This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D0816
Commission Implementing Decision (EU) 2024/816 of 5 March 2024 addressing questions regarding the second comparative assessment of anticoagulant rodenticide biocidal products in accordance with Article 23(5) of Regulation (EU) No 528/2012 of the European Parliament and of the Council
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/816 ón gCoimisiún an 5 Márta 2024 lena dtugtar aghaidh ar cheisteanna a bhaineann leis an dara measúnú comparáideach ar tháirgí bithicídeacha creimiricíde antaithéachtacha i gcomhréir le hAirteagal 23(5) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/816 ón gCoimisiún an 5 Márta 2024 lena dtugtar aghaidh ar cheisteanna a bhaineann leis an dara measúnú comparáideach ar tháirgí bithicídeacha creimiricíde antaithéachtacha i gcomhréir le hAirteagal 23(5) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2024/1335
IO L, 2024/816, 7.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/816/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/816 |
7.3.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/816 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Márta 2024
lena dtugtar aghaidh ar cheisteanna a bhaineann leis an dara measúnú comparáideach ar tháirgí bithicídeacha creimiricíde antaithéachtacha i gcomhréir le hAirteagal 23(5) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 23(5), an chéad fhomhír de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Maidir leis na húdaráis inniúla ghlactha uile a fuair iarratais ar athnuachan táirgí bithicídeacha creimiricíde antaithéachtacha (‘creimiricídí antaithéachtacha’), i mí an Mhárta 2021 chuir na húdaráis sin roinnt ceisteanna faoi bhráid an Choimisiúin, ceisteanna nár mhór díriú orthu ar leibhéal an Aontais i gcomhthéacs an mheasúnaithe chomparáidigh a bhí le déanamh ar na táirgí bithicídeacha sin. |
|
(2) |
Ba iad seo a leanas na ceisteanna a chuir na húdaráis inniúil ghlactha isteach:
|
|
(3) |
De bhun Airteagal 75(1), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, d’iarr an Coimisiún tuairim ar an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) ina dtabharfaí aghaidh ar na ceisteanna sin. |
|
(4) |
An 23 Samhain 2022 ghlac Coiste um Tháirgí Bithicídeacha na Gníomhaireachta tuairim uaidh féin maidir le ceisteanna (a), (b), (c), (d) agus (e) dá dtagraítear in aithris 2 agus a bhaineann leis an measúnú comparáideach ar chreimiricídí antaithéachtacha. |
|
(5) |
Ceist (f) dá dtagraítear in aithris 2 agus a bhaineann le comparáid a dhéanamh idir próifílí riosca na substaintí atá i gcreimiricídí antaithéachtacha, d’fhreagair an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha í tar éis na hiarratais ar an dara hathnuachan ar fhormheas na substaintí sin a chur isteach. An 7 Meitheamh 2023, ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha tuairim athbhreithnithe uaidh féin lena gcumhdaítear gach ceist (3) (‘an tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha’). |
|
(6) |
Baineann ceisteanna (a), (b), (d), (e) agus (f) le roghanna malartacha ceimiceacha, ach ní bhaineann ceisteanna (b), (c), (d) agus (e) ach le roghanna malartacha neamhcheimiceacha. |
|
(7) |
An 28 Meitheamh agus an 27 Meán Fómhair 2023 d’iarr an Coimisiún ar ionadaithe na mBallstát sa Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha a mbarúlacha a chur in iúl maidir le conclúidí na tuairime ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha. Chuir roinnt ionadaithe de chuid na mBallstát in iúl go raibh imní orthu faoin gconclúid go bhféadfaí a mheas gur rogha mhalartach oiriúnach gaistí meicniúla ar chreimiricídí antaithéachtacha chun lucha faoi dhíon a rialú mar, de réir na n-údarás sin, níl sé bunaithe ach ar aon staidéar allamuigh amháin nach féidir a mheas go bhfuil sé ábhartha maidir le cineálacha éagsúla inmhíolaithe lucha. Os a choinne sin, thacaigh roinnt ionadaithe de chuid na mBallstát le conclúidí an Choiste um Tháirgí Bithicídeacha go mbeadh gaistí den sórt sin ina rogha mhalartach éifeachtach. Chuaigh roinnt páirtithe leasmhara i dteagmháil leis an gCoimisiún freisin chun ábhair imní a roinnt faoi thorthaí na tuairime ach bhí páirtithe eile a thacaigh leis na conclúidí. Thug an Coimisiún dá aire na seasaimh éagsúla a cuireadh in iúl le linn na gcruinnithe. |
|
(8) |
Ba cheart d’údaráis inniúla ghlactha na mBallstát uile an fhaisnéis san Iarscríbhinn a mheas chun cinneadh a dhéanamh an gcomhlíontar na critéir in Airteagal 23(3), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus, dá bhrí sin, ar cheart dóibh toirmeasc nó srian a chur ar tháirgí bithicídeacha creimiricíde antaithéachtacha a chur ar fáil ar an margadh nó a úsáid ar a gcríoch. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Chun críoch Airteagal 23(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, déanfaidh údaráis inniúla ghlactha na mBallstát uile an fhaisnéis lena dtugtar aghaidh ar na ceisteanna a tarchuireadh chuig an gCoimisiún a mheas, ar faisnéis í a bhaineann leis an measúnú comparáideach ar tháirgí bithicídeacha creimiricíde antaithéachtacha dá bhforáiltear san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.
