This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D0744
Council Decision (EU) 2024/744 of 19 February 2024 on the conclusion, on behalf of the Union and its Member States, of the Accession Protocol to the Framework Agreement on Comprehensive Partnership and Cooperation between the European Community and its Member States, of the one part, and the Republic of Indonesia, of the other part, to take account of the accession of the Republic of Croatia to the European Union
Cinneadh (AE) 2024/744 ón gComhairle an 19 Feabhra 2024 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais agus a Bhallstát, an Phrótacail Aontachais a ghabhann leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar Cuimsitheach idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIndinéise, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh
Cinneadh (AE) 2024/744 ón gComhairle an 19 Feabhra 2024 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais agus a Bhallstát, an Phrótacail Aontachais a ghabhann leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar Cuimsitheach idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIndinéise, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh
ST/12975/2014/INIT
IO L, 2024/744, 23.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/744/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/744/oj
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/744 |
23.2.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/744 ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Feabhra 2024
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais agus a Bhallstát, an Phrótacail Aontachais a ghabhann leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar Cuimsitheach idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIndinéise, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 207 agus 209 de, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,
Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais Phoblacht na Cróite, agus go háirithe don dara fomhír d’Airteagal 6(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1);
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh Uimh (AE) 2023/1685 ón gComhairle, síníodh an Prótacal Aontachais a ghabhann leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar Cuimsitheach idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hIndinéise, den pháirt eile (2), chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (‘an Prótacal’), faoi réir a thabhairt i gcrích. |
(2) |
Ba cheart an Prótacal a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Prótacal Aontachais a ghabhann leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar Cuimsitheach idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hIndinéise, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh, a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát (3).
Airteagal 2
Údaraítear Uachtarán na Comhairle leis seo chun an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh de chumhacht aige nó aici nó acu an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) den Phrótacal a thabhairt thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Feabhra 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Toiliú an 17 Eanáir 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh (AE) 2023/1685 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstáit, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail Aontachais a ghabhann leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar Cuimsitheach idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIndinéise, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (IO L 218, 5.9.2023, lch. 1).
(3) Foilsíodh téacs an Phrótacail in IO L 218, 5.9.2023, lch. 3, in éineacht leis an gcinneadh tráth a shínithe.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/744/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)