EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0385

Cinneadh (CBES) 2024/385 ón gComhairle an 19 Eanáir 2024 lena mbunaítear bearta sriantacha ina gcoinne siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne, nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin

ST/5273/2024/INIT

IO L, 2024/385, 19.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/385/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 28/06/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/385/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/385

19.1.2024

CINNEADH (CBES) 2024/385 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Eanáir 2024

lena mbunaítear bearta sriantacha ina gcoinne iad siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne, nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 21 Meán Fómhair 2001, dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach gur fíordhúshlán don domhan agus don Eoraip í an sceimhlitheoireacht agus chinn sí go mbeadh comhrac na sceimhlitheoireachta ina phríomhchuspóir ag an Aontas. An 19 Deireadh Fómhair 2001, dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go raibh sí meáite ar gach cineál sceimhlitheoireachta a chomhrac ar fud an domhain agus go leanfadh sí dá hiarrachtaí comhghuaillíocht an chomhphobail idirnáisiúnta a neartú chun gach cineál sceimhlitheoireachta a chomhrac.

(2)

An 27 Nollaig 2001, ghlac an Chomhairle Comhsheasamh 2001/931/CBES (1), lena gcuirtear chun feidhme Rún 1373(2001) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe lena leagtar amach straitéisí fadréimseacha chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus go háirithe maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac. Le Comhsheasamh 2001/931/CBES, déantar foráil maidir le cistí agus sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile daoine, grúpaí agus eintiteas a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis a reo, agus foráiltear leis nach gcuirtear cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha nó seirbhísí airgeadais nó seirbhísí gaolmhara eile ar fáil, go díreach nó go hindíreach, chun leasa na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

(3)

Ón 27 Nollaig 2001 i leith, san Iarscríbhinn a ghabhann le Comhsheasamh 2001/931/CBES áiríodh Hamas-Izz al-Din al-Qassem (eite sceimhlitheoireachta Hamas) agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne (‘PIJ’) mar ghrúpaí sceimhlitheoireachta. An 12 Meán Fómhair 2003, ghlac an Chomhairle Comhsheasamh 2003/651/CBES (2) lena ndéantar nuashonrú ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Comhsheasamh 2001/931/CBES agus cuireadh Hamas (lena n-áirítear Hamas-Izz al-Din al-Qassem) (‘Hamas’) in ionad na n-iontrála do Hamas-Izz al-Din al-Qassem (eite sceimhlitheoireachta Hamas) ar liosta na ngrúpaí agus na n-eintiteas a bhfuil baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta.

(4)

Rinneadh athbhreithniú roinnt uaireanta ar liostú Hamas agus PIJ de bhun Airteagal 1(6) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES, agus tá na bearta sriantacha is infheidhme maidir leo fós i bhfeidhm.

(5)

Cuireann an tAontas cúnamh airgeadais ar fáil don fhorbairt, lena n-áirítear cláir thacaíochta do phobal na Palaistíne, d’Údarás na Palaistíne agus do Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le Dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear. Tá athbhreithniú déanta ag an gCoimisiún ar an gcúnamh airgeadais leanúnach a bhíonn á dtabhairt aige, agus is léir uaidh sin go n-oibríonn na rialuithe agus na coimircí atá ag an gCoimisiún cheana go maith agus nach maoinítear le cistí an Aontas, go díreach nó go hindíreach, aon eagraíocht sceimhlitheoireachta.

(6)

An 7 Deireadh Fómhair 2023, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ráiteas thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir leis na hionsaithe ar Iosrael, inar cáineadh go neamhbhalbh Hamas as na hionsaithe brúidiúla sceimhlitheoireachta atá déanta gan idirdhealú aige ó cheann ceann Iosrael agus inar cuireadh in iúl gur cúis mhór bhróin é gur cailleadh daoine.

(7)

Sna conclúidí uaithi an 26 agus an 27 Deireadh Fómhair 2023, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go gcáineann sí go neamhbhalbh Hamas as na hionsaithe brúidiúla sceimhlitheoireachta atá déanta gan idirdhealú aige ó cheann ceann Iosrael.

(8)

Is bagairt iad Hamas agus PIJ ar an tsíocháin agus ar an tslándáil idirnáisiúnta, lena n-áirítear tríd an mbonn a bhaint de chobhsaíocht nó de shlándáil Iosrael laistigh dá theorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, dá dtagraítear sna conclúidí ón gComhairle an 10 Nollaig 2012 maidir le Próiseas Síochána an Mheánoirthir, nó trí bhagairt a chur ar an méid sin. Is sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus ar an dlí um chearta an duine gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas agus PIJ.

