Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2904

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2904 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais

    C/2023/7112

    IO L, 2023/2904, 29.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2904/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2904/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2904

    29.12.2023

    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2904 ÓN gCOIMISIÚN

    an 25 Deireadh Fómhair 2023

    lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 19(3) de, De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún (2) leagtar síos ceanglais ghinearálta, oibríochtúla agus chothabhála a bhaineann le Clárlann an Aontais dá bhforáiltear i dTreoir 2003/87/CE agus tá feidhm acu maidir le lamháltais a cruthaíodh chun críoch Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (CTA AE).

    (2)

    Leasaíodh Treoir 2003/87/CE chun astaíochtaí ó iompar muirí a áireamh in CTA AE ó 2024 ar aghaidh. Mar sin, beidh cuideachtaí loingseoireachta faoi réir ceanglais chun lamháltais astaíochtaí a thabhairt suas a chomhfhreagraíonn do sciar áirithe dá n-astaíochtaí gás ceaptha teasa, sciar a mhéadóidh de réir a chéile go dtí 2026. Is iomchuí dá bhrí sin rialacha sonracha a bhunú maidir le cuntais choinneála oibreora mhuirí a bheith á n-oscailt agus á ndúnadh ag cuideachtaí loingseoireachta. Tugadh isteach roinnt maoluithe ón gceangal tabhairt suas a bhfuil feidhm acu maidir le hastaíochtaí iompair mhuirí. Ba cheart iad a léiriú i ríomh an fhigiúir stádais comhlíontachta le haghaidh cuideachtaí loingseoireachta.

    (3)

    Leasaíodh Treoir 2003/87/CE freisin chun córas trádála astaíochtaí ar leithligh, ach é comhthreomhar, a chur san áireamh ó 2027 ar aghaidh, córas atá le cur i bhfeidhm maidir le breoslaí a úsáidtear le haghaidh dócháin sna hearnálacha foirgneamh agus iompair de bóthar agus in earnálacha eile de ghníomhaíochtaí tionsclaíocha nach gcumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha sonracha a bhunú le haghaidh cuntais choinneála agus le haghaidh tabhairt suas lamháltas i leith eintitis rialáilte a dhéanann gníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III de Threoir 2003/87/CE. Ós rud é go bhfuil an córas trádála astaíochtaí nua scartha fós ón gcóras atá ann cheana le haghaidh suiteálacha do-aistrithe agus eitlíochta, ba cheart an t-idirdhealú sin a léiriú maidir le lamháltais a eisítear le haghaidh na n-earnálacha lena mbaineann i gClárlann an Aontais.

    (4)

    Ba cheart na dátaí comhlíontachta nua d’oibreoirí chun lamháltais a thabhairt suas, a leagtar amach i dTreoir 2003/87/CE, a léiriú. Dá bhrí sin, ba cheart an dáta comhlíontachta le haghaidh suiteálacha do-aistrithe agus oibreoirí aerárthaigh a athrú go dtí an 30 Meán Fómhair. Chomh maith leis sin, ba cheart na dátaí comhlíontachta le haghaidh oibreoirí muirí agus eintitis rialáilte a athrú go dtí an 30 Meán Fómhair agus an 31 Bealtaine faoi seach.

    (5)

    Is gá freisin tagairtí d’fhorálacha dlíthiúla a baineadh ó Threoir 2003/87/CE a scriosadh agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais áirithe maidir le simpliú, a tháinig chun cinn toisc an taithí a fuarthas. Ba cheart na rialacha maidir le tabhairt ar ais lamháltas iomarcach a thabhairt cothrom le dáta chun idirbheart den sórt sin a cheadú ó chuntais stoptha. Ba cheart an fhaisnéis maidir leis an máthairchuideachta agus an fhochuideachta a bheith ar leibhéal an tsealbhóra cuntais agus gan a bheith ar leibhéal na cuideachta.

    (6)

    Ba cheart cineál cuntais nua a bhunú le haghaidh rialtais tríú tír a rinne comhshocrú neamhcheangailteach leis an Aontas i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE. Ba cheart an cineál cuntais nua sin é a chur ar a gcumas do na rialtais tríú tír sin lamháltais a fuarthas ar mhargadh an Aontais a scriosadh.

    (7)

    Tugadh foráil isteach i dTreoir 2003/87/CE lena dtugtar an fhéidearthacht d’údarás inniúil de chuid Ballstáit eintiteas rialáilte atá faoi réir cáin náisiúnta ar charbón a dhíolmhú ón oibleagáid lamháltais a thabhairt suas. Ba cheart cineál cuntais nua a bhunú le haghaidh Ballstáit a dhéanann cinneadh úsáid a bhaint as an bhféidearthacht sin. Ba cheart, dá bhrí sin, cead a thabhairt do Bhallstát lamháltais a scriosadh a bhaineann le breoslaí a úsáidtear le haghaidh dócháin sna hearnálacha foirgneamh agus iompair de bhóthar agus in earnálacha eile i gcás ina bhfuil a mhéideanna ceantála faoi bhun mhéid na lamháltas nach mór a chealú.

    (8)

    Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, beidh lamháltais ghinearálta le heisiúint freisin don earnáil eitlíochta, trí bhíthin leithdháileadh saor in aisce agus ceantáil, agus ar an gcaoi sin cumhdófar astaíochtaí ó na hearnálacha do-aistrithe, muirí agus eitlíochta. Mar sin féin, chun aistriú rianúil agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do na húsáideoirí, ba cheart lamháltais eitlíochta a eisítear roimh dheireadh 2024 fanacht sna cuntais agus i gcúrsaíocht.