(2) Sin iad na húsáidí atá údaraithe maidir le táirgí bithicídeacha a liostaítear in R4BP agus na húsáidí a liostaítear sna hiarratais nua ar athnuachan.
(3) Tuairim ECHA/BPC/386/2023 of 7 Meitheamh 2023. Le fáil ag: https://echa.europa.eu/regulations/biocidal-products-regulation/approval-of-active-substances/opinions-on-article-75-1-g
IARSCRÍBHINN
Faisnéis lena dtugtar aghaidh ar na ceisteanna a tharchuir údaráis inniúla ghlactha uile na mBallstát chuig an gCoimisiún agus a bhaineann leis an dara measúnú comparáideach ar tháirgí bithicídeacha creimiricíde antaithéachtacha
Maidir leis na húdaráis inniúla ghlactha uile a fuair iarratais ar athnuachan táirgí bithicídeacha creimiricíde antaithéachtacha (‘creimiricídí antaithéachtacha’), chuir na húdaráis sin na ceisteanna seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin, ceisteanna nár mhór díriú orthu ar leibhéal an Aontais i gcomhthéacs an mheasúnaithe chomparáidigh a bhí le déanamh ar na táirgí bithicídeacha sin:
|
(a) |
An leor éagsúlacht cheimiceach na substaintí gníomhacha i gcreimiricídí údaraithe san Aontas chun an baol a laghdú a mhéid is féidir go dtiocfaidh friotaíocht chun cinn sna sprioc-orgánaigh dhíobhálacha? |
|
(b) |
I gcás na n-úsáidí éagsúla atá beartaithe agus a shonraítear sna hiarratais ar athnuachan táirgí, an bhfuil fáil ar tháirgí bithicídeacha údaraithe malartacha nó ar mhodhanna rialaithe agus coiscthe neamhcheimiceacha? |
|
(c) |
An bhfuil na modhanna rialaithe agus coiscthe neamhcheimiceacha atá ar fáil éifeachtach go leor? |
|
(d) |
An é nach bhfuil míbhuntáistí móra eacnamaíocha nó praiticiúla eile ag baint leis na táirgí bithicídeacha údaraithe malartacha nó leis na roghanna malartacha neamhcheimiceacha? |
|
(e) |
An bhfuil riosca foriomlán i bhfad níos ísle do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol ag baint leis na táirgí bithicídeacha údaraithe malartacha nó leis na roghanna malartacha neamhcheimiceacha? |
|
(f) |
Maidir le roinnt substaintí gníomhacha antaithéachtacha atá i gcreimiricídí, an mbeadh riosca foriomlán níos ísle do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol ag baint leo ná mar a bheadh ag substaintí eile? |
Chun críoch na gceisteanna sin, liostaítear i dtábla 1 na húsáidí sainaitheanta a shonraítear maidir leis an iarratas dá dtagraítear in Airteagal 23(3), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 (‘Rialachán na dTáirgí Bithicídeacha’).
Tábla 1.
