This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D0418
Council Decision (CFSP) 2024/418 of 29 January 2024 amending Decision (CFSP) 2020/1999 concerning restrictive measures against serious human rights violations and abuses
Cinneadh (CBES) 2024/418 ón gComhairle an 29 Eanáir 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
Cinneadh (CBES) 2024/418 ón gComhairle an 29 Eanáir 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
ST/17044/2023/INIT
IO L, 2024/418, 29.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/418/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/418 |
29.1.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/418 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Eanáir 2024
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1999. |
(2) |
An 8 Nollaig 2020, i nDearbhú ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh i ndáil le Cearta an Duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine cuirtear i bhfios go láidir a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach den Aontas é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a bhaint amach. Is bunluach den Aontas agus de chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais é meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine. |
(3) |
Is ábhar imní don Aontas staid chearta an duine atá fós ag dul in olcas sa Rúis. Tá géarú tagtha ar bhrú faoi chois inmheánach sa Rúis ó thosaigh cogadh foghach gan chúis gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, rud a chuir teorainn leis an tsaoirse tuairimíochta agus chun tuairimí a nochtadh agus saoirse na meán agus a thug isteach cinsireacht chogaidh. |
(4) |
Leanann an tAontas de mhórmhéadú na reachtaíochta sriantaí agus chur faoi chois córasach na sochaí sibhialta agus chosantóirí chearta an duine, chomh maith leis an gcniogbheartaíocht gan staonadh ar na meáin neamhspleácha, ar iriseoirí aonair, ar chomhaltaí an fhreasúra pholaitiúil agus ar ghuthanna criticiúla eile, a cháineadh go láidir. |
(5) |
Cáineann an tAontas go láidir an rialú a thug cúirt i Moscó, a raibh cúspóir polaitiúil leis, príosúnacht 25 bliana a ghearradh ar Vladimir Kara-Murza, polaiteoir ón bhfreasúra, gníomhaí daonlathais agus fear cáinte na Creimile. |
(6) |
Iarrann an tAontas ar an Rúis iad siúd go léir atá i bpríosún mar gheall ar chúiseanna a bhfuil údar polaitiúil leo a scaoileadh láithreach go neamhchoinníollach. |
(7) |
Sa chomhthéacs seo, ba cheart ceathrar agus eintiteas amháin a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999. |
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2020/1999 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 mar a leanas:
(1) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:
|
(2) |
cuirtear an iontráil seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí faoin gceannteideal ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/418/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)