This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D0368
Commission Implementing Decision (EU) 2024/368 of 23 January 2024 laying down rules for the application of Directive (EU) 2020/2184 of the European Parliament and of the Council as regards the procedures and methods for testing and accepting final materials as used in products that come into contact with water intended for human consumption
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/368 ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta agus na modhanna i ndáil le hábhair dheiridh a thástáil agus glacadh leo, ar ábhair iad a úsáidtear i dtáirgí a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/368 ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta agus na modhanna i ndáil le hábhair dheiridh a thástáil agus glacadh leo, ar ábhair iad a úsáidtear i dtáirgí a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine
C/2024/238
IO L, 2024/368, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/368/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/368 |
23.4.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/368 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Eanáir 2024
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta agus na modhanna i ndáil le hábhair dheiridh a thástáil agus glacadh leo, ar ábhair iad a úsáidtear i dtáirgí a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (1), agus go háirithe Airteagal 11(2), pointe (c), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun go mbeifear in ann ábhair dheiridh a thástáil agus glacadh leo, ar ábhair iad atá le húsáid i dtáirgí a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, ba cheart ceanglais sláinteachais a leagan amach le haghaidh gach catagóire ábhair deiridh, is é sin orgánach, stroighniúil, miotalach, cruain agus ceirmeach, nó ábhair neamhorgánacha eile. Ba cheart na modheolaíochtaí atá le húsáid a bheith bunaithe, inter alia, ar Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2020/2184 agus ba cheart iad a chur san áireamh agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta táirgí á ndéanamh. |
|
(2) |
Chun ábhair dheiridh a thástáil, is gá substaintí ábhartha agus paraiméadair ábhartha eile a shainaithint. Ba cheart anailís a dhéanamh ar na substaintí agus paraiméadair sin san uisce ascnaimh. Is gá na ceanglais maidir leis an nós imeachta tástála sin agus maidir leis an anailís sin a bhunú. |
|
(3) |
Leis an gCinneadh seo, ba cheart na ceanglais tástála a leagan síos chun feidhmíocht na tástála a áirithiú. I gcás ábhair orgánacha, ábhair stroighniúla, cruan agus ábhair cheirmeacha, ba cheart na ceanglais tástála a bheith faoi réir cur chuige rioscabhunaithe tríd an táirge a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a chatagóiriú. Leis an gcur chuige rioscabhunaithe, áirithítear tástáil chomhréireach i ndáil leis an riosca do shláinte an duine a bhaineann leis an ábhar deiridh. |
|
(4) |
Ba cheart an tástáil ar gach ábhar deiridh a dhéanamh i gcomhréir leis na ceanglais tástála a chinntear chun a áirithiú go mbeidh an t-uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine glan folláin. Chun a chinneadh ar cheart glacadh leis an ábhar deiridh agus é a fhormheas, is gá critéir pas/teipe a leagan amach nach mór a chomhlíonadh le torthaí na tástála. |
|
(5) |
Chun tástáil chomhréireach a áirithiú, ba cheart go mbeifí in ann an tástáil a laghdú i gcás ábhair a úsáidtear i mion-chomhpháirteanna agus i mion-chomhpháirteanna de tháirgí cóimeáilte. |
|
(6) |
Ba cheart am leordhóthanach a thabhairt d’údaráis nó do chomhlachtaí inniúla náisiúnta chun a gcóras náisiúnta a oiriúnú do na ceanglais nua i ndáil le hábhair dheiridh a thástáil agus glacadh leo. Ba cheart, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm an Chinnidh seo a chur siar. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 22(1) de Threoir (AE) 2020/2184. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach in Iarscríbhinní I go IV na nósanna imeachta agus na modhanna i ndáil le hábhair dheiridh a thástáil agus glacadh leo, ar ábhair iad a úsáidtear i dtáirge dá bhforáiltear in Airteagal 11(2), pointe (c), de Threoir (AE) 2020/2184 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘substaint tosaithe’ substaint a cuireadh isteach d’aon ghnó i dtáirgeadh ábhar orgánach nó meascán le haghaidh ábhair stroighniúla; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘comhábhar’: aon cheann díobh seo a leanas:
|
|
(3) |
ciallaíonn ‘táirge’ réad a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, atá déanta as ábhair dheiridh agus atá beartaithe lena chur ar an margadh; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘táirge cóimeáilte’ táirge arb éard atá ann dhá chomhpháirt nó níos mó, atá ceangailte le chéile agus a fheidhmíonn mar aonad iomlán agus is féidir a dhíchóimeáil gan na comhpháirteanna a scriosadh; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘comhpháirt’ cuid in-sainaitheanta de tháirge cóimeáilte ina bhfuil ábhar amháin nó níos mó; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘táirge ilsrathach’ táirge arb éard atá ann dhá shraith nó níos mó d’ábhair dheiridh atá nasctha le chéile agus nach féidir a dhíchóimeáil go neamhscriosach le haghaidh na tástála; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘ábhar’ solad, leathsholad nó leacht a úsáidtear chun táirge a mhonarú arb éard atá ann:
|
|
(8) |
ciallaíonn ‘ábhar orgánach’ ábhar arb éard atá ann go príomha substaintí carbónbhunaithe; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘ábhar miotalach’ miotal nó cóimhiotal, agus a úsáidtear i mbulc nó mar phlátáil mhiotalach; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘ábhar stroighniúil’ ábhar a bhfuil cion leordhóthanach stroighne hiodrálaí ann chun gníomhú mar an príomhcheanglóir trí struchtúr hiodráite a dhéanamh lena rialaítear feidhmíocht an ábhair; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘cruan’ ábhar ar ábhar gloiní é a fhaightear trí mheascán de shubstaintí neamhorgánacha a leá ag teochtaí is airde ná 1 200°C agus a fhriochadh; |
|
(12) |
ciallaíonn ‘ábhar ceirmeach’ ábhair sholadacha neamh-mhiotalacha neamhorgánacha polaichriostalacha nó aonchriostalacha a chuirtear faoi theocht ard le linn a monaraithe; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘ábhar deiridh’ ábhar atá faoi réir tástála agus inghlacthachta i gcomhréir leis na ceanglais tástála agus na ceanglais inghlacthachta a leagtar amach in Iarscríbhinní I, II, III agus IV faoi seach a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
(14) |
ciallaíonn ‘ábhar a úsáidtear ar an láthair’ ábhar deiridh atá le táirgeadh ar láithreán foirgníochta; |
|
(15) |
ciallaíonn ‘triailphíosa’ réad ionadaíoch den ábhar deiridh a úsáidtear chun tástáil a dhéanamh i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus modhanna tástála a leagtar amach in Iarscríbhinní I, II, III agus IV faoi seach a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
(16) |
ciallaíonn ‘substaint nach rabhthas ag súil léi’ substaint a aistríodh ó tháirge, ó ábhar orgánach deiridh nó ó ábhar stroighniúil deiridh isteach in uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, nár cuireadh isteach d’aon ghnó le linn phróiseas táirgthe an ábhair nó an táirge, agus nár áiríodh san fhaisnéis a soláthraíodh san iarratas dá dtagraítear in Airteagal 11(5) de Threoir (AE) 2020/2184; |
|
(17) |
ciallaíonn ‘foirmliú’ liosta na substaintí nó na gcomhábhar uile a úsáidtear chun ábhar orgánach nó ábhar stroighniúil a ullmhú agus cainníochtaí na substaintí sin i gcomparáid le chéile; |
|
(18) |
ciallaíonn ‘bacainn iomlán’ sraith bhacainne lena gcuirtear cosc ar idirleathadh aon substainte i dtreo thaobh an ábhair deiridh i dteagmháil leis an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine; |
|
(19) |
ciallaíonn ‘cur le fás miocróbach (EMG)’ an cumas atá in ábhair orgánacha deiridh nó ábhair stroighniúla deiridh feabhas a chur ar iolrú miocrorgánach faoi dhálaí sonraithe; |
|
(20) |
ciallaíonn ‘uisce ascnaimh’ an t-uisce tástála a bhí i dteagmháil leis an triailphíosa faoi na dálaí sonraithe a leagtar amach in Iarscríbhinní I, II, III agus IV faoi seach. |
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 31 Nollaig 2026.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Eanáir 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN I
ÁBHAR ORGÁNACH DEIRIDH
1. NÓS IMEACHTA GINEARÁLTA I NDÁIL LE HÁBHAIR ORGÁNACHA DHEIRIDH A ÚSÁIDTEAR I DTÁIRGE A THÁSTÁIL AGUS GLACADH LEO.
Áirítear na céimeanna seo a leanas sa nós imeachta i ndáil le hábhair orgánacha dheiridh a úsáidtear i dtáirge a thástáil agus glacadh leo:
|
|
Céim 1 – Substaintí ábhartha agus paraiméadair ábhartha eile a shainaithint de réir an mhéid seo a leanas:
|
|
|
Céim 2 – Na tástálacha a dhéanamh
|
|
|
Céim 3 – Comhlíonadh na gcritéar pas/teipe |
2. SUBSTAINTÍ ÁBHARTHA AGUS PARAIMÉADAIR ÁBHARTHA EILE A SHAINAITHINT
2.1. Táirgí nó comhpháirteanna a chatagóiriú i ngrúpaí riosca agus ceanglais tástála chomhfhreagracha.
I gcás gach táirge nó comhpháirt de tháirge cóimeáilte, déanfar grúpa táirgí agus fachtóir tiontaithe (CF) comhfhreagrach a chinneadh i gcomhréir le Tábla 5. Ar bhonn an CF a chinntear, déantar an táirge nó an chomhpháirt a chatagóiriú i ngrúpa riosca (RG) i gcomhréir le Tábla 1.
Leis an gcatagóiriú in RG, cinntear na ceanglais tástála chomhfhreagracha lena n-áirítear na substaintí ábhartha agus na paraiméadair ábhartha eile. Is as úsáid na n-ábhar orgánach deiridh i dtáirgí nó i gcomhpháirteanna de tháirgí cóimeáilte a thagann an nós imeachta tástála is infheidhme maidir leo.
Meastar gur comhpháirteanna atá catagóirithe i ngrúpa riosca 3 nó 4 (RG3 nó RG4) iad mion-chomhpháirteanna agus féadfaidh feidhm a bheith ag ceanglais tástála laghdaithe maidir leo, mar a leagtar amach i dTábla 1, i gcomparáid leis na ceanglais tástála le haghaidh ghrúpa riosca 1 nó 2 (RG1 nó RG2).
I gcás táirge cóimeáilte, déanfar na comhpháirteanna a chinneadh. I gcás gach comhpháirte i dtáirge cóimeáilte, déanfar grúpa táirgí a chinneadh. Más éard atá i dtáirge cóimeáilte comhpháirteanna atá déanta as an bpríomhpholaiméir chéanna, déanfar dromchla-chodán na gcomhpháirteanna sin a shuimiú go carnach chun an grúpa táirgí a chinneadh i gcomhréir le Tábla 5.
Maidir le táirgí nó comhpháirteanna atá déanta as ábhair ilsrathacha, meastar gur ábhar deiridh amháin iad, arb éard atá ann roinnt sraitheanna.
Déanfar an tástáil ar na hábhair deiridh a úsáidtear i dtáirgí a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine.
Ciallaíonn an tsonraíocht i dTábla 1 i dtaca le tástáil maidir le ‘táirge nó comhpháirt’ go n-úsáidfear an táirge nó comhpháirt aonair de tháirge cóimeáilte chun an tástáil a dhéanamh.
Ciallaíonn an tsonraíocht i dTábla 1 i dtaca le tástáil maidir le ‘triailphíosa den fhoirmliú’ gur féidir triailphíosa ionadaíoch den ábhar deiridh a úsáidtear i dtáirge nó i gcomhpháirt a mheas chun críocha na tástála. Sa chás sin, níl sé ina cheangal an táirge nó comhpháirt aonair a thástáil.