Úsáidí a shonraítear in iarratais ar údarú táirgí bithicídeacha creimiricídí antaithéachtacha ar dháta an 30 Meán Fómhair 2021 (1)
|
Uimhir úsáide |
Sprioc-orgánach/sprioc-orgánaigh |
Réimse úsáide |
Catagóir nó catagóirí úsáideoirí |
Modh leata |
||||||
|
#1 |
Mus musculus (lucha tí) (Féadfar sprioc-orgánaigh eile a chur isteach anseo) |
Faoi dhíon |
An pobal i gcoitinne |
Baoite atá réidh le húsáid (i saicíní i gcás baoite scaoilte) lena húsáid i stáisiúin bhaoite nach féidir baint dóibh. |
||||||
|
#2 |
Rattus norvegicus (francach donn) Rattus rattus (francach dubh) |
Faoi dhíon |
An pobal i gcoitinne |
Baoite atá réidh le húsáid (i saicíní i gcás baoite scaoilte) lena húsáid i stáisiúin bhaoite nach féidir baint dóibh. |
||||||
|
#3 |
Rattus norvegicus (francach donn) Rattus rattus (francach dubh) (Féadfar sprioc-orgánaigh eile – seachas lucha tí – a chur isteach (e.g. vóil)) |
Faoin aer timpeall foirgneamh |
An pobal i gcoitinne |
Baoite atá réidh le húsáid (i saicíní i gcás baoite scaoilte) lena húsáid i stáisiúin bhaoite nach féidir baint dóibh. |
||||||
|
#4 |
Mus musculus (lucha tí) (Féadfar sprioc-orgánaigh eile a chur isteach anseo) |
Faoi dhíon |
Gairmithe |
Baoite atá réidh le húsáid lena húsáid i stáisiúin bhaoite nach féidir baint dóibh. |
||||||
|
#5 |
Rattus norvegicus (francach donn) Rattus rattus (francach dubh) |
Faoi dhíon |
Gairmithe |
Baoite atá réidh le húsáid lena húsáid i stáisiúin bhaoite nach féidir baint dóibh. |
||||||
|
#6 |
Mus musculus (lucha tí) Rattus norvegicus (francach donn) Rattus rattus (francach dubh) |
Faoin aer timpeall foirgneamh |
Gairmithe |
Baoite atá réidh le húsáid lena húsáid i stáisiúin bhaoite nach féidir baint dóibh. |
||||||
|
#7 |
Mus musculus (lucha tí) Rattus norvegicus (francach donn) Rattus rattus (francach dubh) |
Faoi dhíon |
Gairmithe oilte |
Foirmlithe baoite
Creimiricídí tadhaill atá réidh le húsáid |
||||||
|
#8 |
Mus musculus (lucha tí) Rattus norvegicus (francach donn) Rattus rattus (francach dubh) Arvicola terrestris (vól uisce Eorpach) |
Faoin aer timpeall foirgneamh |
Gairmithe oilte |
Foirmlithe baoite
|
||||||
|
#9 |
Rattus norvegicus (francach donn) Rattus rattus (francach dubh) Arvicola terrestris (vól uisce Eorpach) |
Limistéir amuigh faoin aer Láithreáin diúscartha dramhaíola amuigh faoin aer |
Gairmithe oilte |
|
||||||
|
#10 |
Rattus norvegicus (francach donn) |
Séaraigh |
Gairmithe oilte |
|
||||||
|
#11 |
Mus musculus (lucha tí) Rattus norvegicus (francach donn) Rattus rattus (francach dubh) |
Baoiteáil bhuan (i gcás défheanacúim agus brómaidé-ólóin amháin) (2) |
Gairmithe oilte |
|
Baineann ceisteanna (a), (b), (d), (e) agus (f) le roghanna malartacha ceimiceacha, ach ní bhaineann ceisteanna (b), (c), (d) agus (e) ach le roghanna malartacha neamhcheimiceacha.
(1) Faisnéis lena dtugtar aghaidh ar cheisteanna a bhaineann le measúnú comparáideach ar roghanna malartacha ceimiceacha
Ceist (a): An leor éagsúlacht cheimiceach na substaintí gníomhacha i gcreimiricídí údaraithe san Aontas chun an baol a laghdú a mhéid is féidir go dtiocfaidh friotaíocht chun cinn sna sprioc-orgánaigh dhíobhálacha?
Níl éifeachtaí do-ghlactha ag baint leis na substaintí gníomhacha malartacha a shainaithnítear i gceist (a) ar sprioc-orgánaigh dhíobhálacha, go háirithe friotaíocht nó trasfhriotaíocht dho-ghlactha, toisc gur critéar é sin chun substaint ghníomhach a fhormheas, dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) agus in Airteagal 19(1), pointe (b)(ii), de Rialachán na dTáirgí Bithicídeacha.
