This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1102
Council Decision (EU) 2024/1102 of 25 March 2024 on the position to be taken on behalf of the European Union within the EU-UK Specialised Committee on Energy established by the Trade and Cooperation Agreement between the European Union and the European Atomic Energy Community, of the one part, and the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland, of the other part, regarding the adoption of the guidance on working arrangements and on administrative arrangements
Cinneadh (AE) 2024/1102 ón gComhairle an 25 Márta 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Speisialaithe an Aontais agus na Ríochta Aontaithe um Fhuinneamh arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, maidir leis an treoir maidir le socruithe oibre agus socruithe riaracháin a ghlacadh
Cinneadh (AE) 2024/1102 ón gComhairle an 25 Márta 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Speisialaithe an Aontais agus na Ríochta Aontaithe um Fhuinneamh arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, maidir leis an treoir maidir le socruithe oibre agus socruithe riaracháin a ghlacadh
ST/7084/2024/INIT
IO L, 2024/1102, 12.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1102/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1102 |
12.4.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/1102 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Márta 2024
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Speisialaithe an Aontais agus na Ríochta Aontaithe um Fhuinneamh arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, maidir leis an treoir maidir le socruithe oibre agus socruithe riaracháin a ghlacadh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(1) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 29 Aibreán 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/689 (1) maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (2) (‘an Comhaontú’). Tá sé i bhfeidhm ó bhí an 1 Eanáir 2021 ann. |
(2) |
De bhun Airteagal 8(4), pointe (c), den Chomhaontú, maidir le saincheisteanna a bhaineann lena réimse inniúlachta, tá sé de chumhacht ag an gCoiste Speisialaithe um Fhuinneamh (‘an Coiste Speisialaithe’) cinntí agus moltaí a ghlacadh i leith na n-ábhar uile dá bhforáiltear amhlaidh sa Chomhaontú nó in aon chomhaontú forlíontach nó a bhfuil an Chomhairle Comhpháirtíochta tar éis a cumhachtaí a tharmligean ina leith chuige. De bhun Airteagal 10(2) den Chomhaontú, tá an Coiste Speisialaithe le cinntí a ghlacadh agus moltaí a dhéanamh de chomhthoil. Anuas air sin, de bhun Airteagal 8(4), pointe (a), den Chomhaontú, tá sé de chumhacht ag an gCoiste Speisialaithe faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus a fheidhmiú cuí a áirithiú. |
(3) |
Foráiltear le hAirteagal 317(1) den Chomhaontú go bhfuil gach Páirtí le háirithiú go ndéanfaidh oibreoirí córais tarchurtha socruithe éifeachtúla agus cuimsitheacha oibre a fhorbairt chun tacú leis na cúraimí pleanála agus oibríochtúla a bhaineann le cuspóirí Theideal VIII (Fuinneamh) den Chomhaontú a bhaint amach, lena n-áirítear creataí comhair idir Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO-E) agus Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (ENTSOG), de pháirt amháin, agus na hoibreoirí córais tarchurtha leictreachais agus gáis sa Ríocht Aontaithe, den pháirt eile. |
(4) |
Foráiltear le hAirteagal 318(1) den Chomhaontú go bhfuil gach Páirtí le háirithiú go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) agus an t-údarás rialála sa Ríocht Aontaithe arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 310 den Chomhaontú teagmhálacha a fhorbairt agus go rachaidh siad i mbun socruithe riaracháin a luaithe is féidir chun gur fusa a bheidh sé cuspóirí an Chomhaontaithe a chomhlíonadh. |
(5) |