    (9)

    Chun cur leis an trédhearcacht, agus chun feabhas a chur ar an bhfaireachán margaidh ar idirbhearta déthaobhacha thar an gcuntar maidir le lamháltais astaíochtaí, ar idirbhearta déthaobhacha amháin iad, ba cheart na hidirbhearta sin a mharcáil go córasach i gClárlann an Aontais. Chun neamhréireacht sonraí a sheachaint, beidh an bhrí chéanna leis an téarma idirbhearta déthaobhacha mar atá i gcreataí ábhartha le haghaidh tuairisciú airgeadais. Thairis sin, chun feabhas a chur ar cháilíocht na sonraí atá le fáil do rialtóirí an mhargaidh le haghaidh spotmhargadh na lamháltas astaíochtaí mar a thugtar air, ba cheart cead a thabhairt do na rialtóirí margaidh sin rochtain a iarraidh ar shonraí i gClárlann an Aontais ag eatraimh thráthrialta ag brath ar a riachtanais faireacháin.

    (10)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 a leasú dá réir sin.

    (11)

    Chun dóthain ama a thabhairt do rannpháirtithe an mhargaidh chun oiriúnú do chumasc na lamháltas ginearálta agus eitlíochta agus chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint maidir le húsáid agus bailíocht na lamháltas sa bhliain 2024, ba cheart cur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le cumasc na lamháltas ginearálta agus na lamháltas eitlíochta a chur siar.

    (12)

    Ionas na n-áirithítear cur i bhfeidhm tráthúil CTA AE le haghaidh oibreoirí muirí amhail an 1 Eanáir 2024, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    (13)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus thug sé tuairim uaidh an 25 Meán Fómhair 2023,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 mar a leanas:

    (1)

    Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (6), (7) agus (8):

    ‘(6)

    ciallaíonn “fíoraitheoir”:

    (a)

    i gcás suiteálacha do-aistrithe, oibreoirí aerárthaigh agus eintitis rialáilte, fíoraitheoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún (*1);

    (b)

    i gcás iompar muirí, fíoraitheoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (f) de Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

    (7)

    ciallaíonn “lamháltais eitlíochta” lamháltais a cruthaíodh de bhun Airteagail 3c agus 3d de Threoir 2003/87/CE a eisíodh roimh an 1 Eanáir 2025 agus lamháltais a cruthaíodh chun na críche céanna a eascraíonn as córais trádála astaíochtaí atá nasctha le CTA AE faoi Airteagal 25 den Treoir sin;

    (8)

    ciallaíonn “lamháltais ghinearálta” lamháltais a cruthaíodh de bhun Chaibidil III de Threoir 2003/87/CE, lena n-áirítear lamháltais a eascraíonn as córais trádála astaíochtaí atá nasctha le CTA AE de bhun Airteagal 25 den Treoir sin, agus lamháltais a cruthaíodh de bhun Airteagail 3c agus 3d den Treoir sin a eisíodh tar éis an 1 Eanáir 2025;

    (*1)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1)."

    (*2)  Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lch. 1).’;"

    (b)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    ‘(8a)

    ciallaíonn “lamháltais eintiteas rialáilte” lamháltais a cruthaíodh de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE;’;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (13):

    ‘(13)

    ciallaíonn “tabhairt suas” cuntasaíocht ar lamháltas a dhéanann suiteáil dho-aistrithe, oibreoir aerárthaigh, cuideachta loingseoireachta nó eintiteas rialáilte in aghaidh astaíochtaí fíoraithe a shuiteála, a aerárthaigh, a loinge nó in aghaidh a bhreosla arna scaoileadh lena thomhailt’;

    (d)

    cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

    ‘(25)

    ciallaíonn “cuntais oibreora” cuntais choinneála suiteála do-aistrithe, cuntais choinneála oibreora aerárthaigh, cuntais choinneála oibreora mhuirí agus cuntais choinneála eintitis rialáilte;

    (26)

    ciallaíonn “oibreoirí” suiteálacha do-aistrithe, oibreoirí aerárthaigh, cuideachtaí loingseoireachta agus eintitis rialáilte.’

    (2)

    Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    ‘5.   Ar eisiamh do shuiteáil ó CTA AE de bhun Airteagail 27 nó 27a de Threoir 2003/87/CE, socróidh an riarthóir náisiúnta an cuntas coinneála suiteála do-aistrithe comhfhreagrach go stádas eisiata fad a mhaireann an t-eisiamh.’

    ;

    (b)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    ‘6a.   I gcás ina ndíolmhaítear eintiteas rialáilte ón oibleagáid lamháltais a thabhairt suas i gcomhréir le hAirteagal 30e(3) de Threoir 2003/87/CE, cuirfidh an riarthóir náisiúnta stádas díolmhaithe ar an gcuntas coinneála eintitis rialáilte comhfhreagrach ar feadh thréimhse na díolúine.’

    ;

    (c)

    i mír 7, cuirtear ‘Airteagal 22, Airteagal 48(4), Airteagal 50(6) agus (8), Airteagal 55(2) agus (3) agus Airteagal 57’ in ionad ‘Airteagail 22 agus 57’;

    (3)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

    ‘Airteagal 14

    Cuntais choinneála suiteála do-aistrithe a oscailt i gClárlann an Aontais

    1.   Laistigh de 20 lá oibre i ndiaidh teacht i bhfeidhm cead astaíochtaí gás ceaptha teasa, soláthróidh an t-údarás inniúil ábhartha nó tsuiteáil dho-aistrithe an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VI don riarthóir náisiúnta ábhartha agus iarrfaidh sé ar an riarthóir náisiúnta cuntas coinneála suiteála do-aistrithe a oscailt i gClárlann an Aontais ar choinníoll go bhfuil sé d’oibleagáid ar an tsuiteáil dho-aistrithe lamháltais a thabhairt suas de bhun Airteagal 12 de Threoir 2003/87/CE.

