This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1158
Commission Implementing Decision (EU) 2024/1158 of 10 April 2024 on the request for registration, pursuant to Regulation (EU) 2019/788 of the European Parliament and of the Council, of the European citizens’ initiative entitled My Voice, My Choice: For Safe And Accessible Abortion (notified under document C(2024)2353)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1158 ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2024 maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal My Voice, My Choice: Ar mhaithe le Ginmhilleadh Sábháilte agus Inrochtana de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 2353)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1158 ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2024 maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal My Voice, My Choice: Ar mhaithe le Ginmhilleadh Sábháilte agus Inrochtana de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 2353)
C/2024/2353
IO L, 2024/1158, 19.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1158/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1158 |
19.4.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1158 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Aibreán 2024
maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘My Voice, My Choice: Ar mhaithe le Ginmhilleadh Sábháilte agus Inrochtana’ de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 2353)
(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 6(2) agus (3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘My Voice, My Choice: Ar mhaithe le Ginmhilleadh Sábháilte agus Inrochtana’, cuireadh iarraidh ar a chláraithe faoi bhráid an Choimisiúin an 23 Feabhra 2024. |
|
(2) |
Is é is aidhm don tionscnamh mar a léirigh na heagraithe a iarraidh ar an gCoimisiún ‘de mheon na dlúthpháirtíochta — togra a chur isteach le haghaidh tacaíocht airgeadais do na Ballstáit le go mbeifear in ann foirceannadh sábháilte toirchis a dhéanamh d’aon duine san Eoraip nach bhfuil rochtain acu fós ar ghinmhilleadh sábháilte dleathach.’ |
|
(3) |
In iarscríbhinn a ghabhann leis an tionscnamh, tugtar tuilleadh sonraí maidir le hábhar, cuspóirí agus cúlra an tionscnaimh. Mar a mhínítear san iarscríbhinn, ‘an easpa rochtana ar ghinmhilleadh mar bhunchúram sláinte na mban in go leor áiteanna san Eoraip, ní hamháin go gcuireann sé mná i mbaol go ndéanfaí dochar fisiciúil ach go gcuireann sé strus míchuí eacnamaíoch agus meabhrach ar mhná freisin, go minic i bpobail imeallaithe ar lú a n-acmhainn.’ Déantar tagairt do chomhdhearcadh i measc comhlachtaí eolaíocha agus idirnáisiúnta ‘nach dtagann laghdú ar ghinmhilleadh trí chaitheamh leis mar shó, is é an toradh a bhíonn air sin go lorgaíonn mná ginmhilleadh atá neamhshábháilte.’ Sonraítear san iarscríbhinn freisin ‘go bhféadfadh an tacaíocht airgeadais atá beartaithe a bheith i bhfoirm sásra um rogha a bheith páirteach atá oscailte do na Ballstáit ar bhonn deonach’. |
|
(4) |
Mar chuid dá iarratas ar chlárú rinne an grúpa d’eagraithe doiciméad breise a chur isteach ina gcuirtear anailís ar fáil maidir leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe. |
|
(5) |
Tagraíonn an iarscríbhinn agus an doiciméad breise do Chlár EU4Health a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a glacadh bunaithe ar Airteagal 168(5) CFAE. Liostaítear mar chuspóir sonrach in Airteagal 4(g) de Rialachán (AE) 2021/522 an méid seo a leanas: ‘feabhas a chur ar rochtain ar chúram sláinte agus seirbhísí cúraim gaolmhara ar ardchaighdeán atá dírithe ar an othar agus bunaithe ar thorthaí, agus é mar aidhm leis cumhdach sláinte uilíoch a bhaint amach’. I liosta na ngníomhaíochtaí atá incháilithe chun cistiú a fháil, déantar foráil i bpointe 7(c) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin maidir leis an méid seo a leanas: ‘tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun rochtain ar chúram sláinte gnéis agus atáirgthe a chur chun cinn, agus tacú le cuir chuige chomhtháite agus trasnacha maidir le cosc, diagnóisiú, cóireáil agus cúram’. |
|
(6) |
I bhfianaise an mhéid sin, ní bheadh gá le togra reachtach nua a ghlacadh chun gníomhaíochtaí a chistiú lena gcuirtear rochtain ar chúram sláinte gnéis agus atáirgthe chun cinn i gcoitinne, toisc go bhféadfaí é sin a dhéanamh i gclár oibre bliantúil faoi Chlár EU4Health. |
|
(7) |
