This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D0571
Council Decision (EU) 2024/571 of 23 January 2024 establishing the position to be taken on behalf of the European Union in the World Trade Organization’s 13th Ministerial Conference on the accession of the Union of the Comoros to the WTO
Cinneadh (AE) 2024/571 ón gComhairle an 23 Eanáir 2024 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le haontachas Aontas Oileáin Chomóra le EDT
Cinneadh (AE) 2024/571 ón gComhairle an 23 Eanáir 2024 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le haontachas Aontas Oileáin Chomóra le EDT
ST/16819/2023/INIT
IO L, 2024/571, 13.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/571/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/571 |
13.2.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/571 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Eanáir 2024
lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le haontachas Aontas Oileáin Chomóra le EDT
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Trí bhíthin Chinneadh 94/800/CE ón gComhairle (1) thug an tAontas Comhaontú Marrakech Lena mBunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’) i gcrích agus tháinig an cinneadh sin i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995. |
|
(2) |
De bhun Airteagail IV:1 agus IX:1 de Chomhaontú EDT, tá an t-údarás ag Comhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála (‘EDT’) cinntí a ghlacadh trí chomhthoil. |
|
(3) |
Féadfaidh Comhdháil Aireachta EDT, le linn a 13ú cruinniú ón 26 go dtí an 29 Feabhra 2024, cinneadh a ghlacadh maidir le haontachas Aontas Oileáin Chomóra (‘Oileáin Chomóra’) le EDT. |
|
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 13ú cruinniú de Chomhdháil Aireachta EDT a bhunú, ós rud é go mbeidh na cinntí ina gceangal ar an Aontas. |
|
(5) |
Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht maidir le haontachas Oileáin Chomóra le EDT in 2007. Bunaíodh an Mheitheal um aontachas Aontas Oileáin Chomóra (‘an Mheitheal’) an 9 Deireadh Fómhair 2007. Tionóladh an 9ú cruinniú den Mheitheal an 5 Deireadh Fómhair 2023. |
|
(6) |
Tá an chaibidlíocht iltaobhach maidir le réimsí breise a bhaineann le trádáil fós ar siúl. In 2022, chuir an Coimisiún, thar ceann an Aontais, bailchríoch ar chaibidlíocht dhéthaobhach maidir le sraith chuimsitheach gealltanas ó Oileáin Chomóra maidir leis an margadh a oscailt. |
|
(7) |
Meastar go gcuirfidh aontachas le EDT go dearfach agus go buan le próiseas an athchóirithe eacnamaíoch agus na forbartha inbhuanaithe in Oileáin Chomóra. Ba cheart don Aontas, dá bhrí sin, tacú le haontachas Oileáin Chomóra, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is éard a bheidh sa seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT, páirt a ghlacadh sa chomhthoil ar thángthas uirthi i measc Chomhaltaí EDT d’fhonn cinneadh a ghlacadh maidir le haontachas Chomóra le EDT.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Eanáir 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
D. CLARINVAL
(1) Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, a mhéid a bhaineann le hábhair laistigh dá inniúlacht, na gcomhaontuithe ar ar thángthas i mBabhta Uragua den chaibidlíocht iltaobhach (1986-1994) (IO L 336, 23.12.1994, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/571/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)