    2.   Laistigh de 20 lá oibre i ndiaidh tacar iomlán faisnéise a fháil i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus Airteagal 21, osclóidh an riarthóir náisiúnta cuntas coinneála suiteála do-aistrithe le haghaidh gach suiteála i gClárlann an Aontais nó cuirfidh sé an sealbhóir cuntais ionchasach ar an eolas faoin diúltú an cuntas a oscailt, de bhun Airteagal 19.

    3.   Ní fhéadfar cuntas coinneála suiteála do-aistrithe a oscailt ach amháin mura bhfuil cuntas coinneála suiteála do-aistrithe ag an tsuiteáil dho-aistrithe cheana féin a osclaíodh bunaithe ar an gcead astaíochtaí gás ceaptha teasa céanna.’;

    (4)

    Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Ní bheidh níos mó ná cuntas coinneála oibreora aerárthaigh amháin ag gach oibreoir aerárthaigh.’

    ;

    (b)

    scriostar mír 5.

    (5)

    cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 15a

    Cuntais choinneála oibreora mhuirí a oscailt i gClárlann an Aontais

    1.   Laistigh de 40 lá oibre i ndiaidh fhoilsiú an liosta dá dtagraítear in Airteagal 3gf(2), pointe (a) de Threoir 2003/87/CE, nó, le haghaidh cuideachtaí loingseoireachta nach bhfuil san áireamh sa liosta sin, laistigh de 65 lá oibre ón gcéad mhuiraistear a thagann faoi raon feidhme Airteagal 3ga den Treoir sin, soláthróidh an chuideachta loingseoireachta an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VIIa a ghabhann leis an Rialachán seo don riarthóir náisiúnta ábhartha agus iarrfaidh sé ar an riarthóir náisiúnta cuntas coinneála oibreora mhuirí a oscailt i gClárlann an Aontais.

    2.   Ní bheidh níos mó ná cuntas coinneála oibreora mhuirí amháin ag gach cuideachta loingseoireachta.

    3.   Laistigh de 20 lá oibre i ndiaidh tacar iomlán faisnéise a fháil i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus Airteagal 21, osclóidh an riarthóir náisiúnta cuntas coinneála oibreora mhuirí le haghaidh gach cuideachta loingseoireachta i gClárlann an Aontais nó cuirfidh sé an sealbhóir cuntais ionchasach ar an eolas faoin diúltú an cuntas a oscailt, de bhun Airteagal 19.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír, le haghaidh na n-iarrataí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus a chuirfear isteach in 2024, beidh sprioc-am 40 lá oibre ann don riarthóir náisiúnta ón uair a fhaightear sraith fhoriomlán faisnéise chun cuntas coinneála oibreora mhuirí a oscailt.

    Airteagal 15b

    Cuntais choinneála eintitis rialáilte a oscailt i gClárlann an Aontais

    1.   Laistigh de 20 lá oibre i ndiaidh theacht i bhfeidhm cead astaíochtaí gás ceaptha teasa, soláthróidh an t-eintiteas rialáilte a thagann faoi raon feidhme Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn VIIb den Rialachán seo don riarthóir náisiúnta ábhartha agus iarrfaidh sé ar an riarthóir náisiúnta cuntas coinneála eintitis rialáilte a oscailt i gClárlann an Aontais.

    2.   Laistigh de 20 lá oibre i ndiaidh tacar iomlán faisnéise a fháil i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus Airteagal 21, osclóidh an riarthóir náisiúnta cuntas coinneála eintitis rialáilte i ndáil le gach eintiteas rialáilte i gClárlann an Aontais nó cuirfidh sé an sealbhóir cuntais ionchasach ar an eolas faoin diúltú an cuntas a oscailt, de bhun Airteagal 19.

    3.   Ní bheidh níos mó ná cuntas coinneála eintitis rialáilte ag gach eintiteas rialáilte.

    4.   De mhaolú ar an gcéad fhomhír, le haghaidh na n-iarrataí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus a chuirfear isteach in 2025, beidh sprioc-am 40 lá oibre ann don riarthóir náisiúnta ón uair a fhaightear sraith fhoriomlán faisnéise chun cuntais choinneála eintitis rialáilte a oscailt.

    5.   Ní fhéadfar cuntas coinneála eintitis rialáilte a oscailt ach amháin mura bhfuil cuntas coinneála eintitis rialáilte ag an eintiteas rialáilte cheana féin a osclaíodh bunaithe ar an gcead astaíochtaí gás ceaptha teasa céanna.

    6.   I gcás ina bhfuil faisnéis faighte cheana féin ag an riarthóir náisiúnta chun críocha na mbeart náisiúnta sna hearnálacha a thagann faoi raon feidhme Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, féadfaidh sé an fhaisnéis sin a úsáid chun cuntais choinneála eintitis rialáilte a oscailt, ar choinníoll go gcomhlíonann an fhaisnéis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 15b den Rialachán seo.

    Airteagal 15c

    Cuntas Scriosta Lamháltas rialtais tríú tír a oscailt i gClárlann an Aontais

    1.   Tar éis comhshocrú neamhcheangailteach dá dtagraítear in Airteagal 25(1b) de Threoir 2003/87/CE a shíniú, féadfaidh rialtas an tríú tír nó an t-eintiteas fo-fheidearálach nó réigiúnach, trí litir oifigiúil, iarraidh ar an riarthóir lárnach cuntas scriosta lamháltas rialtais tríú tír a oscailt i gClárlann an Aontais.

    2.   Ní bheidh níos mó ná aon chuntas scriosta rialtais tríú tír amháin ag an tríú tír lena mbaineann.

    Airteagal 15d

    Cuntais scriosta maolaithe cánach a oscailt i gClárlann an Aontais

    1.   I gcás ina dtugann Ballstát fógra don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm na díolúine i gcomhréir le hAirteagal 30e(3) de Threoir 2003/87/CE agus i gcás nach ndéanann an Coimisiún agóid in aghaidh chur i bhfeidhm an mhaolaithe sin, iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann ar an riarthóir lárnach, trí litir oifigiúil, cuntais scriosta maolaithe cánach a oscailt i gClárlann an Aontais.

