EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0366

Cinneadh (AE) 2024/366 ón gComhairle an 16 Eanáir 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha agus i gcruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú maidir leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/812

ST/13474/2023/INIT

IO L, 2024/366, 19.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/366/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/366/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/366

19.1.2024

CINNEADH (AE) 2024/366 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Eanáir 2024

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha agus i gcruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú maidir leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/812

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 2006/539/CE ón gComhairle (1), thug an tAontas an Coinbhinsiún chun an Coimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha a Neartú arna bhunú le Coinbhinsiún 1949 idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Poblacht Chósta Ríce (‘Coinbhinsiún Antigua’) (2) i gcrích, rud a bhunaigh an Coimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha (IATTC).

(2)

Is comhlacht é IATTC atá freagrach as acmhainní iascaigh i limistéar Choinbhinsiún Antigua a chaomhnú agus a bhainistiú. Glacann IATTC bearta caomhnaithe agus bainistithe chun caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe fhadtéarmach na n-acmhainní iascaigh a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún sin a áirithiú. Tiocfaidh bearta den sórt sin chun bheith ina gceangal ar an Aontas.

(3)

Le Cinneadh 2005/938/CE ón gComhairle (3), d’fhormheas an tAontas an Comhaontú maidir leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna (AIDCP) (4), lenar bunaíodh cruinniú na bPáirtithe in AIDCP. Le hAirteagal XIV de AIDCP, déantar foráil maidir le ról tábhachtach a bheith ag IATTC maidir le cur chun feidhme AIDCP a chomhordú agus maidir le cur chun feidhme na mbeart arna nglacadh faoi chuimsiú AIDCP. Déanann IATTC Rúnaíocht AIDCP a chur ar fáil.

(4)

Is é cruinniú na bPáirtithe in AIDCP an comhlacht a bhunaigh AIDCP chun laghdú a spreagadh de réir a chéile ar bhásmhaireacht theagmhasach deilfeanna in iascaigh pheas-saighne i limistéar Choinbhinsiún Antigua go dtí leibhéil atá ag déanamh ar náid. Glacann cruinniú na bPáirtithe in AIDCP cinntí chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach bheo-acmhainní na mara a bhaineann le hiascaigh pheas-saighne i limistéar Choinbhinsiún Antigua a áirithiú. Tiocfadh bearta den sórt sin chun bheith ina gceangal ar an Aontas.

(5)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), déantar foráil go bhfuil an tAontas lena áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go ndéantar iad a bhainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus go gcuireann siad le hinfhaighteacht soláthairtí bia. Foráiltear leis freisin go bhfuil an tAontas leis an gcur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh, agus go mbeidh sé d’aidhm aige a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á mbuain a athbhunú agus a choinneáil ar leibhéil atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Ina theannta sin, foráiltear leis go bhfuil an tAontas le bearta bainistithe agus caomhnaithe a dhéanamh ar bhonn na comhairle eolaíche dá bhfuil ar fáil, tacú le forbairt an eolais eolaíoch agus na comhairle eolaíche, deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha agus modhanna iascaireachta a chur chun cinn a chuideoidh le hiascaireacht níos roghnaí a dhéanamh agus le gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, agus le hiascaireacht a bhfuil ísealtionchar aici ar an éiceachóras muirí agus ar acmhainní iascaigh. Ina theannta sin, foráiltear go sonrach le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go bhfuil an tAontas leis na cuspóirí agus na prionsabail sin a chur i bhfeidhm agus é i mbun a chuid caidreamh seachtrach iascaigh.

(6)

I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal EU biodiversity strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 — An dúlra a thabhairt ar ais inár saol], Forging a climate-resilient Europe – the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú — straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide] agus A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], tá sé ríthábhachtach an dúlra a chosaint agus díghrádú na n-éiceachóras a aisiompú. Maidir leis an athrú aeráide agus caillteanas na bithéagsúlachta, is gá nár bhaol iad d’infhaighteacht na n-earraí agus na seirbhísí a chuireann éiceachórais shláintiúla mhuirí ar fáil d’iascairí, do phobail chósta agus don chine daonna i gcoitinne.

