This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024B2360
Decision (EU) 2024/2360 of the European Parliament of 11 April 2024 on the closure of the accounts of the Clean Aviation Joint Undertaking for the financial year 2022
Cinneadh (AE) 2024/2360 ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan don bhliain airgeadais 2022
Cinneadh (AE) 2024/2360 ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan don bhliain airgeadais 2022
IO L, 2024/2360, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2360/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2360 |
10.10.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2360 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 11 Aibreán 2024
maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan don bhliain airgeadais 2022
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2022, |
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na comhghnóthais (1), |
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir le hurscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06182/2024 – C9-0111/2024), |
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de, |
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (4), agus go háirithe Airteagal 26 de, |
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), |
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, |
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0087/2024), |
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan don bhliain airgeadais 2022, |
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Alessandro CHIOCCHETTI
(1) IO C, C/2023/1025, 16.11.2023.
(2) IO C, C/2023/112, 12.10.2023.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2360/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)