    2.   Ní bheidh níos mó ná aon chuntas scriosta maolaithe cánach amháin ag an mBallstát lena mbaineann.

    3.   Ní fhéadfar ach lamháltais eintitis rialáilte a aistriú chuig an chuntas scriosta maolaithe cánach. Scriosfar lamháltais eintitis rialáilte arna sealbhú i gcuntas scriosta maolaithe cánach faoi dheireadh na bliana i ndiaidh na bliana tagartha i gcomhréir le hAirteagal 30e(3), pointe (g), de Threoir 2003/87/CE.

    4.   Ní bhainfear úsáid as an gcuntas scriosta maolaithe cánach ach amháin chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 30e(3), pointe (g), de Threoir 2003/87/CE a chomhlíonadh agus ní bheidh méid na lamháltas a sheoltar chuig an gcuntas sin in aon bhliain ar leith níos airde ná an difríocht idir méid na lamháltas atá fós le cur ar ceant sa bhliain tagartha tar éis chur i bhfeidhm Airteagal 30e(3), pointe (f) den Treoir sin agus méid na lamháltas atá le cur ar ceal faoi Airteagal 30e(3), pointe (g), de Threoir 2003/87/CE.’;

    (6)

    In Airteagal 19(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

    ‘I gcás ina ndiúltaíonn an riarthóir náisiúnta cuntas oibreora a oscailt i gcomhréir le mír 2, féadfar an cuntas a oscailt ar threoir ón údarás inniúil.’;

    (7)

    Leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Tabharfaidh oibreoirí fógra don riarthóir maidir lena gcuntas laistigh de 10 lá oibre i gcás cumaisc nó deighilte.’

    ;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4.   Gach 3 bliana ar a laghad, déanfaidh an riarthóir náisiúnta athbhreithniú cé acu atá nó nach bhfuil faisnéis an chuntais fós iomlán, cothrom le dáta, cruinn agus fíor, agus iarrfaidh sé ar an sealbhóir cuntais fógra a thabhairt faoi aon athrú de réir mar is iomchuí. Maidir le cuntais oibreora agus fíoraitheoirí, déanfar an t-athbhreithniú uair amháin gach 5 bliana ar a laghad. Faoin lá deireanach den mhí tar éis 12 mhí i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus uair amháin ar laghad gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh na riarthóirí náisiúnta athbhreithniú ar na cuntais nach bhfuil faisnéis iontu maidir leis an Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh nó stádas ionaid trádála nó contrapháirtí lárnach dá dtagraítear i dTábla III-I d’Iarscríbhinn III.’

    ;

    (c)

    i mír 7, cuirtear ‘Airteagail 14, 15, 15a, 15b nó 16’ in ionad ‘Airteagail 14, 15, nó 16’;

    (d)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    ‘11a.   Má athraítear an t-údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 3gf de Threoir 2003/87/CE, déanfaidh an riarthóir lárnach an té is riarthóir náisiúnta an chuntais coinneála oibreora mhuirí chomhfhreagraigh a thabhairt cothrom le dáta. I gcás ina n-athraítear an riarthóir ar chuntas coinneála oibreora mhuirí, féadfaidh an riarthóir nua a cheangal ar an gcuideachta loingseoireachta faisnéis maidir le hoscailt an chuntais a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 15a agus faisnéis maidir le gníomhairí ginearálta i gcomhréir le hAirteagal 21.’

    ;

    (e)

    cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 12:

    ‘12.   Faoi réir mhíreanna 11 agus 11a, ní bheidh aon athrú ar an mBallstát atá freagrach as cuntas a bhainistiú.’

    ;

    (8)

    cuirtear an t-Airteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 24a

    Cuntais scriosta rialtais tríú tír a dhúnadh

    Dúnfaidh an riarthóir lárnach cuntas scriosta rialtais tríú tír laistigh de 10 lá oibre i ndiaidh na tréimhse ama a leagtar amach sa chomhshocrú neamhcheangailteach dá dtagraítear in Airteagal 25(1b) de Threoir 2003/87/CE.’;

    (9)

    leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    Cuntais choinneála suiteála do-aistrithe a dhúnadh ’;

    (b)

    i mír 2, cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad abairte:

    ‘Féadfaidh an riarthóir náisiúnta cuntas coinneála suiteála do-aistrithe a dhúnadh má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:’;

    (c)

    in ionad mhír 2, pointe c cuirtear:

    ‘(c)

    cláraíodh astaíochtaí fíoraithe do na blianta uile a áiríodh an tsuiteáil dho-aistrithe in CTA AE;’;

    (10)

    cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 26a

    Cuntais choinneála oibreora mhuirí a dhúnadh

    1.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don riarthóir náisiúnta laistigh de 10 lá oibre i ndiaidh an fhógra ón sealbhóir cuntais, nó i ndiaidh a fháil amach, tar éis imscrúdú a dhéanamh ar fhianaise eile, go ndearnadh an chuideachta loingseoireachta a chumasc le cuideachta loingseoireachta eile nó gur scoir sí dá hoibríochtaí uile a chumhdaítear faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE.

