This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D07424
Council Decision of 5 December 2024 replacing a member of the Advisory Committee on freedom of movement for workers for Slovakia
Cinneadh ón gComhairle an 5 Nollaig 2024 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe thar ceann na Slóvaice
Cinneadh ón gComhairle an 5 Nollaig 2024 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe thar ceann na Slóvaice
ST/15450/2024/INIT
IO C, C/2024/7424, 10.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7424/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/7424 |
10.12.2024 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Nollaig 2024
lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe thar ceann na Slóvaice
(C/2024/7424)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saorghluaiseacht oibrithe laistigh den Aontas (1), agus go háirithe Airteagail 23 agus 24 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh an 23 Meán Fómhair 2024 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe don tréimhse ón 25 Meán Fómhair 2024 go dtí an 24 Meán Fómhair 2026. |
|
(2) |
Tá suíochán mar chomhalta i gcatagóir na n-ionadaithe rialtais tagtha chun bheith folamh anois mar gheall ar Mária BAKER-PRICE a bheith éirithe as oifig. |
|
(3) |
Tá iarrthóir ainmnithe ag rialtas na Slóvaice don suíochán folamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceaptar Martina OSTROŽOVIČOVÁ ina comhalta den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe in ionad Mária BAKER-PRICE, ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 24 Meán Fómhair 2026.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
NAGY B.
(1) IO L 141, 27.5.2011, lch. 1.
(2) CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE an 23 Meán Fómhair 2024 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe (IO C, C/2024/5865, 27.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5865/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7424/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)