Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0458

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/458 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2024 maidir leis an gCuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach a bhunú le haghaidh Chomhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga (ALT-EDIC)

C/2024/392

IO L, 2024/458, 7.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/458/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/458/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/458

7.2.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/458 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Feabhra 2024

maidir leis an gCuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach a bhunú le haghaidh Chomhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga (ALT-EDIC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (1), agus go háirithe Airteagal 14(3)(a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (AE) 2022/2481 cumhachtaítear an Coimisiún Cuibhreannais don Bhonneagar Digiteach Eorpach (‘EDICanna’) a chur ar bun.

(2)

An 5 Nollaig 2023, d’iarr an Bhulgáir, an Chróit, an Fhrainc, Éire, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, an Ísiltír, an Pholainn agus an tSlóivéin ar an gCoimisiún an Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach a chur ar bun le haghaidh Chomhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga (ALT-EDIC). Chuaigh an Ghréig isteach san iarraidh sin an 16 Eanáir 2024.

(3)

Mar Ballstát óstach, chuir an Fhrainc dearbhú ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 14(1), pointe (d) de Chinneadh (AE) 2022/2481 lena n-aithnítear ALT-EDIC mar chomhlacht idirnáisiúnta de réir bhrí Airteagal 143(1), pointe (g) agus Airteagal 151(1), pointe (b) de Threoir 2006/112/CE agus mar eagraíocht idirnáisiúnta de réir bhrí Airteagal 11(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle (2), ón dáta a chuirfear EDIC ar bun.

(4)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an iarratas de bhun Airteagal 14(2) de Chinneadh (AE) 2022/2481 agus tháinig sé ar an gconclúid gur chomhlíon sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 13 go 21 de Chinneadh (AE) 2022/2481.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Chinneadh (AE) 2022/2481, chuathas i gcomhairle leis an gcoiste a bunaíodh faoi Airteagal 23(1) den Chinneadh sin chun a thuairim a fháil maidir le ALT-EDIC a chur ar bun agus thug sé tuairim fhabhrach uaidh.

(6)

Tá sé d’aidhm ag ALT-EDIC comhbhonneagar Eorpach a fhorbairt i dteicneolaíochtaí teanga chun cur le cumas na hEorpa, chun borradh a chur faoin iomaíochas agus chun tacú le héagsúlacht teanga agus saibhreas cultúrtha na hEorpa.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an Deacáid Dhigiteach a bunaíodh le hAirteagal 23(1) de Chinneadh (AE) 2022/2481,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Bunaítear leis seo an Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach le haghaidh Chomhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga (ALT-EDIC).

2.   Beidh pearsantacht dhlítheanach ag ALT-EDIC agus beidh aige i ngach ceann de na Ballstáit an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar d’eintitis dhlítheanacha faoi dhlí an Bhallstáit sin. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin inchorraithe, réadmhaoin agus maoin intleachtúil a fháil agus a dhiúscairt, féadfaidh sé an mhaoin sin a bheith faoina úinéireacht, agus féadfaidh sé conarthaí a thabhairt i gcrích agus a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Tá gnéithe fíor-riachtanacha de Reachtanna ALT-EDIC, mar a chomhaontaigh a chomhaltaí iad, i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Feabhra 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 323, 19.12.2022, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2481/oj.

(2)  Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/262/oj).


IARSCRÍBHINN

GNÉITHE FÍOR-RIACHTANACHA DE REACHTANNA ALT-EDIC

1)   A chomhfhreagraíonn d’Airteagal 17(1)(c) de Chinneadh (AE) 2022/2481:

Airteagal 2

Ainm, oifig, suíomh agus teanga oibre

 

   […]

2.   Is é a bheidh in ainm EDIC dá dtagraítear i mír (1) ‘Comhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga– ALT-EDIC’, dá ngairtear ‘ALT-EDIC’ anseo feasta.