    2.   Féadfaidh an riarthóir náisiúnta cuntas coinneála oibreora mhuirí a dhúnadh má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    tugadh fógra de bhun mhír 1;

    (b)

    tá bliain na hastaíochta deiridh cláraithe i gClárlann an Aontais;

    (c)

    cláraíodh astaíochtaí fíoraithe faoi réir ceanglais maidir le tabhairt suas i gcomhréir le hAirteagail 3gb agus 12 de Threoir 2003/87/CE do na blianta uile a cuireadh an chuideachta loingseoireachta san áireamh in CTA AE;

    (d)

    tá méid lamháltas tugtha suas ag an gcuideachta loingseoireachta atá cothrom lena hastaíochtaí fíoraithe nó atá níos mó ná iad, agus an méid sin faoi réir ceanglais maidir le tabhairt suas i gcomhréir le hAirteagail 3gb agus 12 de Threoir 2003/87/CE.

    Airteagal 26b

    Cuntais choinneála eintitis rialáilte a dhúnadh

    1.   I gcás ina dtarraingíonn an t-údarás inniúil cead astaíochtaí gás ceaptha teasa siar nó ina bhfaigheann sé fógra ón sealbhóir cuntais, nó ina bhfaigheann sé amach tar éis imscrúdú a dhéanamh ar fhianaise eile, go ndearnadh an t-eintiteas rialáilte a chumasc le heintiteas rialáilte eile nó gur scoir sé dá oibríochtaí uile a chumhdaítear le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, tabharfaidh sé fógra don riarthóir náisiúnta laistigh de 10 lá oibre faoin tarraingt siar, faoin bhfógra ón sealbhóir cuntais nó faoin bhfáil amach, de réir mar is infheidhme.

    2.   Féadfaidh an riarthóir náisiúnta cuntas coinneála eintitis rialáilte a dhúnadh má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    fuarthas fógra ón údarás inniúil de bhun mhír 1;

    (b)

    tá bliain na hastaíochta deiridh cláraithe i gClárlann an Aontais;

    (c)

    cláraíodh astaíochtaí fíoraithe do na blianta uile a cuireadh an t-eintiteas rialáilte san áireamh in CTA AE;

    (d)

    tá méid lamháltas tugtha suas ag an eintiteas rialáilte atá cothrom lena astaíochtaí fíoraithe nó atá níos mó ná iad.’;

    (11)

    Leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    ‘Maidir le cuntais oibreora, féadfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ábhartha forfheidhmithe dlí treoir a thabhairt don riarthóir náisiúnta stádas blocáilte a shocrú i gcás na gcuntas sin ag a bhfuil rochtain ar fionraí go dtí go gcinneann an t-údarás inniúil nach ann don chás a thuilleadh as ar eascair an fhionraí.’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3.   Dúnfaidh an riarthóir náisiúnta cuntas oibreora ar threoir ón údarás inniúil ar an mbonn nach bhfuil seans réasúnach ann go dtabharfar suas níos mó lamháltas nó go dtabharfar lamháltais bhreise ar ais.’

    ;

    (12)

    in Airteagal 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

    ‘10.   I gcás ina gcuirtear cosc ar shealbhóir cuntais oibreora tabhairt suas a dhéanamh laistigh de 10 lá oibre roimh an teorainn ama maidir le tabhairt suas a leagtar síos in Airteagal 12(3) agus Airteagal 30e(2), faoi seach, de Threoir 2003/87/CE mar gheall ar fhionraí i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh an riarthóir náisiúnta, má iarrann an sealbhóir cuntais amhlaidh, líon na lamháltas a shonraíonn an sealbhóir cuntais a thabhairt suas.’

    ;

    (13)

    Leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    Sonraí astaíochtaí fíoraithe le haghaidh oibreoirí ’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   I gcás ina gceanglaítear é faoin dlí náisiúnta, roghnóidh gach oibreoir fíoraitheoir ó liosta na bhfíoraitheoirí atá cláraithe leis an riarthóir náisiúnta a riarann a chuntas’;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4.   Tar éis fíorú fónta, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Threoir 2003/87/CE, ar thuarascáil oibreora maidir le hastaíochtaí ó shuiteáil le linn bliana roimhe sin, ar thuarascáil ó oibreoir aerárthaigh maidir leis na hastaíochtaí ó na gníomhaíochtaí eitlíochta uile a rinne sé le linn bliana roimhe sin, nó ar thuarascáil an eintitis rialáilte maidir lena astaíochtaí le linn bliana roimhe sin, formheasfaidh an fíoraitheoir nó an t-údarás inniúil na sonraí maidir le hastaíochtaí bliantúla.

    Maidir le cuideachtaí loingseoireachta, formheasfaidh an fíoraitheoir nó an t-údarás inniúil na sonraí maidir le hastaíochta bliantúla tar éis fíorú fónta ar shonraí comhiomlánaithe astaíochtaí cuideachta loingseoireachta ar leibhéal cuideachta i gcomhréir le hAirteagal 3ge den Treoir sin. Maidir le heintitis rialáilte, formheasfaidh an fíoraitheoir nó an t-údarás inniúil na sonraí maidir le hastaíochtaí bliantúla tar éis fíorú fónta i gcomhréir le hAirteagal 15 de Threoir 2003/87/CE.’

    ;

    (d)

    i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh:

    ‘Déanfar na hastaíochtaí formheasta uile a mharcáil chun a léiriú go bhfuil siad fíoraithe faoi na sprioc-amanna a leagtar síos in Airteagal 32.’;

    (e)

    cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 6:

    ‘6.   Féadfaidh an t-údarás inniúil treoir a thabhairt don riarthóir náisiúnta na hastaíochtaí bliantúla fíoraithe a cheartú d’aon oibreoir chun comhlíonadh Airteagail 3gd, 3ge, 14 agus 15 de Threoir 2003/87/CE a áirithiú, trí na hastaíochtaí ceartaithe fíoraithe nó measta don oibreoir sin a chur isteach i gClárlann an Aontais le haghaidh bliain áirithe.’

