Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0394

    Cinneadh (AE) 2024/394 ón gComhairle an 16 Eanáir 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/869

    ST/13479/2023/INIT

    IO L, 2024/394, 24.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/394/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/394/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/394

    24.1.2024

    CINNEADH (AE) 2024/394 ÓN gCOMHAIRLE

    an 16 Eanáir 2024

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/869

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Cinneadh 98/416/CE ón gComhairle (1), d’aontaigh an tAontas an Comhaontú lena mbunaítear an Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (‘Comhaontú CGIM’). Chomh maith leis sin, is Páirtithe Conarthacha i gComhaontú CGIM iad an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Fhrainc, an Ghréig, an Iodáil, Málta, an Rómáin, an tSlóivéin agus an Spáinn.

    (2)

    Glacann an Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (‘CGIM’) bearta chun caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní iascaigh agus forbairt inbhuanaithe an dobharshaothraithe i Limistéar Chur i bhFeidhm CGIM a áirithiú. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh bearta mar sin chun bheith ina gceangal ar an Aontas.

    (3)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), déantar foráil go bhfuil an tAontas lena áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go ndéantar iad a bhainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus go gcuireann siad le hinfhaighteacht soláthairtí bia. Foráiltear leis freisin go bhfuil an tAontas le cur chuige an réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh, agus go mbeidh sé d’aidhm aige a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á mbuain a athbhunú agus a choinneáil ar leibhéil atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Ina theannta sin, foráiltear leis go bhfuil an tAontas le bearta bainistithe agus caomhnaithe a dhéanamh ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, tacú le forbairt an eolais eolaíoch agus na comhairle eolaíche, deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha agus modhanna iascaireachta a chur chun cinn a chuideoidh le hiascaireacht níos roghnaí a dhéanamh agus le gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, agus le hiascaireacht a bhfuil ísealtionchar aici ar an éiceachóras muirí agus ar acmhainní iascaigh. Ina theannta sin, foráiltear go sonrach le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go bhfuil an tAontas leis na cuspóirí agus na prionsabail sin a chur i bhfeidhm agus é i mbun a chuid caidreamh seachtrach iascaigh.

    (4)

    I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal EU biodiversity strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol], Forging a climate-resilient Europe – the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide] agus A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], tá sé ríthábhachtach an dúlra a chosaint agus díghrádú na n-éiceachóras a aisiompú. Maidir leis an athrú aeráide agus caillteanas na bithéagsúlachta, is gá nár bhaol a bheadh iontu d’infhaighteacht na n-earraí agus na seirbhísí a chuireann éiceachórais shláintiúla mhuirí ar fáil d’iascairí, do phobail chósta agus don chine daonna i gcoitinne.

    (5)

    Déantar tagairt sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘A European Strategy for Plastics in a Circular Economy [Straitéis Eorpach um Plaisteach i nGeilleagar Ciorclach] do bhearta sonracha chun plaistigh agus truailliú muirí chomh maith le cailleadh nó tréigean trealaimh iascaireachta ar muir a laghdú. Thairis sin, is é is aidhm don Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Pathway to a Healthy Planet for All – EU Action Plan: Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil [Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách – Plean Gníomhaíochta an Aontais um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú] laghdú 50 % a dhéanamh ar bhruscar plaisteach ar muir agus laghdú 30 % a dhéanamh ar mhicreaphlaistigh a scaoiltear sa chomhshaol.

    (6)

    Leagtar béim sa Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Setting the course for a sustainable blue planet [An bealach a réiteach do phláinéad inbhuanaithe gorm] ar a thábhachtaí atá cosaint agus caomhnú na bithéagsúlachta muirí faoi ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais. Is é an tAontas Eorpach an gníomhaí is suntasaí in Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (ERBInna) agus i gcomhlachtaí iascaigh ar fud an domhain. Sa cháil sin, cuireann an tAontas inbhuanaitheacht na stoc éisc chun cinn, cuireann sé cinnteoireacht thrédhearcach chun cinn atá bunaithe ar chomhairle eolaíoch fhónta, cuireann sé feabhas ar an taighde eolaíoch, agus neartaíonn sé an comhlíonadh.

