áirítear trí theachtaireachtaí a scaipeadh ina ndeirtear, mar shampla, “scrios” sráidbhaile Palaistíneach.

Rinne sé féin teaghlach Palaistíneach a chiapadh, ag úsáid teanga imeaglaithe bhagrach chun bac a chur ar a saoirse gluaiseachta ar a dtalamh féin agus tá baint aige le maoin na bPalaistíneach ar an mBruach Thiar a scriosadh.

Bhí Elisha Yered mar chuid de ghrúpa lonnaitheoirí armtha a chuaigh ó urphost neamhdhleathach Oz Zion go dtí sráidbhaile Palaistíneach Burqa atá gar do Ramallah an 4 Lúnasa 2023. Scaoil na lonnaitheoirí urchair leis na Palaistínigh, maraíodh an Palaistíneach Qusai Jammal Mi’tan, a bhí 19 mbliana d’aois, agus gortaíodh roinnt Palaistíneach eile.

Dá bhrí sin, tá Elisha Yered freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, chomh maith le sáruithe nó mí-úsáidí ar an gceart chun maoine agus an ceart chun saol príobháideach agus saol teaghlaigh atá ag Palaistínigh ar an mBruach Thiar agus as tacú leis na gníomhartha sin agus tá sé freagrach as iad a spreagadh, agus tacú le fuath náisiúnta, ciníoch nó reiligiúnach arb ionann é agus gríosú chun idirdhealaithe, naimhdis nó foréigin. Is cúis mhór imní iad na sáruithe nó na mí-úsáidí sin freisin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

19.4.2024’;

(2)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí faoin gceannteideal B ‘Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’:

 

Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

Ainmneacha

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘27.

Lehava

ar a dtugtar freisin Prevention of Assimilation in the Holy Land

להב"ה

(Litriú Eabhrais)

Teileafón: 079-9130000

Ríomhphost: o.leava@gmail.com

Suíomh gréasáin:

www.lehava-us.com;

vod.leava.co.il

Is grúpa radacach forchíníoch Giúdach den eite dheis é Lehava atá faoi stiúir a bhunaitheora, Ben-Zion “Bentzi” Gopstein.

Úsáideann Lehava foréigean agus gríosaíonn sé foréigean in aghaidh na bPalaistíneach, na gCríostaithe agus na nGiúdach Meisiasach, mar shampla, gháir comhaltaí de Lehava “go bhfaighidh na hArabaigh bás” agus iarradh orthu airm a bhailiú le linn slógaí. Eagraíonn Lehava agóidí foréigneacha i gcoinne bainiseacha idir Giúdaigh agus Moslamacha agus an pobal LADTIA. Déanann baill Lehava ciaptha agus ionsaí ar lánúineacha Arabacha-Giúdacha.

Dá bhrí sin, tá Lehava freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, go háirithe a bheith tacú go córasach le fuath náisiúnta, ciníoch nó reiligiúnach arb ionann é agus gríosú chun idirdhealaithe, naimhdis nó foréigin ar cúis mhór imní é freisin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

19.4.2024

28.

Hilltop Youth

ar a dtugtar freisin No’ar HaGva’ot

נוער הגבעות

(Litriú Eabhrais)

Daoine aonair comhlachaithe:

Meir Mordechai ETTINGER; Elisha YERED

Grúpa radacach atá comhdhéanta de dhaoine óga is ea Hilltop Youth a bhfuil míchlú ar a bhaill mar gheall ar ghníomhartha foréigneacha i gcoinne na bPalaistíneach agus a sráidbhailte ar an Bruach Thiar.

Socraíonn an grúpa ar bharra cnoic ar an mBruach Thiar agus bíonn sé rannpháirteach i bhforéigean lonnaitheoirí trí “ionsaithe ar chlib phraghais”, mar a thugtar orthu, a dhéanamh. Is foréigean de chineál córasach é an foréigean lonnaitheoirí sin í in aghaidh na bPalaistíneach agus a sráidbhailte, lena n-áirítear ciapadh fisiciúil agus síceasóisialta, bascadh, dúnmharú agus scartáil maoine.

Dá bhrí sin, tá Hilltop Youth freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, chomh maith le sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar an gceart chun maoine agus an ceart chun saol príobháideach agus saol teaghlaigh atá ag na bPalaistínigh ar an mBruach Thiar, ar cúis mhór imní iad freisin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

19.4.2024’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1175/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top