Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0831

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/831 ón gComhairle an 4 Márta 2024 lena n-údaraítear an tSualainn rátaí laghdaithe dleacht mháil a chur i bhfeidhm ar leictreachas arna ídiú ag teaghlaigh agus ag cuideachtaí in earnáil na seirbhíse atá lonnaithe i limistéir áirithe i dTuaisceart na Sualainne

    ST/6411/2024/INIT

    IO L, 2024/831, 6.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/831/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/831/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/831

    6.3.2024

    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/831 ÓN gCOMHAIRLE

    an 4 Márta 2024

    lena n-údaraítear an tSualainn rátaí laghdaithe dleacht mháil a chur i bhfeidhm ar leictreachas arna ídiú ag teaghlaigh agus ag cuideachtaí in earnáil na seirbhíse atá lonnaithe i limistéir áirithe i dTuaisceart na Sualainne

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Comhphobail maidir le cánachas ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (1), agus go háirithe Airteagal 19(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2409 ón gComhairle (2), údaraítear an tSualainn ráta laghdaithe dleacht mháil a chur i bhfeidhm, go dtí an 31 Nollaig 2023, maidir le leictreachas arna ídiú ag teaghlaigh agus ag cuideachtaí in earnáil na seirbhíse i limistéir áirithe i dTuaisceart na Sualainne de bhun Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE.

    (2)

    Le litir dar dáta an 11 Aibreán 2023, d’iarr an tSualainn údarú chun leanúint de ráta laghdaithe dleacht mháil a chur i bhfeidhm ar leictreachas arna ídiú ag na tairbhithe céanna ar feadh 4 bliana sa bhreis, is é sin ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027. Tá an laghdú le bheith teoranta do SEK 96 in aghaidh MWh. Le litir dar dáta an 10 Deireadh Fómhair 2023, sheol an tSualainn faisnéis bhreise agus soiléirithe breise.

    (3)

    Sna limistéir lena mbaineann, tá na costais téimh níos airde ar an meán ná mar atá na costais téimh sna limistéir eile sa tír mar gheall ar an tréimhse níos faide téimh. Dá bhrí sin, trí chostais an leictreachais a laghdú do theaghlaigh agus do chuideachtaí in earnáil na seirbhíse sna limistéir sin, laghdaítear an bhearna idir costais fhoriomlána téimh d’íditheoirí i dTuaisceart na Sualainne agus na costais sin a bhíonn ar íditheoirí sna limistéir eile sa tír. Dá bhrí sin, rannchuidíonn an beart le cuspóirí an bheartais réigiúnaigh agus chomhtháthaithe a bhaint amach. Níor cheart go rachadh an laghdú cánach thar a bhfuil riachtanach chun na costais bhreise téimh a chúiteamh do theaghlaigh agus do chuideachtaí in earnáil na seirbhíse i limistéir áirithe i dTuaisceart na Sualainne.

    (4)

    Ba cheart na rátaí laghdaithe cánachais a bheith os cionn na n-íosrátaí a leagtar síos in Airteagal 10 de Threoir 2003/96/CE.

    (5)

    I bhfianaise gur iargúlta na limistéir ina bhfuil feidhm ag na rátaí sin, agus ós rud é go bhfuil an laghdú cánach teoranta do theaghlaigh agus do chuideachtaí in earnáil na seirbhíse, gan dul thar na costais bhreise téimh i dTuaisceart na Sualainne, ní mheastar go bhfágfaidh an beart go mbeidh saobhadh suntasach san iomaíocht ná athruithe ar thrádáil idir na Ballstáit.

    (6)

    Dá bhrí sin, tá an beart inghlactha maidir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus maidir leis an ngá atá le hiomaíocht chóir a áirithiú. Ina theannta sin, tá an beart i gcomhréir le beartais sláinte, chomhshaoil, fuinnimh agus iompair an Aontais.

    (7)

    I gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Threoir 2003/96/CE, tá gach údarú a dheonaítear faoin bhforáil sin le bheith teoranta ó thaobh ama de. Chun leibhéal leordhóthanach cinnteachta a áirithiú do na teaghlaigh agus na cuideachtaí in earnáil na seirbhíse lena mbaineann, ba cheart an t-údarú a dheonú ar feadh tréimhse 4 bliana, mar a iarradh. Mar sin féin, ba cheart don údarú scor d’fheidhm a bheith aige ó dháta chur i bhfeidhm córais mhodhnaithe ghinearálta chun cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas arna ghlacadh ag an gComhairle faoi Airteagal 113 nó faoi aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, dá dtarlódh sé go dtiocfadh na forálacha sin chun bheith infheidhme le linn tréimhse an údaraithe.

    (8)

    Chun aon chur isteach ar na teaghlaigh agus ar na cuideachtaí in earnáil na seirbhíse lena mbaineann a sheachaint, ba cheart a áirithiú go bhféadfadh an tSualainn leanúint de ráta laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas arna thomhailt ag na tairbhithe céanna gan bhriseadh. Ba cheart, dá bhrí sin, an t-údarú arna iarraidh a dheonú le héifeacht ón 1 Eanáir 2024, chun leanúint gan uaim de na réamhshocruithe faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme(AE) 2017/2409. Trí fhoráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm ó dháta roimh theacht i bhfeidhm an bhirt speisialta, urramaítear ionchais dhlisteanacha na dteaghlach agus na gcuideachtaí in earnáil na seirbhíse lena mbaineann toisc nach gcuireann an beart speisialta isteach ar a gcearta ná ar a n-oibleagáidí.

    (9)

    Tá an Cinneadh seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Leis seo, údaraítear an tSualainn ráta laghdaithe dleacht mháil a chur i bhfeidhm ar leictreachas arna ídiú ag teaghlaigh agus ag cuideachtaí in earnáil na seirbhíse atá lonnaithe sna bardais a liostaítear san Iarscríbhinn. Maidir leis an laghdú a bheidh ar leictreachas mar thoradh ar ráta dleachta máil caighdeánach náisiúnta, ní rachaidh sé thar a bhfuil riachtanach chun na costais téimh bhreise a bheidh ann i dtuaisceart na Sualainne a chúiteamh, i gcomparáid leis an gcuid eile den tSualainn, agus ní rachaidh sé thar SEK 96 in aghaidh MWh.

    2.   Ní mór do na rátaí laghdaithe ceanglais Threoir 2003/96/CE a chomhlíonadh, agus go háirithe na híosrátaí a leagtar síos in Airteagal 10 den Treoir sin.

    Airteagal 2

    Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

    Airteagal 3

    Dírítear an Cinneadh seo chuig Ríocht na Sualainne.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Márta 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. VERLINDEN


    (1)   IO L 283, 31.10.2003, lch. 51.

    (2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2409 ón gComhairle an 18 Nollaig 2017 lena n-údaraítear don tSualainn ráta laghdaithe dleacht mháil a chur i bhfeidhm ar leictreachas arna ídiú ag teaghlaigh agus ag cuideachtaí in earnála na seirbhíse atá lonnaithe i limistéir áirithe i dTuaisceart na Sualainne i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE (IO L 342, 21.12.2017, lch. 10).


    IARSCRÍBHINN

    Réigiúin

    Bardais

    Norrbottens län

    Gach bardas

    Västerbottens län

    Gach bardas

    Jämtlands län

    Gach bardas

    Västernorrlands län

    Sollefteå, Ånge, Örnsköldsvik

    Gävleborgs län

    Ljusdal

    Dalarnas län

    Malung-Sälen, Mora, Orsa, Älvdalen

    Värmlands län

    Torsby


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/831/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top