(7)

Déantar tagairt sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A European Strategy for Plastics in a Circular Economy [Straitéis Eorpach um Plaisteach i nGeilleagar Ciorclach] do bhearta sonracha chun plaistigh agus truailliú muirí chomh maith le cailleadh nó tréigean trealaimh iascaireachta ar muir a laghdú. Thairis sin, is é is aidhm don Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Pathway to a Healthy Planet for All – EU Action Plan: Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil [Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách – Plean Gníomhaíochta an Aontais um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú] laghdú 50 % a dhéanamh ar bhruscar plaisteach ar muir agus laghdú 30 % a dhéanamh ar mhicreaphlaistigh a scaoiltear sa chomhshaol.

(8)

Leagtar béim sa Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Setting the course for a sustainable blue planet [An bealach a réiteach do phláinéad inbhuanaithe gorm] ar a thábhachtaí atá cosaint agus caomhnú na bithéagsúlachta muirí faoi ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais. Is é an tAontas an gníomhaí is suntasaí in Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (ERBInna) agus i gcomhlachtaí iascaigh ar fud an domhain. Sa cháil sin, cuireann an tAontas inbhuanaitheacht na stoc éisc chun cinn, cuireann sé cinnteoireacht thrédhearcach chun cinn atá bunaithe ar chomhairle eolaíoch fhónta, cuireann sé feabhas ar an taighde eolaíoch, agus neartaíonn sé an comhlíonadh.

(9)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe IATTC agus i gcruinniú na bPáirtithe in AIDCP don tréimhse ó 2024 go 2028 a bhunú, ós rud é go mbeidh bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe IATTC agus cinntí chruinniú na bPáirtithe in AIDCP ina gceangal ar an Aontas agus in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon Rialacháin (CE) Uimh. 1005/2008 (6) agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (7), agus Rialacháin (AE) 2017/2403 (8), agus (AE) 2021/56 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(10)

Faoi láthair, leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe IATTC le Cinneadh (AE) 2019/812 ón gComhairle (10). Is iomchuí an Cinneadh sin a aisghairm agus Cinneadh nua lena gcumhdófaí an tréimhse ó 2024 go 2028 a chur ina ionad.

(11)

I bhfianaise nádúr athraitheach na n-acmhainní iascaigh i limistéar Choinbhinsiún Antigua, agus an ghá atá ann dá bharr go n-áireofar ar sheasamh an Aontais forbairtí nua, lena n-áirítear faisnéis eolaíoch nua agus faisnéis ábhartha eile a thíolactar roimh chruinnithe IATTC agus chruinniú na bPáirtithe in AIDCP nó lena linn, ba cheart nósanna imeachta a bhunú, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis i measc institiúidí an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir leis an tsonraíocht ó bhliain go bliain maidir le seasamh an Aontais don tréimhse ó 2024 go 2028,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach in Iarscríbhinn I an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe an Choimisiúin Idir-Mheiriceánaigh um Thuinníní Teochreasacha (IATTC) agus i gcruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú maidir leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna (AIDCP).

Airteagal 2

I gcomhréir le hIarscríbhinn II, seolfar an tsonraíocht ó bhliain go bliain maidir le seasamh an Aontais atá le glacadh i gcruinnithe IATTC agus i gcruinniú na bPáirtithe in AIDCP.

Airteagal 3

Déanfaidh an Chomhairle seasamh an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a mheasúnú agus, i gcás inarb iomchuí, a athbhreithniú ar thogra a fháil ón gCoimisiún, le haghaidh chruinniú bliantúil IATTC in 2029 ar a dhéanaí.

Airteagal 4

Leis seo, déantar Cinneadh (AE) 2019/812 a aisghairm.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Eanáir 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. VAN PETEGHEM


(1)  Cinneadh 2006/539/CE ón gComhairle an 22 Bealtaine 2006 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Choinbhinsiúin chun an Coimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha a Neartú arna bhunú le Coinbhinsiún 1949 idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Poblacht Chósta Ríce (IO L 224, 16.8.2006, lch. 22).