Faoi láthair, tá sé shubstaint ghníomhacha ann le haghaidh creimiricídí a bhfuil modh gníomhaíochta acu atá difriúil ó mhodh gníomhaíochta creimiricídí antaithéachtacha (alfaclóralós, foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim, dé-ocsaíd charbóin, ciainíd hidrigine, coba arbhair Indiaigh púdraithe agus colacailciféaról). Mar sin féin, níor údaraigh aon údarás inniúil glactha aon táirge bithicídeach ina bhfuil coba arbhair Indiaigh púdraithe ón 30 Meán Fómhair 2021 ar aghaidh agus níor cuireadh isteach aon iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí sin a athnuachan faoin spriocdháta an 30 Meitheamh 2023. Dá bhrí sin, ar na substaintí gníomhacha malartacha incháilithe amháin a chuirfear san áireamh sa fhreagra ar cheist (b) thíos tá táirgí ina bhfuil alfaclóralós, foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim, dé-ocsaíd charbóin, ciainíd hidrigine agus colacailciféaról, mar a léirítear i dTábla 2.
Tugann an Coimisiún dá aire go mbaintear amach roghanna malartacha ceimiceacha éagsúla le trí mhodh gníomhaíochta éagsúla ar a laghad le haghaidh úsáidí #4, #7 (le haghaidh lucha tí amháin, ní le haghaidh francaigh dhonna agus francaigh dhubha) agus #11, agus dá bhrí sin, is leor an éagsúlacht cheimiceach chun forbairt na friotaíochta sna sprioc-orgánaigh a íoslaghdú le haghaidh na n-úsáidí sin.
Maidir leis na húsáidí eile, ní chomhlíontar an ceanglas seo, agus níl an éagsúlacht cheimiceach leordhóthanach faoi láthair chun forbairt na friotaíochta a íoslaghdú gan úsáid a bhaint as creimiricídí antaithéachtacha.
Tábla 2
Úsáidí creimiricídí antaithéachtacha a chumhdaítear le táirgí bithicídeacha údaraithe malartacha ar dháta an 30 Meán Fómhair 2021.
|
Rogha mhalartach agus an modh leata Uimhir úsáide |
Alfaclóralós - Baoite |
Foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim - Toitreán (táirge giniúna gais) |
Dé-ocsaíd charbóin - Gaiste (ceanastar dé-ocsaíde carbóin) |
Ciainíd hidrigine - Toitreán |
Colacailciféaról - Baoite |
|
Úsáid #1 |
Is ea |
|
|
|
|
|
Úsáid #2 |
|
|
|
|
|
|
Úsáid #3 |
|
|
|
|
|
|
Úsáid #4 |
Is ea |
|
Is ea |
|
Is ea |
|
Úsáid #5 |
|
|
|
|
Is ea |
|
Úsáid #6 |
|
|
|
|
Is ea |
|
Úsáid #7 |
Lucha tí amháin |
|
Lucha tí amháin |
Is ea |
Is ea |
|
Úsáid #8 |
|
I gcás R. norvegicus (francach donn) agus A. terrestris(vól uisce Eorpach) |
|
|
Is ea |
|
Úsáid #9 |
|
I gcás R. norvegicus (francach donn) agus A. terrestris(vól uisce Eorpach) |
|
|
Is ea |
|
Úsáid #10 |
|
|
|
|
|
|
Úsáid #11 |
Is ea |
|
Is ea |
|
Is ea |
Ceist (b): I gcás na n-úsáidí éagsúla atá beartaithe agus a shonraítear sna hiarratais ar athnuachan táirgí, an bhfuil fáil ar tháirgí bithicídeacha údaraithe malartacha?
Sna táirgí údaraithe a shainaithnítear faoi cheist (b) tá substaintí gníomhacha formheasta a mheastar a bheith éifeachtach le haghaidh na n-úsáidí sonraithe, ós rud é gur gá iad a bheith éifeachtach go leor mar chritéar chun údarú a dheonú in Airteagal 19(1), pointe (b)(i) de Rialachán na dTáirgí Bithicídeacha.
Léirítear i dTábla 2, le haghaidh gach úsáide a shainaithnítear le haghaidh creimiricídí antaithéachtacha, cé acu an bhfuil táirge údaraithe malartach amháin ar a laghad ar fáil i mBallstát amháin ar a laghad. Cé go bhfuil táirgí bithicídeacha údaraithe malartacha ann le haghaidh úsáidí áirithe, léiríonn na sonraí nach gcumhdaíonn siad gach úsáid a bhaintear as creimiricídí antaithéachtacha agus nach bhfuil siad ar fáil i ngach Ballstát.
I gcás úsáidí #4, #7 (lucha tí amháin) agus #11 amháin, tá roghanna malartacha incháilithe ar cheimiceáin i mBallstát amháin ar a laghad, ós rud é, i gcás na n-úsáidí sin amháin, go bhfuil táirgí ann a bhfuil éifeachtúlacht leordhóthanach léirithe ina leith: úsáid #4 (táirgí ina bhfuil alfaclóralós, dé-ocsaíd charbóin, agus colacailciféaról); úsáid #7 (táirgí ina bhfuil alfaclóralós, dé-ocsaíd charbóin – le haghaidh lucha tí, ciainíd hidrigine agus colacailciféaról amháin); úsáid #11 (táirgí ina bhfuil alfaclóralós, dé-ocsaíd charbóin agus colacailciféaról).
