This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1013
Political and Security Committee Decision (CFSP) 2024/1013 of 26 March 2024 on the reconfirmation of the authorisation of the European Union military operation in the Mediterranean (EUNAVFOR MED IRINI) (EUNAVFOR MED IRINI/2/2024)
Cinneadh (CBES) 2024/1013 Ón gCoiste polaitiúil agus slándála an 26 Márta 2024 maidir le húdarú oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir a athdhearbhú (EUNAVFOR MED IRINI) (EUNAVFOR MED IRINI/2/2024)
Cinneadh (CBES) 2024/1013 Ón gCoiste polaitiúil agus slándála an 26 Márta 2024 maidir le húdarú oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir a athdhearbhú (EUNAVFOR MED IRINI) (EUNAVFOR MED IRINI/2/2024)
ST/8118/2024/INIT
IO L, 2024/1013, 2.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1013/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/07/2024
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1013 |
2.4.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/1013 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 26 Márta 2024
maidir le húdarú oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir a athdhearbhú
(EUNAVFOR MED IRINI)
(EUNAVFOR MED IRINI/2/2024)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/472 ón gComhairle an 31 Márta 2020 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) (1), agus go háirithe Airteagal 8(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/472, lenar bunaíodh agus lenar seoladh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) don tréimhse go dtí an 31 Márta 2021. |
|
(2) |
Foráiltear le hAirteagal 8(3) de Chinneadh (CBES) 2020/472 go bhfuil, d’ainneoin na tréimhse sin, údarú na hoibríochta le hathdhearbhú gach 4 mhí agus go bhfuil an oibríocht le fadú ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála mura bhfuil éifeacht tarraingthe ag imscaradh shócmhainní muirí na hoibríochta ar imirce ar bhonn fianaise chuí-réasúnaithe arna bailiú de réir na gcritéar a leagtar amach sa Phlean Oibríochta. |
|
(3) |
An 20 Márta 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/653 (2), lena gcuirtear síneadh leis an oibríocht go dtí an 31 Márta 2025, faoi réir an nós imeachta athdhearbhúcháin chéanna. |
|
(4) |
Sholáthair an Ceannasaí Oibríochta tuarascálacha míosúla maidir le tosca tarraingthe. |
|
(5) |
Ba cheart údarú na hoibríochta a athdhearbhú don 13ú fothréimhse 4 mhí dá sainordú agus ba cheart an oibríocht a fhadú dá réir sin. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Athdhearbhaítear leis seo údarú EUNAVFOR MED IRINI agus déantar an oibríocht a fhadú ón 1 Aibreán 2024 go dtí an 31 Iúil 2024.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Márta 2024.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
D. PRONK
An Cathaoirleach
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1013/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)