EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0375

Cinneadh (AE) 2024/375 ón gComhairle an 16 Eanáir 2024 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail a ghabhann leis an gComhaontú Eatramhach Comhlachais Eora-Mheánmhara maidir le trádáil agus comhar idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (PLO) ar mhaithe le hÚdarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza, den pháirt eile, maidir le Comhaontú Réime idir an tAontas Eorpach agus Údarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca lena rannpháirtíocht i gcláir an Aontais

ST/12669/2019/INIT

IO L, 2024/375, 22.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/375/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/375/oj

Related international agreement
European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/375

22.1.2024

CINNEADH (AE) 2024/375 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Eanáir 2024

maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail a ghabhann leis an gComhaontú Eatramhach Comhlachais Eora-Mheánmhara maidir le trádáil agus comhar idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (PLO) ar mhaithe le hÚdarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza, den pháirt eile, maidir le Comhaontú Réime idir an tAontas Eorpach agus Údarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca lena rannpháirtíocht i gcláir an Aontais

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209 i gcomhar le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) agus Airteagal 218(7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2021/570 (2), síníodh an Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú Eatramhach Comhlachais Eora-Mheánmhara maidir le trádáil agus comhar idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (PLO) ar mhaithe le hÚdarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza, den pháirt eile, maidir le Comhaontú Réime idir an tAontas Eorpach agus Údarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca lena rannpháirtíocht i gcláir an Aontais (‘an Prótacal’) an 4 Márta 2021.

(2)

Is é is cuspóir don Phrótacal na rialacha airgeadais agus teicniúla a leagan síos lena gcuirtear ar chumas Údarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza (‘Údarás na Palaistíne’) a bheith rannpháirteach i gcláir áirithe de chuid an Aontais. Leagtar amach sa chreat cothrománach a bhunaítear leis an bPrótacal prionsabail le haghaidh bearta comhair eacnamaíoch, airgeadais agus theicniúil agus cuirtear ar chumas Údarás na Palaistíne cúnamh teicniúil a fháil ón Aontas faoi na cláir sin, go háirithe cúnamh airgeadais. Níl feidhm ag an gcreat ach amháin maidir leis na cláir sin de chuid an Aontais dá bhforáiltear sna gníomhartha dlí bunaitheacha ábhartha go bhféadfadh Údarás na Palaistíne a bheith rannpháirteach. Dá bhrí sin, níl aon fheidhmiú cumhachtaí i gceist le tabhairt i gcrích an Phrótacail, faoi na beartais earnálacha éagsúla a shaothraítear leis na cláir, a fheidhmítear agus na cláir á mbunú.

(3)

Ba cheart an Prótacal a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú Eatramhach Comhlachais Eora-Mheánmhara maidir le trádáil agus comhar idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (PLO) ar mhaithe le hÚdarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza, den pháirt eile, maidir le Comhaontú Réime idir an tAontas Eorpach agus Údarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca lena rannpháirtíocht i gcláir an Aontais a fhormheas thar ceann an Aontais (3).

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Phrótacal (4).

Airteagal 3

Údaraítear don Choimisiún na téarmaí agus na coinníollacha sonracha is infheidhme maidir le rannpháirtíocht Údarás na Palaistíne in aon chlár ar leith de chuid an Aontais a chinneadh, thar ceann an Aontais, lena n-áirítear an ranníocaíocht a bheidh le híoc. Coimeádfaidh an Coimisiún an mheitheal ábhartha den Chomhairle ar an eolas.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Eanáir 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. VAN PETEGHEM


(1)  Toiliú an 22 Samhain 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2021/570 ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2019 maidir le síniú thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail a ghabhann leis an gComhaontú Eatramhach Comhlachais Eora-Mheánmhara maidir le trádáil agus comhar idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (PLO) ar mhaithe le hÚdarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza, den pháirt eile, maidir le Comhaontú Réime idir an tAontas Eorpach agus Údarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca lena rannpháirtíocht i gcláir an Aontais (IO L 121, 8.4.2021, lch. 1).

(3)  Foilsíodh an Prótacal in IO L 121, 8.4.2021, lch. 3, in éineacht leis an gcinneadh maidir le síniú.

(4)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta sínithe an Phrótacail in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/375/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top