This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D05939
Council Decision of 24 September 2024 replacing an alternate member of the Management Board of the European Foundation for the improvement of living and working conditions for the Netherlands
Cinneadh ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2024 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta malartach de Bhord Bainistíochta an Fhorais Eorpaigh chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú thar ceann na hÍsiltíre
Cinneadh ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2024 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta malartach de Bhord Bainistíochta an Fhorais Eorpaigh chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú thar ceann na hÍsiltíre
ST/12595/2024/INIT
IO C, C/2024/5939, 2.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5939/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/5939 |
2.10.2024 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Meán Fómhair 2024
lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta malartach de Bhord Bainistíochta an Fhorais Eorpaigh chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú thar ceann na hÍsiltíre
(C/2024/5939)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh an 28 Márta 2023 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Fhorais Eorpaigh chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú don tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2027. |
|
(2) |
Tá suíochán comhalta mhalartaigh i gcatagóir na n-ionadaithe rialtais tagtha chun bheith folamh anois mar gheall ar Alexandra NICOLAI a bheith éirithe as oifig. |
|
(3) |
Tá iarrthóir ainmnithe ag Rialtas na hÍsiltíre don suíochán folamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Iris DE GRAAFF ina comhalta malartach de Bhord Bainistíochta an Fhorais Eorpaigh chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú in ionad Alexandra NICOLAI, go ceann a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 31 Márta 2027.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) IO L 30, 31.1.2019, lch. 74.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 28 Márta 2023 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Fhorais Eorpaigh chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound) (IO C 116, 31.3.2023, lch. 23).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5939/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)