Tábla 1
Ceanglais tástála rioscabhunaithe le haghaidh táirgí nó comhpháirteanna de tháirgí cóimeáilte
|
Grúpa riosca |
CF in d/dm |
Athbhreithniú ar fhoirmliú |
Substaintí ábhartha |
Scagadh le haghaidh substaintí nach rabhthas ag súil leo |
TOC |
EMG |
|
|
RG1 |
≥ 4 |
Ina cheanglas |
Ina cheanglas, maidir le táirge |
Ina cheanglas, maidir le táirge |
Ina cheanglas, maidir le táirge |
Ina cheanglas, maidir le táirge |
Ina cheanglas, maidir le táirge le haghaidh píopaí a ngabhann CF > 10 d/dm leo nó triailphíosa den fhoirmliú |
|
RG2 |
≥ 0,4 agus < 4 |
Ina cheanglas |
Ina cheanglas, maidir le táirge (cóimeáilte), comhpháirt nó triailphíosa den fhoirmliú |
Ina cheanglas, maidir le táirge (cóimeáilte), comhpháirt nó triailphíosa den fhoirmliú |
Ina cheanglas, maidir le táirge (cóimeáilte) nó comhpháirt |
Ina cheanglas, maidir le táirge (cóimeáilte) nó comhpháirt |
Ina cheanglas, maidir le comhpháirt nó triailphíosa den fhoirmliú |
|
RG3 |
≥ 0,04 agus < 0,4 |
Ina cheanglas |
Ina cheanglas, maidir le táirge (cóimeáilte), comhpháirt nó triailphíosa den fhoirmliú |
Ina cheanglas, maidir le táirge (cóimeáilte), comhpháirt nó triailphíosa den fhoirmliú |
Ina cheanglas, maidir le táirge (cóimeáilte), comhpháirt nó triailphíosa den fhoirmliú |
Ina cheanglas, maidir le táirge (cóimeáilte), comhpháirt nó triailphíosa den fhoirmliú |
Ina cheanglas, maidir le comhpháirt nó triailphíosa den fhoirmliú |
|
RG4 |
< 0,04 |
Níl sé ina cheanglas |
Níl sé ina cheanglas |
Ina cheanglas, maidir le táirge (cóimeáilte), comhpháirt nó triailphíosa den fhoirmliú |
Ina cheanglas, maidir le táirge (cóimeáilte), comhpháirt nó triailphíosa den fhoirmliú |
Ina cheanglas, maidir le táirge (cóimeáilte), comhpháirt nó triailphíosa den fhoirmliú |
Ina cheanglas, maidir le comhpháirt nó triailphíosa den fhoirmliú |
2.2. Athbhreithniú ar fhoirmliú
Tá athbhreithniú ar fhoirmliú ina cheangal i gcomhréir leis na ceanglais i dTábla 1.
2.2.1 An fhaisnéis is gá
Chun athbhreithniú ar fhoirmliú a dhéanamh ar ábhar orgánach deiridh, tá gá leis an bhfaisnéis seo a leanas:
|
(a) |
liosta de na substaintí tosaithe uile (lena n-áirítear a n-eisíontais agus sonraíochtaí eile) a úsáideadh chun an t-ábhar orgánach deiridh a tháirgeadh, lena n-áirítear na monaiméirí, breiseáin, áiseanna polaiméiriúcháin, meáin táirgthe polaiméirí, líocha, datháin agus líonaigh uile; |
|
(b) |
mais-tiúchan (m/m %) faoi seach na substaintí tosaithe agus substaintí uile a úsáideadh chun an t-ábhar deiridh a tháirgeadh, arb é 100 % an tsuim díobh. |
|
(c) |
aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar fhoirmliú an ábhair orgánaigh deiridh. |
Is é seo a leanas an scoithluach, ar faoina bhun nach bhfuil gá le sonraí an fhoirmlithe (i.e. comhdhéanamh ceimiceach na substaintí tosaithe nó na n-eisíontas), a shloinntear mar chéatadán maise san fhoirmliú:
|
(a) |
i gcás substainte amháin: 0,02 % i gcás ábhair RG1, 0,05 % i gcás ábhair RG2 agus 0,1 % i gcás ábhair RG3; agus |
|
(b) |
i gcás na suime de na substaintí uile den sórt sin: 0,1 % i gcás RG1, 0,2 % i gcás RG2 agus 0,5 % i gcás RG3. |
I gcás táirgí ilsrathacha a bhfuil bacainn iomlán iontu, ní chuirfear san áireamh ach na sraitheanna idir an bhacainn agus an dromchla a bhíonn i dteagmháil le huisce óil. Sonrófar an foirmiú le haghaidh gach sraithe a bheidh le cur san áireamh.
2.2.2 Substaintí ábhartha
Déanfar meastóireacht ar an bhfoirmliú agus déanfar é a chur i gcomparáid leis na substaintí tosaithe a bhfuil glacadh leo sa liosta dearfach Eorpach de shubstaintí tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2024/367. ón gCoimisiún. Ar cheann de chuspóirí na meastóireachta tá sainiú na substaintí ábhartha, a ndéanfar anailís orthu san uisce ascnaimh.
Is iad seo a leanas na substaintí ábhartha:
|
(a) |
Substaintí tosaithe a úsáidtear san fhoirmliú, a liostaítear sa liosta dearfach Eorpach de shubstaintí tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367. ón gCoimisiún agus a bhfuil feidhm ag MTCbuacaire maidir leo; |
|
(b) |
Substaintí amhail eisíontais, táirgí díghrádúcháin nó imoibriúcháin a shonraítear i gcoinníoll úsáide an liosta dhearfaigh Eorpaigh de shubstaintí tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún a úsáidtear san fhoirmliú; |
|
(c) |
Gach substaint a leagtar amach i dTábla 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún de shubstaintí tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha má úsáidtear cobhsaitheoirí a bhfuil páirteanna struchtúracha ailcilfeanóil acu; |
|
(d) |
Substaintí tosaithe a úsáidtear san fhoirmliú, a n-eisíontais, a dtáirgí díghrádúcháin agus imoibriúcháin nach liostaítear sa liosta dearfach Eorpach de shubstaintí tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún, ach a nglactar leo faoi roinn 2.2.3 (b) den Iarscríbhinn seo; |
|
(e) |
Alúmanam, amóiniam, bairiam, cóbalt, copar, eoraipiam, gadailiniam, iarann, lantanam, litiam, mangainéis, teirbiam agus/nó sinc, i gcás ina n-úsáidtear salainn faoi seach d’aigéid, feanóil nó alcóil údaraithe, a údaraítear i gcomhréir le nóta 2. ‘Raon feidhme údaraithe’, pointe ii. d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE).../... ón gCoimisiún 2024/367. |
|
(f) |
Substaintí tosaithe substaintí polaiméireacha a údáraítear i gcomhréir le nóta 2. ‘Raon feidhme údaraithe’, pointe iii. d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún a bhfuil feidhm ag MTCbuacaire maidir leo; |
|
(g) |
Substaintí tosaithe de réamhpholaiméirí agus polaiméirí nádúrtha nó sintéiseacha a údaraítear i gcomhréir le nóta 2. ‘Rraon feidhme údaraithe’, pointe ii. d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE)2024/367.ón gCoimisiún a bhfuil feidhm ag MTCbuacaire maidir leo; |
|
(h) |
Antamón, arsanaic, bairiam, caidmiam , cróimiam, luaidhe, mearcair, seiléiniam má úsáidtear líocha nó datháin san fhoirmliú nach gcomhlíonann na ceanglais íonachta i gcomhréir le roinn 4.6 den Iarscríbhinn seo nó mura ndearnadh an tástáil íonachta; |
|
(i) |
Príomhaimíní aramatacha (PAAnna) má úsáidtear líocha nó datháin orgánacha san fhoirmliú nach gcomhlíonann na ceanglais íonachta i gcomhréir le roinn 4.6 den Iarscríbhinn seo nó mura ndearnadh an tástáil íonachta; |
|
(j) |
Antamón, arsanaic, bairiam, caidmiam , cróimiam, luaidhe, mearcair, seiléiniam má úsáidtear líonaigh san fhoirmliú nach gcomhlíonann na ceanglais íonachta de réir roinn 4.6 den Iarscríbhinn seo nó mura ndearnadh an tástáil íonachta; |
|
(k) |
I gcás ina bhfuil feidhm ag critéir bhreise ábhar-sonracha (féach roinn 2.2.4): gach substaint nó grúpa substaintí a bhfuil MTCbuacaire socraithe ina leith; |
|
(l) |
I gcás tástáil ascnaimh le huisce tástála clóirínithe: iomlán na n-aigéad halaicéiteach (HAAnna) agus na dtríhalaimeatán, mar a shainmhínítear i gcuid B d’Iarscríbhinn I – a ghabhann le Treoir (AE) 2020/2184. |
I gcás ábhair ilsrathacha, déanfar na substaintí ábhartha a chinneadh le haghaidh gach sraithe idir an bhacainn iomlán agus an t-uisce óil ar bhonn indibhidiúil.
2.2.3 Glacadh le substaintí tosaithe
Is déanta as an méid seo a leanas agus an méid sin amháin a bheidh ábhair orgánacha:
|
(a) |
substaintí tosaithe a liostaítear sa liosta dearfach Eorpach de shubstaintí tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2024/367. ón gCoimisiún; nó |
|
(b) |
substaintí tosaithe nach dtarlaíonn aon ascnamh den tsubstaint, dá heisíontais agus/nó dá táirgí imoibriúcháin agus díghrádúcháin isteach in uisce óil ag leibhéil is mó ná 0,1 μg/l ag buacaire an tomhaltóra. Níl feidhm ag an méid sin ach amháin maidir le substaintí nach mbaineann le haon cheann de na catagóirí seo a leanas:
|
Cuirfear san áireamh na nótaí ábhartha a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367. ón gCoimisiún lena mbunaítear an liosta dearfach Eorpach de shubstaintí tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha agus substaintí tosaithe á nglacadh.
2.2.4 Ceanglais ábhar-sonracha
I gcás bratuithe róisin polaimíde nó polúireatáin, tá feidhm ag ceanglais maidir le scaoileadh príomhaimíní aramatacha (PAAnna), mar a shonraítear i dTábla 2.
Liostaítear na ceanglais maidir le rubair i dTábla 3.
Liostaítear i dTábla 4 na ceanglais maidir le hábhair orgánacha seachas rubair atá déanta as substaintí tosaithe a bhfuil feidhmiúlachtaí-N orthu, amhail feidhmiúlachtaí aimíneacha, aimídeacha nó ceathartha, nuair a dhéantar tástáil orthu le huisce tástála clóirínithe.
Tábla 2
Ceanglas maidir le polaimídí agus bratuithe roisín polúireatáin
|
Paraiméadar |
Srian |
|
Suim na bPríomh-Aimíní Aramatacha (PAAnna) |
MTC buacaire = níor braitheadh (teorainn braite = 0,1 μg/l) (3) |
Tábla 3
Ceanglais maidir le haimíní agus nítreasaimíní i gcás rubar
|
Paraiméadar |
Srian |
|
Suim na bPríomh-Aimíní Aramatacha (PAAnna) (a.o. anailín, o-tolúidín) |
MTC buacaire = níor braitheadh (teorainn braite = 0,1 μg/l) (4) |
|
Suim na n-aimíní tánaisteacha (5) |
MTC buacaire = 250 μg/l |
|
Suim na n-nítreasaimíní (6) |
MTC buacaire = níor braitheadh (teorainn braite = 0,1 μg/l) |
Tábla 4
Ceanglais maidir le nítreasaimíní i gcás ábhair deiridh seachas rubair atá déanta as substaintí tosaithe a bhfuil n-feidhmiúlachtaí acu nuair a dhéantar tástáil orthu le huisce tástála clóirínithe
|
Paraiméadar |
Srian |
|
Suim na n-nítreasaimíní (7) |
MTC buacaire = níor braitheadh (teorainn braite = 0,1 μg/l) |
3. CEANGLAIS TÁSTÁLA
3.1. Tástáil ascnaimh
3.1.1. Caighdeáin
Chun scaoileadh substaintí ábhartha, substaintí nach rabhthas ag súil leo agus TOC a thástáil, úsáidfear na caighdeáin seo a leanas chun na huiscí ascnaimh a fháil:
|
(a) |
I gcás táirgí a dhéantar i monarcha: EN 12873-1:2014; |
|
(b) |
I gcás ábhair a úsáidtear ar an láthair: EN 12873-2:2021. |
Chun boladh agus blas, dath agus moirtiúlacht a thástáil, bainfear úsáid as caighdeán EN 1420:2016 chun na huiscí ascnaimh a fháil.
Faightear roghanna tástála sna caighdeáin EN atá luaite. Leis na forálacha seo a leanas i ranna 3.1.2, 3.1.3, 3.1.4 agus 3.1.5, comhlánaítear na caighdeáin sin.