    (7)

    Mar a luadh sna conclúidí ón gComhdháil Aireachta maidir le hInbhuanaitheacht Iascaigh na Meánmhara, a ghlac Dearbhú Aireachta Mhálta MedFish4Ever an 30 Márta 2017 agus ón gComhdháil Ardleibhéil maidir le hIascach agus Dobharshaothrú na Mara Duibhe, a ghlac Dearbhú Aireachta Shóifia an 7 Meitheamh 2018, tá ról lárnach i ngníomhaíocht an Aontais in CGIM ag cur chun cinn na mbeart chun tacú le bailiú sonraí agus meastóireacht eolaíoch agus iad sin a fheabhsú mar aon le bainistiú iascaigh bunaithe ar éiceachórais, cultúr comhlíontachta chun deireadh a chur le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, iascach agus dobharshaothrú ar mhionscála inbhuanaithe, dlúthpháirtíocht agus comhordú méadaithe.

    (8)

    Le Straitéis 2030 CGIM maidir le hiascach agus dobharshaothrú inbhuanaithe sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh, a glacadh in 2021, comhtháthaítear agus forbraítear a thuilleadh gealltanais agus tosaíochtaí na nDearbhuithe Aireachta a bhí ann roimhe seo agus, dírítear freisin ar ghníomhaíochtaí chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar dhúshláin mhéadaithe, amhail an t-athrú aeráide, speicis neamhdhúchasacha, truailliú de gach cineál agus an gá atá le hábhar muirí aischurtha agus gabhálacha de thaisme de speicis leochaileacha a laghdú agus a mhaolú.

    (9)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe CGIM a leagan síos don tréimhse 2024-2028, ós rud é go bhféadfaidh bearta caomhnaithe agus bainistithe CGIM a bheith ina gceangal ar an Aontas agus go bhféadfaidís tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, is iad sin Rialacháin, (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (3) agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (4), agus Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

    (10)

    Faoi láthair, is le Cinneadh (AE) 2019/869 ón gComhairle a bhunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe CGIM (6). Is iomchuí an Cinneadh sin a aisghairm agus Cinneadh nua lena gcumhdófaí tréimhse 2024-2028 a chur ina ionad.

    (11)

    I bhfianaise nádúr athraitheach na n-acmhainní iascaigh i Limistéar Chur i bhFeidhm CGIM, agus an ghá atá ann dá bharr go n-áireofar ar sheasamh an Aontais forbairtí nua, lena n-áirítear faisnéis eolaíoch nua agus faisnéis ábhartha eile a thíolactar roimh chruinnithe CGIM nó lena linn, ba cheart nósanna imeachta a bhunú, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis i measc institiúidí an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir leis an tsonraíocht ó bhliain go bliain maidir le seasamh an Aontais don tréimhse 2024-2028,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leagtar amach in Iarscríbhinn I seo an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM).

    Airteagal 2

    I gcomhréir le hIarscríbhinn II, seolfar an tsonraíocht ó bhliain go bliain maidir le seasamh an Aontais atá le glacadhi gcruinnithe CGIM.

    Airteagal 3

    Déanfaidh an Chomhairle seasamh an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a mheasúnú agus, i gcás inarb iomchuí, a athbhreithniú ar thogra a fháil ón gCoimisiún, roimh chruinniú bliantúil CGIM in 2029 ar a dhéanaí.

    Airteagal 4

    Leis seo, déantar Cinneadh (AE) 2019/869 a aisghairm.

    Airteagal 5

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Eanáir 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    V. VAN PETEGHEM


    (1)  Cinneadh 98/416/CE ón gComhairle an 16 Meitheamh 1998 maidir le haontachas an Chomhphobail Eorpaigh don Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (IO L 190, 4.7.1998, lch. 34).

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).

    (6)  Cinneadh (AE) 2019/869 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2019 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM), agus lena n-aisghairtear Cinneadh an 19 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, in CGIM (IO L 140, 28.5.2019, lch. 84).