    ;

    (f)

    Leasaítear mír 7 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    ‘I gcás, ar an 1 Bealtaine gach bliain, nár taifeadadh aon astaíochtaí fíoraithe i gClárlann an Aontais le haghaidh suiteáil dho-aistrithe nó oibreoir aerárthaigh do bhliain roimhe sin nó i gcás ina bhfuarthas amach go raibh an figiúr maidir leis na hastaíochtaí fíoraithe mícheart, déanfar aon fhigiúr meastacháin maidir le hastaíochtaí a iontrálfar i gClárlann an Aontais ina ionad sin a ríomh a mhéid is féidir i gcomhréir le hAirteagail 14 agus 15 de Threoir 2003/87/CE.’;

    (ii)

    cuirtear na fomhíreanna seo a leanas isteach:

    ‘I gcás, ar an 1 Bealtaine gach bliain, nár taifeadadh aon astaíochtaí fíoraithe i gClárlann an Aontais le haghaidh cuideachta loingseoireachta do bhliain roimhe sin nó i gcás ina bhfuarthas amach go raibh an figiúr maidir leis na hastaíochtaí fíoraithe mícheart, déanfar aon fhigiúr meastacháin maidir le hastaíochtaí a iontrálfar i gClárlann an Aontais ina ionad sin a ríomh a mhéid is féidir i gcomhréir le hAirteagail 3gd agus 3ge de Threoir 2003/87/CE.

    ‘I gcás, ar an 1 Meitheamh gach bliain, nár taifeadadh aon astaíochtaí fíoraithe i gClárlann an Aontais le haghaidh eintiteas rialáilte do bhliain roimhe sin nó i gcás ina bhfuarthas amach go raibh an figiúr maidir leis na hastaíochtaí fíoraithe mícheart, déanfar aon fhigiúr meastacháin maidir le hastaíochtaí a iontrálfar i gClárlann an Aontais ina ionad sin a ríomh a mhéid is féidir i gcomhréir le hAirteagail 14 agus 15 de Threoir 2003/87/CE.’;

    (14)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 32:

    ‘Airteagal 32

    Cuntais a bhlocáil toisc nár cuireadh astaíochtaí fíoraithe isteach

    1.   Más rud é, faoin 1 Aibreán gach bliain, nach bhfuil astaíochtaí bliantúla suiteála do-aistrithe, oibreora aerárthaigh nó cuideachta loingseoireachta don bhliain roimhe, nó nach bhfuil na hastaíochta bliantúla a chomhfhreagraíonn don mhéid breosla a scaoil eintiteas rialáilte chun ídithe sin, faoin 1 Bealtaine gach bliain, curtha isteach agus an mharcáil “fíoraithe” orthu i gClárlann an Aontais, áiritheoidh an riarthóir lárnach go socróidh Clárlann an Aontais stádas blocáilte ar an gcuntas oibreora comhfhreagrach.

    2.   Más rud é go gcláraítear na hastaíochtaí fíoraithe oibreora thar théarma don bhliain sin i gClárlann an Aontais, áiritheoidh an riarthóir lárnach go socróidh Clárlann an Aontais stádas oscailte ar an gcuntas oibreora comhfhreagrach.’;

    (15)

    Leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    ‘Áiritheoidh an riarthóir lárnach go léirítear le Clárlann an Aontais, ar an 1 Deireadh Fómhair gach bliain, an figiúr stádais comhlíontachta le haghaidh na bliana roimhe sin maidir le gach cuntas coinneála suiteála do-aistrithe, cuntas coinneála oibreora aerárthaigh agus cuntas coinneála oibreora mhuirí nach bhfuil stádas dúnta aige trí shuim na lamháltas uile a tugadh suas don tréimhse reatha a ríomh lúide suim na n-astaíochtaí fíoraithe uile sa tréimhse reatha, agus sa bhliain roimhe sin san áireamh, móide fachtóir ceartúcháin’.;

    (ii)

    sa dara fomhír, cuirtear ‘Airteagail 25, 26, 26a agus 26b’ in ionad ‘Airteagail 25 agus 26’;

    (b)

    cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

    ‘1a.   Sa tréimhse ó 2024 go dtí 2030, cuirfear maoluithe de bhun Airteagal 12(3-e) go 12(3-b) de Threoir 2003/87/CE san áireamh i ríomh an stádais comhlíontachta le haghaidh cuideachtaí loingseoireachta.

    1b.   Maidir le 2024 agus 2025, cuirfear san áireamh na rialacha a leagtar síos in Airteagal 3gb de Threoir 2003/87/CE i ríomh an stádais comhlíontachta le haghaidh cuideachtaí loingseoireachta.

    1c.   Ó 2026 ar aghaidh, cuimseofar meatán agus ocsaíd nítriúil le hastaíochtaí fíoraithe na gcuideachtaí loingseoireachta freisin.’

    ;

    (16)

    cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 33a

    Figiúirí stádais comhlíontachta a ríomh le haghaidh eintitis rialáilte

    1.   Ó 2028 ar aghaidh, áiritheoidh an riarthóir lárnach go léireofar le Clárlann an Aontais, faoin 1 Meitheamh gach bliain, an figiúr stádais comhlíontachta don bhliain roimhe sin le haghaidh gach eintitis rialáilte ag a bhfuil cuntas coinneála eintitis rialáilte nach bhfuil stádas dúnta aige. Déanfar é sin trí ríomh shuim na lamháltas uile a tugadh suas sa tréimhse reatha lúide suim na n-astaíochtaí fíoraithe uile a chomhfhreagraíonn dá méid breosla arna scaoileadh chun ídithe sa tréimhse reatha agus an bhliain roimhe sin san áireamh. Ní dhéanfar an figiúr stádais comhlíontachta a ríomh le haghaidh cuntais a raibh figiúr stádais comhlíontachta acu roimhe sin de náid nó dearfach agus a raibh an bhliain dheireanach d’astaíochtaí socruithe ag bliain roimh an mbliain roimhe sin.