3.1.2. Triailphíosa
I gcás táirge nó comhpháirte nach féidir an tástáil a dhéanamh air nó uirthi go praiticiúil mar gheall ar a mhéid nó a méid, soláthrófar triailphíosa le haghaidh na tástála.
Tabharfar aird ar leith ar tháirgeadh an triailphíosa.
3.1.3. Teocht na tástála
Déanfar gach táirge a thástáil ag 23 °C ± 2 °C (coinníoll na tástála le huisce fuar).
Ina theannta sin, déanfar táirgí a úsáidtear de ghnáth i gcúinsí bogtheo nó teo a thástáil ag 60 °C ± 2 °C nó 85 °C ± 2 °C, faoi seach. Chun na críche sin, comhfhreagraíonn uisce bogthe do ghnáth-theochtaí oibriúcháin idir 30 °C agus 70 °C agus comhfhreagraíonn uisce te do theochtaí oibriúcháin is mó ná 70 °C.
Déanfar táirgí ilsrathacha a thástáil i gcónaí ag 60 °C ± 2 °C nó 85 °C ± 2 °C sa bhreis air sin, fiú nuair nach n-úsáidtear ag na teochtaí sin iad.
3.1.4. Cineál an uisce tástála
Déanfar an tástáil le huisce fuar (23 °C ± 2 °C) le huisce tástála clóirínithe agus neamhchlóirínithe.
I gcás ina mbeidh gá le tástáil le huisce bogthe nó te, is le huisce tástála neamhchlóirínithe amháin a dhéanfar an tástáil sin.
3.1.5. Tréimhsí ascnaimh
I gcás tástálacha le huisce fuar, déanfar anailís ar shamplaí ascnaimh na 1ú tréimhse ascnaimh, an 2ú tréimhse ascnaimh agus an 3ú tréimhse ascnaimh de réir na gcaighdeán. Déanfar measúnú ar chomhlíonadh na gcritéar pas/teipe ag an 3ú tréimhse ascnaimh (10ú lá den tástáil). Mura gcomhlíontar na critéir pas/teipe a leagtar amach i ranna 4.2 agus 4.3 ag an 3ú tréimhse ascnaimh, féadfar síneadh a chur leis an tástáil agus déanfar anailís ar an 5ú tréimhse, an 7ú tréimhse agus an 9ú tréimhse freisin. Sa chás sin, déanfar measúnú ar na critéir pas/teipe ag an 9ú tréimhse ascnaimh (31ú lá den tástáil).
I gcás tástálacha le huisce bogthe nó te, déanfar anailís ar shamplaí ascnaimh na 1ú tréimhse ascnaimh, an 6ú tréimhse ascnaimh agus an 7ú tréimhse ascnaimh. Déanfar measúnú ar chomhlíonadh na gcritéar pas/teipe ag an 7ú tréimhse ascnaimh (10ú lá). Mura gcomhlíontar na critéir pas/teipe a leagtar amach i ranna 4.2 agus 4.3 ag an 7ú tréimhse ascnaimh, féadfar síneadh a chur leis an tástáil agus déanfar anailís ar an 12ú tréimhse, an 17ú tréimhse agus an 22ú tréimhse freisin. Sa chás sin, déanfar measúnú ar na critéir pas/teipe ag an 22ú tréimhse ascnaimh (31ú lá).
I gcás táirgí ilsrathacha is gá tástáil ascnaimh shínte le huisce bogthe nó te a dhéanamh i gcónaí chun a áirithiú go bhfuil substaintí a thagann ó shraitheanna éagsúla le fáil san uisce ascnaimh. Chun idirleathadh agus cothromú leordhóthanach substaintí thar theorainneacha sraitheanna a áirithiú, is gá go gcuireadh tréimhse stórála i bhfeidhm ar an táirge ilsrathach ag teocht an tseomra ar feadh 30 lá ar a laghad.
3.2. Anailís ar uiscí ascnaimh
3.2.1. Substaintí Ábhartha
Déanfar anailís ar na substaintí ábhartha a shainítear i roinn 2.2.2 sna huiscí ascnaimh (féach roinn 3.1.5).
Déanfar na modhanna chun anailís a dhéanamh ar shubstaintí ábhartha in uiscí ascnaimh a bhailíochtú agus a dhoiciméadú i gcomhréir le EN ISO/IEC 17025:2017 nó caighdeáin choibhéiseacha eile a nglactar leo ar an leibhéal idirnáisiúnta.
3.2.2. Substaintí Nach Rabhthas ag Súil Leo
Ní dhéantar substaintí nach rabhthas ag súil leo a chinneadh ach amháin in uiscí ascnaimh na tástála le huisce fuar.
Chun substaintí nach rabhthas ag súil leo a shainaithint agus anailís leathchainníochtúil a dhéanamh orthu, déanfar scagadh le crómatagrafaíocht gháis/mais-speictriméadracht de réir EN 15768:2015.
3.2.3. Paraiméadair ábhartha eile
Déanfar anailís ar na paraiméadair ábhartha eile sna huiscí ascnaimh de réir na gcaighdeán seo a leanas:
|
(a) |
Déanfar Carbón Orgánach Iomlán (TOC) a chinneadh de réir EN 1484:1997 mar charbón orgánach neamh-inbhainte; |
|
(b) |
Déanfar boladh a chinneadh mar Uimhir Tairsí Bolaidh (TON) de réir EN 1420:2016 agus EN 1622:2006; |
|
(c) |
Déanfar blas a chinneadh mar Uimhir Tairsí Blais (TFN) de réir EN 1420:2016 agus EN 1622:2006; |
|
(d) |
Déanfar dath a chinneadh de réir EN ISO 7887:2011 – modh C; |
|
(e) |
Déanfar an mhoirtiúlacht a chinneadh de réir EN ISO 7027-1:2016 - smúitmhéadracht. |
3.3. Samhaltú matamaiticiúil
I gcás inarb ann do shamhlacha idirleata a bhfuil aitheantas ginearálta acu ar bhonn sonraí turgnamhacha, féadfar samhaltú matamaiticiúil a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar leibhéil ascnaimh mar mhalairt ar an tástáil ascnaimh ar shubstaintí ábhartha le haghaidh cineálacha áirithe ábhar orgánach deiridh.
Má thuarann na samhlacha idirleata aitheanta sin go gcomhlíonann ascnamh na substainte an t-uastiúchan infhulaingthe ag an mbuacaire (MTCbuacaire), ní gá tástáil ascnaimh a dhéanamh ar na substaintí sin. Chun measúnú a dhéanamh ar pharaiméadair áirithe agus chun críoch samhaltaithe, déanfar cion na substaintí lena mbaineann san ábhar deiridh a chinneadh.
Mura léirítear comhlíonadh trí úsáid a bhaint as na samhlacha, déanfar tástáil ascnaimh.
Féadfar na cineálacha samhaltaithe matamaiticiúil seo a leanas a úsáid:
|
(a) |
Samhaltú ascnaimh de réir CEN/TR 16364:2012 nó caighdeáin choibhéiseacha eile a nglactar leo ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-ionsamhlaítear tástáil ascnaimh de réir EN 12873-1:2014 agus EN 12873-2:2021; |
|
(b) |
Ríomh aistrithe iomláin, lena n-ionsamhlaítear aistriú iomlán substaintí ón táirge isteach san uisce ascnaimh. |
3.4. Cur le Fás Miocróbach (EMG) a thástáil
Chun an EMG a thástáil, bainfear úsáid as caighdeán EN 16421:2015 – modh 1 nó 2.
3.5. Ábhar iarmharach substaintí a thástáil (QM/QMA)
I gcás substaintí tosaithe a bhfuil srian uaschainníochta (QM nó QMA) orthu a leagtar amach sa liosta dearfach Eorpach de shubstaintí tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún, déanfar anailís ar a hábhar iarmharach sa táirge.
4. CEANGLAIS INGHLACTHACHTA: CRITÉIR PAS/TEIPE
4.1. Foirmliú
Substaintí tosaithe den fhoirmliú a liostaítear sa liosta dearfach Eorpach de shubstaintí tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2024/367. ón gCoimisiún.
|
(a) |
déanfar iad a úsáid de réir na feidhme teicniúla a shonraítear sa liosta dearfach Eorpach de shubstaintí tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha; |
|
(b) |
déanfar iad a úsáid i gcomhréir leis na coinníollacha úsáide a bhunaítear faoin liosta dearfach Eorpach de shubstaintí tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha. |
4.2. Substaintí ábhartha, substaintí nach rabhthas ag súil leo, TOC
4.2.1. Torthaí tástála a thiontú
I gcomhréir le caighdeáin ascnaimh EN 12873-1:2014 agus EN 12873-2:2021, déantar na torthaí tástála a shloinneadh mar rátaí ascnaimh (M) in μg/(dm2.d). Déanfar na torthaí sin a thiontú chun meastachán a dhéanamh ar na tiúchain ag an mbuacaire (Cbuacaire), a shainmhínítear mar Cbuacaire = M * CF, nuair is é atá in CF an fachtóir tiontaithe comhfhreagrach in d/dm.
Liostaítear na fachtóirí tiontaithe le haghaidh na ngrúpaí táirgí éagsúla i dTábla 5 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Tábla 5
Grúpaí táirgí agus an fachtóir tiontaithe (CF) a ghabhann leo
|
Grúpa táirgí |
CF (in d/dm) |
|||
|
A |
Píopaí agus líneálacha píopaí |
|
||
|
1 |
ID < 80 mm (suiteálacha tí, foirgnimh) (8) |
20 |
||
|
2 |
80 mm ≤ ID < 300 mm (píobánra seirbhíse) |
10 |
||
|
3 |
ID ≥ 300 mm (píobánra an phríomhlíonra) |
5 |
||
|
B |
Feistis, gabhálais (9) |
|
||
|
1 |
ID < 80 mm (suiteálacha tí, foirgnimh) |
2 |
||
|
2 |
80 mm ≤ ID < 300 mm (píobánra seirbhíse) |
1 |
||
|
3 |
ID ≥ 300 mm (píobánra an phríomhlíonra) |
0,5 |
||
|
C |
Comhpháirteanna d’fheistis, de ghabhálais (10) |
|
||
|
1 |
ID < 80 mm (suiteálacha tí, foirgnimh) |
0,2 |
||
|
2 |
80 mm ≤ ID < 300 mm (píobánra seirbhíse) |
0,1 |
||
|
3 |
ID ≥ 300 mm (píobánra an phríomhlíonra) |
0,05 |
||
|
D |
Comhpháirteanna Beaga d’fheistis, de ghabhálais (11) |
|
||
|
1 |
ID < 80 mm (suiteálacha tí, foirgnimh) |
0,02 |
||
|
2 |
80 mm ≤ ID < 300 mm (píobánra seirbhíse) |
0,01 |
||
|
3 |
ID ≥ 300 mm (píobánra an phríomhlíonra) |
0,005 |
||
|
E |
Córais stórála (taiscumair) |
|
||
|
1 |
I suiteálacha tí, foirgnimh, méid uisce < 10 l |
4 |
||
|
2 |
I suiteálacha tí, foirgnimh, méid uisce ≥ 10 l |
2 |
||
|
3 |
I soláthar uisce |
1 |
||
|
F |
Comhpháirteanna de chórais stórála (10) |
|
||
|
1 |
I suiteálacha tí, foirgnimh, méid uisce < 10 l |
0,4 |
||
|
2 |
I suiteálacha tí, foirgnimh; méid uisce ≥ 10 l |
0,2 |
||
|
3 |
I soláthar uisce |
0,1 |
||
|
G |
Comhpháirteanna Beaga de chórais stórála (11) |
|
||
|
1 |
I suiteálacha tí, foirgnimh; méid uisce < 10 l |
0,04 |
||
|
2 |
I suiteálacha tí, foirgnimh; méid uisce ≥ 10 l |
0,02 |
||
|
3 |
I soláthar uisce |
0,01 |
||
|
||||
4.2.2. Critéir pas/teipe le haghaidh substaintí ábhartha
Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir leis an tástáil ascnaimh le huisce fuar:
|
(a) |
Cbuacaire ≤ MTCbuacaire i gcás an 3ú tréimhse ascnaimh (10ú lá den tástáil) nó, i gcás ina bhfuil gá le tástáil shínte, ag an 9ú tréimhse ascnaimh (31ú lá den tástáil); |
|
(b) |
ní bheidh aon treocht ann lena dtéann Cbuacaire i méid le himeacht ama. |
Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir leis an tástáil ascnaimh le huisce bogthe/te:
|
(a) |
Cbuacaire ≤ MTCbuacaire i gcás an 7ú tréimhse ascnaimh (10ú lá den tástáil) nó, i gcás ina bhfuil gá le tástáil shínte, ag an 22ú tréimhse ascnaimh (31ú lá den tástáil); |
|
(b) |
ní bheidh aon treocht ann lena dtéann Cbuacaire i méid le himeacht ama. |
Úsáidfear na tiúchain substainte a thomhaistear san uisce ascnaimh a thagann ó na tréimhsí ascnaimh i ndiaidh a chéile chun measúnú a dhéanamh ar an treocht. Mar sin féin, má tá Cbuacaire sa tréimhse ascnaimh ábhartha faoi bhun 1/10 de MTCbuacaire, ní gá aon anailís a dhéanamh ar an treocht.
