This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D0195
Council Decision (CFSP) 2024/195 of 21 December 2023 amending Decision 2014/145/CFSP concerning restrictive measures in respect of actions undermining or threatening the territorial integrity, sovereignty and independence of Ukraine
Cinneadh (CBES) 2024/195 ón gComhairle an 21 Nollaig 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
Cinneadh (CBES) 2024/195 ón gComhairle an 21 Nollaig 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
ST/16825/2023/INIT
IO L, 2024/195, 3.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/195/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/195 |
3.1.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/195 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Nollaig 2023
lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1). |
|
(2) |
Sna conclúidí uaithi an 26 agus an 27 Deireadh Fómhair 2023, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an géarcháineadh a rinne sí ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, cogadh atá ina shárú follasach ar Chairt na Náisiún Aontaithe, agus d’athdhearbhaigh sí go bhfuil an tAontas ag tacú go daingean le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus le ceart bunúsach na hÚcráine í féin a chosaint i gcoinne fhogha na Rúise. Dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach freisin, ó thaobh chumas na Rúise an cogadh foghach seo aici a fhearadh, nach mór leanúint den chumas sin a lagú, lena n-áirítear trí na smachtbhannaí a neartú a thuilleadh. |
|
(3) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart duine amháin agus eintiteas amháin atá freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Nollaig 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. NAVARRO RÍOS
(1) Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an duine agus an t-eintiteas seo a leanas le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES:
Duine
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Ráiteas ar Chúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
‘1646. |
Pavel Alekseevich MARINYCHEV (Павел Алексеевич МАРИНЫЧЕВ) |
Feidhm: Príomhoifigeach feidhmiúcháin Alrosa Dáta breithe: 25.10.1978 Áit bhreithe: Yakutsk, USSR (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Uimhir Aitheantais Chánach: 143515801397 Eintiteas comhlachaithe: PJSC Alrosa Inscne: fireann |
Is é Pavel Marinychev príomhoifigeach feidhmiúcháin Alrosa, cuideachta faoi úinéireacht stáit atá ag feidhmiú sa Rúis, a bhfuil saineolas acu ar thaiscéalaíocht, mianadóireacht, monarú agus díol diamant. Is é Alrosa an chuideachta mianadóireachta diamant is mó ar domhan. Tá tionscal na ndiamant tábhachtach go straitéiseach do gheilleagar Chónaidhm na Rúise, mar is é an t-onnmhairiú is mó sa tír nach onnmhairiú fuinnimh é. Is é Alrosa is cúis le níos mó ná 90 % de tháirgeadh diamant na Rúise. Ina cháil mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Alrosa, is duine gnó é Pavel Marinychev atá rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise í, an rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine. Ina theannta sin, sa ról atá aige, tugann sé tacaíocht airgeadais do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine. Tá sé bainteach le Alrosa. |
3.1.2024’; |
Eintiteas
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
‘337 |
PJSC Alrosa (АЛРОСА) |
Seoltaí: Oifig Mirny: 678174, ul. Lenina, 6, Mirny, Poblacht Sakha (Yakutia), Cónaidhm na Rúise Oifig Mhoscó: 24, Ozerkovskaya nab. 115184, Moscó, Cónaidhm na Rúise An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic poiblí Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise Dáta clárúcháin: 17.7.2002 OGRN: 1021400967092 Uimhir aitheantais chánach: 1433000147 Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise Duine gaolmhar: Pavel Alekseevich Marinychev (príomhoifigeach feidhmiúcháin) |
Is cuideachta faoi úinéireacht stáit atá ag feidhmiú sa Rúis é Alrosa, ag a bhfuil saineolas ar thaiscéalaíocht, mianadóireacht, monarú agus díol diamant. Is é Alrosa an chuideachta mianadóireachta diamant is mó ar domhan. Tá tionscal na ndiamant tábhachtach go straitéiseach do gheilleagar Chónaidhm na Rúise, mar is é an t-onnmhairiú is mó sa tír nach onnmhairiú fuinnimh é. Is é Alrosa is cúis le níos mó ná 90 % de tháirgeadh diamant na Rúise. Anuas air sin, tá comhpháirtíocht sheanbhunaithe ag Alrosa le Fórsaí Armtha na Rúise, óir tá fomhuireán de Chabhlach na Rúise á urrú aige ó 1997 i leith. Dá bhrí sin, tá Alrosa rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise í, an rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine. Ina theannta sin, tugann sé tacaíocht airgeadais do Rialtas Chónaidhm na Rúise. |
3.1.2024’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/195/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)