De bhun Airteagal 317(1) den Chomhaontú, ní bheidh baint ag oibreoirí córais tarchurtha na Ríochta Aontaithe le ballraíocht in ENTSO-E ná in ENTSOG leis na creataí comhair, ná ní thabharfar leo stádas atá inchomparáide le ballraíocht in ENTSO-E nó ENTSOG d’oibreoirí córas tarchurtha na Ríochta Aontaithe. Ar an gcaoi chéanna, de bhun Airteagal 318(2) den Chomhaontú, níor cheart, leis na socruithe riaracháin, don údarás rialála sa Ríocht Aontaithe arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 310 den Chomhaontú a bheith rannpháirteach in ACER, ná stádas inchomparáide a bhronnadh air. |
(6) |
Tá an Coiste Speisialaithe le treoir a chomhaontú maidir leis na socruithe oibre dá dtagraítear in Airteagal 317(1) den Chomhaontú agus maidir le treoir maidir leis na socruithe riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 318(1) den Chomhaontú a luaithe is indéanta. Tá an Coiste Speisialaithe le cinneadh maidir leis an treoir sin a ghlacadh le linn an chéad chruinnithe eile dá chuid nó trí nós imeachta i scríbhinn, cibé acu is túisce, tar éis do gach Páirtí na nósanna imeachta intíre chun na críche sin a chur i gcrích. |
(7) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh ón gCoiste Speisialaithe ina cheangal ar an Aontas. |
(8) |
Chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, lena n-áirítear an treoir ón gCoiste Speisialaithe, ba cheart, nuair a chuirfear na socruithe oibre agus na socruithe riaracháin faoi bhráid an Choiste Speisialaithe lena mbreithniú, seasamh an Aontais a shonrú a thuilleadh sula dtabharfar i gcrích iad. Ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na socruithe oibre agus na socruithe riaracháin an Comhaontú agus seasamh an Aontais mar a leagtar amach i ndréachtchinneadh ón gCoiste Speisialaithe atá i gceangal leis an gCinneadh seo, ba cheart go bhféadfaí breithniú dearfach a dhéanamh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe. Chun rannpháirtíocht rialta iomlán na Comhairle agus a comhlachtaí ullmhúcháin a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag na nósanna imeachta a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2021/689, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh, leagtar amach é sa dréachtchinneadh ón gCoiste Speisialaithe atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
1. Sonrófar a thuilleadh seasamh an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1 sula dtabharfar i gcrích na socruithe oibre agus na socruithe riaracháin dá dtagraítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an dréachtchinneadh ón gCoiste Speisialaithe nuair a chuirfear faoi bhráid an Choiste Speisialaithe iad lena mbreithniú.
2. Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, tarchuirfidh an Coimisiún na socruithe oibre agus na socruithe riaracháin dá dtagraítear ann chuig an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Chinneadh (AE) 2021/689.
3. Ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na socruithe oibre agus na socruithe riaracháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an Comhaontú agus seasamh an Aontais a leagtar amach in Airteagal 1, féadfaidh an Chomhairle breithniú dearfach a fhormheas a chuirfidh an Coimisiún in iúl thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Márta 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. MARON
(1) Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 149, 30.4.2021, lch. 2).
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. …/… ÓN gCOISTE SPEISIALAITHE UM FHUINNEAMH ARNA BHUNÚ LE hAIRTEAGAL 8(1)(l) DEN CHOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE
an …
maidir le treoir maidir le creataí comhair idir ENTSO-E agus oibreoirí córais tarchurtha leictreachais na Ríochta Aontaithe, ENTSOG agus oibreoirí córais tarchurtha gáis na Ríochta Aontaithe, agus ACER agus an t-údarás rialála sa Ríocht Aontaithe arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 310 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, faoi seach (GEMA agus an Rialtóir Fóntais)
TÁ AN COISTE SPEISIALAITHE UM FHUINNEAMH,
Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), agus go háirithe Airteagal 317(1) agus Airteagal 318(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 8(4), pointe (a), den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá sé de chumhacht ag an gCoiste Speisialaithe um Fhuinneamh (‘an Coiste Speisialaithe’) faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus feidhmiú ceart an Chomhaontaithe a áirithiú ina réimse inniúlachta. De bhun Airteagal 8(4), pointe (c), den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá sé de chumhacht aige cinntí agus moltaí a ghlacadh maidir le gach ábhar dá bhforáiltear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair nó dar tharmlig an Chomhairle Comhpháirtíochta a cuid cumhachtaí don Choiste Speisialaithe sin de bhun Airteagal 7(4), pointe (f), den Chomhaontú Trádála agus Comhair. |
(2) |
Foráiltear le hAirteagal 317(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair go bhfuil gach Páirtí le háirithiú go bhforbróidh oibreoirí córais tarchurtha gáis agus leictreachais an Aontais agus na Ríochta Aontaithe socruithe oibre, lena n-áirítear creataí comhair, atá éifeachtúil agus cuimsitheach chun tacú leis na cúraimí pleanála agus oibríochtúla a bhaineann le cuspóirí Theideal VIII (Fuinneamh) den Chomhaontú Trádála agus Comhair a bhaint amach. Leagtar síos leis an raon feidhme agus na coinníollacha maidir leis na socruithe oibre, agus go háirithe nach mbeidh baint acu le ballraíocht in ENTSO-E ná ENTSOG d’oibreoirí córas tarchurtha na Ríochta Aontaithe, ná nach dtabharfar leo stádas atá inchomparáide le ballraíocht in ENTSO-E nó ENTSOG d’oibreoirí córas tarchurtha na Ríochta Aontaithe. |
(3) |
De bhun Airteagal 317(1), an tríú fomhír, den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá an Coiste Speisialaithe le comhaontú maidir le treoir ar na socruithe oibre agus na creataí comhair lena scaipeadh ar oibreoirí córais tarchurtha a luaithe is féidir. |
(4) |
Foráiltear le hAirteagal 318(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair go bhfuil gach Páirtí le háirithiú go bhforbróidh an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) agus údarás rialála na Ríochta Aontaithe arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 310 teagmhálacha, go bhforbróidh siad agus go rachaidh siad i mbun socruithe riaracháin a luaithe is féidir chun gur fusa a bheidh sé cuspóirí an Chomhaontaithe seo a chomhlíonadh, agus leagtar síos leis an raon feidhme agus na coinníollacha maidir leis na socruithe riaracháin. Foráiltear le hAirteagal 318(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair go háirithe nach mbeidh baint ag na socruithe riaracháin sin le rannpháirtíocht in ACER ag an údarás rialála sa Ríocht Aontaithe, ná le stádas a thabhairt atá inchomparáide le rannpháirtíocht in ACER ag an údarás rialála sa Ríocht Aontaithe, ar údarás rialála é arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 310 den Chomhaontú Trádála agus Comhair. |
(5) |
De bhun Airteagal 318(1), an dara fomhír, den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá an Coiste Speisialaithe le comhaontú maidir le treoir ar na socruithe riaracháin maidir leis an gcomhar sin lena scaipeadh ar oibreoirí córais tarchurtha a luaithe is féidir. |
(6) |
Ba cheart don Choiste Speisialaithe teacht ar chomhaontú, a luaithe is féidir, maidir le treoir i ndáil leis na socruithe oibre dá dtagraítear in Airteagal 317(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus maidir leis na socruithe riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 318(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, chun cur, a mhéid ab fhéidir, leis an obair atá déanta cheana féin ag na OCTanna, na húdaráis rialála, ENTSO-E, ENTSOG agus ACER ó 2021 i leith, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH,
Airteagal 1
Glactar, leis seo, an treoir ón gCoiste Speisialaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn I mar threoir maidir le socruithe oibre idir ENTSO-E agus oibreoirí córais tarchurtha leictreachais na Ríochta Aontaithe. Iarrann an Coiste Speisialaithe ar na Páirtithe í a scaipeadh orthu gan mhoill.
Airteagal 2
Glactar, leis seo, an treoir ón gCoiste Speisialaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II mar threoir maidir le socruithe oibre idir ENTSOG agus oibreoirí córais tarchurtha gáis na Ríochta Aontaithe. Iarrann an Coiste Speisialaithe ar na Páirtithe í a scaipeadh orthu gan mhoill.