I gcás ian, beidh feidhm ag MTCbuacaire,orgánaigh Thábla 1 in Iarscríbhinn V a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún.
4.2.3. Critéir pas/teipe le haghaidh substaintí nach rabhthas ag súil leo
Beidh feidhm ag an gceanglas seo a leanas maidir leis an tástáil ascnaimh le huisce fuar:
|
(a) |
Cbuacaire ≤ MTCbuacaire i gcás an 3ú tréimhse ascnaimh (10ú lá den tástáil) nó, i gcás ina bhfuil gá le tástáil shínte, ag an 9ú tréimhse ascnaimh (31ú lá den tástáil). |
Leagtar amach an MTCbuacaire le haghaidh na substaintí nach rabhthas ag súil leo i dTábla 6.
Tábla 6
MTCbuacaire le haghaidh substaintí nach rabhthas ag súil leo (12)
|
Paraiméadar |
MTCbuacaire |
|
Substaintí sainaitheanta a ngabhann MTCbuacaire aitheanta leo |
MTCbuacaire na substainte |
|
Substaintí sainaitheanta nach ngabhann MTCbuacaire aitheanta leo |
1,0 μg/l |
|
Substaintí gan aithint |
1,0 μg/l in aghaidh na substainte gan aithint1 5,0 μg/l le haghaidh shuim na substaintí gan aithint |
4.2.4. Critéir pas/teipe le haghaidh TOC
Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir leis an tástáil ascnaimh le huisce fuar:
|
(a) |
Cbuacaire ≤ 0,5 mg/l i gcás an 3ú tréimhse ascnaimh (10ú lá den tástáil) nó, Cbuacaire ≤ 0,5 mg/l i gcás an 9ú tréimhse ascnaimh (31ú lá den tástáil) agus Cbuacaire ≤ 2,0 mg/l i gcás an 3ú tréimhse ascnaimh (10ú lá den tástáil); |
|
(b) |
ní bheidh aon treocht ann lena dtéann Cbuacaire i méid le himeacht ama. |
Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir leis an tástáil ascnaimh le huisce bogthe/te:
|
(a) |
Cbuacaire ≤ 0,5 mg/l i gcás an 7ú tréimhse ascnaimh (10ú lá den tástáil) nó, Cbuacaire ≤ 0,5 mg/l i gcás an 22ú tréimhse ascnaimh (31ú lá den tástáil) agus Cbuacaire ≤ 2,0 mg/l i gcás an 7ú tréimhse ascnaimh (10ú lá den tástáil); |
|
(b) |
ní bheidh aon treocht ann lena dtéann Cbuacaire i méid le himeacht ama. |
Úsáidfear an TOC a thomhaistear san uisce ascnaimh a thagann ó na tréimhsí ascnaimh i ndiaidh a chéile chun measúnú a dhéanamh ar an treocht. Mar sin féin, má tá an TOC sa tréimhse ascnaimh ábhartha faoi bhun 0,2 mg/l, ní gá aon anailís a dhéanamh ar an treocht.
4.3. Boladh, blas, dath agus moirtiúlacht
4.3.1. Critéir pas/teipe le haghaidh TON, TFN
|
(i) |
Critéir pas/teipe le haghaidh TON agus TFN i gcás píopaí ar trastomhas inmheánach (ID) < 80 mm: |
Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir leis an tástáil ascnaimh le huisce fuar:
|
(a) |
TON, TFN ≤ 8,0 i gcás an 3ú tréimhse ascnaimh (10ú lá den tástáil); nó |
|
(b) |
TON, TFN ≤ 8,0 i gcás an 9ú tréimhse ascnaimh (31ú lá den tástáil) agus TON, TFN ≤ 16 i gcás an 3ú tréimhse ascnaimh (10ú lá den tástáil). |
Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir leis an tástáil ascnaimh le huisce bogthe/te:
|
(a) |
TON, TFN ≤ 8,0 i gcás an 7ú tréimhse ascnaimh (10ú lá den tástáil); nó |
|
(b) |
TON, TFN ≤ 8,0 i gcás an 22ú tréimhse ascnaimh (31ú lá den tástáil) agus TON, TFN ≤ 16 i gcás an 7ú tréimhse ascnaimh (10ú lá den tástáil). |
|
(ii) |
Critéir pas/teipe le haghaidh TON agus TFN i gcás gach táirge eile: |
Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir leis an tástáil ascnaimh le huisce fuar:
|
(a) |
TON, TFN ≤ 20 i gcás an 3ú tréimhse ascnaimh (10ú lá den tástáil); nó |
|
(b) |
TON, TFN ≤ 2,0 i gcás an 9ú tréimhse ascnaimh (31ú lá den tástáil) agus TON, TFN ≤ 4,0 i gcás an 3ú tréimhse ascnaimh (10ú lá den tástáil). |
Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir leis an tástáil ascnaimh le huisce bogthe/te:
|
(a) |
TON, TFN ≤ 2,0 i gcás an 7ú tréimhse ascnaimh (10ú lá den tástáil); nó |
|
(b) |
TON, TFN ≤ 2,0 i gcás an 22ú tréimhse ascnaimh (31ú lá den tástáil) agus TON, TFN ≤ 4,0 i gcás an 7ú tréimhse ascnaimh (10ú lá den tástáil). |
4.3.2. Critéir pas/teipe le haghaidh datha
Is é ≤ 5 mg/l Pt/Co. an critéar inghlacthachta le haghaidh datha.
Déanfar an critéar a chomhlíonadh i gcás an 3ú tréimhse ascnaimh le haghaidh na tástála ascnaimh le huisce fuar / i gcás an 7ú tréimhse ascnaimh le haghaidh na tástála le huisce bogthe/te (10ú lá den tástáil) nó, i gcás tástáil shínte, i gcás an 9ú tréimhse ascnaimh le haghaidh na tástála ascnaimh le huisce fuar / i gcás an 22ú tréimhse ascnaimh le haghaidh na tástála le huisce bogthe/te (31ú den tástáil).
4.3.3. Critéir pas/teipe le haghaidh moirtiúlachta
Is é ≤ 0,5 NFU an critéar inghlacthachta le haghaidh moirtiúlachta.
Déanfar an critéar a chomhlíonadh i gcás an 3ú tréimhse ascnaimh le haghaidh na tástála ascnaimh le huisce fuar / i gcás an 7ú tréimhse ascnaimh le haghaidh na tástála le huisce bogthe/te (10ú lá den tástáil) nó, i gcás tástáil shínte, i gcás an 9ú tréimhse ascnaimh le haghaidh na tástála ascnaimh le huisce fuar / i gcás an 22ú tréimhse ascnaimh le haghaidh na tástála le huisce bogthe/te (31ú den tástáil).
4.4. Cur le Fás Miocróbach (EMG)
Liostaítear na critéir pas/teipe le haghaidh an pharaiméadair Cur le Fás Miocróbach (EMG) i dTábla 7.
Ina theannta sin, ní bheidh aon éifeacht bhithicídeach ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine ag dromchla na dtáirgí nó na gcomhpháirteanna. Dá bhrí sin, ní chomhlíonann triailphíosaí gan choilíniú ar an dromchla (comparáid idir smearadh den saothrán teagmhála/den sampla tástála le smearadh den saothrán cóimheasa diúltach) an ceanglas seo.
Tábla 7
Critéir Inghlacthachta le haghaidh EMG
|
Caighdeán |
|
|
Neamh-leaistiméirí |
Leaistiméirí (CF > 1 d/dm) |
Leaistiméirí (1 d/dm ≥ CF > 0,1 d/dm) |
Leaistiméirí (CF ≤ 0,1 d/dm) |
|
EN 16421 |
Modh 1 |
Acmhainneacht táirgthe bithmhaise (BPP) in pg ATP/ cm2 |
≤ 1 000 |
≤ 1 000 |
≤ 1 000 |
≤ 1 000 |
|
EN 16421 |
Modh 2 |
Vbithsceo in ml/800 cm2 |
≤ 0,05 ± 0,02 |
≤ 0,05 ± 0,02 |
≤ 0,12 ± 0,03 |
≤ 0,20 ± 0,03 |
4.5. Critéir pas/teipe le haghaidh ábhar iarmharach substaintí (QM agus QMA)
Beidh feidhm ag teorainneacha uaschainníochta (QM agus QMA) an liosta dearfaigh Eorpaigh de shubstaintí tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún atá neamhspleách ar an ngrúpa táirgí d’ábhair orgánacha deiridh.
4.6. Critéir pas/teipe Íonachta le haghaidh líocha, dathán agus líonach
Comhlíonfaidh líocha, datháin agus líonaigh na ceanglais íonachta de réir Thábla 8, mura ndearnadh anailís ar na substaintí comhfhreagracha mar shubstaintí ábhartha sna huiscí ascnaimh. Déanfar an t-eastóscadh le haigéad hidreaclórach 0,1 N de réir an nós imeachta a dtugtar tuairisc air in Council of Europe resolution AP(89)1 on the use of colourants in plastic materials coming into contact with food [rún AP(89)1 ó Chomhairle na hEorpa maidir le datháin a úsáid in ábhair phlaisteacha a bhíonn i dteagmháil le bia].
Tábla 8
Ceanglais maidir le híonacht líocha, dathán agus líonach
|
Líocha agus datháin |
|||||||||||||||||||||||
|
Comhlíonfaidh datháin agus líocha na ceanglais íonachta seo a leanas: |
|||||||||||||||||||||||
|
nó
|
||||||||||||||||||||||
|
Líonaigh |
|||||||||||||||||||||||
|
Féadfaidh líonaigh a bheith éillithe le heisíontais. I gcás líonaigh mianracha, beidh feidhm ag an tsonraíocht seo a leanas: |
|||||||||||||||||||||||
|
Tar éis na líonaigh a thuaslagadh in aigéad hidreaclórach 0.1 N, ní sháróidh tiúchan na ndúl seo a leanas an uaschainníocht, bunaithe ar an líonach:
|
|||||||||||||||||||||||
(1) Uimhir tairsí bolaidh
(2) Uimhir tairsí blais
(3) Ba cheart feabhas a chur ar an modh ionas go mbainfidh Teorainn Braite (LOD) 0,1 μg/l leis.
(4) Ba cheart feabhas a chur ar an modh ionas go mbainfidh Teorainn Braite (LOD) 0,1 μg/l leis.
