Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0864

Cinneadh (AE) 2024/864 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE maidir le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Banque centrale du Luxembourg

ST/6749/2024/INIT

IO L, 2024/864, 15.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/864/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/864/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/864

15.3.2024

CINNEADH (AE) 2024/864 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Márta 2024

lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE maidir le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Banque centrale du Luxembourg

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 27.1 de,

Ag féachaint don Mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach an 29 Eanáir 2024 chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Banque centrale du Luxembourg (BCE/2024/3) (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá iniúchóirí seachtracha neamhspleácha, arna moladh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) agus arna bhformheas ag Comhairle an Aontais Eorpaigh chun iniúchadh a dhéanamh ar chuntais BCE agus ar chuntais bhainc ceannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(2)

Tiocfaidh deireadh le sainordú iniúchóirí seachtracha reatha Banque centrale du Luxembourg, Ernst & Young S.A., tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2023. Dá bhrí sin, is gá iniúchóirí seachtracha a cheapadh don bhliain airgeadais 2024 ar aghaidh.

(3)

Roghnaigh Banque centrale du Luxembourg KPMG Audit S.à r.l. mar iniúchóirí seachtracha do na blianta airgeadais 2024 go 2028.

(4)

Mhol Comhairle Rialaithe BCE go gceapfaí KPMG Audit S.à r.l. mar iniúchóirí seachtracha ar Banque centrale du Luxembourg do na blianta airgeadais 2024 go 2028.

(5)

De réir an mholta ó Chomhairle Rialaithe BCE, ba cheart Cinneadh 1999/70/CE (2) ón gComhairle a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 1 de Chinneadh 1999/70/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7.   Leis seo, ceaptar KPMG Audit S.à r.l. mar iniúchóirí seachtracha Banque centrale du Luxembourg do na blianta airgeadais 2024 go 2028.’.

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig an mBanc Ceannais Eorpach.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Márta 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. VAN PETEGHEM


(1)   IO C, C/2024/1363, 6.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1363/oj.

(2)  Cinneadh 1999/70/CE ón gComhairle an 25 Eanáir 1999 maidir le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta (IO L 22, 29.1.1999, lch. 69).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/864/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top