Táirgí ina bhfuil foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim, ní roghanna malartacha incháilithe iad toisc nach ann d’aon táirge bithicídeach údaraithe ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach sin le haghaidh úsáidí # 4, 7 agus 11. Dá bhrí sin, eisiatar táirgí ina bhfuil foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim ó na freagraí ar cheisteanna (c), (d) agus (e).
Ceist (c): An bhfuil na modhanna rialaithe agus coiscthe neamhcheimiceacha atá ar fáil éifeachtach go leor?
Ní bhaineann an cheist le creimiricídí ceimiceacha.
Ceist (d): An é nach bhfuil míbhuntáistí móra eacnamaíocha nó praiticiúla eile ag baint leis na táirgí bithicídeacha údaraithe malartacha?
Maidir le ciainíd hidrigine le haghaidh úsáid #7 léirítear na míbhuntáistí móra eacnamaíocha agus praiticiúla i gcomparáid le creimiricídí antaithéachtacha. Is toitreáin iad na táirgí ina bhfuil ciainíd hidrigine lena mbaineann coinníollacha úsáide an-dian d’oibreoirí agus do dhaoine ar an láthair. Tá toitriú teoranta do chásanna ina bhfuil an teocht os cionn 12 °C.
Tá coinne leis go mbeadh costais dhíréireacha ann dá mbainfí úsáid as ciainíd hidrigine chun a rioscaí a mhaolú. Dá bhrí sin, beidh míbhuntáistí móra eacnamaíocha agus praiticiúla ag baint le ciainíd hidrigine i gcás úsáid #7.
Baineann míbhuntáistí móra eacnamaíocha agus praiticiúla le dé-ocsaíd charbóin i gcás úsáidí #4 agus #7 maidir le lucha tí a rialú. Ní féidir leis an bhfeiste ina ndéantar dé-ocsaíd charbóin a scaoileadh a bheith nochta do theochtaí foircneacha agus ní féidir leis a bheith i dteagmháil le toirteanna móra uisce. Níl an úsáid indéanta ach amháin i limistéir nach bhfuil aon inmhíolú dona ann. Ní mór freastal ar na gaistí go minic chun creimirí marbha a dhiúscairt agus is gá iad a athshocrú. Dá bhrí sin, tá gá le seiceáil rialta a dhéanamh ar na feistí gaisteoireachta, rud a fhágann go mbeidh roinnt costais bhreise i gceist i gcomparáid le creimiricídí antaithéachtacha a úsáid le haghaidh úsáidí #4 agus #7.
Mar sin féin, le haghaidh úsáid #11 chun faireachán a dhéanamh ar lucha (3) trí bhaoiteáil bhuan, ní chruthaíonn dé-ocsaíd charbóin aon mhíbhuntáiste mór eacnamaíoch ná praiticiúil i gcomparáid le húsáid creimiricídí antaithéachtacha.
Níl aon mhíbhuntáiste praiticiúil ná eacnamaíoch ann do tháirgí bithicídeacha ina bhfuil alfaclóralós i gcás úsáidí #4, #7 (lucha tí amháin) agus #11 ar choinníoll go n-úsáidtear na táirgí i dtimpeallachtaí ísealteochta (faoi bhun 16 C más féidir), agus do tháirgí bithicídeacha ina bhfuil colacailciféaról i gcás úsáidí # 4, # 7 agus # 11.
Ceist (e): An bhfuil riosca foriomlán i bhfad níos ísle do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol ag baint leis na táirgí bithicídeacha údaraithe malartacha?
Tá próifíl riosca i bhfad níos ísle ag dé-ocsaíd charbóin do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol i gcomparáid le creimiricídí antaithéachtacha le haghaidh úsáid #11.
Maidir le sláinte an duine, meastar go léiríonn alfaclóralós agus colacailciféaról níos lú rioscaí i gcomparáid le creimiricídí antaithéachtacha.
A mhéid a bhaineann leis na rioscaí don chomhshaol, áfach, ní féidir a mheas go bhfuil riosca i bhfad níos ísle ag baint le colacailciféaról don chomhshaol i gcomparáid le creimiricídí antaithéachtacha ós rud é go n-aithnítear rioscaí móra maidir le nimhiú príomhúil agus tánaisteach.