(9)

I bhfianaise a thromchúisí atá na hionsaithe a rinneadh le déanaí ar Iosrael agus an ghá atá le gníomhartha a chuireann an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta i mbaol a chomhrac, is iomchuí bearta sriantacha a bhunú i gcoinne iad siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas agus PIJ, nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Chinneadh seo. Tagann na bearta sriantacha sin faoi chuspóirí chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21(2), pointí (b) agus (c), den Chonradh ar an Aontas Eorpach iad.

(10)

Tá gá le gníomhaíocht bhreise ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó chun idirthuras trína gcríocha, a chosc i leith na ndaoine nádúrtha seo a leanas:

(a)

daoine a thugann tacaíocht, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, do Hamas, Jiohád Ioslamach na Palaistíne (‘PIJ’), aon ghrúpa cleamhnaithe eile nó aon chill, cleamhnaí, foghrúpaí nó díorthach díobh;

(b)

daoine a bhíonn rannpháirteach i maoiniú Hamas, PIJ, aon ghrúpa cleamhnaithe eile nó aon chill, cleamhnaí, foghrúpa nó díorthaigh díobh, nó i maoiniú gníomhartha nó gníomhaíochtaí a dhéanann siad, a dhéantar i gcomhar leo, ina n-ainm, thar a gceann nó mar thaca leo;

(c)

daoine a bhíonn rannpháirteach i bpleanáil, ullmhú nó éascú gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas, PIJ, aon ghrúpa cleamhnaithe eile nó aon chill, cleamhnaí, foghrúpaí nó díorthach díobh, nó a dhéantar i gcomhar leo, ina n-ainm, thar a gceann nó mar thaca leo;

(d)

daoine a sholáthraíonn airm agus ábhair ghaolmhara do Hamas, PIJ, d’aon ghrúpa cleamhnaithe eile nó d’aon chill, cleamhnaí, foghrúpa, nó díorthach díobh, nó a dhíolann na nithe sin leo nó a aistríonn na nithe sin chucu;

(e)

daoine a thugann tacaíocht, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, do ghníomhaíochtaí, nó a chuireann gníomhaíochtaí chun feidhme lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht nó slándáil Iosrael, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, i gcomhar le Hamas, PIJ, aon ghrúpa cleamhnaithe eile nó le haon chill, cleamhnaí, foghrúpa nó díorthach díobh, nó a dhéantar ina n-ainm nó thar a gceann;

(f)

daoine a bhíonn bainteach nó comhpháirteach i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta nó ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine a dhéanamh nó a ordú, thar ceann nó in ainm Hamas, PIJ, aon ghrúpa cleamhnaithe, eile nó aon chill, cleamhnaí, foghrúpa nó díorthaigh díobh;

(g)

daoine a dhéanann gríosú nó a thugann spreagadh go poiblí i leith gníomhartha foréigin thromchúisigh a dhéanann Hamas, PIJ, aon ghrúpa cleamhnaithe eile nó aon chill, cleamhnaí, foghrúpa nó díorthach díobh, nó a dhéantar i gcomhar leo, ina n-ainm, thar a gceann nó mar thaca leo;

(h)

daoine a thugann tacaíocht do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, do ghrúpaí, d’eintitis nó do chomhlachtaí a atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (g);

mar a liostaítear san Iarscríbhinn.

2.   Le mír 1, ní chuirfear d’oibleagáid ar Bhallstát cead isteach ar a chríoch féin a dhiúltú dá náisiúnaigh féin.

3.   I gcás ina mbeidh Ballstát faoi cheangal ag oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta, beidh mír 1 gan dochar don chás sin, eadhon:

(a)

mar thír óstach eagraíochta idir-rialtasaí idirnáisiúnta;

(b)

mar thír óstach ar chomhdháil idirnáisiúnta a bheidh á tionól ag na Náisiúin Aontaithe nó faoina gcoimirce;

(c)

faoi chomhaontú iltaobhach lena dtugtar pribhléidí agus díolúintí; nó

(d)

de bhun Chonradh Idir-réitigh 1929 (Comhaontú na Lataráine) a tugadh i gcrích idir an Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine) agus an Iodáil.

4.   Beidh feidhm ag mír 3 freisin i gcásanna ina bhfuil an Ballstát ina thír óstach de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE).

