Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1074

    Cinneadh (CBES) 2024/1074 ón gComhairle an 12 Aibreán 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

    ST/7948/2024/INIT

    IO L, 2024/1074, 12.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1074/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1074/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1074

    12.4.2024

    CINNEADH (CBES) 2024/1074 ÓN gCOMHAIRLE

    an 12 Aibreán 2024

    lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1999.

    (2)

    An 8 Nollaig 2020, i nDearbhú ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’), thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh i ndáil le Cearta an Duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine cuirtear i bhfios go láidir a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach den Aontas é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a bhaint amach. Is bunluach den Aontas agus de chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais é meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine.

    (3)

    Sna conclúidí uaithi an 14 Samhain 2022, chuir an Chomhairle in iúl gur cúis imní di an éifeacht dhíréireach atá ag coinbhleachtaí armtha i gcónaí ar mhná agus ar chailíní ar fud an domhain, chomh maith le leitheadúlacht an fhoréigin ghnéasaigh agus an fhoréigin inscnebhunaithe, lena n-áirítear foréigean gnéasach a bhaineann le coinbhleachtaí, as líne agus ar líne. Gheall sí go gcuirfí feabhas ar na hiarrachtaí chun an foréigean sin a chomhrac chun cuntasacht iomlán a chinntiú agus chun an tsaoirse ó phionós a chomhrac. Sa bhreis air sin, sna conclúidí uaithi i mí an Mheithimh 2014, chuir an Chomhairle i dtreis an gá atá le beartais chomhordaithe ar gach leibhéal ábhartha mar aon le cur chuige cuimsitheach le go ndéanfar gach cineál foréigin in aghaidh na mban a chomhrac agus a dhíothú, ar beartais iad lena ndíreofar ar na príomh-shaincheisteanna maidir le cosc, tearcthuairisciú, cosaint, tacú le híospartaigh, agus na daoine sin is cúis leis an bhforéigean a ionchúiseamh chomh maith le bearta eile. Treisíonn úsáid straitéiseach na mbeart sriantach an cur chuige sin trí bhreis brú a chur chun tuilleadh sáruithe agus mí-úsáidí a chosc agus, i gcomhar le hionstraimí eile de chuid an Aontais sa bhosca uirlisí um chearta an duine, tarraingíonn sé aird ar na sáruithe agus na mí-úsáidí sin agus ar na daoine atá freagrach astu.

    (4)

    An 7 Deireadh Fómhair 2023, d’eisigh an tArdionadaí ráiteas thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir leis na hionsaithe ar Iosrael, inar cáineadh go neamhbhalbh na hionsaithe iomadúla atá déanta ag Hamas gan idirdhealú ó cheann ceann Iosrael agus inar cuireadh in iúl gurb olc leis an Aontas an líon mór daoine a fuair bás.

    (5)

    Sna conclúidí uaithi an 26 agus an 27 Deireadh Fómhair 2023, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go gcáineann sí go neamhbhalbh Hamas as na hionsaithe brúidiúla sceimhlitheoireachta gan idirdhealú a rinne sé ó cheann ceann Iosrael.

    (6)

    Sa chomhthéacs sin, ba cheart trí eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999.

    (7)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2020/1999 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 12 Aibreán 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    V. VAN PETEGHEM


    (1)   IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 13.


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí faoi cheannteideal B ‘Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’ san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999:

     

    Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

    Ainmneacha

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna lena liostú

    Dáta an liostaithe

    ‘24.

    Al-Quds Brigades

    dá ngairtear freisin Sarāyā al-Quds

    سرايا القدس

    (litriú Araibise)

    Réigiúin ghníomhacha: Stráice Gaza, an Bruach Thiar, Deisceart na Liobáine

    Is iad al-Quds Brigades sciathán armtha Jiohád Ioslamach na Palaistíne, eagraíocht sceimhlitheoireachta atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais.

    An 7 Deireadh Fómhair 2023, rinne trodaithe al-Quds Brigades, i gcomhpháirt le Hamas, ionsaithe brúidiúla sceimhlitheoireachta gan idirdhealúó cheann ceann Iosrael. Agus an méid sin á dhéanamh acu, rinne siad foréigean forleathan gnéasach agus inscnebhunaithe ar bhealach córasach, agus iad á úsáid mar arm cogaidh.

    Go háirithe, bhí trodaithe al-Quds Brigades páirteach in ionsaithe ar kibbutzim ar nós Kfar Aza agus Nahal Oz, áit a ndearnadh cineálacha tromchúiseacha foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe, lena n-áirítear éigniú, dúnmharú naíonán baineann agus fuadach spriocdhírithe ban agus cailíní.

    Dá bhrí sin, tá al-Quds Brigades freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe córasach agus forleathan, ar cúis mhór imní iad freisin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    12.4.2024

    25.

    Nukhba Force

    dá ngairtear freisin al-Nukhba

    نخبة

    (litriú Araibise)

    Réigiúin ghníomhacha: Stráice Gaza, an Bruach Thiar, Deisceart na Liobáine

    Is aonad fórsaí speisialta é Nukhba Force de chuid Hamas, eagraíocht sceimhlitheoireachta atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais.

    An 7 Deireadh Fómhair 2023, rinne trodaithe de chuid Fhórsa Nukhba ionsaithe brúidiúla sceimhlitheoireachta gan idirdhealúó cheann ceann Iosrael. Agus an méid sin á dhéanamh acu, rinne siad foréigean forleathan gnéasach agus inscnebhunaithe ar bhealach córasach, agus iad á úsáid mar arm cogaidh.

    Go háirithe, chuaigh trodaithe de chuid Nukhba Force, i measc dreamanna eile, isteach in Kibbutz Kfar Aza agus rinne siad parafaoileoireacht isteach i bhféile cheoil Re’im (Nova). Sa dá áit, rinne trodaithe de chuid Nukhba Force foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe forleathan agus córasach, lena n-áirítear éigniú agus dúnmharú mionaoiseach baineann, ciorrú corp, chomh maith le ciorrú ball giniúna ina dhiaidh sin.

    Dá bhrí sin, tá Nukhba Force freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe córasach agus forleathan, ar cúis mhór imní iad freisin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    12.4.2024

    26.

    Qassam Brigades

    dá ngairtear freisin Izz ad-Din al-Qassam Brigades; AQB

     

    Réigiúin ghníomhacha: Stráice Gaza, an Bruach Thiar, Deisceart na Liobáine

    Is iad Qassam Brigades sciathán míleata Hamas, eagraíocht sceimhlitheoireachta atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais.

    An 7 Deireadh Fómhair 2023, rinne trodaithe Qassam Brigades ionsaithe brúidiúla sceimhlitheoireachta gan idirdhealú ó cheann ceann Iosrael. Agus an méid sin á dhéanamh acu, rinne siad foréigean forleathan gnéasach agus inscnebhunaithe ar bhealach córasach, agus iad á úsáid mar arm cogaidh, lena n-áirítear mí-úsáid ghnéasach mionaoiseach agus corp, ciorrú ball giniúna agus fuadach spriocdhírithe ban agus cailíní.

    Dá bhrí sin, tá Qassam Brigades freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe córasach agus forleathan, ar cúis mhór imní iad freisin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    12.4.2024’.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1074/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top