I gcás alfaclóralóis, tá fianaise ann go gcuireann táirgí ina bhfuil alfaclóralós sláinte ainmhithe i mbaol de bharr nimhiú príomhúil agus tánaisteach (4). Déanfar measúnú freisin ar an riosca a bhaineann le halfaclóralóis don chomhshaol agus do shláinte ainmhithe de bharr nimhiú príomhúil agus tánaisteach fána fhiáin agus ainmhithe clóis i gcomhthéacs na meastóireachta ar an iarratas ar athnuachan an fhormheasa.
Dá bhrí sin, ní féidir a bhaint de thátal as go bhfuil próifílí riosca foriomlána níos ísle do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol ag colacailciféaról agus ag alfaclóralós i gcomparáid le creimiricídí antaithéachtacha le haghaidh úsáidí # 4, # 7 agus # 11.
Ceist (f): Maidir le roinnt substaintí gníomhacha antaithéachtacha atá i gcreimiricídí, an mbeadh riosca foriomlán níos ísle ag baint leo do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol ná mar a bheadh ag baint le substaintí eile
Tugann an Coimisiún an méid seo a leanas dá aire:
|
|
Maidir leis na rioscaí foriomlána do shláinte an duine, ní féidir aon rangú a dhéanamh idir substaintí aonair, ós rud é go ndéantar na rioscaí a bhaineann le nochtadh indíreach a bhainistiú trí bhearta maolaithe riosca iomchuí a chur i bhfeidhm ar an gcaoi chéanna i gcás gach creimiricídí antaithéachtacha |
|
|
Tá próifíl riosca níos fearr i gcoitinne ag an gCéad Ghlúin de Creimiricídí Antaithéachtacha le haghaidh an chomhshaoil ná mar atá ag an Dara Glúin de Chreimiricídí Antaithéachtacha ar leibhéal an ghrúpa. Mar sin féin, níl sa Chéad Ghlúin de Chreimiricídí Antaithéachtacha ach cuid an-bheag (níos lú ná 3,5 %) de na creimiricídí antaithéachtacha atá ar an margadh mar cuireadh an Dara Glúin de Chreimiricídí Antaithéachtacha, atá níos láidre, ina n-ionad de réir a chéile chun aghaidh a thabhairt ar an imní atá ag méadú maidir le friotaíocht na sprioc-orgánach don Chéad Ghlúin de Chreimiricídí Antaithéachtacha. |
(2) Faisnéis lena dtugtar aghaidh ar cheisteanna a bhaineann le measúnú comparáideach ar roghanna malartacha neamhcheimiceacha
Ceist (a): An leor éagsúlacht cheimiceach na substaintí gníomhacha i gcreimiricídí údaraithe san Aontas chun an baol a laghdú a mhéid is féidir go dtiocfaidh friotaíocht chun cinn sna sprioc-orgánaigh dhíobhálacha?
Ní bhaineann an cheist le creimiricídí neamhcheimiceacha.
Ceist (b): I gcás na n-úsáidí éagsúla atá beartaithe agus a shonraítear sna hiarratais ar athnuachan táirgí, an bhfuil fáil ar mhodhanna rialaithe agus coiscthe neamhcheimiceacha?
Maidir le roinnt roghanna malartacha neamhcheimiceacha (i.e. i gcás cóireálacha íceacha: cláir ghliú, gaistí meicniúla, gaistí gabhála beo, gaistí ceapa tuisle, gaistí leictreacha, rialuithe díreacha ainmhithe; i gcás cóireálacha coisctheacha: modhnú gnáthóg, creachadóirí nádúrtha a spreagadh, promhadh foirgneamh, fáinne séaraigh, fál léasair, ultrafhuaime), rinneadh iad a liostú agus a thuairisciú sa litríocht eolaíoch agus i gcomhairliúchán na bpáirtithe leasmhara d’eagraigh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán le haghaidh na n-úsáidí uile a sainaithníodh. Bearta coisctheacha amháin atá i gcuid de na roghanna eile ach tá cinn eile íceach, nó íceach agus coisctheach.
Is iad na roghanna malartacha neamhcheimiceacha atá incháilithe le haghaidh an mheasúnaithe chomparáidigh le creimiricídí antaithéachtacha na cinn atá ann cheana ar mhargadh an Aontais agus a bhfuil fianaise láidir ann, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, nach cúis imní iad ó thaobh sábháilteachta do dhaoine, d’ainmhithe ná don chomhshaol de.
