Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0332

    Cinneadh (CBES) 2024/332 ón gComhairle an 16 Eanáir 2024 lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a chumhdaítear le Comhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/1514

    ST/16851/2023/INIT

    IO L, 2024/332, 16.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/332/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 25/07/2024; Arna aisghairm le 32024D2056

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/332/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/332

    16.1.2024

    CINNEADH (CBES) 2024/332 ÓN gCOMHAIRLE

    an 16 Eanáir 2024

    lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a chumhdaítear le Comhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/1514

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 27 Nollaig 2001, ghlac an Chomhairle Comhsheasamh 2001/931/CBES (1).

    (2)

    An 20 Iúil 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1514 (2), lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá faoi réir Chomhsheasamh 2001/931/CBES (‘an liosta’).

    (3)

    An 7 Nollaig 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/2764 (3), lena gcuirtear beirt leis an liosta.

    (4)

    I gcomhréir le hAirteagal 1(6) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES, tá gá le hathbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar ainmneacha na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá ar an liosta chun a áirithiú go bhfuil forais ann lena gcoimeád ar an liosta.

    (5)

    Leagtar amach sa Chinneadh seo toradh an athbhreithnithe a rinne an Chomhairle i dtaca leis na daoine, na grúpaí agus na heintitis a chumhdaítear leis na bearta dá dtagraítear in Airteagail 2, agus 3 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES.

    (6)

    Tá an Chomhairle tar éis a fhíorú go bhfuil údaráis inniúla de réir bhrí Airteagal 1(4) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES tar éis cinntí a dhéanamh i dtaca le gach duine, gach grúpa agus gach eintiteas atá ar an liosta lena léirítear go raibh baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1(3) den Chomhsheasamh sin. Chinn an Chomhairle gur cheart leanúint de na bearta dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 den Chomhsheasamh sin a chur i bhfeidhm maidir leis na daoine, na grúpaí agus na heintitis sin.

    (7)

    Chinn an Chomhairle gur ghlac údarás inniúil de réir bhrí Airteagal 1(4) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES cinneadh i ndáil le duine eile a raibh baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1(3) den Chomhsheasamh sin. Chinn an Chomhairle gur cheart na bearta dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 den Chomhsheasamh sin a chur i bhfeidhm maidir leis an duine sin.

    (8)

    Ba cheart an liosta a nuashonrú dá réir sin agus Cinneadh (CBES) 2023/1514 a aisghairm,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a chumhdaítear leis na bearta dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES.

    Airteagal 2

    Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2023/1514 a aisghairm.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Eanáir 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    V. VAN PETEGHEM


    (1)  Comhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lch. 93).

    (2)  Cinneadh (CBES) 2023/1514 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá faoi réir Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/422 (IO L 184, 21.7.2023, lch. 33).

    (3)  Cinneadh (CBES) 2023/2764 ón gComhairle an 7 Nollaig 2023 lena leasaítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá faoi réir Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L, 2023/2764, 7.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2764/oj).


    IARSCRÍBHINN

    LIOSTA NA nDAOINE, NA nGRÚPAÍ AGUS NA nEINTITEAS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1

    I.   DAOINE

    1.

    ABDOLLAHI, Hamed (a.k.a. Mustafa Abdullahi), a rugadh an 11.8.1960 san Iaráin. Uimhir an phas: D9004878.

    2.

    AL-DIN Hasan Izz (a.k.a. Garbaya Ahmed, a.k.a. Sa’id, a.k.a. Salwwan Samir), an Liobáin, a rugadh in 1963 sa Liobáin, saoránach de chuid na Liobáine

    3.

    AL-NASSER Abdelkarim Hussein Mohamed, a rugadh in Al Ihsa (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

    4.

    AL-YACOUB Ibrahim Salih Mohammed, a rugadh an 16.10.1966 in Tarut (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

    5.

    ARBABSIAR Manssor (a.k.a. Mansour Arbabsiar), a rugadh an 6.3.1955 nó an 15.3.1955 san Iaráin. Náisiúnach de chuid na hIaráine agus de chuid SAM, uimhir an phas: C2002515 (an Iaráin); Uimhir an phas: 477845448 (SAM). Uimhir cárta aitheantais náisiúnta: 07442833, dáta éaga 15.3.2016 (ceadúnas tiomána SAM).

    6.

    ASSADI Assadollah (ar a dtugtar freisin Assadollah Asadi), a rugadh an 22.12.1971 in Tehran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas taidhleoireachta Iaránaigh: D9016657.

    7.

    BOUYERI Mohammed (ar a dtugtar freisin Abu Zubair, ar a dtugtar freisin Sobiar, ar a dtugtar freisin Abu Zoubair), a rugadh an 8.3.1978 in Amstardam (an Ísiltír).

    8.

    DEIF Mohammed (ar a dtugtar freisin AL-DAYF Muhammad; AL-MASRI Mohammed), a rugadh an 12.8.1965 in Khan Younis, Stráice Gaza

    9.

    HASHEMI MOGHADAM Saeid, a rugadh an 6.8.1962 in Teheran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas: D9016290, bailí go dtí an 4.2.2019.

    10.

    HASSAN EL HAJJ Hassan, a rugadh an 22.3.1988 in Zaghdraiya, Sidon, an Liobáin, saoránach de chuid Cheanada. Uimhir an phas: JX446643 (Ceanada).

