Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1017

    Cinneadh (CBES) 2024/1017 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 26 Márta 2024 maidir le Ceann Misin Mhisean Fothaithe Acmhainneachta an Aontais Eorpaigh sa tSomáil (EUCAP Somalia) (EUCAP Somalia/1/2024) a cheapadh

    ST/7858/2024/INIT

    IO L, 2024/1017, 2.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1017/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1017/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1017

    2.4.2024

    CINNEADH (CBES) 2024/1017 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

    an 26 Márta 2024

    maidir le Ceann Misin Mhisean Fothaithe Acmhainneachta an Aontais Eorpaigh sa tSomáil (EUCAP Somalia) (EUCAP Somalia/1/2024) a cheapadh

    TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,

    Ag féachaint do Chinneadh 2012/389/CBES ón gComhairle an 16 Iúil 2012 maidir le Misean Fothaithe Acmhainneachta an Aontais Eorpaigh sa tSomáil (EUCAP Somalia) (1), agus go háirithe Airteagal 9(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 9(1) de Chinneadh 2012/389/CBES, údaraítear an Coiste Polaitiúil agus Slándála i gcomhréir le hAirteagal 38, an tríú mír, den Chonradh,na cinntí ábhartha a dhéanamh chun rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach Mhisean Fothaithe Acmhainneachta an Aontais Eorpaigh sa tSomáil (EUCAP Somalia) a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh Ceann Misin a cheapadh.

    (2)

    An 12 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2445 (2), lena gcuirtear síneadh le sainordú EUCAP Somalia ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2024.

    (3)

    An 13 Nollaig 2022, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2022/2538 (3) lena gceaptar Kauko AALTOMAA mar Cheann Misin ar EUCAP Somalia ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023.

    (4)

    An 21 Samhain 2023, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2023/2655 (4) lena gcuirtear síneadh le sainordú Kauko AALTOMAA mar Cheann Misin EUCAP Somalia ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 30 Aibreán 2024.

    (5)

    An 19 Márta 2024, mhol Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála go gceapfaí Kęstutis LANČINSKAS mar Cheann Misin EUCAP Somalia ón 1 Bealtaine 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, ceaptar Kęstutis Lančinskas ina Cheann Misin ar Mhisean Fothaithe Acmhainneachta an Aontais Eorpaigh sa tSomáil (EUCAP Somalia) ón 1 Bealtaine 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2024.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Márta 2024.

    Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

    D. PRONK

    An Cathaoirleach


    (1)   IO L 187, 17.7.2012, lch. 40.

    (2)  Cinneadh (CBES) 2022/2445 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/389/CBES maidir le Misean an Aontais Eorpaigh um Fhothú Acmhainneachta sa tSomáil (EUCAP Somalia) (IO L 319, 13.12.2022, lch. 91).

    (3)  Cinneadh (CBES) 2022/2538 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 13 Nollaig 2022 maidir le Ceann Misin Mhisean Fothaithe Acmhainneachta an Aontais Eorpaigh sa tSomáil (EUCAP Somalia) (EUCAP Somalia/1/2022) a cheapadh (IO L 328, 22.12.2022, lch. 98).

    (4)  Cinneadh (CBES) 2023/2655 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 21 Samhain 2023 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Fothaithe Acmhainneachta an Aontais Eorpaigh sa tSomáil (EUCAP Somalia) (EUCAP Somalia/1/2023), (IO L, 2023/2655, 24.11.2023 ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2655/oj.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1017/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top