3.   Beidh oifig chláraithe ALT-EDIC in Villers-Cotterêts, an Fhrainc.

2)   A chomhfhreagraíonn d’Airteagal 17(1)(d) de Chinneadh (AE) 2022/2481:

Airteagal 27

Fad ama

Beidh ALT-EDIC ann go ceann tréimhse ama éiginnte.

Airteagal 28

Foirceannadh

1.   Is í Tionól na gComhaltaí a chinnfidh foirceannadh ALT-EDIC i gcomhréir le hAirteagal 10.

2.   Gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 10 lá tar éis ghlacadh an chinnidh ALT-EDIC a fhoirceannadh, tabharfaidh ALT-EDIC fógra don Choimisiún Eorpach faoin gcinneadh.

3.   Sócmhainní a bheidh fágtha tar éis fiacha ALT-EDIC a íoc, déanfar iad a chionroinnt i measc na gcomhaltaí lena ranníocaíocht bhliantúil charntha le ALT-EDIC, mar a shonraítear in Airteagal 9, nó aistreofar iad chuig eintiteas dlíthiúil eile, má leanann an t-eintiteas sin le gníomhaíochtaí EDIC.

4.   Gan moill mhíchuí agus, in aon chás laistigh de 10 lá ó dhúnadh an nós imeachta foirceanta, tabharfaidh ALT-EDIC fógra faoi sin don Choimisiún.

5.   Tiocfaidh deireadh le ALT-EDIC an lá a fhoilseoidh an Coimisiún Eorpach an fógra iomchuí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3)   A chomhfhreagraíonn d’Airteagal 17(1)(e) de Chinneadh (AE) 2022/2481:

Airteagal 19

Dliteanas agus árachas

1.   Beidh ALT-EDIC faoi dhliteanas i leith a chuid fiach.

2.   Beidh dliteanas airgeadais na gcomhaltaí i leith fhiacha ALT-EDIC teoranta dá ranníocaíochtaí faoi seach arna soláthar do EDIC, mar a shonraítear in Iarscríbhinn III.

3.   Ní bheidh an tAontas faoi dhliteanas i leith fhiacha ALT-EDIC.

4.   Beidh árachas iomchuí ag ALT-EDIC chun rioscaí atá sonrach dá ghníomhaíochtaí a chumhdach.

4)   A chomhfhreagraíonn d’Airteagal 17(1)(i) de Chinneadh (AE) 2022/2481:

Airteagal 18

Díolúintí ó cháin agus ó dhleacht mháil

1.   Díolúintí CBL bunaithe ar Airteagal 143(1)(g) agus Airteagal 151(1)(b) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle, beidh siad teoranta do cheannacháin a dhéanfaidh ALT-EDIC agus comhaltaí ALT-EDIC atá le húsáid go hoifigiúil agus go heisiach ag ALT-EDIC ar choinníoll go ndéanfar ceannachán den sórt sin le haghaidh ghníomhaíochtaí neamheacnamaíocha ALT-EDIC i gcomhréir lena ghníomhaíochtaí, agus lena n-aghaidh sin amháin.

2.   Beidh díolúintí CBL teoranta do cheannacháin ar mó a luach ná EUR 300.

3.   Díolúintí ó dhleacht mháil bunaithe ar Airteagal 11(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle, beidh siad teoranta do cheannacháin a dhéanfaidh ALT-EDIC atá le húsáid go hoifigiúil agus go heisiach ag ALT-EDIC ar choinníoll go ndéanfar ceannachán den sórt sin le haghaidh ghníomhaíochtaí neamheacnamaíocha ALT-EDIC i gcomhréir lena ghníomhaíochtaí, agus lena n-aghaidh sin amháin, agus gur mó luach an cheannacháin ná EUR 300.

4.   Seolfar an nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun ALT-EDIC a chlárú mar eagraíocht idirnáisiúnta an lá a chuirfear ALT-EDIC ar bun.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/458/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top