    11.

    ISSA Marwan, a rugadh in 1965, Stráice Gaza.

    12.

    MELIAD Farah, a rugadh an 5.11.1980 in Sydney (an Astráil), saoránach de chuid na hAstráile. Uimhir an phas: M2719127 (an Astráil).

    13.

    MOHAMMED Khalid Sheikh (ar a dtugtar freisin Ali Salem, ar a dtugtar freisin Bin Khalid Fahd Bin Abdallah, ar a dtugtar freisin Henin Ashraf Refaat Nabith, ar a dtugtar freisin Wadood Khalid Abdul), a rugadh an 14.4.1965 nó an 1.3.1964 sa Phacastáin, uimhir an phas: 488555.

    14.

    SHAHLAI Abdul Reza (ar a dtugtar freisin Abdol Reza Shala’i, ar a dtugtar freisin Abd-al Reza Shalai, ar a dtugtar freisin Abdorreza Shahlai, ar a dtugtar freisin Abdolreza Shahla’i, ar a dtugtar freisin Abdul-Reza Shahlaee, ar a dtugtar freisin Hajj Yusef, ar a dtugtar freisin Haji Yusif, ar a dtugtar freisin Hajji Yasir, ar a dtugtar freisin Hajji Yusif, ar a dtugtar freisin Yusuf Abu-al-Karkh), a rugadh thart ar 1957 san Iaráin. Seoltaí: (1) Kermanshah, an Iaráin, (2) Bunáit Mhíleata Mehran, cúige Ilam, an Iaráin.

    15.

    SHAKURI Ali Gholam, a rugadh thart ar 1965 in Tehran na hIaráine.

    16.

    SINOUAR Yahia (ar a dtugtar freisin Yehya AL-SINWAR, Yahya Ibrahim Hassan SINWAR, Yehia SINWAR, Yehiyeh SINWAR), a rugadh idir 1.1.1961 agus 31.12.1963 in Khan Younis, Stráice Gaza.

    II.   GRÚPAÍ AGUS EINTITIS

    1.

    ‘Abu Nidal Organisation’ – ‘ANO’ (ar a dtugtar freisin ‘Fatah Revolutionary Council’, ar a dtugtar freisin ‘Arab Revolutionary Brigades’, ar a dtugtar freisin ‘Black September’, ar a dtugtar freisin ‘Revolutionary Organisation of Socialist Muslims’).

    2.

    ‘Al-Aqsa Martyrs’ Brigade’.

    3.

    ‘Al-Aqsa e.V’.

    4.

    ‘Babbar Khalsa’.

    5.

    ‘Communist Party of the Philippines’, lena n-áirítear ‘New People’s Army’ – ‘NPA’, na hOileáin Fhilipíneacha.

    6.

    Stiúrthóireacht na Slándála Inmheánaí in Aireacht Faisnéise agus Slándála na hIaráine.

    7.

    ‘Gama’a al-Islamiyya’ (ar a dtugtar freisin ‘Al-Gama’a al-Islamiyya’) (‘Islamic Group’ – ‘IG’).

    8.

    ‘İslami Büyük Doğu Akıncılar Cephesi’ – ‘IBDA-C’ (‘Great Islamic Eastern Warriors Front’).

    9.

    ‘Hamas’, lena n-áirítear ‘Hamas-Izz al-Din-al-Qassem’.

    10.

    ‘Hizballah Military Wing’ (ar a dtugtar freisin ‘Hezbollah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hizbullah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hizbollah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hezballah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hisbollah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hizbu’llah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hizb Allah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Jihad Council’ (agus gach aonad a thuairiscíonn di, lena n-áirítear an Eagraíocht Slándála Seachtraí)).

    11.

    ‘Hizbul Mujahideen’ — ‘HM’.

    12.

    ‘Khalistan Zindabad Force’ — ‘KZF’.

    13.

    ‘Kurdistan Workers’ Party’ — ‘PKK’ (ar a dtugtar freisin ‘KADEK’, ar a dtugtar freisin ‘KONGRA-GEL’).

    14.

    ‘Liberation Tigers of Tamil Eelam’ — ‘LTTE’.

    15.

    ‘Ejército de Liberación Nacional’ (‘an tArm um Shaoradh Náisiúnta’).

    16.

    ‘Palestinian Islamic Jihad’ — ‘PIJ’.

    17.

    ‘Popular Front for the Liberation of Palestine’ — ‘PFLP’.

    18.

    ‘Popular Front for the Liberation of Palestine — General Command’ (ar a dtugtar freisin ‘PFLP – General Command’).

    19.

    ‘Devrimci Halk Kurtuluș Partisi-Cephesi’ — ‘DHKP/C’ (ar a dtugtar freisin ‘Devrimci Sol’ (‘Revolutionary Left’), ar a dtugtar freisin ‘Dev Sol’) (‘Revolutionary People’s Liberation Army/Front/Party’).

    20.

    ‘Sendero Luminoso’ — ‘SL’ (‘an Chonair Lonrach’).

    21.

    ‘Teyrbazen Azadiya Kurdistan’ — ‘TAK’ (ar a dtugtar freisin ‘Kurdistan Freedom Falcons’, ar a dtugtar freisin ‘Kurdistan Freedom Hawks’).

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/332/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top