5.   Cuirfear an Chomhairle ar an eolas go cuí faoi gach cás ina dtugann an Ballstát díolúine de bhun mhír 3 nó 4.

6.   Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ó na bearta a forchuireadh a dheonú faoi mhír 1 i gcás ina mbeidh údar leis an taisteal ar fhorais an riachtanais dhaonnachtúil phráinnigh, nó ar fhorais go bhfuiltear ag freastal ar chruinnithe idir-rialtasacha nó ar chruinnithe atá á gcur chun cinn ag an Aontas nó á n-óstáil aige, nó atá á n-óstáil ag Ballstát atá ina Chathaoirleach ar oifig ESCE, i gcás ina reáchtáiltear idirphlé polaitiúil a chuireann cuspóirí beartais na mbeart sriantach chun cinn go díreach.

7.   Féadfaidh na Ballstáit díolúintí a dheonú ó na bearta a forchuireadh faoi mhír 1 más amhlaidh go bhfuil gá le teacht isteach nó le hidirthuras chun próiseas breithiúnach a chomhlíonadh.

8.   Tabharfaidh aon Bhallstát ar mian leis díolúintí a dheonú dá dtagraítear i mír 6 nó 7 fógra don Chomhairle i scríbhinn ina leith. Measfar an díolúine sin a bheith deonaithe mura ndéanfaidh comhalta amháin nó níos mó de chomhaltaí na Comhairle agóid i scríbhinn laistigh de 2 lá oibre tar éis fógra a fháil faoin díolúine atá beartaithe. Má dhéanann comhalta amháin nó níos mó de chomhaltaí na Comhairle agóid, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh an díolúine atá beartaithe a dheonú.

9.   I gcás, de bhun mhír 3, 4, 6, 7 nó 8, ina n-údaraíonn Ballstát teacht isteach ina gcríocha, nó idirthuras trína gcríocha do dhaoine nádúrtha a liostaítear san Iarscríbhinn, beidh an t-údarú teoranta go docht don chuspóir ar chuige sin a dtugtar é agus do na daoine nádúrtha lena mbaineann sin go díreach.

Airteagal 2

1.   Gach ciste, sócmhainn airgeadais agus acmhainn eacnamaíoch eile, atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí, eintitis agus comhlachtaí:

(a)

a thugann tacaíocht, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, do Hamas, PIJ, d’aon ghrúpa cleamhnaithe eile nó d’aon chill, cleamhnaí, foghrúpa nó díorthach díobh;

(b)

a bhíonn rannpháirteach i maoiniú Hamas, PIJ, aon ghrúpa chleamhnaithe nó aon ghrúpa cleamhnaithe nó aon chill, cleamhnaí, foghrúpa nó díorthaigh díobh, nó i maoiniú gníomhartha nó gníomhaíochtaí a dhéanann siad, nó a dhéantar i gcomhar leo, ina n-ainm, thar a gceann nó mar thaca leo;

(c)

a bhíonn rannpháirteach i bpleanáil, ullmhú nó éascú gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas, PIJ, aon ghrúpa cleamhnaithe eile nó aon chill, cleamhnaí, foghrúpaí nó díorthach díobh, nó a dhéantar i gcomhar leo, ina n-ainm, thar a gceann nó a dhéantar mar thaca leo;

(d)

a dhéanann airm agus ábhair ghaolmhara a sholáthar, a dhíol nó a aistriú chuig Hamas, PIJ, aon ghrúpa cleamhnaithe eile nó chuig aon chill, cleamhnaí, foghrúpa, nó díorthach díobh;

(e)

a thugann tacaíocht, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, do ghníomhaíochtaí, nó a chuireann gníomhaíochtaí chun feidhme, lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht nó slándáil Iosrael, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, ar gníomhaíochtaí iad a dhéantar mar thaca le Hamas, PIJ, aon ghrúpa cleamhnaithe eile nó aon chill, cleamhnaí, foghrúpa nó díorthach díobh, nó a dhéantar i gcomhar leo, ina n-ainm nó thar a gceann;

(f)

a bhíonn bainteach nó comhpháirteach i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta nó ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine a dhéanamh nó a ordú, thar ceann nó in ainm Hamas, PIJ, aon ghrúpa cleamhnaithe eile, nó aon chill, cleamhnaí, foghrúpa nó díorthaigh díobh;

(g)

a dhéanann gríosú nó a thugann spreagadh go poiblí i leith gníomhartha foréigin thromchúisigh a dhéanann Hamas, PIJ, aon ghrúpa cleamhnaithe eile nó aon chill, cleamhnaí, foghrúpa nó díorthach díobh, nó a dhéantar i gcomhar leo, ina n-ainm, thar a gceann nó mar thaca leo;

(h)

a thugann tacaíocht do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, do ghrúpaí, d’eintitis nó do chomhlachtaí atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (g);

mar a liostaítear san Iarscríbhinn iad, déanfar iad a reo.