Sa mhéid go bhfuil sé d’aidhm ag an tionscnamh togra ón gCoimisiún a iarraidh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais a rachadh thar a bhfuil indéanta faoi láthair faoi Chlár EU4Health, d’fhéadfadh tacaíocht airgeadais do ghníomhaíocht na mBallstát lena gcuirtear sláinte chun cinn teacht faoi inniúlacht tacaíochta an Aontais de bhun Airteagal 168(5) CFAE. Mar sin féin, bheadh ar aon tacaíocht den sórt sin na teorainneacha atá in Airteagal 168(7) CFAE a chomhlíonadh, a mhéid nach mór do ghníomhaíocht an Aontais urraim a thabhairt do na freagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir lena mbeartas sláinte a shainiú agus seirbhísí sláinte agus cúram liachta a eagrú agus a sholáthar, lena n-áirítear seirbhísí sláinte agus cúram leighis a bhainistiú agus na hacmhainní a shanntar dóibh a leithdháileadh orthu. Ní féidir gurb é an aidhm ná an éifeacht a bheadh ag sásra tacaíochta airgeadais an bonn a bhaint de reachtaíocht oird phoiblí na mBallstát nó, ar bhonn níos ginearálta, na roghanna cúraim sláinte agus eiticiúla a dhéanann na Ballstáit i bhfeidhmiú a n-inniúlachta i gcúrsaí sláinte. |
|
(8) |
Luaitear go sonrach san iarscríbhinn a ghabhann leis an tionscnamh nach bhfuil sé d’aidhm ag an tionscnamh dlíthe agus rialacháin na mBallstát maidir le ginmhilleadh a chomhchuibhiú ná cur isteach orthu. Dá bhrí sin, is cosúil nach gcuirtear isteach ar bhealach spriocdhírithe simplí ar inniúlachtaí na mBallstát a mbeartas sláinte féin a shainiú agus a seirbhísí sláinte a eagrú trí thacaíocht airgeadais a chur ar fáil chun an cineál sin seirbhíse sláinte a chur ar fáil, ach mar sin féin d’fhéadfadh cur isteach den sórt sin a bheith mar thoradh ar shásra tacaíochta airgeadais a bhunú go nithiúil. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur féidir an tionscnamh a chlárú sa mhéid go bhfuil sé d’aidhm aige togra reachtach le haghaidh tacaíocht airgeadais do na Ballstáit nach bhfuil cumhdaithe cheana le Clár EU4Health, agus a mhéid nach bhfuil sé mar aidhm ná éifeacht ag an sásra tacaíochta airgeadais atá beartaithe an bonn a bhaint de reachtaíocht oird phoiblí na mBallstát ná, ar bhonn níos ginearálta, leis na roghanna cúraim sláinte agus na roghanna eiticiúla a dhéanann na Ballstáit i bhfeidhmiú a n-inniúlachta i gcúrsaí sláinte. |
|
(10) |
Ar bhonn na soiléirithe sin, measann an Coimisiún nach bhfuil aon chuid den tionscnamh ann ar follas nach dtagann sí faoi chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme. |
|
(11) |
Is conclúid é sin nach ndéanann difear don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha coincréiteacha substainteacha ba ghá chun go ngníomhódh an Coimisiún, coinníollacha lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, sin agus comhoiriúnacht do chearta bunúsacha. |
|
(12) |
Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag an ngrúpa d'eagraithe go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788, agus go bhfuil na daoine teagmhála ainmnithe aige i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin. |
|
(13) |
Ní tionscnamh é ar follas é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní follas go bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach iad ná do na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
|
(14) |
Dá bhrí sin, ba cheart an tionscnamh dar teideal ‘My Voice, My Choice: Ar mhaithe le Ginmhilleadh Sábháilte agus Inrochtana’ a chlárú. |
|
(15) |
An chonclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/788, ní thugann sí le tuiscint go ndearbhaíonn an Coimisiún ar bhealach ar bith go bhfuil inneachar an tionscnaimh cruinn fíorasach, agus is iad an grúpa d’eagraithe atá i mbun an tionscnaimh, agus iadsan amháin, atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann inneachar an tionscnaimh in iúl ach tuairimí an ghrúpa d’eagraithe, agus ní féidir a dhéanamh amach ar aon bhealach gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Clárófar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘My Voice, My Choice: Ar mhaithe le Ginmhilleadh Sábháilte agus Inrochtana’.
Airteagal 2
Tá an cinneadh seo dírithe chuig an ngrúpa d’eagraithe an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘My Voice, My Choice: Ar mhaithe le Ginmhilleadh Sábháilte agus Inrochtana’, grúpa a bhfuil Nika KOVAČ agus Alice Hélène Sibylle COFFIN ag gníomhú mar theagmhálaithe thar a cheann.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Aibreán 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Věra JOUROVÁ
Leas-Uachtarán
(1) IO L 130, 17.5.2019, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/788/oj
(2) Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (‘Clár EU4Health’) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/522/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1158/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)