This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D06306
Council Decision of 15 October 2024 replacing a member of the Advisory Committee for the Coordination of Social Security Systems for Denmark
Cinneadh ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2024 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta don Danmhairg
Cinneadh ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2024 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta don Danmhairg
ST/12332/2024/REV/1
IO C, C/2024/6306, 18.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6306/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 19/10/2025
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6306 |
18.10.2024 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Deireadh Fómhair 2024
lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta don Danmhairg
(C/2024/6306)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (1), agus go háirithe Airteagal 75 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh an 21 Meán Fómhair 2020 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta don tréimhse ón 20 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 19 Deireadh Fómhair 2025. |
|
(2) |
Tá suíochán mar chomhalta i gcatagóir ionadaithe eagraíochtaí fostóirí tagtha chun bheith folamh anois mar gheall ar Helene Saibi TANDERUP a bheith éirithe as oifig. |
|
(3) |
Tá iarrthóir ainmnithe ag Rialtas na Danmhairge don suíochán folamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Andreas Karl FÆRGEMANN ina chomhalta den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta in ionad Helene Saibi TANDERUP, go ceann a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 19 Deireadh Fómhair 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 15 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) IO L 166, 30.4.2004, lch. 1.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta (IO C 315 I, 23.09.2020, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6306/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)