Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0208

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/208 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2024 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le teitreabóráit déshóidiam lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    C/2024/22

    IO L, 2024/208, 12.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/208/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/208/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/208

    12.1.2024

    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/208 ÓN gCOIMISIÚN

    an 10 Eanáir 2024

    lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le teitreabóráit déshóidiam lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

    Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Cuireadh teitreabóráit déshóidiam le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, measadh an tsubstaint a bheith formheasta faoin Rialachán sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE.

    (2)

    An 28 Feabhra 2020, cuireadh isteach iarratas i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le teitreabóráit déshóidiam a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (‘an t-iarratas’).

    (3)

    An 2 Iúil 2020, chuir údarás inniúil meastóireachta na hÍsiltíre an Coimisiún ar an eolas gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gur ghá meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe.

    (4)

    Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, é a chur de cheangal ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sa chás sin, cuirtear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá údar maith le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla.

    (5)

    Laistigh de 270 lá tar éis di moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, tá an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) le tuairim maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

    (6)

    Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1290 (3) ón gCoimisiún, cuireadh ar atráth go dtí an 28 Feabhra 2024 dáta éaga an fhormheasa maidir le teitreabóráit déshóidiam lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 chun go mbeadh go leor ama ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas.

    (7)

    An 1 Meán Fómhair 2023, chuir údarás inniúil meastóireachta na hÍsiltíre an Coimisiún ar an eolas go bhfuil moill ar an meastóireacht toisc gur gá measúnú a dhéanamh ar na sonraí breise a iarradh ar an iarratasóir.

    (8)

    Dá bhrí sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dócha go rachaidh an formheas in éag sula ndéanfar cinneadh maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth arís go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir scrúdú ar an iarratas a chur i gcrích. Agus na teorainneacha ama le haghaidh na meastóireachta ag an údarás inniúil meastóireachta agus le haghaidh ullmhú agus chur isteach na tuairime uaithi ag an nGníomhaireacht á gcur san áireamh, agus an t-am a theastaíonn ón gCoimisiún chun cinneadh a dhéanamh an ndéanfar athnuachan ar an bhformheas maidir le teitreabóráit déshóidiam lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 á chur san áireamh freisin, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 31 Lúnasa 2026.

    (9)

    Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth arís, leanfaidh teitreabóráit déshóidiam de bheith formheasta lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Dáta éaga an fhormheasa maidir le teitreabóráit déshóidiam lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1290, cuirfear ar atráth go dtí an 31 Lúnasa 2026 é.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Eanáir 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

    (2)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).

    (3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1290 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2021 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le teitreabóráit déshóidiam a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (IO L 279, 3.8.2021, lch. 47).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/208/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top