    IARSCRÍBHINN I

    An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM)

    1.   PRIONSABAIL

    Faoi chuimsiú CGIM, déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

    (a)

    a áirithiú go bhfuil na bearta a ghlacfar sa CGIM comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta, agus go háirithe le Coinbhinsiún 1982 de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, le Comhaontú 1995 na Náisiún Aontaithe i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mórimirceach, le Comhaontú den Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta 1993 chun comhlíontacht bád iascaireachta ar an mórmhuir i dtaca le bearta idirnáisiúnta caomhantais agus bainistíochta a chur chun cinn, agus le Comhaontú 2009 den Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta ar Bhearta Stát an Chalafoirt;

    (b)

    díriú ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí agus na ngealltanas a leagtar amach i nDearbhú Aireachta MedFish4Ever a síníodh i Málta an 30 Márta 2017 agus i nDearbhú Aireachta Shóifia a síníodh an 7 Meitheamh 2018, gníomhaíochtaí agus gealltanais atá beartaithe go háirithe chun bailiú sonraí agus meastóireacht eolaíoch a fheabhsú, creat bainistithe iascaigh bunaithe ar éiceachóras a bhunú, cultúr comhlíontachta a fhorbairt agus deireadh a chur le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, tacú le hiascaigh agus dobharshaothrú ar mhionscála inbhuanaithe agus dlúthpháirtíocht agus comhordú níos mó a áirithiú sa Mheánmhuir;

    (c)

    cuspóirí an Chomhaontaithe a chur chun cinn faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige i dtaca le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta agus ag an 15ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, go háirithe a mhéid a bhaineann le cosaint na bithéagsúlachta muirí agus cosaint 30 % d’aigéin an domhain a threisiú trí limistéir mhuirí faoi chosaint;

    (d)

    rannchuidiú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an mBithéagsúlacht – an gá atá le gníomhaíocht phráinneach, leis na Conclúidí ón gComhairle an 10 Meitheamh 2021 maidir le hEoraip aeráid-díonach a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, go háirithe maidir le cosaint an dúlra, agus leis na Conclúidí ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, agus le hEoraip níos láidre sa Domhan;

    (e)

    gníomhú i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail atá á saothrú ag an Aontas laistigh den chomhbheartas iascaigh, go sonrach tríd an gcur chuige réamhchúraim agus na haidhmeanna a bhaineann leis an uastáirgeacht inbhuanaithe mar a leagtar síos in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, chun cur chun feidhme cur chuige i leith bainistiú iascaigh atá bunaithe ar an éiceachóras a chur chun cinn, chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a íoslaghdú a mhéid is féidir agus chun deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha, agus chun tionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachórais mhuirí agus ar a ngnáthóga a íoslaghdú agus, chomh maith leis sin, trí iascaigh de chuid an Aontais atá inmharthana agus iomaíoch ó thaobh an gheilleagair de a chur chun cinn, caighdeán cothrom maireachtála a chur ar fáil do na daoine a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, agus leasanna na dtomhaltóirí á gcur san áireamh;

    (f)

    a bheith i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle an 19 Márta 2012 maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le gné sheachtrach an chomhbheartais iascaigh;

    (g)

    a bheith i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle an 13 Nollaig 2022 maidir leis an maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na n-Aigéan maidir le haigéin agus farraigí atá sábháilte, slán, agus sláintiúil agus a ndéantar bainistiú inbhuanaithe orthu i ndáil le caomhnú na bithéagsúlachta muirí;

    (h)

    oibriú ar son rannpháirtíocht iomchuí na bpáirtithe leasmhara le linn chéim ullmhúcháin bhearta CGIM agus a áirithiú go mbeidh na bearta a ghlacfar sa CGIM i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú CGIM;

    (i)

    seasaimh atá comhsheasmhach le dea-chleachtais eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) a chur chun cinn;

    (j)

    comhsheasmhacht agus sineirge a lorg leis an mbeartas atá á shaothrú ag an Aontas mar chuid dá chaidreamh déthaobhach iascaigh le tríú tíortha, agus comhleanúnachas lena bheartais eile a áirithiú, go háirithe i réimse an chaidrimh sheachtraigh, na fostaíochta, an chomhshaoil, na trádála, na forbartha, an taighde agus na nuálaíochta;

