Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0414

Cinneadh (AE) 2024/414 ón gComhairle an 21 Nollaig 2023 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis na hÉifeachtaí Idirnáisiúnta a bhaineann le Díol Breithiúnach Long, Coinbhinsiún a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac an 7 Nollaig 2022

ST/15908/2023/ADD/1

IO L, 2024/414, 29.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/414/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/414/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/414

29.1.2024

CINNEADH (AE) 2024/414 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Nollaig 2023

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis na hÉifeachtaí Idirnáisiúnta a bhaineann le Díol Breithiúnach Long, Coinbhinsiún a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac an 7 Nollaig 2022

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(2), pointí (b) agus (c), de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Bealtaine 2022, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht ar choinbhinsiún maidir leis na héifeachtaí idirnáisiúnta a bhaineann le díol breithiúnach long. Tugadh an chaibidlíocht sin i gcrích go rathúil nuair a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe téacs Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis na hÉifeachtaí Idirnáisiúnta a ghabhann le Díolacháin Bhreithiúnacha Long (‘an Coinbhinsiún’) i Nua-Eabhrac an 7 Nollaig 2022.

(2)

Leis an gCoinbhinsiún neartaítear an creat dlíthiúil idirnáisiúnta atá ann cheana maidir le loingseoireacht agus cuireann sé le forbairt na gcaidreamh eacnamaíoch idirnáisiúnta comhchuí ar bhealach úsáideach. Is inmhianaithe, dá bhrí sin, an Coinbhinsiún a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir.

(3)

Forbraíonn an tAontas comhar breithiúnach sna hábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do bhreithiúnais agus do chinntí i gcásanna seachbhreithiúnacha. Sa chomhthéacs sin, ghlac reachtóir an Aontais, i measc Rialacháin eile, Rialacháin (AE) Uimh. 1215/2012 (1) agus (AE) 2020/1784 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Dá bhrí sin, tá inniúlacht eisiach ag an Aontas ar na hábhair a chumhdaítear leis na Rialacháin sin, agus ní thagann na hábhair eile a chumhdaítear leis an Choinbhinsiún faoin inniúlacht sin.

(4)

Le hAirteagal 18(1) den Choinbhinsiún, foráiltear maidir le hEagraíochtaí Réigiúnacha um Chomhtháthú Eacnamaíochta a bhfuil inniúlacht acu ar ábhair áirithe atá faoi rialú an Choinbhinsiúin maidir le díol breithiúnach long, go bhféadfaidh siad an Coinbhinsiún sin a shíniú, a ghlacadh, a fhormheas nó aontú leis.

(5)

Le hAirteagal 18(2) den Choinbhinsiún, foráiltear go ndéanfaidh Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíochta dearbhú ina sonrófar na hábhair atá faoi rialú an Choinbhinsiúin sin a bhfuil inniúlacht ina leith aistrithe ag a chuid Ballstát chuig an eagraíocht sin. Foráiltear le hAirteagal 20(1) den Choinbhinsiún go ndéanfar an dearbhú sin tráth an tsínithe, an daingnithe, an ghlactha, an fhormheasa nó an aontachais. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas an dearbhú sin a dhéanamh tráth shíniú an Choinbhinsiúin.

(6)

Ba cheart an Coinbhinsiún a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí, agus an Dearbhú atá i gceangal a fhaomhadh.

(7)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(8)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis na hÉifeachtaí Idirnáisiúnta a bhaineann le Díol Breithiúnach Long, a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrach an 7 Nollaig 2022, a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an Choinbhinsiún sin a thabhairt i gcrích (3).

Airteagal 2

Leis seo, déantar an Dearbhú atá i gceangal leis an gCinneadh seo a fhormheas thar ceann an Aontais. Nuair a shíneoidh an tAontas an Coinbhinsiún, déanfaidh sé an Dearbhú sin, i gcomhréir le hAirteagail 18(2) agus 20(1) agus (2) den Choinbhinsiún.