    2.   Áiritheoidh an riarthóir lárnach go ndéanfaidh Clárlann an Aontais an figiúr stádais comhlíontachta a ríomh roimh dhúnadh an chuntais de bhun Airteagal 26b.

    3.   Áiritheoidh an riarthóir lárnach go dtaifeadfaidh Clárlann an Aontais an figiúr stádais comhlíontachta le haghaidh gach eintitis rialáilte gach bliain.’;

    (17)

    in Airteagal 36, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    ‘5.   Ní bheifear in ann lamháltais a thagann faoi raon feidhme Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE a idirmhalartú le lamháltais a chumhdaítear faoi raon feidhme Chaibidlí II agus III den Treoir sin. Lamháltais a thagann faoi raon feidhme Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE, ní choinneofar iad i gcuntais choinneála suiteála do-aistrithe, cuntais choinneála oibreora aerárthaigh, cuntais choinneála oibreora mhuirí ná cuntais scriosta rialtais tríú tír.’

    ;

    (18)

    Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Féadfaidh an riarthóir lárnach Cuntas Cainníochta Iomláine an Aontais, Cuntas Cainníochta Iomláine Eitlíochta an Aontais, Cuntas Leithdháileacháin an Aontais, Cuntas Leithdháilte Lamháltas Eitlíochta an Aontais, Cuntas Ceantála an Aontais, Cuntas Ceantála Eitlíochta an Aontais, Cuntas Cainníochta Eintitis Rialáilte Iomláine an Aontais agus Cuntas Ceantála Eintitis Rialáilte an Aontais a chruthú de réir mar is iomchuí, agus déanfaidh sé cuntais agus lamháltais a scriosadh nó a chealú mar a bhfuil gá leo de réir Ghníomhartha an Comhphobail, lena n-áirítear an méid sin de réir mar is gá faoi Threoir 2003/87/CE nó Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010.’

    ;

    (b)

    cuirtear an abairt seo a leanas le mír 2:

    ‘Ní mór lamháltais eintitis rialáilte a idirdhealú ó lamháltais ghinearálta i gcónaí.’;

    (19)

    leasaítear Airteagal 38 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    Lamháltais ghinearálta le haghaidh suiteálacha do-aistrithe agus oibreoirí muirí atá le cur ar ceant a aistriú ’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Déanfaidh an riarthóir lárnach, go tráthúil, thar ceann an Bhallstáit ceantála ábhartha, le haghaidh an chiste nuálaíochta freisin arna bhunú de bhun Airteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE, le haghaidh an chiste don nuachóiriú arna bhunú de bhun Airteagal 10d de Threoir 2003/87/CE, le haghaidh na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú de bhun Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), agus le haghaidh an Chiste Aeráide Sóisialta arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), agus ionadaíocht á déanamh ag a cheantálaí ionadaíochta dó, arna cheapadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010, lamháltais ghinearálta le haghaidh suiteálacha do-aistrithe agus oibreoirí muirí ó Chuntas Cainníochta Iomláine an Aontais go dtí Cuntas Ceantála an Aontais i gcainníocht a chomhfhreagraíonn do na méideanna bliantúla a shocraítear de bhun Airteagal 10 den Rialachán sin.

    (*3)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1)."

    (*4)  Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lch. 1).’;"

    (20)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:

    ‘Airteagal 39

    Lamháltais ghinearálta le haghaidh suiteálacha do-aistrithe atá le leithdháileadh saor in aisce a aistriú

    Aistreoidh an riarthóir lárnach, go tráthúil, lamháltais ghinearálta le haghaidh suiteálacha do-aistrithe ó Chuntas Cainníochta Iomláine an Aontais go dtí Cuntas Leithdháilte Lamháltas an Aontais i gcainníocht a chomhfhreagraíonn do shuim na lamháltas arna leithdháileadh saor in aisce de réir tháblaí leithdháileacháin náisiúnta gach Ballstáit.’;

    (21)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 40:

    ‘Airteagal 40

    Lamháltais ghinearálta le haghaidh na eitlíochta atá le cur ar ceant a aistriú

    1.   Aistreoidh an riarthóir lárnach, go tráthúil, thar ceann an Bhallstáit ceantála ábhartha, agus ionadaíocht á déanamh ag a cheantálaí ionadaíochta dó, arna cheapadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010, lamháltais ghinearálta le haghaidh na eitlíochta ó Chuntas Cainníochta Iomláine Eitlíochta an Aontais go dtí Cuntas Ceantála Eitlíochta an Aontais i gcainníocht a chomhfhreagraíonn do na méideanna bliantúla a socraíodh de bhun an Rialachán sin.

    2.   I gcás ina ndéantar coigeartuithe ar na méideanna lamháltas bliantúla i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010, aistreoidh an riarthóir lárnach méid comhfhreagrach de lamháltais ghinearálta ó Chuntas Cainníochta Iomláine Eitlíochta an Aontais go dtí Cuntas Ceantála Eitlíochta an Aontais nó ó Chuntas Ceantála Eitlíochta an Aontais go dtí Cuntas Cainníochta Iomláine Eitlíochta an Aontais, de réir mar a bheidh.’;

    (22)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41:

    ‘Airteagal 41

    Lamháltais ghinearálta atá le leithdháileadh saor in aisce a aistriú go hoibreoirí aerárthaigh

    Aistreoidh an riarthóir lárnach, go tráthúil, lamháltais ghinearálta ó Chuntas Cainníochta Iomláine Eitlíochta an Aontais go dtí Cuntas Leithdháilte Lamháltas Eitlíochta an Aontais i gcainníocht a chomhfhreagraíonn do shuim na lamháltas arna leithdháileadh saor in aisce de réir tháblaí leithdháileacháin eitlíochta náisiúnta gach Ballstáit.’;