    (k)

    díriú ar chothrom iomaíochta a chruthú do chabhlach an Aontais laistigh de Limistéar Chur i bhFeidhm CGIM, bunaithe ar na prionsabail agus na caighdeáin chéanna is infheidhme faoi Dhlí an Aontais, agus cur chun feidhme aonfhoirmeach na bprionsabal agus na gcaighdeán sin a chur chun cinn;

    (l)

    comhordú idir CGIM, ERBInna eile atá ann cheana agus coinbhinsiúin maidir le farraigí réigiúnacha agus comhar le heagraíochtaí domhanda laistigh dá sainorduithe, de réir mar is infheidhme, a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí;

    (m)

    sásraí comhair a chur chun cinn i measc ERBInna nach ERBInna tuinnín iad ar nós an phróisis dá ngairtear ‘Kobe’ le haghaidh ERBInna tuinnín.

    2.   TREOIRLÍNTE

    I gcás inarb iomchuí, féachfaidh an tAontas le tacú le glacadh na ngníomhaíochtaí seo a leanas in CGIM i gcomhréir lena Straitéis 2030:

    (a)

    bearta chun caomhnú agus athbhunú na bithéagsúlachta, agus inbhuanaitheacht na stoc, a chur chun cinn, agus breithnithe i dtaca leis an athrú aeráide agus speiceas neamhdhúchasach a chuimsiú sa phróiseas cinnteoireachta, lena n-áirítear trí bhearta leormhaithe maolaithe agus oiriúnaithe a chuimsiú i bpleananna bainistithe;

    (b)

    bearta caomhnaithe agus bainistithe le haghaidh acmhainní iascaigh i Limistéar Chur i bhFeidhm CGIM bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, lena n-áirítear gabhálacha iomlána incheadaithe agus cuótaí nó rialáil ar an iarracht in iascaigh ina mbuantar beo-acmhainní bitheolaíocha na mara arna rialú ag CGIM, lena mbainfí amach an uastáirgeacht inbhuanaithe. I gcás inar gá, áireofar sna bearta caomhnaithe agus bainistíochta sin bearta sonracha le haghaidh stoic atá thíos leis an ró-iascaireacht chun an iarracht agus acmhainneacht iascaireachta a choinneáil i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil; i bhfianaise Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, más rud é go nglacfar pleananna ilbhliantúla ar leibhéal an Aontais maidir le stoic áirithe nó grúpa stoc sa Mheánmhuir, ba cheart iad sin a chur san áireamh i gcás ina mbaineann siad le cur chun feidhme an chuspóra i dtaca le huastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach, mar a leagtar síos in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

    (c)

    bearta chun bailiú sonraí, taighde eolaíoch agus cinntí bainistíochta atá bunaithe ar an eolaíocht a chur chun, a choiste um chomhlíonadh a neartú, cultúr comhlíonta a chur chun cinn agus athbhreithnithe feidhmíochta neamhspleácha tréimhsiúla a dhéanamh; mar aon le comhar níos fearr idir an tionscal agus na heolaithe a chur chun cinn;

    (d)

    bearta chun gníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) i Limistéar Chur i bhFeidhm CGIM a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena n-áirítear liostú soithí NNN agus trasliostú soithí NNN le ERBInna eile, i gcomhréir le Plean Réigiúnach Gníomhaíochta CGIM chun iascaireacht NNN a chomhrac, agus bearta chun inrianaitheacht iasc agus táirgí iascaigh a chur chun cinn bunaithe ar na Treoirlínte Deonacha maidir le Scéimeanna Doiciméadaithe um Ghabháil;

    (e)

    bearta faireacháin, rialaithe agus faireachais i Limistéar Chur i bhFeidhm CGIM, i gcomhréir le Plean Réigiúnach Gníomhaíochta CGIM chun iascaireacht NNN a chomhrac, arb é is aidhm dóibh iascaireacht NNN a dhíothú trí neartú na comhlíontachta agus an fhorfheidhmithe faoi chuimsiú CGIM;

    (f)

    bearta a chur chun cinn arb é is aidhm dóibh cothrom iomaíochta a bheith ann d’oibreoirí an Aontais maidir le hoibreoirí tríú tíortha ar leibhéal CGIM, a mhéid a bhaineann leis na rialacha nua rialála a chuirfear chun feidhme faoi chóras athbhreithnithe rialaithe iascaigh an Aontais, mar shampla cianfhaireachán leictreonach agus cianrialú ar iascaigh mhionscála agus áineasa;