Airteagal 3
Leis seo, glactar an treoir ón gCoiste Speisialaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn III mar threoir le haghaidh socruithe riaracháin idir ACER agus an t-údarás rialála sa Ríocht Aontaithe arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 310 den Chomhaontú Trádála agus Comhair (GEMA agus an Rialtóir Fóntais). Iarrann an Coiste Speisialaithe ar na Páirtithe í a scaipeadh orthu gan mhoill.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil agus i Londain, …
|
|
Thar ceann an Choiste Speisialaithe Na Comhchathaoirligh |
I. VALERO |
P. KOVACS |
M. SKRINAR |
IARSCRÍBHINN I
Treoir maidir le socruithe oibre idir ENTSO-E agus oibreoirí córais tarchurtha leictreachais na Ríochta Aontaithe
I bhfianaise Airteagal 317 den Chomhaontú Trádála agus Comhair lena gceanglaítear ar na Páirtithe a áirithiú go bhforbróidh oibreoirí córas tarchurtha socruithe oibre, lena n-áirítear creat le haghaidh comhar idir ENTSO-E ar thaobh amháin agus oibreoirí córais tarchurtha (OCTanna) leictreachais na Ríochta Aontaithe ar an taobh eile,
1. |
Iarrtar ar ENTSO-E agus ar OCTanna leictreachais na Ríochta Aontaithe socruithe oibre éifeachtúla agus cuimsitheacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme, a luaithe is féidir, chun a áirithiú go mbeidh comhar éifeachtach eatarthu. |
2. |
Ba cheart go gcumhdódh na socruithe oibre na réimsí comhair seo a leanas agus na gnéithe sin a bhfuil dlúthbhaint acu leo:
Ba cheart na socruithe oibre a bheith teoranta do chúrsaí teicniúla agus riaracháin, lena n-áirítear malartú faisnéise, agus neamhspleáchas cinnteoireachta iomlán gach taoibh a choinneáil i ndáil lena bhfeidhmeanna ceaptha beartais san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe faoi seach. |
3. |
Ba cheart do OCTanna leictreachais na Ríochta Aontaithe gníomhú go comhpháirteach agus ní mór dóibh a gcineálacha comhordúcháin féin a bhunú chun dul i dteagmháil le ENTSO-E agus aird chuí á tabhairt ar na rialacha iomaíochta ábhartha. |
4. |
Ní bheidh i gceist leis na socruithe oibre, ná ní bhronnfar ar OCTanna leictreachais na Ríochta Aontaithe leo, stádas a bheadh inchomparáide le ballraíocht in ENTSO-E, ná ní dhéanfar foráil leo maidir le rannpháirtíocht OCTanna leictreachais na Ríochta Aontaithe i gcruinnithe ENTSO-E. |
5. |
Ba cheart na socruithe oibre a fhorbairt a luaithe is féidir agus, sula dtabharfar i gcrích iad, ba cheart iad a chur faoi bhráid an Choiste Speisialaithe lena mbreithniú. Tar éis iad a thabhairt i gcrích, ba cheart na socruithe oibre a chur in iúl go hiomchuí do na rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh. |
IARSCRÍBHINN II
Treoir maidir le socruithe oibre idir ENTSOG agus oibreoirí córais tarchurtha gáis na Ríochta Aontaithe
I bhfianaise Airteagal 317 den Chomhaontú Trádála agus Comhair lena gceanglaítear ar na Páirtithe a áirithiú go bhforbróidh oibreoirí córas tarchurtha socruithe oibre, lena n-áirítear creat le haghaidh comhar idir ENTSOG ar thaobh amháin agus oibreoirí córais tarchurtha (OCTanna) gáis na Ríochta Aontaithe ar an taobh eile,
1. |
Iarrtar ar ENTSO-E agus ar OCTanna leictreachais na Ríochta Aontaithe socruithe oibre éifeachtúla agus cuimsitheacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme, a luaithe is féidir, chun a áirithiú go mbeidh comhar éifeachtach eatarthu. |
2. |
Ba cheart go gcumhdódh na socruithe oibre na réimsí comhair seo a leanas agus na gnéithe sin a bhfuil dlúthbhaint acu leo:
Ba cheart na socruithe oibre a bheith teoranta do chúrsaí teicniúla agus riaracháin, lena n-áirítear malartú faisnéise, agus neamhspleáchas cinnteoireachta iomlán gach taoibh a choinneáil i ndáil lena bhfeidhmeanna ceaptha beartais san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe faoi seach. |
3. |
Ba cheart do OCTanna gáis na Ríochta Aontaithe gníomhú go comhpháirteach agus ní mór dóibh a gcineálacha comhordúcháin féin a bhunú chun dul i dteagmháil le ENTSOG agus aird chuí á tabhairt ar na rialacha iomaíochta ábhartha. |
4. |
Ní bheidh i gceist leis na socruithe oibre, ná ní bhronnfar ar OCTanna gáis na Ríochta Aontaithe leo, stádas a bheadh inchomparáide le ballraíocht in ENTSOG, ná ní dhéanfar foráil leo maidir le rannpháirtíocht OCTanna gáis na Ríochta Aontaithe i gcruinnithe ENTSOG. |
5. |
Ba cheart na socruithe oibre a fhorbairt a luaithe is féidir agus, sula dtabharfar i gcrích iad, ba cheart iad a chur faoi bhráid an Choiste Speisialaithe lena mbreithniú. Tar éis iad a thabhairt i gcrích, ba cheart na socruithe oibre a chur in iúl go hiomchuí do na rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh. |
IARSCRÍBHINN III
Treoir maidir le socruithe riaracháin idir ACER agus an t-údarás rialála sa Ríocht Aontaithe arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 310 den Chomhaontú Trádála agus Comhair (GEMA agus an Rialtóir Fóntais)
I bhfianaise Airteagal 318 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, lena gceanglaítear ar gach Páirtí a áirithiú go bhforbróidh an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) agus údarás rialála na Ríochta Aontaithe arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 310, go bhforbróidh siad teagmhálacha agus go rachaidh siad i mbun socruithe riaracháin chun gur fusa a bheidh sé cuspóirí an Chomhaontaithe seo a chomhlíonadh,
1. |
Iarrtar ar ACER agus ar an údarás rialála sa Ríocht Aontaithe arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 310 den Chomhaontú Trádála agus Comhair (GEMA agus an Rialálaí Fóntais) socruithe riaracháin a fhorbairt agus a chur chun feidhme, a luaithe is féidir, chun a áirithiú go mbeidh comhar éifeachtach eatarthu. |
2. |
Ba cheart go gcumhdódh na socruithe oibre na réimsí comhair seo a leanas agus na gnéithe sin a bhfuil dlúthbhaint acu leo:
Ba cheart na socruithe riaracháin a bheith teoranta do chúrsaí teicniúla agus riaracháin, lena n-áirítear malartú faisnéise, agus neamhspleáchas cinnteoireachta iomlán gach taoibh a choinneáil i ndáil lena bhfeidhmeanna ceaptha beartais san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe faoi seach. |
3. |
Ba cheart do GEMA na Ríochta Aontaithe agus don Rialtóir Fóntais gníomhú go comhpháirteach agus beidh orthu a gcineálacha comhordúcháin féin a bhunú chun dul i dteagmháil le ACER mar chuid de thoscaireacht uathúil. |
4. |
Ní bheidh i gceist leis na socruithe riaracháin, ná ní bhronnfar leo ar an údarás rialála sa Ríocht Aontaithe arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 310 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, stádas a bheadh inchomparáide le rannpháirtíocht in ACER, ná ní dhéanfar foráil leo maidir le rannpháirtíocht i gcruinnithe ACER a bheith ag an údarás rialála sa Ríocht Aontaithe arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 310 den Chomhaontú Trádála agus Comhair. |
5. |
Ba cheart na socruithe riaracháin a fhorbairt a luaithe is féidir agus, sula dtabharfar i gcrích iad, ba cheart iad a chur faoi bhráid an Choiste Speisialaithe lena mbreithniú. Tar éis iad a thabhairt i gcrích, ba cheart na socruithe oibre a chur in iúl go hiomchuí do na rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1102/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)