EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0776

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/776 ón gComhairle an 26 Feabhra 2024 lena n-údaraítear an Pholainn rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le hola bhreosla throm, gás nádúrtha, gual agus cóc, a úsáidtear mar bhreoslaí téimh, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE

ST/6113/2024/INIT

IO L, 2024/776, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/776/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/776/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/776

29.2.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/776 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Feabhra 2024

lena n-údaraítear an Pholainn rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le hola bhreosla throm, gás nádúrtha, gual agus cóc, a úsáidtear mar bhreoslaí téimh, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Chomhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (1), agus go háirithe Airteagal 19 di,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1197 ón gComhairle (2), údaraíodh an Pholainn rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le hola bhreosla throm, gás nádúrtha, gual agus cóc, a úsáidtear mar bhreoslaí téimh, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE. Chuaigh an t-údarú sin in éag an 30 Meitheamh 2023.

(2)

Le litir dar dáta an 30 Meitheamh 2023, d’iarr an Pholainn údarú chun leanúint de rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le hola bhreosla throm, gás nádúrtha, gual agus cóc, a úsáidtear mar bhreoslaí téimh, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE, ar rátaí iad a thiteann faoi bhun na n-íosleibhéal cánachais dá dtagraítear in Airteagal 9 den Treoir sin. Sholáthair údaráis na Polainne faisnéis agus soiléirithe breise chun tacú leis an iarraidh an 8 Meán Fómhair 2023, agus an 5 agus an 13 Deireadh Fómhair 2023. D’iarr siad an t-údarú le haghaidh tréimhse 6 mhí, ón 1 Iúil 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023.

(3)

Dar le húdaráis na Polainne, is é is aidhm do chur i bhfeidhm ráta laghdaithe cánach maolú a dhéanamh ar an tionchar diúltach a bheadh ann mar thoradh ar mhéadú ar na leibhéil chánachais mar gheall ar ráta malairte ard idir an euro agus an złoty, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2003/96/CE. Bheadh an laghdú sin ag freagairt don mhéid a d’eascródh as an difríocht sa ráta malairte tar éis an choigeartaithe bhliantúil arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 13 den Treoir sin.

(4)

Ní dócha go ndéanfaidh an t-údarú a iarradh saobhadh ar iomaíocht ná go gcuirfidh sé bac ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. I bhfianaise a ghiorra atá sé agus na n-imthosca eisceachtúla atá nasctha leis an staid gheopholaitiúil tá an t-údarú a iarradh iomchuí agus comhréireach. Leis an údarú, déantar na cuspóirí sonracha beartais dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Threoir 2003/96/CE, agus go háirithe beartas comhshaoil an Aontais, a chothromú leis an ngá atá ann inacmhainneacht fuinnimh a áirithiú do ghnólachtaí agus do theaghlaigh. Dhéanfadh an laghdú cánach na costais mhéadaithe fuinnimh a fhritháireamh go páirteach agus ní laghdú é atá i gcarnacht le laghduithe cánach de chineál ar bith eile.

(5)

Ba cheart a údarú don Pholainn, dá réir sin, leanúint de rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le hola bhreosla throm, gás nádúrtha, gual agus cóc, a úsáidtear mar bhreoslaí téimh, faoi mar a iarradh.

(6)

De bhun Airteagal 19(2) de Threoir 2003/96/CE, tá gach údarú a dheonaítear faoin bhforáil sin le bheith teoranta ó thaobh ama de. Mar sin féin, chun nach ndéanfar dochar d’fhorbairtí ginearálta a dhéanfar amach anseo ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana, is iomchuí a fhoráil gur cheart, i gcás ina ndéanfadh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 nó ar bhonn aon fhorála ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, córas modhnaithe ginearálta a thabhairt isteach chun cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas nach mbeadh an t-údarú seo comhoiriúnach leis, scoirfeadh an t-údarú seo d’fheidhm a bheith aige an lá a thiocfaidh an córas modhnaithe ginearálta sin chun bheith infheidhme.

(7)

Chun a áirithiú go rachfar i ngleic go rianúil leis na héifeachtaí díobhálacha do thomhaltóirí a bhíonn ag praghsanna arda táirgí fuinnimh, tráth a raibh an tionchar is mó acu de dheasca boilsciú ard agus ardú praghsanna, ba cheart a áirithiú go bhféadfaidh an Pholainn an laghdú cánach a chur i bhfeidhm, faoi mar a iarradh, le héifeacht ón 1 Iúil 2023.

(8)

Ní dochar an cinneadh seo do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear an Pholainn rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le hola bhreosla throm, gás nádúrtha, gual agus cóc, a úsáidtear mar bhreoslaí téimh, faoi bhun na n-íosleibhéal cánachais dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir 2003/96/CE.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Iúil 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023.

I gcás ina ndéanfaidh an Chomhairle, áfach, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 nó aon fhorála ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, córas modhnaithe ginearálta a thabhairt isteach lena ngearrfaí cáin ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas nach mbeadh an t-údarú arna dheonú in Airteagal 1 den Chinneadh seo comhoiriúnach leis, áfach, scoirfidh an Cinneadh seo d’fheidhm a bheith aige an lá a thiocfaidh an córas modhnaithe ginearálta sin chun bheith infheidhme.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Polainne.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Feabhra 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. CLARINVAL


(1)   IO L 283, 31.10.2003, lch. 51.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1197 ón gComhairle an 19 Meitheamh 2023 lena n-údaraítear an Pholainn rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le hola bhreosla throm, gás nádúrtha, gual agus cóc, a úsáidtear mar bhreoslaí téimh, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE (IO L 158, 21.6.2023, lch. 71).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/776/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top