    (g)

    bearta chun an tionchar diúltach a bhíonn ag gníomhaíochtaí iascaireachta agus an dobharshaothrú ar an mbithéagsúlacht mhuirí agus ar na héiceachórais mhuirí agus ar a ngnáthóga a íoslaghdú, lena n-áirítear bearta cosanta le haghaidh éiceachórais leochaileacha mhuirí agus gnáthóga éisc riachtanacha i Limistéar Chur i bhFeidhm CGIM i gcomhréir le Comhaontú CGIM agus le Treoirlínte Idirnáisiúnta na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Bainistiú Iascach Domhainfharraige ar an Mórmhuir, bearta chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, go háirithe speicis leochaileacha mhuirí, agus chun deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha;

    (h)

    bearta chun truailliú muirí a laghdú, sceitheadh plaisteach ar muir a chosc agus an tionchar a bhíonn ag plaistigh ar muir ar an mbithéagsúlacht mhuirí agus ar na héiceachórais a laghdú, lena n-áirítear bearta chun tionchar an trealaimh iascaireachta tréigthe, caillte nó diúscartha ar bhealach eile san aigéan a laghdú agus chun sainaithint agus aisghabháil trealaimh mar sin a éascú bunaithe ar Threoirlínte Deonacha na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Trealamh Iascaireachta a Mharcáil;

    (i)

    bearta arb é is aidhm dóibh toirmeasc a chur ar an iascach a fheidhmíonn chun eití siorca a bhuain agus lena gceanglaítear go ndéanfar gach siorc a thabhairt i dtír agus na heití ar fad air ó nádúr;

    (j)

    gníomhaíochtaí lena gcuirtear forbairt an dobharshaothraithe inbhuanaithe chun cinn i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais;

    (k)

    i gcás inarb iomchuí agus a mhéid a cheadaítear faoi na doiciméid chomhábhartha, moltaí lena spreagtar cur chun feidhme Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair san Iascaireacht;

    (l)

    cur chuige coiteann le ERBInna eile, i gcás inarb iomchuí, go háirithe le ERBInna a bhfuil baint acu le bainistiú iascaigh in aon réigiún leis;

    (m)

    bearta teicniúla breise bunaithe ar chomhairle ó fhochuideachtaí agus ó mheithleacha de chuid CGIM;

    (n)

    bearta i gcomhréir le gealltanais an Dearbhaithe Airí MedFish4Ever agus Dhearbhú Airí Shóifia.

    (o)

    bearta atá comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus maidir le rannchuidiú le hinfhaighteacht soláthairtí bia.


    IARSCRÍBHINN II

    Sonraíocht ó bhliain go bliain maidir le seasamh an Aontais atá le glacadh i gcruinnithe den Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM)

    Roimh gach cruinniú de CGIM, nuair a iarrfar ar an gcomhlacht sin cinntí a ghlacadh a bhfuil éifeacht dhlíthiúil leo ar an Aontas, déanfar na bearta is gá ionas go mbeidh an fhaisnéis eolaíoch is déanaí agus aon fhaisnéis ábhartha eile a chuirtear chuig an gCoimisiún á gcur san áireamh sa seasamh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais, i gcomhréir leis na prionsabail agus na treoirlínte a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

    Chuige sin, agus bunaithe ar an bhfaisnéis sin, tarchuirfidh an Coimisiún chuig an gComhairle, nó chuig a comhlachtaí ullmhúcháin, in am trátha roimh gach cruinniú de CGIM, doiciméad i scríbhinn ina leagfar amach sonraí na sonraíochta atá beartaithe a phlé agus a fhormhuiniú maidir le seasamh an Aontais i dtaca le sonraí an tseasaimh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais.

    Más rud é, le linn chruinniú de chuid CGIM, nach féidir teacht ar chomhaontú, lena n-áirítear comhaontú ar an láthair, chun go gcuirfear gnéithe nua san áireamh i seasamh an Aontais, déanfar an t-ábhar a chur chuig an gComhairle nó chuig a comhlachtaí ullmhúcháin.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/394/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top