Airteagal 3

Leis seo, údaraítear Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Nollaig 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála (doiciméid a sheirbheáil) (IO L 405, 2.12.2020, lch. 40).

(3)  Foilseofar téacs an Choinbhinsiún in éineacht leis an gcinneadh tráth a thabhairt i gcrích.


DEARBHÚ FAOI AIRTEAGAL 18(2) DE CHOINBHINSIÚN BHÉISING MAIDIR LE DÍOL BREITHIÚNACH LONG A GHLAC COMHTHIONÓL GINEARÁLTA NA NÁISIÚN AONTAITHE AN 7 NOLLAIG 2022 I NUA-EABHRAC, ÁBHAIR AR AISTRIGH NA BALLSTÁIT A N-INNIÚLACHT INA LEITH CHUIG AN AONTAS EORPACH A BHAINEANN LE HINNIÚLACHT AN AONTAIS EORPAIGH AR NA HÁBHAIR SIN ATÁ FAOI RIALÚ AN CHOINBHINSIÚN SIN

Foráiltear le hAirteagal 18(1) de Choinbhinsiún Bhéising maidir le díol breithiúnach long (‘an Coinbhinsiún’) go bhféadfaidh Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíochta atá comhdhéanta de Stáit cheannasacha agus a bhfuil inniúlacht aici mairdi le hábhair áirithe a rialaítear leis an gCoinbhinsiún an Coinbhinsiún a shíniú. Foráiltear le hAirteagal 18(2) den Choinbhinsiún go bhfuil an Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíochta le dearbhú a dhéanamh ina sonrófar na hábhair a rialaítear leis an gCoinbhinsiún ar ina leith a d’aistrigh na Ballstáit inniúlacht chuig an eagraíocht sin. Tá cinneadh déanta ag an Aontas Eorpach an Coinbhinsiún a shíniú agus leis seo tá an dearbhú sin á dhéanamh aige.

A mhéid a d’fhéadfaidís difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna nó raon feidhme na ngníomhartha dlíthiúla dá dtagraítear i bpointí a agus b a athrú, is iad seo a leanas na hábhair atá faoi rialú ag forálacha an Choinbhinsiúin ar aistrigh Ballstáit an Aontais Eorpaigh inniúlacht ina leith agus a bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas Eorpach ina leith de réir bhrí Airteagal 3(2) CFAE:

(a)

Airteagal 9 den Choinbhinsiún (‘Dlínse chun díol breithiúnach a sheachaint agus a chur ar fionraí’) maidir leis na rialacha maidir le dlínse i Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála, (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1),agus

(b)

Airteagal 4 den Choinbhinsiún (‘Fógra faoi dhíol breithiúnach’) maidir leis na rialacha maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil in ábhair shibhialta nó thráchtála (doiciméid a sheirbheáil) i Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála, (IO L 405, 2.12.2020, lch. 40).

Inniúlacht an Aontais Eorpaigh, de bhun an Chonartha ar an Aontas Eorpach (CAE) agus an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is rud í, de bharr a cineáil, a d’fhéadfaí a fhorbairt go leanúnach. Faoi chuimsiú na gConarthaí, féadfaidh na hinstitiúidí inniúla cinntí a ghlacadh ina gcinnfear raon inniúlacht an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, coimeádann an tAontas Eorpach an ceart an dearbhú seo a leasú dá réir sin, gan aon leasú den sórt sin a bheith ina réamhriachtanas chun a inniúlacht a fheidhmiú i ndáil le hábhair atá faoi rialú an Choinbhinsiúin.

Sonraíonn an tAontas leis seo go mbeidh feidhm ag an gCoinbhinsiún, ó thaobh inniúlacht an Aontais de, maidir le críocha na mBallstát ina gcuirtear CAE agus CFAE i bhfeidhm de bhun Airteagal 52 CAE agus faoi na coinníollacha a leagtar síos, inter alia, in Airteagal 355 CFAE.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/414/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top