(2)   IO L 224, 16.8.2006, lch. 24.

(3)  Cinneadh 2005/938/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2005 maidir le formheas, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Chomhaontaithe maidir leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna (IO L 348, 30.12.2005, lch. 26).

(4)   IO L 348, 30.12.2005, lch. 28.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte iascaireachta (NNN) a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).

(9)  Rialachán (AE) 2021/56 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2021 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Limistéar Choinbhinsiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 24, 26.1.2021, lch. 1).

(10)  Cinneadh (AE) 2019/812 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2019 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha (IATTC) agus i gCruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú maidir leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna, agus lena n-aisghairtear Cinneadh an 12 Meitheamh 2014 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, in IATTC (IO L 133, 21.5.2019, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha (IATTC) agus i gcruinniú na bpáirtithe sa Chomhaontú maidir leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna (AIDCP)

1.   PRIONSABAIL

Faoi chuimsiú IATTC agus chruinniú na bPáirtithe in AIDCP, déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

(a)

a áirithiú go bhfuil na bearta a ghlacfar sa IATTC agus AIDCP comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta, agus go háirithe le Coinbhinsiún 1982 de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, le Comhaontú 1995 na Náisiún Aontaithe i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mórimirceach, le Comhaontú 1993 den Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta chun comhlíontacht bád iascaireachta ar an mórmhuir i dtaca le bearta idirnáisiúnta caomhantais agus bainistíochta a chur chun cinn, agus le Comhaontú 2009 den Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta ar Bhearta Stát an Chalafoirt;

(b)

cuspóirí an Chomhaontaithe a chur chun cinn faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige i dtaca le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta agus ag an 15ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, go háirithe a mhéid a bhaineann le cosaint na bithéagsúlachta muirí agus cosaint 30 % d’aigéin an domhain a threisiú trí limistéir mhuirí faoi chosaint;

(c)

rannchuidiú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an mBithéagsúlacht – an gá atá le gníomhaíocht phráinneach, leis na Conclúidí ón gComhairle an 10 Meitheamh 2021 maidir le hEoraip aeráid-díonach a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, go háirithe maidir le cosaint an dúlra, agus leis na Conclúidí ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, agus le hEoraip níos láidre sa Domhan;

(d)

gníomhú i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail atá á saothrú ag an Aontas laistigh den chomhbheartas iascaigh, go sonrach tríd an gcur chuige réamhchúraim agus na haidhmeanna a bhaineann leis an uastáirgeacht inbhuanaithe mar a leagtar síos in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, chun cur chun feidhme cur chuige i leith bainistiú iascaigh atá bunaithe ar an éiceachóras a chur chun cinn, chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a íoslaghdú a mhéid is féidir agus chun deireadh a chur le hábhar muirí aischurtha de réir a chéile, agus chun tionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachórais mhuirí agus ar a ngnáthóga a íoslaghdú agus, chomh maith leis sin, trí iascaigh de chuid an Aontais atá inmharthana agus iomaíoch ó thaobh an gheilleagair de a chur chun cinn, caighdeán cothrom maireachtála a chur ar fáil do na daoine a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, agus leasanna na dtomhaltóirí á gcur san áireamh;

(e)

a bheith i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle an 19 Márta 2012 maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le gné sheachtrach an chomhbheartais iascaigh;

(f)

a bheith i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle an 13 Nollaig 2022 maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na n-Aigéan maidir le haigéin agus farraigí atá sábháilte, slán, agus sláintiúil agus a ndéantar bainistiú inbhuanaithe orthu i ndáil le caomhnú na bithéagsúlachta muirí;

(g)

oibriú ar son rannpháirtíocht iomchuí na bpáirtithe leasmhara le linn chéim ullmhúcháin bhearta IATTC agus AIDCP agus a áirithiú go mbeidh na bearta a ghlacfar sa IATTC agus AIDCP i gcomhréir le cuspóirí Choinbhinsiún Antigua agus AIDCP;