2.   Ní chuirfear aon chistí, aon sócmhainní airgeadais ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, do ghrúpaí, d’eintitis ná do chomhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn, ná ní chuirfear chun sochair dóibh iad.

3.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

(a)

go bhfuil gá leo chun bunriachtanais na ndaoine a liostaítear san Iarscríbhinn a chomhlíonadh agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

(b)

gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc agus costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c)

gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

(d)

go bhfuil ga leo le haghaidh costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil lena mbaineann d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais ar a measann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú, 2 sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó

(e)

go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta a bhfuil díolúintí aici i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta nó ó chuntas den sórt sin, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údaruithe arna ndeonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú sin.

4.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an grúpa, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 a liostú san Iarscríbhinn, faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá infhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

(b)

ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear leis an gcinneadh sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

(c)

ní chun sochair duine nádúrtha ná dlítheanach, grúpa, eintitis ná comhlachta a liostaítear san Iarscríbhinn atá an cinneadh; agus

(d)

níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údaruithe arna ndeonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú sin.

5.   Le mír 1, ní chuirfear cosc ar dhuine nádúrtha nó dlítheanacha, ar ghrúpa, ar eintiteas nó ar chomhlacht ainmnithe íocaíocht a dhéanamh atá dlite faoi chonradh a rinneadh sular liostaíodh duine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpa, eintiteas nó comhlacht den sórt sin, ar choinníoll gur chinn an Ballstát lena mbaineann nach bhfaighidh duine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpa, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht go díreach ná go hindíreach.

6.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le breiseanna mar a leanas arna gcur le cuntais reoite:

(a)

ús nó tuilleamh eile ar na cuntais sin, ar choinníoll go bhfanfaidh an t-ús nó an tuilleamh eile sin faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i mír 1;

(b)

íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a tháinig na cuntais sin le bheith faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2 ar choinníoll go bhfanfaidh na híocaíochtaí sin faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i mír 1; nó

(c)

íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána arna ndéanamh san Aontas nó is infhorghníomhaithe sa Bhallstát lena mbaineann, ar choinníoll go bhfanfaidh na híocaíochtaí sin faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i mír 1.

7.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a chur ar fáil, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a chur ar fáil, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an cúnamh agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, mar aon lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;

(e)

eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí ar dheonaigh an tAontas Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla dóibh nó atá deimhnithe nó aitheanta ag Ballstát i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta;

(f)

sainghníomhaireachtaí na mBallstát; nó

(g)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid a ghníomhaíonn siad sna cáileanna sin.

8.   Gan dochar do mhír 7, agus de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine.

9.   Mura ndéanann an t-údarás inniúil cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 8, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo laistigh de 4 seachtaine ón údarú.

Airteagal 3

1.   Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil, ar thogra ó Bhallstát nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’), an liosta san Iarscríbhinn a bhunú agus a leasú.

2.   Déanfaidh an Chomhairle an cinneadh de bhun mhír 1, lena n-áirítear ráiteas ar chúiseanna, a chur in iúl go díreach don duine nádúrtha nó dlítheanach, don ghrúpa, don eintiteas nó don chomhlacht lena mbaineann, más eol an seoladh, nó trí fhógra a fhoilsiú, rud a thabharfaidh deis don duine nádúrtha nó dlítheanach, don ghrúpa, don eintiteas agus don chomhlacht sin barúlacha a chur i láthair.

3.   I gcás ina gcuirfear barúlacha isteach, nó ina gcuirfear fianaise nua shubstaintiúil i láthair, athbhreithneoidh an Chomhairle an cinneadh de bhun mhír 1 agus cuirfidh sí an duine nádúrtha nó dlítheanach, an grúpa, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 4

1.   Beidh san Iarscríbhinn na forais atá le daoine nádúrtha agus dlítheanacha, grúpaí, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 a liostú.

2.   Beidh san Iarscríbhinn, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí, eintitis nó comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, grúpaí, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh ainmneacha; áit chlárúcháin agus dáta clárúcháin; uimhir chlárúcháin; agus áit ghnó.