(5) suim de dhébhúitiolaimín (CAS 111-92-2), dé-eitiolaimín (CAS 109-89-7), démheitiolaimín (CAS 124-40-3), déchioglaiheicsiolaimín (CAS 101-83-7), cioglaiheicsileitiolaimín (CAS 5459-93-8), défheiniolaimín (CAS 122-39-4), débheinsiolaimín (CAS 103-49-1), beinsil-N-meitiolaimín (CAS 103-67-3), beinsilídéinbeinsiolaimín (CAS,780-25-6) n-meitiolanailín (CAS 100-61-8), n-eitiolanailín (CAS 103-69-5), n-búitiolanailín (CAS 1126-78-9)
(6) suim de n-Níotrósa-dé-n-búitiolaimín (CAS 924-16-3), n-Níotrósa-dé-eatánólaimín (CAS 1116-54-7), n-Níotrósa-dé-eitiolaimín (CAS 55-18-5), n-Níotrósa-dé-iseapróipiolaimín (CAS 601-77-4), n-Níotrósa-démheitiolaimín (CAS 62-75-9), n-Níotrósa-dé-n-próipiolaimín (CAS 621-64-7), feiniolaimín n-Níotrósa-eitile (CAS 612-64-6), eitiolaimín n-Níotrósa-meitile (CAS 10595-95-6) feiniolaimín n-Níotrósa-meitile (CAS 614-00-6), n-Níotrósa-morfóilín (CAS 59-89-2), n-Níotrósa-pipiridín (CAS 100-75-4), n-Níotrósa-pioróilidin (CAS 930-55-2)
(7) suim de n-Níotrósa-dé-n-búitiolaimín (CAS 924-16-3), n-Níotrósa-dé-eatánólaimín (CAS 1116-54-7), n-Níotrósa-dé-eitiolaimín (CAS 55-18-5), n-Níotrósa-dé-iseapróipiolaimín (CAS 601-77-4), n-Níotrósa-démheitiolaimín (CAS 62-75-9), n-Níotrósa-dé-n-próipiolaimín (CAS 621-64-7), feiniolaimín n-Níotrósa-eitile (CAS 612-64-6), eitiolaimín n-Níotrósa-meitile (CAS 10595-95-6) feiniolaimín n-Níotrósa-meitile (CAS 614-00-6), n-Níotrósa-morfóilín (CAS 59-89-2), n-Níotrósa-pipiridín (CAS 100-75-4), n-Níotrósa-pioróilidin (CAS 930-55-2)
(8) Maidir le sraith píopaí lena ngabhann trastomhais éagsúla atá déanta as an réamhtháirge céanna faoin bpróiseas monaraíochta céanna (fine táirgí mar a thugtar air), i gcás ina ndéantar an píopa lena ngabhann an trastomhas is lú den fhine táirgí sin a mheasúnú agus a fhormheas, ceadaítear an tsraith iomlán de phíopaí lena ngabhann trastomhais éagsúla a úsáid le haghaidh gach réimse úsáide laistigh den ghrúpa táirgí gan tuilleadh tástála.
(9) ≥ 10 % den táirge cóimeáilte
(10) < 10 % den táirge cóimeáilte
(11) < 1 % den táirge cóimeáilte
(12) Bunaithe ar fhreagra an chaighdeáin inmheánaigh is gaire.
IARSCRÍBHINN II
ÁBHAIR MHIOTALACHA DHEIRIDH
1. NÓS IMEACHTA GINEARÁLTA I NDÁIL LE HÁBHAIR MHIOTALACHA DHEIRIDH A ÚSÁIDTEAR I DTÁIRGE A THÁSTÁIL AGUS GLACADH LEO.
Áirítear na céimeanna seo a leanas sa nós imeachta i ndáil le hábhair mhiotalacha dheiridh a úsáidtear i dtáirge a thástáil agus glacadh leo:
|
|
Céim 1 – Substaintí ábhartha agus paraiméadair ábhartha eile a shainaithint de réir an mhéid seo a leanas:
|
|
|
Céim 2 – Na tástálacha a dhéanamh:
|
|
|
Céim 3. Comhlíonadh na gcritéar pas/teipe |
2. SUBSTAINTÍ ÁBHARTHA AGUS PARAIMÉADAIR ÁBHARTHA EILE A SHAINAITHINT
2.1. Athbhreithniú ar chomhdhéanamh
|
2.1.1. |
An fhaisnéis is gá |
Chun athbhreithniú a dhéanamh ar chomhdhéanamh táirge mhiotalaigh nó táirge chóimeáilte ina bhfuil comhpháirteanna miotalacha, tá gá leis an bhfaisnéis seo a leanas:
|
(a) |
liosta de na comhpháirteanna miotalacha uile lena n-áirítear comhdhéanamh an bhulcábhair mar raon le haghaidh na gcomhábhar uile ar mó iad ná 0,02 % (m/m), mionsonraí faoin bpróiseáil chun na hábhair mhiotalacha deiridh a fháil agus dromchla-chodán fliuchta na gcomhpháirteanna i ndáil le dromchla fliuchta an táirge chóimeáilte; |
|
(b) |
liosta na sádar a úsáideadh lena n-áirítear mionsonraí faoin bpróiseas sádrála; |
|
(c) |
tuairisc mhionsonraithe ar na próisis phlátála a úsáideadh; |
|
(d) |
tuairisc mhionsonraithe ar thuilte nó bratuithe orgánacha a úsáideadh; |
|
(e) |
aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar chomhdhéanamh an ábhair mhiotalaigh deiridh. |
2.1.2. Comhdhéanaimh a bhfuil glacadh leo
Comhlíonfaidh comhdhéanaimh na n-ábhar miotalach deiridh agus na bplátálacha na comhdhéanaimh a liostaítear sa liosta dearfach Eorpach de chomhdhéanaimh le haghaidh ábhair mhiotalacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 11(2) (b) den Treoir agus comhlíonfaidh siad na teorainneacha a leagtar amach sa liosta dearfach Eorpach i leith iad a úsáid le haghaidh grúpaí táirgí áirithe agus i leith úsáid na dtáirgí sin.
Leagtar amach catagóiriú táirgí i ngrúpaí táirgí le haghaidh ábhair mhiotalacha i dTábla 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) .../... 2024/365 (1). ón gCoimisiún. Comhlíonfaidh tuilte agus bratuithe orgánacha a úsáideadh ceanglais Iarscríbhinn I.
2.1.3. Substaintí ábhartha
I gcás táirgí plátáilte, déanfar substaintí ábhartha a shainaithint ar bhonn chomhdhéanamh na plátála a liostaítear sa liosta dearfach Eorpach de chomhdhéanaimh mhiotalacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún.
3. CEANGLAIS TÁSTÁLA
3.1. Comhdhéanamh a thástáil
Déanfar anailís ar chomhdhéanamh na n-ábhar miotalach deiridh chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le comhdhéanamh ábhar miotalach a áirítear sa liosta dearfach Eorpach de chomhdhéanaimh mhiotalacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún. Déanfar na modhanna anailíse a bhailíochtú agus a dhoiciméadú i gcomhréir le EN ISO/IEC 17025:2017 nó caighdeáin choibhéiseacha eile a nglactar leo ar an leibhéal idirnáisiúnta.
3.2. Tástáil ar scaoileadh substaintí ábhartha ó tháirgí plátáilte
Ba cheart tástáil a dhéanamh ar tháirgí plátáilte chun a fháil amach an bhfuil iarmhair ar an dromchla de réir na dtreoracha sa liosta dearfach Eorpach de chomhdhéanaimh mhiotalacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún. Le tástáil oiriúnach, ba cheart go n-ionsamhlófaí scaoileadh dúile miotalaí isteach in uisce óil ag buacaire an tomhaltóra. Déanfar na modhanna anailíse a bhailíochtú agus a dhoiciméadú i gcomhréir le EN ISO/IEC 17025:2017 nó caighdeáin choibhéiseacha eile a nglactar leo ar an leibhéal idirnáisiúnta.
Déanfar an tástáil ar scaoileadh substaintí orgánacha a úsáideadh sa phróiseas plátála i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
4. CEANGLAIS INGHLACTHACHTA: CRITÉIR PAS/TEIPE
4.1. Comhlíonadh an liosta dhearfaigh Eorpaigh de chomhdhéanaimh mhiotalacha
Comhlíonfaidh comhdhéanamh na n-ábhar miotalach deiridh a ndearnadh anailís air na ceanglais maidir le comhdhéanamh agus teorainneacha eile a shonraítear sa liosta dearfach Eorpach de chomhdhéanaimh mhiotalacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún.
4.2. Critéir pas/teipe le haghaidh substaintí ábhartha
Beidh feidhm ag an gceanglas Cbuacaire ≤ MTCbuacaire,miotalaigh i gcás ina liostaítear MTCbuacaire,miotalaigh i dTábla 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún, nuair a thugtar aird chuí ar an am marbhántachta agus ar an méid samplála agus Cbuacaire á ríomh.
(1) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/365 ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le modheolaíochtaí i ndáil le substaintí tosaithe, comhdhéanaimh agus comhábhair a thástáil agus glacadh leo a bheidh le háireamh ar na liostaí dearfacha Eorpacha de na substaintí tosaithe, comhdhéanaimh nó comhábhair (IO L, 2024/365, 2024.4.23, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dec_impl/2024/365/oj).
IARSCRÍBHINN III
ÁBHAIR STROIGHNIÚLA DHEIRIDH
1. NÓS IMEACHTA GINEARÁLTA I NDÁIL LE HÁBHAIR STROIGHNIÚLA DHEIRIDH A ÚSÁIDTEAR I DTÁIRGE A THÁSTÁIL AGUS GLACADH LEO.
Áirítear na céimeanna seo a leanas sa nós imeachta i ndáil le hábhair stroighniúla dheiridh a úsáidtear i dtáirge a thástáil agus glacadh leo:
|
|
Céim 1 – Substaintí ábhartha agus paraiméadair ábhartha eile a shainaithint de réir an mhéid seo a leanas:
|
|
|
Céim 2 – Na tástálacha a dhéanamh
|
|
|
Céim 3 – Comhlíonadh na gcritéar pas/teipe |
2. SUBSTAINTÍ ÁBHARTHA AGUS PARAIMÉADAIR ÁBHARTHA EILE A SHAINAITHINT
2.1. Táirgí a chatagóiriú i ngrúpaí riosca agus ceanglais tástála chomhfhreagracha
Is as úsáid na n-ábhar stroighniúil deiridh i dtáirgí a thagann an nós imeachta tástála is infheidhme maidir leo.
I gcomhréir le Tábla 5 d’Iarscríbhinn I, déanfar grúpa táirgí agus fachtóir tiontaithe (CF) comhfhreagrach a chinneadh le haghaidh an táirge nó na comhpháirte. Ar bhonn an CF a chinntear, déantar an táirge nó an chomhpháirt a chatagóiriú i ngrúpa riosca (RG). I gcomhréir le Tábla 1 den Iarscríbhinn seo, is leis an gcatagóiriú in RG a chinntear na ceanglais tástála chomhfhreagracha agus na paraiméadair ábhartha eile.
I gcás táirge cóimeáilte, déanfar na comhpháirteanna a chinneadh. I gcás gach comhpháirte i dtáirge cóimeáilte, déanfar grúpa táirgí a chinneadh. Más éard atá i dtáirge cóimeáilte comhpháirteanna atá déanta as na hábhair dheiridh chéanna, déanfar dromchla-chodán na gcomhpháirteanna sin a shuimiú go carnach chun an grúpa táirgí a chinneadh i gcomhréir le Tábla 5 d’Iarscríbhinn I.
Déanfar an tástáil ar na hábhair deiridh a úsáidtear i dtáirgí a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine.
Meastar gur comhpháirteanna atá catagóirithe i ngrúpa riosca 4 (RG4) iad mion-chomhpháirteanna agus féadfaidh feidhm a bheith ag ceanglais tástála laghdaithe maidir leo, mar a leagtar amach i dTábla 1, i gcomparáid leis na ceanglais tástála le haghaidh ghrúpa riosca 1, 2 nó 3 (RG1, RG2, RG3).
Tábla 1:
Ceanglais tástála rioscabhunaithe le haghaidh táirgí nó comhpháirteanna de tháirgí cóimeáilte
|
Grúpa Riosca |
CF in d/dm |
Athbhreithniú ar fhoirmliú |
Substaintí ábhartha |
Scagadh le haghaidh substaintí nach rabhthas ag súil leo |
TOC |
EMG |
|
|
RG1 |
≥ 4 |
Ina cheanglas |
Ina cheanglas, maidir le táirge nó triailphíosa |
Ina cheanglas, maidir le táirge nó triailphíosa má úsáidtear comhábhair orgánacha |
Ina cheanglas, maidir le táirge nó triailphíosa |
Ina cheanglas, maidir le táirge nó triailphíosa |
Ina cheanglas, maidir le táirge nó triailphíosa má úsáidtear comhábhair orgánacha |
|
RG2 |
≥ 0,4 agus < 4 |
||||||
|
RG3 |
≥ 0,04 agus < 0,4 |
||||||
|
RG4 |
< 0,04 |
Níl sé ina cheanglas |
Níl sé ina cheanglas |
Níl sé ina cheanglas |
Ina cheanglas, maidir le táirge nó triailphíosa |
Ina cheanglas, maidir le táirge nó triailphíosa |
Ina cheanglas, maidir le táirge nó triailphíosa má úsáidtear comhábhair orgánacha |
2.2. Athbhreithniú ar fhoirmliú
Déanfar athbhreithniú ar fhoirmliú i gcomhréir leis na ceanglais i dTábla 1.