(h)

seasaimh atá comhsheasmhach le dea-chleachtais eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) a chur chun cinn;

(i)

comhsheasmhacht agus sineirge a lorg leis an mbeartas atá á shaothrú ag an Aontas mar chuid dá chaidreamh déthaobhach iascaigh le tríú tíortha, agus comhleanúnachas lena bheartais eile a áirithiú, go háirithe i réimse an chaidrimh sheachtraigh, na fostaíochta, an chomhshaoil, na trádála, na forbartha, an taighde agus na nuálaíochta;

(j)

díriú ar chothrom iomaíochta a chruthú do chabhlach an Aontais laistigh de limistéar Choinbhinsiún Antigua agus Limistéar AIDCP, bunaithe ar na prionsabail agus na caighdeáin chéanna is infheidhme faoi Dhlí an Aontais, agus cur chun feidhme aonfhoirmeach na bprionsabal agus na gcaighdeán sin a chur chun cinn;

(k)

comhordú idir IATTC, AIDCP, ERBInna atá ann cheana agus coinbhinsiúin maidir le farraigí réigiúnacha agus comhar le heagraíochtaí domhanda, de réir mar is infheidhme, laistigh dá sainorduithe a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí;

(l)

sásraí comhair a chur chun cinn i measc ERBInna neamhthuinnín ar nós an phróisis dá ngairtear ‘Kobe’ le haghaidh ERBInna tuinnín.

2.   TREOIRLÍNTE

I gcás inarb iomchuí, féachfaidh an tAontas le tacú le glacadh na ngníomhaíochtaí seo a leanas ag IATTC agus AIDCP:

(a)

bearta chun caomhnú agus athbhunú na n-éiceachóras muirí agus na bithéagsúlachta, agus inbhuanaitheacht na n-acmhainní bitheolaíocha muirí beo, a chur chun cinn, agus breithnithe i dtaca leis an athrú aeráide á gcur san áireamh;

(b)

bearta caomhnaithe agus bainistithe le haghaidh acmhainní iascaigh i limistéar Choinbhinsiún Antigua bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, cuir i gcás gabhálacha iomlána incheadaithe agus cuótaí nó rialáil ar an iarracht in iascaigh ina mbuantar acmhainní bitheolaíocha na mara arna rialú ag IATTC agus AIDCP, d’fhonn na hacmhainní sin a athbhunú nó a choinneáil ar a laghad ar leibhéil atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. I gcás inar gá, áireofar sna bearta caomhnaithe agus bainistithe sin bearta sonracha le haghaidh stoic atá thíos leis an ró-iascaireacht chun an iarracht iascaireachta a choinneáil ar leibhéil atá i gcomhréir le téarnamh na stoc sin;

(c)

bearta chun bailiú sonraí iascaigh a chur chun cinn chun measúnuithe láidre a chumasú, tacú leis an obair eolaíoch a dhéanann Coiste Eolaíoch IATTC agus AIDCP agus taca a chur faoi chinntí bainistíochta atá bunaithe ar an eolaíocht, bearta arb é is aidhm dóibh a choiste um chomhlíonadh a neartú, cultúr comhlíonta a chur chun cinn agus athbhreithnithe feidhmíochta neamhspleácha tréimhsiúla a dhéanamh;

(d)

bearta chun gníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) i limistéar Choinbhinsiún Antigua a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena n-áirítear liostú soithí NNN agus trasliostú soithí NNN le ERBInna eile, agus bearta chun inrianaitheacht iasc agus táirgí iascaigh a chur chun cinn bunaithe ar na Treoirlínte Deonacha maidir le Scéimeanna Doiciméadaithe um Ghabháil;

(e)

bearta faireacháin, rialaithe agus faireachais i limistéar Choinbhinsiún Antigua chun éifeachtúlacht rialaithe agus comhlíonadh na mbeart arna nglacadh sa IATTC agus AIDCP a áirithiú, lena n-áirítear an rialú ar oibríochtaí trasloingsithe a neartú bunaithe ar Threoirlínte Deonacha ar Thrasloingsiú;