Cé is moite de lámhach creimirí a luaitear sa chomhairliúchán poiblí a rinne an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán agus ina gcuirtear ábhair imní in iúl maidir le sábháilteacht daoine agus orgánach nach sprioc-orgánaigh iad, níl aon ábhar imní ag baint leis na modhanna neamhcheimiceacha eile a luaitear thuas agus a bhfuil éifeachtaí íceacha nó coisctheacha acu ar rialuithe creimirí, agus dá bhrí sin comhlíonann siad an critéar incháilitheachta sin.
Ceist (c): An bhfuil na modhanna rialaithe agus coiscthe neamhcheimiceacha atá ar fáil éifeachtach go leor?
Bunaithe ar shonraí ó thriail allamuigh amháin (5), meastar go bhfuil gaistí meicniúla lena n-úsáid ag daoine neamhghairmiúla agus ag gairmithe (oilte) i gcoinne lucha faoi dhíon (úsáidí #1, #4 agus #7) éifeachtach go leor má chomhlíonann na gaistí sin na critéir i dtreoraíocht NoCheRO (6), ar choinníoll go gcuirtear úsáideoirí ar an eolas faoi conas na gaistí a úsáid (e.g. an baoite ceart a úsáid, iad a chur san áit cheart, líon leordhóthanach gaistí a bheith ann, iad a ghlanadh suas go tapa tar éis na gabhála).
I gcás modhanna malartacha neamhcheimiceacha eile, ní fhéadfaí aon mheasúnú a dhéanamh mar gheall ar easpa sonraí éifeachtúlachta agus treoraíochta maidir le conas measúnú a dhéanamh ar na sonraí sin. Dá bhrí sin, ní féidir leis an gCoimisiún teacht ar chonclúid i dtaobh an mbeadh na roghanna malartacha neamhcheimiceacha sin éifeachtúil go leor agus, dá bhrí sin, ní dhéantar iad a mheas faoi cheist (d).
Ceist (d): An é nach bhfuil míbhuntáistí móra eacnamaíocha nó praiticiúla eile ag baint leis na roghanna malartacha neamhcheimiceacha?
Ní dhearnadh an measúnú na míbhuntáistí móra eacnamaíocha agus praiticiúla a bhaineann le roghanna malartacha neamhcheimiceacha ach amháin le haghaidh gaistí meicniúla chun lucha a rialú faoi dhíon (úsáidí #1, #4 agus #7). Díríodh sa mheasúnú ar leibhéal an úsáideora seachas ar an leibhéal socheacnamaíoch níos leithne.
Thug an comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara roinnt léargas ar na míbhuntáistí eacnamaíocha agus praiticiúla a bhaineann le gaistí meicniúla. I bhfianaise go mbaintear úsáid as gaistí meicniúla go forleathan i gcodanna áirithe den tionscail, is féidir a mheas nach bhfuil níos mó míbhuntáistí eacnamaíocha agus praiticiúla ag baint leo a chomhlíonann na critéir i dtreoraíocht Nochero le haghaidh rialú luch faoi dhíon (úsáidí #1, #4 agus # 7) ná mar a bheadh ag creimiricídí antaithéachtacha le haghaidh na n-úsáidí sin.
Ceist (e): An bhfuil riosca foriomlán i bhfad níos ísle do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol ag baint leis na roghanna malartacha neamhcheimiceacha?
Tá buntáiste mór ag baint le roghanna malartacha neamhcheimiceacha toisc nach bhfuil baol ann go nimheoidh siad daoine agus orgánaigh nach spriocorgánaigh.
Tá an riosca ann go ndéanfaí difear d’orgánaigh nach sprioc-orgánaigh iad i gcás na roghanna malartacha neamhcheimiceacha agus na gcreimiricídí antaithéachtacha araon.
Braitheann cineál agus leibhéal an riosca ar dhearadh sonrach an ghaiste (e.g. bosca sábháilteachta a bheith ann nó gan bheith ann agus a éifeachtacht) agus ar na coinníollacha úsáide (e.g. faoi dhíon vs. amuigh faoin aer, i limistéir a bhfuil rochtain ag an bpobal i gcoitinne orthu nó nach bhfuil).
Maidir le gaistí meicniúla a chomhlíonann na critéir i dtreoraíocht NoCheRo, is é conclúid an Choimisiúin go bhfuil riosca foriomlán i bhfad níos ísle do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol ag baint leis na roghanna malartacha neamhcheimiceacha sin.
Ceist (f): Maidir le roinnt substaintí gníomhacha antaithéachtacha atá i gcreimiricídí, an mbeadh riosca foriomlán níos ísle do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol ag baint leo ná mar a bheadh ag substaintí eile?