Airteagal 5

1.   Féadfaidh an Chomhairle agus an tArdionadaí sonraí pearsanta a phróiseáil chun a gcúraimí faoin gCinneadh seo a thabhairt i gcrích, go háirithe:

(a)

a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú agus a dhéanamh;

(b)

a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú.

2.   Maidir le sonraí ábhartha a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe, le ciontuithe coiriúla nó le bearta slándála a bhaineann leis na daoine sin, ní fhéadfaidh an Chomhairle ná an tArdionadaí iad a phróiseáil, i gcás inarb infheidhme, ach amháin a mhéid is gá an phróiseáil sin chun an Iarscríbhinn a ullmhú.

3.   Chun críocha an Chinnidh seo, ainmnítear an Chomhairle agus an tArdionadaí mar ‘rialaitheoirí’ de réir bhrí Airteagal 3, pointe 8, de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoin Rialachán sin.

Airteagal 6

1.   Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh difear dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin gCinneadh seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh mar sin, mar shampla éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí, eintitis nó comhlachtaí arna n-ainmniú, a liostaítear san Iarscríbhinn;

(b)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, grúpaí, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na ngrúpaí, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).

2.   In aon imeacht chun éileamh a fhorfheidhmiú, is faoin duine nádúrtha nó dlítheanach, faoin ngrúpa, faoin eintiteas nó faoin gcomhlacht atá ag iarraidh an t-éileamh sin a fhorfheidhmiú, a bheidh sé a chruthú nach dtoirmeasctar an t-éileamh a shásamh le mír 1.

3.   Tá an tAirteagal seo gan dochar don cheart atá ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na grúpaí, na heintitis agus ag na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 chun athbhreithniú breithiúnach ar dhlíthiúlacht neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha i gcomhréir leis an gCinneadh seo.

Airteagal 7

Cuirfear toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach nó d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh teacht timpeall ar na toirmisc a leagtar amach sa Chinneadh seo.

Airteagal 8

Chun tionchar na mbeart a leagtar amach sa Chinneadh seo a uasmhéadú, spreagfaidh an tAontas tríú Stáit chun bearta sriantacha a ghlacadh cosúil leis na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo.

Airteagal 9

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 20 Eanáir 2025.

Déanfar athbhreithniú leanúnach ar an gCinneadh seo. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.

Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(7), (8) agus (9) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 2(1) agus 2(2) a athbhreithniú go tráthrialta agus ar a laghad gach 12 mhí nó, tar éis d’athrú ó bhonn a theacht ar na himthosca, ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón gCoimisiún.

Airteagal 10

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Eanáir 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)  Comhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lch. 93).

(2)  Comhsheasamh 2003/651/CBES ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2003 lena nuashonraítear Comhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2003/482/CBES (IO L 229, 13.9.2003. lch. 42).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Liosta na ndaoine, na ngrúpaí, na ngnóthas agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2

A.   Daoine nádúrtha

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar chúiseanna

Dáta an liostaithe

1.

Abdelbasit Elhassan Mohamed Khair HAMZA

Dáta breithe: 28.8.1955

Áit bhreithe: an tSúdáin

Náisiúntacht: Súdánach

Uimhir an phas: 10100159792 (an tSúdáin)

Inscne: fireann

Is maoinitheoir Hamas atá lonnaithe sa tSúdáin é Abdelbasit Hamza Elhassan Mohamed Khair (Hamza) a bhainistíonn cuideachtaí i bpunann infheistíochta Hamas. Chuir Hamza cistí ar fáil do Hamas trí líonra cuideachtaí, lena n-áirítear, go háirithe, Al Rowad Real Estate Development agus Al Zawaya Group for Development and Investment. Ar an gcaoi sin, bíonn Abdelbasit Hamza rannpháirteach i maoiniú Hamas.

19.1.2024

2.

Nabil Khaled Halil CHOUMAN

Dáta breithe: 1954

Áit bhreithe: an Liobáin

Náisiúntacht: Liobánach

Inscne: fireann

Feidhm: Bunaitheoir agus scairshealbhóir Chouman (Shuman) Group / Shuman for Currency Exchange SARL

Is é Nabil Chouman úinéir an Shuman for Currency Exchange SARL, atá bunaithe i mBéiriút sa Liobáin, a úsáideadh chun airgead a sciúradh agus a aistriú chuig Hamas, lena n-áirítear ón Iaráin. Meastar go bhfuil an méid airgid a aistríodh chuig Hamas tríd an Shuman for Currency Exchange SARL sna deicheanna milliún USD. Ar an gcaoi sin, bíonn Nabil Chouman rannpháirteach i maoiniú Hamas.