(f)

bearta chun an tionchar diúltach a bhíonn ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar an mbithéagsúlacht mhuirí agus ar na héiceachórais mhuirí agus ar a ngnáthóga a íoslaghdú, lena n-áirítear bearta cosanta le haghaidh éiceachórais leochaileacha mhuirí i limistéar Choinbhinsiúin Antigua agus limistéar AIDCP i gcomhréir le Coinbhinsiúin Antigua, AIDCP agus le Treoirlínte Idirnáisiúnta na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Bainistiú Iascach Domhainfharraige ar an Mórmhuir, bearta chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, go háirithe speicis leochaileacha mhuirí, agus chun deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha;

(g)

bearta chun truailliú muirí a laghdú, sceitheadh plaisteach ar muir a chosc agus an tionchar a bhíonn ag plaistigh ar muir ar an mbithéagsúlacht mhuirí agus ar na héiceachórais a laghdú, lena n-áirítear bearta chun tionchar an trealaimh iascaireachta tréigthe, caillte nó diúscartha ar bhealach eile san aigéan a laghdú agus chun sainaithint agus aisghabháil trealaimh mar sin a éascú bunaithe ar Threoirlínte Deonacha na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Trealamh Iascaireachta a Mharcáil;

(h)

bearta arb é is aidhm dóibh toirmeasc a chur ar an iascach a fheidhmíonn chun eití siorca a bhuain agus lena gceanglaítear go ndéanfar gach siorc a thabhairt i dtír agus na heití ar fad air ó nádúr;

(i)

i gcás inarb iomchuí agus a mhéid a cheadaítear faoi na doiciméid chomhábhartha, moltaí lena spreagtar cur chun feidhme Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le hObair san Iascaireacht;

(j)

cur chuige coiteann le ERBInna eile, i gcás inarb iomchuí, go háirithe le ERBInna a bhfuil baint acu le bainistiú iascaigh in aon réigiún leis;

(k)

bearta teicniúla breise bunaithe ar chomhairle ó fhochuideachtaí agus ó mheithleacha de chuid IATTC agus AIDCP;

(l)

bearta atá comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus maidir le rannchuidiú le hinfhaighteacht soláthairtí bia.


IARSCRÍBHINN II

Sonraíocht bliain go bliain maidir le seasamh an Aontais atá le glacadh sa Choimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha (IATTC) agus i gcruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú maidir leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna (AIDCP)

Roimh gach cruinniú de chuid IATTC agus cruinniú na bPáirtithe in AIDCP, nuair a iarrtar ar na comhlachtaí sin cinntí a ghlacadh a bhfuil éifeacht dhlíthiúil leo ar an Aontas, glacfar na céimeanna is gá ionas go mbeidh an fhaisnéis eolaíoch is déanaí agus aon fhaisnéis ábhartha eile, a cuireadh chuig an gCoimisiún, á gcur san áireamh sa seasamh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais, i gcomhréir leis na prionsabail, na critéir agus na treoirlínte a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Chuige sin, agus bunaithe ar an bhfaisnéis sin, tarchuirfidh an Coimisiún chuig an gComhairle, nó chuig a comhlachtaí ullmhúcháin, in am trátha roimh gach cruinniú de IATTC agus chruinniú na bPáirtithe in AIDCP, doiciméad i scríbhinn ina leagfar amach sonraí na sonraíochta atá beartaithe maidir le seasamh an Aontais i dtaca le sonraí an tseasaimh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais a phlé agus a fhormhuiniú.

Más rud é, le linn chruinniú de chuid IATTC nó chruinniú na bPáirtithe in AIDCP, go bhfuil sé dodhéanta teacht ar chomhaontú, lena n-áirítear comhaontú ar an láthair, chun go gcuirfear gnéithe nua san áireamh i seasamh an Aontais, déanfar an t-ábhar a chur chuig an gComhairle nó chuig a comhlachtaí ullmhúcháin.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/366/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top