Ní bhaineann an cheist le creimiricídí neamhcheimiceacha.
(1) Baineadh úsáid as an scoithdháta sin chun na substaintí gníomhacha formheasta a roghnú agus chun faisnéis a bhailiú maidir le táirgí údaraithe i gcomhthéacs an mheasúnaithe chomparáidigh a rinne Coiste um Tháirgí Bithicíde na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán.
(2) Tar éis an chéad athnuachana ar shubstaintí gníomhacha creimiricíde antaithéachtacha, níor ceadaíodh baoiteáil bhuan ach amháin maidir le gairmithe oilte agus défheanacúm agus brómaidé-ólón ag láithreáin lena mbaineann ardacmhainn athionraidh, nuair a léiríodh nach leor modhanna rialaithe eile mar a luaitear sna cinntí formheasa. Níor ceadaíodh baoiteáil bhuan bródafacúim, défeitialóin agus flocamaifeine mar gheall ar riosca ard maidir le nimhiú príomhúil agus tánaisteach ainmhithe nach sprioc-ainmhithe iad.
(3) Na táirgí incháilithe, tá siad údaraithe chun lucha a rialú agus chuige sin amháin.
(4) Féach Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1005 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2022 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe a mhéid a bhaineann leis na téarmaí agus coinníollacha i ndáil le húdarú na fine táirgí bithicídeacha Alphachloralose Grain arna dtarchur ag an bhFrainc agus ag an tSualainn i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 168, 27.6.2022, lch. 86, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1005/oj),
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1006 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2022 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe a mhéid a bhaineann leis na téarmaí agus coinníollacha i ndáil le húdarú na fine táirgí bithicídeacha Alphachloralose Pasta arna dtarchur ag an Fhrainc agus ag an tSualainn i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 168, 27.6.2022, lch. 90, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1006/oj),
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1388 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2022 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe a mhéid a bhaineann leis na téarmaí agus coinníollacha i ndáil le húdarú an táirge bhithicídigh Pat’Appât Souricide Canadien Foudroyant arna dtarchur ag an Fhrainc agus ag an tSualainn i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 208, 10.8.2022, lch. 7, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1388),
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1155 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2023 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe a mhéid a bhaineann leis na téarmaí agus coinníollacha i ndáil le húdarú an táirge bhithicídigh Rapid Pro arna dtarchur ag an bhFrainc i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 13.6.2023, lch. 13 ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1155/oj),
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1157 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2023 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe a mhéid a bhaineann leis na téarmaí agus coinníollacha i ndáil le húdarú an táirge bhithicídigh Virazan arna dtarchur ag an bhFrainc i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 13.6.2023, lch. 21, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1157).
(5) Eagraíodh an triail ar fheirm a bhí suite taobh istigh de shráidbhaile. Is é conclúid an Choiste um Tháirgí Bithicídeacha go bhfuil an triail seo ionadaíoch maidir le húsáidí #1, #4 agus #7 ach nach gcumhdaíonn sí gach cás laistigh de na trí úsáid sin agus nach gcumhdaíonn sí #11.
(6) Is treoraíocht í treoraíocht NoCheRo a d’fhoilsigh gníomhaireacht chomhshaoil na Gearmáine (UBA): NoCheRo Guidance for the evaluation of rodent traps - Cuid A Break back/snap traps. Tá an treoraíocht bunaithe ar na critéir ón treoraíocht ó Choiste um Tháirgí Bithicídeacha na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán maidir le measúnú éifeachtúlachta ar chreimiricídí antaithéachtacha chomh maith le caighdeáin éagsúla le haghaidh tástáil leasa ainmhithe i ndáil le gaistí briste/smeacha. Áiríodh critéir agus modhanna breise i ndáil le meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht gaistí nach gcumhdaítear le prótacail tástála atá ann cheana. Le fáil ag: NoCheRo-Guidance for the Evaluation of Rodent Traps | Umweltbundesamt
An 1 Nollaig 2021 ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha tuairim lena gcinntear gurb ionann na critéir chun éifeachtúlacht creimiricídí antaithéachtacha a chinneadh, mar a thuairiscítear sa treoraíocht ó Rialachán na dTáirgí Bithicídeacha a bhaineann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, agus na critéir a luaitear i dtreoraíocht NoCheRo, Le fáil ag: ECHA opinion on questions regarding the guidance on rodent traps [Tuairim ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán maidir le ceisteanna faoin treoraíocht i ndáil le gaistí creimirí]
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/816/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)