Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0381

Cinneadh (CBES) 2024/381 ón gComhairle an 22 Eanáir 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/2111 mar thaca le gníomhaíochtaí dí-armála agus rialaithe airm SEESAC in Oirdheisceart na hEorpa chun bagairt na mionarmán aindleathach agus na n-armán éadrom aindleathach agus a n-armlón a laghdú

ST/5197/2024/INIT

IO L, 2024/381, 23.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/381/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/381/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/381

23.1.2024

CINNEADH (CBES) 2024/381 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Eanáir 2024

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/2111 mar thaca le gníomhaíochtaí dí-armála agus rialaithe airm SEESAC in Oirdheisceart na hEorpa chun bagairt na mionarmán aindleathach agus na n-armán éadrom aindleathach agus a n-armlón a laghdú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 9 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/2111 (1), lenar foráladh do thréimhse 48 mí cur chun feidhme tionscadail dar tús dáta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(4) den Chinneadh sin. Dá bhrí sin, ba é an 1 Feabhra 2020 an dáta a cuireadh tús leis an tréimhse cur chun feidhme.

(2)

An 6 Nollaig 2023, d’iarr Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe thar ceann Theach Imréitigh Oirdheisceart agus Oirthear na hEorpa um Rialú Mionarm agus Arm Éadrom (SEESAC), atá freagrach as cur chun feidhme teicniúil an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chinneadh (CBES) 2019/2111, go gcuirfí síneadh leis an tréimhse cur chun feidhme go dtí an 31 Nollaig 2024.

(3)

Maidir le síneadh a chur le tréimhse cur chun feidhme an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2019/2111 go dtí an 31 Nollaig 2024, níl aon impleachtaí aige sin maidir le hacmhainní airgeadas an Aontais.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2019/2111 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2019/2111 ón gComhairle, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 31 Nollaig 2024.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Eanáir 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/2111 ón gComhairle an 9 Nollaig 2019 mar thaca le gníomhaíochtaí dí-armála agus rialaithe airm SEESAC in Oirdheisceart na hEorpa chun bagairt na mionarmán aindleathach agus na n-armán éadrom agus a n-armlón a laghdú (IO L 318, 10.12.2019, lch. 147).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/381/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top