2.2.1. An Fhaisnéis is Gá
Tá gá leis an bhfaisnéis seo a leanas san athbhreithniú ar fhoirmliú le haghaidh gach ábhair stroighniúil deiridh:
|
(a) |
liosta na gcomhábhar uile (lena n-áirítear faisnéis faoina n-eisíontais) a úsáideadh chun an t-ábhar stroighniúil deiridh a tháirgeadh; |
|
(b) |
mais-tiúchan (m/m %) de chomhábhair faoi seach i dtaca le hábhar stroighniúil a úsáideadh chun an t-ábhar stroighniúil deiridh a tháirgeadh; |
|
(c) |
aon fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar fhoirmliú an ábhair stroighniúil deiridh. |
Is é 0,02 % (w/w) an scoithluach, ar faoina bhun nach bhfuil gá le sonraí fhoirmliú an ábhair deiridh, a shloinntear mar chéatadán maise san fhoirmliú i dtaca leis an ábhar stroighne le haghaidh comhábhair amháin.
Déanfar meastóireacht ar an bhfoirmliú agus déanfar í a chur i gcomparáid leis na comhábhair a bhfuil glacadh leo sa liosta dearfach Eorpach de chomhábhair orgánacha le haghaidh ábhair stroighniúla in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún agus leis na substaintí tosaithe a bhfuil glacadh leo sa liosta dearfach Eorpach le haghaidh ábhair orgánacha, nuair is ábhartha i gcomhréir le Tábla 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún. Leis an meastóireacht, saineofar na substaintí ábhartha a ndéanfar anailís orthu san uisce ascnaimh.
2.2.2. Substaintí ábhartha
Is iad seo a leanas na substaintí ábhartha a bhfuil anailís le déanamh orthu san uisce ascnaimh:
|
(1) |
Comhábhair stroighniúla orgánacha a úsáidtear i bhfoirmliú an ábhair stroighniúil dheiridh, a liostaítear sa liosta dearfach Eorpach de chomhábhair orgánacha le haghaidh ábhair stroighniúla in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún nó a liostaítear sa liosta dearfach Eorpach de shubstaintí tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2024/367. ón gCoimisiún agus a bhfuil feidhm ag MTCbuacaire maidir leo; |
|
(2) |
Eisíontais, táirgí díghrádúcháin nó imoibriúcháin a shonraítear i gcoinníoll úsáide an liosta dhearfaigh Eorpaigh de chomhábhair orgánacha le haghaidh ábhair stroighniúla in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún nó a shonraítear i gcoinníoll úsáide an liosta dhearfaigh Eorpaigh de shubstaintí tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún a úsáidtear san fhoirmliú; |
|
(3) |
Comhábhair stroighniúla orgánacha a úsáidtear san fhoirmliú, a n-eisíontais, táirgí díghrádúcháin nó imoibriúcháin nach liostaítear sa liosta dearfach Eorpach de chomhábhair orgánacha le haghaidh ábhair stroighniúla in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún ná sa liosta dearfach Eorpach de shubstaintí tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2024/367. ón gCoimisiún, ach a nglactar leo faoi roinn 2.2.3 den Iarscríbhinn seo; |
|
(4) |
Miotail arb ann do MTCbuacaire,stroighniúil ina leith de réir Thábla 1 in Iarscríbhinn V a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún; |
|
(5) |
Príomhaimíní aramatacha (PAAnna) má úsáidtear líocha nó datháin orgánacha san fhoirmliú nach gcomhlíonann na ceanglais íonachta de réir roinn 4.6 d’Iarscríbhinn I nó nuair nach ndearnadh an tástáil íonachta. |
2.2.3. Comhábhair inghlactha
Ní bheidh in ábhair stroighniúla dheiridh ach comhábhair stroighniúla orgánacha a liostaítear sa liosta dearfach Eorpach de chomhábhair orgánacha le haghaidh ábhair stroighniúla in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún agus sa liosta dearfach Eorpach de shubstaintí tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha mar a shonraítear a thuilleadh i dTábla 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún.
Ceadaítear na comhábhair bhreise seo a leanas a úsáid:
|
(a) |
Comhábhair neamhorgánacha; |
|
(b) |
Comhábhair stroighniúla orgánacha nach bhfuil aon fhéidearthacht ann ina leith go n-ascnaíonn siad, lena n-áirítear a dtáirgí imoibriúcháin ag leibhéil is mó ná 0,1 μg/l in uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. Níl feidhm ag an méid sin ach amháin maidir le substaintí nach mbaineann le haon cheann de na catagóirí seo a leanas:
|
Agus comhábhair d’ábhair stroighniúla á nglacadh, cuirfear san áireamh na nótaí ábhartha a ghabhann le hIarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún lena mbunaítear an Liosta Dearfach Eorpach de chomhábhair orgánacha le haghaidh ábhair stroighniúla in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún.
2.2.4. Ceanglais ábhar-sonracha
Má úsáidtear líocha agus datháin, comhlíonfaidh siad na critéir íonachta mar a shainmhínítear i dTábla 8 d’Iarscríbhinn I, agus ní ascnóidh siad ag leibhéil is mó ná 0,1 μg/l.
3. CEANGLAIS TÁSTÁLA
3.1. Tástáil ascnaimh
Ba cheart tástáil a dhéanamh ar bhratuithe orgánacha ina bhfuil líonaigh neamhorgánacha de réir roinn 3.1 d’Iarscríbhinn I. Má tá pH > 9,5 san uisce ascnaimh deiridh, ba cheart a mheas go bhfuil an tástáil neamhbhailí agus ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an táirge mar tháirge stroighniúil agus déanfar an tástáil de réir roinn 3.1 d’Iarscríbhinn III.
3.1.1. Sonraíochtaí chun tástáil a dhéanamh ar ábhair stroighniúla dheiridh le haghaidh ascnamh paraiméadar orgánaileipteach (boladh, blas, dath agus moirtiúlacht), TOC, substaintí ábhartha agus substaintí nach rabhthas ag súil leo
|
(a) |
Triailphíosaí |
I gcás táirge nó comhpháirte nach féidir an tástáil a dhéanamh air nó uirthi go praiticiúil mar gheall ar a mhéid nó a méid, soláthrófar triailphíosa le haghaidh na tástála.
Tabharfar aird ar leith ar tháirgeadh an triailphíosa.
|
(b) |
Réamhchóiriú na dtriailphíosaí |
Déanfar réamhchóiriú ar thriailphíosaí trína dtumadh in uisce dímhianraithe ina bhfuil clóiríd chailciam ainhidriúil ((222 ± 2) mg CaCl2 L-1) agus décharbónáit sóidiam ((336 ± 2) NaHCO3 mg L-1) a choigeartófar go pH (7,4 ± 0,1) trí bhoilgearnach aeir nó CO2.
Déanfar triailphíosaí a réamhchóiriú ag (23 ± 2) °C i dtrí thréimhse (24 ± 1) uair an chloig i ndiaidh a chéile agus tréimhse amháin (72 ± 1) uair an chloig ina dhiaidh sin agus tréimhse amháin (24 ± 1) uair an chloig ina dhiaidh sin. Tar éis gach tréimhse déantar an t-uisce a dhiúscairt agus ní dhéantar an triailphíosa a shruthlú. Más mó ná 9,5 pH an t-uisce réamhchóireála deireanach, déanfar an réamhchóiriú a athdhéanamh le triailphíosaí nua.
Tar éis an cúigiú réamhchóiriú, déanfar an tástáil ascnaimh ar an triailphíosa láithreach bonn.
|
(c) |
Tástáil ascnaimh |
Déanfar triailphíosaí a thumadh in uisce na tástála ascnaimh ag teocht shonraithe agus ar feadh tréimhse shonraithe.
|
(i) |
Uisce na tástála ascnaimh le haghaidh bolaidh, blais, datha, moirtiúlachta agus TOC |
Is é a bheidh in uisce neamhchlóirínithe na tástála ascnaimh uisce nádúrtha gan ghás nó uisce dímhianraithe ina bhfuil clóiríd chailciam ainhidriúil ((222 ± 2) mg CaCl2 L-1)), décharbónáit sóidiam ((482 ± 2) NaHCO3 mg L-1) agus sileacáit sóidiam ((71 ± 1) Na2SiO3·9·H2O mg L-1). Beidh pH (7,4 ± 0,1) trí bhoilgearnach aeir nó CO2 aige, mar aon le seoltacht (500 ± 50) μS cm -1, alcaileacht (350 ± 50) mg HCO3 - L-1, tiúchan cailciam (80 ± 10) mg -1 L agus tiúchan silice (15 ± 5) mg SiO2 L-1. Ní bheidh aon bholadh (< 2 TON), blas (< 2 TFN), dath (< 0.1 m-1), moirtiúlacht (< 0.1 FNU) ná TOC (<0,2 mg C L-1) ag uisce neamhchlóirínithe na tástála ascnaimh.
Is é a bheidh in uisce clóirínithe na tástála ascnaimh uisce neamhchlóirínithe na tástála ascnaimh ina bhfuil (1,0 ± 0,2) mg L-1 de chlóirín saor.
|
(ii) |
Uisce na tástála ascnaimh le haghaidh ascnamh substaintí ábhartha agus substaintí nach rabhthas ag súil leo |
Is é a bheidh in uisce neamhchlóirínithe na tástála ascnaimh uisce dímhianraithe ina bhfuil clóiríd chailciam ainhidriúil ((110 ± 1) mg CaCl2 L-1)), décharbónáit sóidiam ((140 ± 1) NaHCO3 mg L-1) agus sileacáit sóidiam ((48 ± 1) Na2SiO3·9·H2O mg L-1). Beidh pH (7,0 ± 0,1) trí bhoilgearnach aeir nó CO2 aige.
Is é a bheidh in uisce clóirínithe na tástála ascnaimh uisce neamhchlóirínithe na tástála ascnaimh ina bhfuil (1,0 ± 0,2) mg L-1 de chlóirín saor.
|
(iii) |
Teocht an uisce tástála ascnaimh |
Déanfar gach táirge a thástáil ag 23 °C ± 2 °C (coinníoll na tástála le huisce fuar).
Ina theannta sin, déanfar táirgí a úsáidtear de ghnáth i gcúinsí bogtheo nó teo a thástáil ag 60 °C ± 2 °C nó 85 °C ± 2 °C, faoi seach. Chun na críche sin, comhfhreagraíonn uisce bogthe do ghnáth-theochtaí oibriúcháin idir 30 °C agus 70 °C agus comhfhreagraíonn uisce te do theochtaí oibriúcháin is mó ná 70 °C.
|
(iv) |
Fad na dtréimhsí tástála ascnaimh |
Beidh an triailphíosa le haghaidh úsáid le huisce fuar i dteagmháil le huisce tástála ar feadh 72 ± 1 uair an chloig. Beidh an triailphíosa le haghaidh úsáid ag teochtaí ardaithe i dteagmháil le huisce tástála ar feadh 24 uair an chloig. Déanfar an tástáil arís dhá uair eile ar a laghad agus uisce úr tástála á úsáid gach uair. I gcás tástálacha le huisce fuar, déanfar anailís ar shamplaí ascnaimh na 1ú tréimhse ascnaimh, an 2ú tréimhse ascnaimh agus an 3ú tréimhse ascnaimh. Déanfar measúnú ar chomhlíonadh na gcritéar pas/teipe ag an 3ú tréimhse ascnaimh. Mura gcomhlíontar na critéir pas/teipe (féach ranna 4.2 agus 4.3) ag an 3ú tréimhse ascnaimh, féadfar síneadh a chur leis an tástáil agus déanfar anailís ar an 5ú tréimhse, an 7ú tréimhse agus an 9ú tréimhse freisin. Sa chás sin, déanfar measúnú ar na critéir pas/teipe ag an 9ú tréimhse ascnaimh.
