Ez a dokumentum az EUR-Lex webhelyről származik.
Dokumentum 32024D0444
Council Decision (EU) 2024/444 of 29 January 2024 establishing the position to be taken on behalf of the European Union in the World Trade Organization’s 13th Ministerial Conference as regards the incorporation of the Agreement on Investment Facilitation for Development into the Agreement Establishing the World Trade Organization
Cinneadh (AE) 2024/444 ón gComhairle an 29 Eanáir 2024 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa 13ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Dhomhanda Trádála a mhéid a bhaineann leis an gComhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh a ionchorprú sa Chomhaontú lena mBunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála
Cinneadh (AE) 2024/444 ón gComhairle an 29 Eanáir 2024 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa 13ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Dhomhanda Trádála a mhéid a bhaineann leis an gComhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh a ionchorprú sa Chomhaontú lena mBunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála
ST/5362/2024/INIT
IO L, 2024/444, 1.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/444/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Hatályos
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/444 |
1.2.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/444 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Eanáir 2024
lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa 13ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Dhomhanda Trádála a mhéid a bhaineann leis an gComhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh a ionchorprú sa Chomhaontú lena mBunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is trí bhíthin Chinneadh 94/800/Ca rinne an tAontas Comhaontú Marrakech a thabhairt i gcrích, comhaontú lena mBunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’) (1), agus tháinig an cinneadh sin i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995. |
|
(2) |
De bhun Airteagail X:9 de Chomhaontú EDT, is féidir le Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (‘Comhdháil Aireachta de chuid EDT’) a chinneadh trí chomhdhearcadh comhaontú a ionchorprú in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT. |
|
(3) |
Ag an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT, a bheidh ar siúl ón 26 go 29 Feabhra 2024, féadfar cinneadh a ghlacadh maidir leis an gComhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh a ionchorprú in Iarscríbhinn 4 de Chomhaontú EDT. |
|
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 13ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh ina cheangal ar an Aontas. |
|
(5) |
Cuireadh tús foirmiúil leis an gcaibidlíocht le haghaidh an Chomhaontaithe um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh i mí Mheán Fómhair 2020. Rinne an Coimisiún an chaibidlíocht thar ceann an Aontais. Tugadh an chaibidlíocht i gcrích an 6 Iúil 2023. |
|
(6) |
Toisc nár ghlac gach comhalta de chuid EDT páirt sa chaibidlíocht, is é rún Comhaltaí de chuid EDT atá rannpháirteach sa chaibidlíocht iarraidh a thíolacadh go ndéanfaí an Comhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh a ionchorprú mar chomhaontú iltaobhach in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT. Ba cheart don Aontas páirt a ghlacadh san iarraidh sin mar réamhbheart i dtreo cinneadh féideartha de chuid na Comhdhála Aireachta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 13ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála, aontú leis an gcomhdhearcadh ar tháinig Chomhaltaí de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála air a mhéid a bhaineann leis an gComhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh a ionchorprú in hIarscríbhinn 4 a ghabhann leis an gChomhaontú lena mBunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
(1) Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994, i ndáil le hábhair laistigh dá inniúlacht, maidir le comhaontuithe ar thángthas orthu faoi Bhabhta Uragua de chaibidlíochtaí iltaobhacha trádála (1986–1994) a thabhairt chun críche thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 336, 23.12.1994, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/444/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)