EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0837

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/837 ón gComhairle an 26 Feabhra 2024 lena n-údaraítear an tSualainn ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm ar leictreachas a sholáthraítear go díreach do shoithí atá i mbeart i gcalafort, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE

ST/6115/2024/INIT

IO L, 2024/837, 7.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/837/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/837/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/837

7.3.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/837 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Feabhra 2024

lena n-údaraítear an tSualainn ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm ar leictreachas a sholáthraítear go díreach do shoithí atá i mbeart i gcalafort, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Chomhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (1), agus go háirithe Airteagal 19 di,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1674 ón gComhairle (2), údaraíodh an tSualainn ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm ar leictreachas a sholáthraítear go díreach do shoithí, ar soithí nach árthaí príobháideacha pléisiúir iad, atá i mbeart i gcalafort (‘leictreachas cois cladaigh’) i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE go dtí an 31 Nollaig 2023.

(2)

Le litir dar dáta an 5 Aibreán 2023, d’iarr an tSualainn údarú chun leanúint de ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm ar leictreachas cois cladaigh de bhun Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE, go dtí an 31 Nollaig 2027. Chuir údaráis na Sualainne faisnéis bhreise ar fáil le litir dar dáta an 19 Deireadh Fómhair 2023.

(3)

Trí ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm ar leictreachas cois cladaigh, tá sé d’aidhm ag an tSualainn leanúint d’úsáid leictreachais cois cladaigh a chur chun cinn. Le húsáid leictreachais den sórt sin, is féidir freastal ar riachtanais soithí atá i mbeart i gcalafort ar bhealach nach bhfuil chomh díobhálach don chomhshaol agus atá a dódh breoslaí umair.

(4)

A mhéid a chuidíonn úsáid leictreachais cois cladaigh le hastaíochtaí truailleán aeir a eascraíonn as breoslaí umair a dhó a sheachaint, rannchuidíonn sí le cáilíocht aeir áitiúil i gcathracha calafoirt a fheabhsú, chomh maith le torann a laghdú. Tá coinne leis go rannchuideoidh an beart, dá bhrí sin, le cuspóirí comhshaoil, sláinte agus bheartas aeráide an Aontais.

(5)

Trí chead a thabhairt don tSualainn ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm ar leictreachas cois cladaigh, ní théann an cead sin thar a bhfuil riachtanach chun úsáid an leictreachais sin a mhéadú, ós rud é go bhfanfaidh giniúint an leictreachais ar bord an rogha mhalartach níos iomaíche i bhformhór na gcásanna. Ar an gcúis chéanna, agus mar gheall gur beag go leor é dul i bhfód na teicneolaíochta ábhartha ar an margadh faoi láthair, ní dócha go mbeidh aon saobhadh suntasach ar an iomaíocht mar thoradh ar chur i bhfeidhm an ráta laghdaithe cánachais sin fad atá sé i bhfeidhm, agus dá bhrí sin ní bheadh tionchar diúltach aige ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Threoir 2003/96/CE, tá gach údarú a dheonaítear faoi Airteagal 19(1) den Treoir sin le bheith teoranta ó thaobh ama de. Chun a áirithiú go mbeidh an tréimhse údarúcháin sách fada ionas nach gcuirfear oibreoirí ábhartha eacnamaíocha ó na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh, is iomchuí an t-údarú a dheonú go dtí an 31 Nollaig 2027. Mar sin féin, ba cheart don údarú sin scor d’fheidhm a bheith aige ó dháta chur i bhfeidhm aon rialacha ginearálta modhnaithe maidir le buntáistí cánach le haghaidh leictreachais cois cladaigh arna ghlacadh ag an gComhairle faoi Airteagal 113 nó faoi aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, má thagann na forálacha sin chun bheith infheidhme roimh an 31 Nollaig 2027.

(7)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar d’oibritheoirí calafoirt agus d’oibreoirí long agus chun méadú féideartha ar an ualach riaracháin le haghaidh dáileoirí agus athdháileoirí leictreachais a sheachaint, ba cheart a áirithiú go bhféadfaidh an tSualainn leanúint de ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm ar leictreachas cois cladaigh. Ba cheart, dá bhrí sin, an t-údarú arna iarraidh a dheonú le héifeacht ón 1 Eanáir 2024, chun leanúint gan uaim de na réamhshocruithe faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1674. Trí fhoráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm ó dháta roimh theacht i bhfeidhm an bhirt speisialta, urramaítear ionchais dhlisteanacha oibreoirí sa mhargadh agus daoine aonair toisc nach gcuireann an beart speisialta isteach ar a gcearta ná ar a n-oibleagáidí.

(8)

Ní dochar an cinneadh seo do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear an tSualainn ráta laghdaithe cánach a chur i bhfeidhm ar leictreachas a sholáthraítear go díreach do shoithí, ar soithí nach árthaí príobháideacha pléisiúir iad, atá i mbeart i gcalafort (‘leictreachas cois cladaigh’), ar choinníoll go n-urramaítear na híosleibhéil chánachais dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir 2003/96/CE.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Mar sin féin, i gcás ina ndéanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 nó aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, rialacha ginearálta modhnaithe maidir le buntáistí cánach le haghaidh leictreachas cois cladaigh a thabhairt isteach, scoirfidh an Cinneadh seo d’fheidhm a bheith aige an lá a thiocfaidh na rialacha ginearálta sin chun bheith infheidhme.

Airteagal 3

Is chuig Ríocht na Sualainne a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Feabhra 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. CLARINVAL


(1)   IO L 283, 31.10.2003, lch. 51.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1674 ón gComhairle an 29 Deireadh Fómhair 2020 lena n-údaraítear an tSualainn ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm ar leictreachas a sholáthraítear go díreach do shoithí atá i mbeart i gcalafort, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE (IO L 378, 12.11.2020, lch. 3).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/837/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top