I gcás tástálacha le huisce bogthe nó te, déanfar anailís ar shamplaí ascnaimh na 1ú tréimhse ascnaimh, an 6ú tréimhse ascnaimh agus an 7ú tréimhse ascnaimh. Déanfar measúnú ar chomhlíonadh na gcritéar pas/teipe ag an 7ú tréimhse ascnaimh. Mura gcomhlíontar na critéir pas/teipe (féach ranna 4.2 agus 4.3) ag an 7ú tréimhse ascnaimh, féadfar síneadh a chur leis an tástáil agus déanfar anailís ar an 12ú tréimhse, an 17ú tréimhse agus an 22ú tréimhse freisin. Sa chás sin, déanfar measúnú ar na critéir pas/teipe ag an 22ú tréimhse ascnaimh.
|
(v) |
Cóimheas idir dromchla agus méid (S/V) |
Roghnófar an t-ionadaí S/V is mó den ghrúpa táirgí.
|
(vi) |
Sonraíochtaí breise |
I gcás ina dteastóidh tuilleadh sonraí faoi pharaiméadair orgánaileipteacha, TOC, substaintí ábhartha agus substaintí nach rabhthas ag súil leo a thástáil, bainfear úsáid as caighdeáin Eorpacha ábhartha nó, ina n-éagmais sin, modhanna a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta acu.
Déanfar an tástáil le huisce fuar (23 °C ± 2 °C) le huisce tástála clóirínithe agus neamhchlóirínithe. I gcás ina mbeidh gá le tástáil le huisce bogthe nó te, is le huisce tástála neamhchlóirínithe amháin a dhéanfar an tástáil.
3.2. Anailís ar uiscí ascnaimh
3.2.1. Substaintí ábhartha
Déanfar anailís ar na substaintí ábhartha a shainítear i roinn 2.2.2 sna huiscí ascnaimh.
Déanfar na modhanna chun anailís a dhéanamh ar shubstaintí ábhartha in uiscí ascnaimh a bhailíochtú agus a dhoiciméadú i gcomhréir le EN ISO/IEC 17025:2017 nó caighdeáin choibhéiseacha eile a nglactar leo ar an leibhéal idirnáisiúnta.
3.2.2. Substaintí nach rabhthas ag súil leo
Chun substaintí nach rabhthas ag súil leo a shainaithint agus anailís leathchainníochtúil a dhéanamh orthu, feadfar úsáid a bhaint as scagadh le crómatagrafaíocht gháis/mais-speictriméadracht nó scagadh trí bhíthin teicnící anailíseacha eile.
Ní dhéantar substaintí nach rabhthas ag súil leo a chinneadh ach amháin in uiscí ascnaimh na tástála le huisce fuar.
3.2.3. Paraiméadair ábhartha eile
Déanfar na modhanna chun anailís a dhéanamh ar pharaiméadair ábhartha eile in uiscí ascnaimh a bhailíochtú agus a dhoiciméadú i gcomhréir le EN ISO/IEC 17025:2017 nó caighdeáin choibhéiseacha eile a nglactar leo ar an leibhéal idirnáisiúnta.
3.3. Samhaltú matamaiticiúil
I gcás inarb ann do shamhlacha idirleata a bhfuil aitheantas ginearálta acu ar bhonn sonraí turgnamhacha, féadfar samhaltú matamaiticiúil a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar leibhéil ascnaimh mar mhalairt ar an tástáil ascnaimh ar shubstaintí ábhartha le haghaidh cineálacha áirithe ábhar stroighniúil deiridh.
Má thuarann na samhlacha idirleata aitheanta sin go gcomhlíonann ascnamh na substainte an t-uastiúchan infhulaingthe ag an mbuacaire (MTCbuacaire), ní gá tástáil ascnaimh a dhéanamh ar na substaintí sin. Chun measúnú a dhéanamh ar pharaiméadair áirithe agus chun críoch samhaltaithe, déanfar cion na substaintí lena mbaineann san ábhar deiridh a chinneadh.
Mura léirítear comhlíonadh trí úsáid a bhaint as na samhlacha, déanfar tástáil ascnaimh.
Ní úsáidfear ach na samhlacha matamaiticiúla bailíochtaithe is infheidhme maidir le hábhair stroighniúla chun tiúchan substainte ábhartha in uisce ascnaimh a chinneadh.
3.4. Cur le Fás Miocróbach (EMG) a thástáil
Déanfar tástálacha le haghaidh Cur le Fás Miocróbach má úsáidtear comhábhair orgánacha de réir an fhoirmlithe. Chun an Cur le Fás Miocróbach a thástáil, bainfear úsáid as caighdeán EN 16421:2015 – modh 1 nó 2.
4. CEANGLAIS INGHLACTHACHTA: CRITÉIR PAS/TEIPE
4.1. Foirmliú
Bainfear úsáid as comhábhair stroighniúla orgánacha den fhoirmliú a liostaítear sa liosta dearfach Eorpach de chomhábhair orgánacha le haghaidh ábhair stroighniúla in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún agus sa liosta dearfach Eorpach de shubstaintí tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha mar a shonraítear a thuilleadh i dTábla 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún:
|
(a) |
i gcomhréir leis an bhfeidhm theicniúil a shonraítear sna liostaí dearfacha Eorpacha ábhartha; |
|
(b) |
i gcomhréir leis na coinníollacha úsáide a bhunaítear faoi na liostaí dearfacha Eorpacha ábhartha. |
4.2. Substaintí ábhartha, substaintí nach rabhthas ag súil leo
4.2.1. Torthaí na dtástálacha ascnaimh a thiontú
Sloinntear torthaí na dtástálacha ascnaimh mar rátaí ascnaimh (M) in μg/(dm2d). Déanfar na torthaí sin a thiontú chun meastachán a dhéanamh ar na tiúchain ag an mbuacaire (Cbuacaire), a shainmhínítear mar Cbuacaire = M * CF, nuair is é atá in CF an fachtóir tiontaithe comhfhreagrach in d/dm.
Liostaítear na fachtóirí tiontaithe le haghaidh na ngrúpaí táirgí éagsúla i dTábla 5 a ghabhann le hIarscríbhinn I.
4.2.2. Critéir pas/teipe le haghaidh substaintí ábhartha
Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir leis an tástáil ascnaimh le huisce fuar:
|
(a) |
Cbuacaire ≤ MTCbuacaire i gcás an 3ú tréimhse ascnaimh nó, i gcás ina bhfuil gá le tástáil shínte, ag an 9ú tréimhse ascnaimh; |
|
(b) |
ní bheidh aon treocht ann lena dtéann Cbuacaire i méid le himeacht ama. |
Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir leis an tástáil ascnaimh le huisce bogthe/te:
|
(a) |
Cbuacaire ≤ MTCbuacaire i gcás an 7ú tréimhse ascnaimh nó, i gcás ina bhfuil gá le tástáil shínte, ag an 22ú tréimhse ascnaimh. |
|
(b) |
ní bheidh aon treocht ann lena dtéann Cbuacaire i méid le himeacht ama |
Úsáidfear na tiúchain substainte a thomhaistear san uisce ascnaimh a thagann ó na tréimhsí ascnaimh i ndiaidh a chéile chun measúnú a dhéanamh ar an treocht. Mar sin féin, má tá an Cbuacaire sa tréimhse ascnaimh ábhartha faoi bhun 1/10ú den MTCbuacaire, ní gá aon anailís a dhéanamh ar an treocht.
I gcás miotal, beidh feidhm ag MTCbuacaire,stroighniúil Thábla 1 in Iarscríbhinn V a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún.
4.2.3. Critéir pas/teipe le haghaidh substaintí nach rabhthas ag súil leo
Beidh feidhm ag an gceanglas seo a leanas maidir leis an tástáil ascnaimh le huisce fuar: Cbuacaire ≤ MTCbuacaire i gcás an 3ú tréimhse ascnaimh nó, i gcás ina bhfuil gá le tástáil shínte, ag an 9ú tréimhse ascnaimh;
Leagtar amach an MTCbuacaire le haghaidh na substaintí nach rabhthas ag súil leo i dTábla 6 d’Iarscríbhinn I. I gcás táirgí stroighniúla áirithe, leis an gcóimheas S/V, ní féidir an teorainn MTCbuacaire = 1 μg/L a bhunaítear le haghaidh ábhair orgánacha a chomhlíonadh.
Sa chás sin, beidh feidhm ag MTCbuacaire < Teorainn Chainníochtaithe le haghaidh an chóimheasa S/V is airde.
4.2.4. Critéir pas/teipe le haghaidh Carbón Orgánach Iomlán (TOC)
Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir leis an tástáil ascnaimh le huisce fuar:
|
(a) |
Cbuacaire ≤ 0,5 mg/l i gcás an 3ú tréimhse ascnaimh nó, Cbuacaire ≤ 0,5 mg/l i gcás an 9ú tréimhse ascnaimh agus Cbuacaire ≤ 2,0 mg/l i gcás an 3ú tréimhse ascnaimh; |
|
(b) |
ní bheidh aon treocht ann lena dtéann Cbuacaire i méid le himeacht ama. |
Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir leis an tástáil ascnaimh le huisce bogthe/te:
|
(a) |
Cbuacaire ≤ 0,5 mg/l i gcás an 7ú tréimhse ascnaimh nó, Cbuacaire ≤ 0,5 mg/l i gcás an 22ú tréimhse ascnaimh agus Cbuacaire ≤ 2,0 mg/l i gcás an 7ú tréimhse ascnaimh. |
|
(b) |
ní bheidh aon treocht ann lena dtéann Cbuacaire i méid le himeacht ama. |
Úsáidfear an TOC a thomhaistear san uisce ascnaimh a thagann ó na tréimhsí ascnaimh i ndiaidh a chéile chun measúnú a dhéanamh ar an treocht. Mar sin féin, má tá an TOC sa tréimhse ascnaimh ábhartha faoi bhun 0,2 mg/l, ní gá aon anailís a dhéanamh ar an treocht.
4.3. Boladh, blas, dath agus moirtiúlacht
4.3.1. Critéir pas/teipe le haghaidh TON, TFN
Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir leis an tástáil ascnaimh le huisce fuar:
|
(a) |
TON, TFN ≤ 2,0 i gcás an 3ú tréimhse ascnaimh; nó |
|
(b) |
TON, TFN ≤ 2,0 i gcás an 9ú tréimhse ascnaimh agus TON ≤ 4,0 i gcás an 3ú tréimhse ascnaimh. |
Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir leis an tástáil ascnaimh le huisce bogthe/te:
|
(a) |
TON, TFN ≤ 2,0 i gcás an 7ú tréimhse ascnaimh; nó |
|
(b) |
TON, TFN ≤ 2,0 i gcás an 22ú tréimhse ascnaimh agus TON, TFN ≤ 4,0 i gcás an 7ú tréimhse ascnaimh. |
4.3.2. Critéir pas/teipe le haghaidh datha
Is é ≤ 5 mg/l Pt/Co an critéar inghlacthachta le haghaidh datha
Déanfar an critéar a chomhlíonadh i gcás an 3ú tréimhse ascnaimh le haghaidh na tástála ascnaimh le huisce fuar / i gcás an 7ú tréimhse ascnaimh le haghaidh na tástála le huisce bogthe/te nó i gcás tástáil shínte, i gcás an 9ú tréimhse ascnaimh le haghaidh na tástála ascnaimh le huisce fuar / i gcás an 22ú tréimhse ascnaimh le haghaidh na tástála le huisce bogthe/te.
4.3.3. Critéir pas/teipe le haghaidh moirtiúlachta
Is é ≤ 0,5 NFU an critéar inghlacthachta le haghaidh moirtiúlachta
Déanfar an critéar a chomhlíonadh i gcás an 3ú tréimhse ascnaimh le haghaidh na tástála ascnaimh le huisce fuar / i gcás an 7ú tréimhse ascnaimh le haghaidh na tástála le huisce bogthe/te nó i gcás tástáil shínte, i gcás an 9ú tréimhse ascnaimh le haghaidh na tástála ascnaimh le huisce fuar / i gcás an 22ú tréimhse ascnaimh le haghaidh na tástála le huisce bogthe/te.
4.4. Cur le Fás Miocróbach (EMG)
I gcás modh 1 (EN 16421:2015), is é < 1 000 pg ATP/ cm2 an critéar pas/teipe le haghaidh Cur le Fás Miocróbach (EMG), agus is é ≤ (0,05 ± 0,02) ml/800 cm2 an critéar sin i gcás modh 2 (EN 16421:2015).
Ina theannta sin, ní bheidh aon éifeacht bhithicídeach ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine ag dromchla na dtáirgí nó na gcomhpháirteanna. Dá bhrí sin, ní chomhlíonann triailphíosaí gan choilíniú ar an dromchla (comparáid idir smearadh den saothrán teagmhála/den sampla tástála le smearadh den saothrán cóimheasa diúltach) an ceanglas seo.