19.1.2024

3.

Khaled CHOUMAN

ar a dtugtar freisin

Khaled SHUMAN

Dáta breithe: 2.4.1987

Áit bhreithe: an Liobáin

Náisiúntacht: Liobánach

Inscne: fireann

Feidhm: Malartóir airgid ag Chouman (Shuman) Group / Shuman for Currency Exchange SARL

Oibríonn Khaled Chouman mar malartóir airgid don Shuman for Currency Exchange SARL, cuideachta atá faoi úinéireacht a athar agus atá lonnaithe i mBéirut, an Liobáin. Úsáideadh an chuideachta chun airgead a sciúradh agus a aistriú chuig Hamas, lena n-áirítear ón Iaráin. Meastar go bhfuil an méid airgid a aistríodh chuig Hamas tríd an Shuman for Currency Exchange SARL sna deicheanna milliún USD. Ar an gcaoi sin, bíonn Khaled Chouman rannpháirteach i maoiniú Hamas.

19.1.2024

4.

Rida Ali KHAMIS

(رضا علي خميس)

ar a dtugtar freisin

Reda Ali KHAMIS

Dáta breithe: 2.9.1967

Náisiúntacht: Liobánach

Pasuimhir nó uimhir aitheantais: 3194104 (an Liobáin)

Inscne: fireann

Feidhm: comhpháirtí gnó Chouman for Currency Exchange SARL

Bíonn Rida Al Khamis bainteach le malartóirí airgid lena n-éascaítear airgead a sciúradh agus a aistriú chuig Hamas, go háirithe tríd na cuideachtaí Shuman for Currency Exchange SARL agus Al-Wasata SARL. Ar an gcaoi sin, bíonn Khamis rannpháirteach i maoiniú Hamas.

19.1.2024

5.

Musa Muhammad Salim DUDIN

(موسى دودين;

موسى محمد سالم دودين)

ar a dtugtar freisin

Mousa DOUDIN;

Mousa DUDIN;

Musa DUDIN;

Musa Muhammad Salim DODIN;

Musa Muhammad Salim DOUDIN;

Mussa DODIN;

Mussa DUDIN;

Dáta breithe: 12.6.1972

Áit bhreithe: Dura, Hebron

Náisiúntacht: Palaistíneach

Inscne: fireann

Feidhm: Comhalta de bhiúró polaitiúil Hamas

Is oibrí sinsearach le Hamas é Musa Dudin agus is comhalta de bhiúró polaitiúil Hamas é. Sa cháil sin, is minic a rinne sé ráitis phoiblí thar ceann na heagraíochta. Ina theannta sin, mar chomhalta d’oifig infheistíochta Hamas, bhí baint aige le hoibríochtaí maoiniúcháin don eagraíocht. Ar an gcaoi sin, bíonn Dudin rannpháirteach i maoiniú Hamas.

19.1.2024

6.

Aiman Ahmad AL-DUWAIK

ar a dtugtar freisin

Aiman Ahmad R AL-DUWAIK; Aiman Ahmad Rashed AL-DUWAIK; Ayman AL-DUWAIK

Dáta breithe: 24.9.1962

Náisiúntacht: Iordánach

Inscne: fireann

Feidhm: POF Sidar Company, POF Anda Turk

Is airgeadaí é Aiman Ahmad Al Duwaik, atá lonnaithe san Ailgéir, a oibríonn do Hamas agus a chabhraíonn le punann infheistíochta thar lear na heagraíochta a reáchtáil. Go háirithe, is é príomhfheidhmeannach na cuideachta Ailgéire Sidar agus is scairshealbhóir sa chuideachta sin é, is é príomhfheidhmeannach na cuideachta Turcach Anda Turk, is é scairshealbhóir sa chuideachta Al Rowad Real Estate Development atá lonnaithe sa tSúdáin, agus is comhalta é de bhord stiúrthóirí na cuideachta tógála Uzmanlar Co. Tá na cuideachtaí sin mar chuid de líonra maoinithe idirnáisiúnta Hamas. Ar an gcaoi sin bíonn Aiman Ahmad Al Duwaik páirteach i maoiniú na heagraíochta sin.

19.1.2024


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/385/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top