(1) Uimhir tairsí bolaidh
(2) Uimhir tairsí blais
IARSCRÍBHINN IV
CRUAIN DEIRIDH, ÁBHAIR CHEIRMEACHA DHEIRIDH AGUS ÁBHAIR NEAMHORGÁNACHA DHEIRIDH EILE (LENA nÁIRÍTEAR GLOINE)
1. NÓS IMEACHTA GINEARÁLTA I NDÁIL LE TÁSTÁIL AGUS GLACADH LEO
Áirítear na céimeanna seo a leanas sa nós imeachta i ndáil le cruain deiridh, ábhair gloine dheiridh eile, ábhair cheirmeacha dheiridh agus ábhair neamhorgánacha dheiridh eile a úsáidtear i dtáirge a thástáil agus glacadh leo:
|
|
Céim 1 – Substaintí ábhartha agus paraiméadair ábhartha eile a shainaithint de réir an mhéid seo a leanas:
|
|
|
Céim 2 – Na tástálacha a dhéanamh
|
|
|
Céim 3 – Comhlíonadh na gcritéar pas/teipe |
2. SUBSTAINTÍ ÁBHARTHA AGUS PARAIMÉADAIR ÁBHARTHA EILE A SHAINAITHINT
2.1. Táirgí nó comhpháirteanna a chatagóiriú i ngrúpaí riosca agus ceanglais tástála chomhfhreagracha.
I gcás gach táirge nó comhpháirt de tháirge cóimeáilte, déanfar grúpa táirgí agus fachtóir tiontaithe (CF) comhfhreagrach a chinneadh i gcomhréir le Tábla 5 d’Iarscríbhinn I. Ar bhonn an CF a chinntear, déantar an táirge nó an chomhpháirt a chatagóiriú i ngrúpa riosca (RG) i gcomhréir le Tábla 1.
Leis an gcatagóiriú in RG, cinntear na ceanglais tástála chomhfhreagracha lena n-áirítear na paraiméadair ábhartha eile. Is as úsáid na n-ábhar deiridh i dtáirgí nó i gcomhpháirteanna de tháirgí cóimeáilte a thagann an nós imeachta tástála is infheidhme maidir leo.
Meastar gur comhpháirteanna atá catagóirithe i ngrúpa riosca 4 (RG4) iad mion-chomhpháirteanna agus féadfaidh feidhm a bheith ag ceanglais tástála laghdaithe maidir leo, mar a leagtar amach i dTábla 1, i gcomparáid leis na ceanglais tástála le haghaidh ghrúpa riosca 1, 2 nó 3 (RG1, RG2, RG3).
I gcás táirge cóimeáilte, déanfar na comhpháirteanna a chinneadh. I gcás gach comhpháirte i dtáirge cóimeáilte, déanfar grúpa táirgí a chinneadh. Más éard atá i dtáirge cóimeáilte comhpháirteanna atá déanta as an ábhar deiridh céanna, déanfar dromchla-chodán fliuchta na gcomhpháirteanna sin a shuimiú go carnach chun an grúpa táirgí a chinneadh i gcomhréir le Tábla 5 d’Iarscríbhinn I.
Déanfar an tástáil ar na hábhair deiridh a úsáidtear i dtáirgí a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine.
Tábla 1
Ceanglais tástála rioscabhunaithe le haghaidh táirgí nó comhpháirteanna de tháirgí cóimeáilte
|
Grúpa riosca |
Fachtóir tiontaithe CF in d/dm |
Athbhreithniú ar chomhdhéanamh & tástáil |
Tástáil ascnaimh shonraigh |
|
RG 1 |
≥ 4 |
Ina gceanglais |
Ina ceanglas, maidir le táirge nó comhpháirt. Cruain: triailphíosa(í) a tháirg cruanóir |
|
RG 2 |
≥ 0,4 agus < 4 |
||
|
RG 3 |
≥ 0,04 agus < 0,4 |
Ina gceanglais |
Ina ceanglas, maidir le táirge nó comhpháirt. Cruain: triailphíosa(í) a tháirg monaróir cruain |
|
RG 4 |
< 0,04 |
Ina gceanglais |
Níl sí ina ceanglas |
2.2. Athbhreithniú ar chomhdhéanamh
2.2.1. An fhaisnéis is gá
I gcás na n-ábhar deiridh, tá gá leis an gcomhdhéanamh iomlán leis an raon le haghaidh na gcomhábhar uile is mó ná 0,02 % (m/m). Déanfar an t-ábhar luaidhe agus caidmiam a dhearbhú.
2.2.2. Comhdhéanaimh a bhfuil glacadh leo
Comhlíonfaidh comhdhéanaimh na n-ábhar deiridh na comhdhéanaimh a liostaítear sna liostaí dearfacha Eorpacha de chomhdhéanaimh cruan, ceirmeach agus ábhair neamhorgánacha eile a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún, agus comhlíonfaidh siad na teorainneacha a leagtar amach sa liosta dearfach Eorpach sin i leith iad a úsáid le haghaidh grúpaí táirgí áirithe agus i leith úsáid na dtáirgí sin.
Beidh an t-ábhar luaidhe agus caidmiam níos lú ná 0,02 % (m/m).
2.2.3. Substaintí ábhartha
Sonraítear na substaintí ábhartha a bhfuil anailís le déanamh orthu in uiscí ascnaimh i gcás gach comhdhéanaimh a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2024/367. ón gCoimisiún.
3. CEANGLAIS TÁSTÁLA
3.1. An comhdhéanamh a thástáil
Déanfar anailís ar chomhdhéanamh na n-ábhar deiridh chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas comhdhéanaimh maidir le comhdhéanaimh cruan, ceirmigh nó ábhar neamhorgánach eile a áirítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún.
3.2. Tástáil ascnaimh
3.2.1. Caighdeáin
Chun scaoileadh substaintí ábhartha a thástáil, bainfear úsáid as an gcaighdeán seo a leanas chun na huiscí ascnaimh a fháil: EN 12873-1:2014.
Leis na ranna seo a leanas, ranna 3.2.2, 3.2.3, 3.2.4 agus 3.2.5, comhlánaítear an caighdeán sin.
3.2.2. Triailphíosa
Tabharfar aird ar leith ar tháirgeadh an triailphíosa. Tá an chomhpháirt nó an táirge lena mbaineann le húsáid mar thriailphíosa(í).
Ní úsáidfear triailphíosa a tháirgtear go sonrach ach amháin mura féidir an táirge a thástáil.
3.2.3. Teocht na tástála
Déanfar gach táirge a thástáil ag 23 °C ± 2 °C (coinníoll na tástála le huisce fuar).
Ina theannta sin, déanfar táirgí a úsáidtear de ghnáth i gcúinsí bogtheo nó teo a thástáil ag 60 °C ± 2 °C nó 85 °C ± 2 °C, faoi seach. Chun na críche sin, comhfhreagraíonn uisce bogthe do ghnáth-theochtaí oibriúcháin idir 30 °C agus 70 °C agus comhfhreagraíonn uisce te do theochtaí oibriúcháin is mó ná 70 °C.
I gcás ábhair is féidir a chur faoi éagsúlacht mhór teochta (mar shampla, i ngriantéitheoirí uisce), ba cheart an tástáil a dhéanamh ag 85 °C.
3.2.4. Cineál an uisce tástála
Déanfar an tástáil le huisce fuar (23 °C ± 2 °C) le huisce tástála neamhchlóirínithe. I gcás ina mbeidh gá le hanailís maidir le hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha, déanfar an tástáil le huisce tástála clóirínithe chomh maith.
I gcás ina mbeidh gá le tástáil le huisce bogthe nó te, is le huisce tástála neamhchlóirínithe amháin a dhéanfar an tástáil.
3.2.5. Tréimhsí ascnaimh
I gcás tástálacha le huisce fuar, déanfar anailís ar shamplaí ascnaimh na 1ú tréimhse ascnaimh, an 2ú tréimhse ascnaimh agus an 3ú tréimhse ascnaimh de réir na gcaighdeán. Déanfar measúnú ar chomhlíonadh na gcritéar pas/teipe ag an 3ú tréimhse ascnaimh (10ú lá den tástáil). Mura gcomhlíontar na critéir pas/teipe (féach 4.2 agus 4.3) ag an 3ú tréimhse ascnaimh, féadfar síneadh a chur leis an tástáil agus déanfar anailís ar an 5ú tréimhse, an 7ú tréimhse agus an 9ú tréimhse freisin. Sa chás sin, déanfar measúnú ar na critéir pas/teipe ag an 9ú tréimhse ascnaimh (31ú lá den tástáil).
I gcás tástálacha le huisce bogthe nó te, déanfar anailís ar shamplaí ascnaimh na 1ú tréimhse ascnaimh, an 2ú tréimhse ascnaimh agus an 3ú tréimhse ascnaimh. Déanfar measúnú ar chomhlíonadh na gcritéar pas/teipe ag an 7ú tréimhse ascnaimh (10ú lá). Mura gcomhlíontar na critéir pas/teipe (féach 4.2 agus 4.3) ag an 7ú tréimhse ascnaimh, féadfar síneadh a chur leis an tástáil agus déanfar anailís ar an 12ú tréimhse, an 17ú tréimhse agus an 22ú tréimhse freisin. Sa chás sin, déanfar measúnú ar na critéir pas/teipe ag an 22ú tréimhse ascnaimh (31ú lá).
3.3. Anailís ar uiscí ascnaimh
3.3.1. Substaintí Ábhartha
Déanfar na modhanna chun anailís a dhéanamh ar shubstaintí ábhartha in uiscí ascnaimh a bhailíochtú agus a dhoiciméadú i gcomhréir le EN ISO/IEC 17025:2017 nó caighdeáin choibhéiseacha eile a nglactar leo ar an leibhéal idirnáisiúnta.
4. CEANGLAIS INGHLACTHACHTA: CRITÉIR PAS/TEIPE
4.1. Comhdhéanamh
Comhlíonfaidh comhdhéanamh na n-ábhar deiridh a ndearnadh anailís air na ceanglais maidir le comhdhéanamh agus teorainneacha eile a shonraítear sa liosta dearfach Eorpach lena mbaineann.
4.2. Substaintí ábhartha
4.2.1. Torthaí tástála a thiontú
I gcomhréir le caighdeán EN 12873-1:2014, déantar na torthaí tástála a shloinneadh mar rátaí ascnaimh (M) in μg/(dm2.d). Déanfar na torthaí sin a thiontú chun meastachán a dhéanamh ar na tiúchain ag an mbuacaire (Cbuacaire), a shainmhínítear mar Cbuacaire = M * CF, nuair is é atá in CF an fachtóir tiontaithe comhfhreagrach in d/dm.
Liostaítear na fachtóirí tiontaithe le haghaidh na ngrúpaí táirgí éagsúla i dTábla 5 d’Iarscríbhinn I.
4.2.2. Critéir pas/teipe le haghaidh substaintí ábhartha
Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir leis an tástáil ascnaimh le huisce fuar:
|
(a) |
Cbuacaire ≤ MTCbuacaire i gcás an 3ú tréimhse ascnaimh (10ú lá den tástáil) nó, i gcás ina bhfuil gá le tástáil shínte, ag an 9ú tréimhse ascnaimh (31ú lá den tástáil); |
|
(b) |
ní bheidh aon treocht ann lena dtéann Cbuacaire i méid le himeacht ama. |
Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir leis an tástáil ascnaimh le huisce bogthe/te:
|
(a) |
Cbuacaire ≤ MTCbuacaire i gcás an 7ú tréimhse ascnaimh (10ú lá den tástáil) nó, i gcás ina bhfuil gá le tástáil shínte, ag an 22ú tréimhse ascnaimh (31ú lá den tástáil); |
|
(b) |
ní bheidh aon treocht ann lena dtéann Cbuacaire i méid le himeacht ama. |
Úsáidfear na tiúchain substainte a thomhaistear san uisce ascnaimh a thagann ó na tréimhsí ascnaimh i ndiaidh a chéile chun measúnú a dhéanamh ar an treocht. Mar sin féin, má tá Cbuacaire sa tréimhse ascnaimh ábhartha faoi bhun 1/10 de MTCbuacaire, ní gá aon anailís a dhéanamh ar an treocht.
Sainmhínítear an MTCbuacaire,neamhorgánach atá le cur i bhfeidhm in Iarscríbhinn IV agus Tábla 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367.ón gCoimisiún.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/368/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)