    (23)

    Scriostar Airteagal 42;

    (24)

    cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 42a

    Lamháltais eintitis rialáilte atá le cur ar ceant a aistriú

    1.   Aistreoidh an riarthóir lárnach, go tráthúil, thar ceann an Bhallstáit ceantála ábhartha agus le haghaidh an Chiste Aeráide Shóisialta arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/955, agus ionadaíocht á déanamh ag a cheantálaí ionadaíochta dó, arna cheapadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010, lamháltais eintiteas rialáilte ó Chuntas Cainníochta Iomláine Eintiteas Rialáilte an Aontais go dtí Cuntas Ceantála Eintiteas Rialáilte an Aontais i gcainníocht a chomhfhreagraíonn do na méideanna bliantúla a chinntear de bhun Airteagal 13 den Rialachán sin.

    2.   I gcás ina ndéantar coigeartuithe ar mhéideanna bliantúla na lamháltas i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010, aistreoidh an riarthóir lárnach méid comhfhreagrach de lamháltais eintitis rialáilte ó Chuntas Cainníochta Iomláine Eintitis Rialáilte an Aontais go dtí Cuntas Ceantála Eintitis Rialáilte an Aontais nó ó Chuntas Ceantála Eintitis Rialáilte an Aontais go dtí Cuntas Cainníochta Iomláine Eintitis Rialáilte an Aontais, de réir mar a bheidh.’;

    (25)

    Scriostar Airteagail 44 agus 45;

    (26)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 48:

    ‘Airteagal 48

    Leithdháileadh saor in aisce lamháltais ghinearálta

    ‘1.   Léireoidh an t-údarás náisiúnta sa tábla leithdháileacháin náisiúnta maidir le gach suiteáil dho-aistrithe, gach bliain agus gach bunús dlí a leagtar amach in Iarscríbhinn X, cé acu ar cheart nó nár cheart do shuiteáil leithdháileadh a fháil le haghaidh na bliana sin.

    2.   Áiritheoidh an riarthóir lárnach go n-aistreoidh Clárlann an Aontais lamháltais ghinearálta le haghaidh suiteálacha do-aistrithe go huathoibríoch ó Chuntas Leithdháileacháin an Aontais i gcomhréir leis an tábla leithdháileacháin náisiúnta ábhartha go dtí an cuntas coinneála suiteálacha do-aistrithe oscailte ábhartha ag a bhfuil stádas comhlíontachta A, mar a leagtar amach i dTábla XIV-I d’Iarscríbhinn XIII, nó don chuntas coinneála suiteála do-aistrithe stoptha ábhartha, ag féachaint do mhódúlachtaí an aistrithe uathoibríoch a shonraítear sa mhalartú sonraí agus sna sonraíochtaí dá ndéantar foráil in Airteagal 75.

    3.   I gcás nach bhfaigheann cuntas coinneála suiteála do-aistrithe eisiata lamháltais faoi mhí 2, ní aistreofar lamháltais le haghaidh bhlianta an eisiaimh chuig an gcuntas más rud é go socraítear stádas oscailte air le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin.

    4.   Áiritheoidh an riarthóir lárnach gur féidir le suiteáil dho-aistrithe aistrithe a dhéanamh lena dtugtar lamháltais bhreise ar ais don Cuntas leithdháileacháin AE i gcás inar athraíodh tábla leithdháileacháin náisiúnta Ballstáit de bhun Airteagal 75 chun ró-leithdháileadh lamháltas ar an tsuiteáil dho-aistrithe a cheartú, agus inar iarr an t-údarás inniúil ar an tsuiteáil dho-aistrithe na lamháltais bhreise sin a thabhairt ar ais.

    5.   Féadfaidh an t-údarás inniúil treoir a thabhairt don riarthóir náisiúnta lamháltais bhreise a thagann ar ais a aistriú go dtí Cuntas Leithdháileacháin an Aontais i gcás ina bhfuil ró-leithdháileadh lamháltas ann mar thoradh ar leithdháileadh tar éis do shuiteáil dho-aistrithe scoradh de na gníomhaíochtaí a rinneadh sa tsuiteáil lena mbaineann an leithdháileadh, gan fógra a thabhairt don údarás inniúil’;

    (27)

    in Airteagal 49, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Tabharfaidh an Coimisiún treoir don riarthóir lárnach chun athruithe comhfhreagracha a dhéanamh ar na táblaí leithdháileacháin eitlíochta náisiúnta i gClárlann an Aontais má mheasann sé go bhfuil an t-athrú ar an tábla leithdháileacháin eitlíochta náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE. Ina mhalairt de chás, diúltóidh sé do na hathruithe laistigh de thréimhse réasúnta ama agus cuirfidh sé an Ballstát ar an eolas gan mhoill, agus údair an diúltaithe á lua aige agus critéir á sonrú aige atá le comhlíonadh chun go nglacfaí le fógra ina dhiaidh sin.’

    ;

    (28)

    Leasaítear Airteagal 50 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    Leithdháileadh lamháltas saor in aisce ar oibreoirí aerárthaigh ’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Áiritheoidh an riarthóir lárnach go n-aistreoidh Clárlann an Aontais lamháltais eitlíochta, agus lamháltais ghinearálta ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, go huathoibríoch ó Chuntas Leithdháilte Lamháltas Eitlíochta an Aontais go dtí an cuntas coinneála oibreora aerárthaigh ábhartha oscailte ag a bhfuil stádas comhlíontachta A, mar a leagtar amach i dTábla XIV-I d’Iarscríbhinn XIII, nó don chuntas coinneála oibreora aerárthaigh stoptha ábhartha i gcomhréir leis an tábla leithdháileacháin ábhartha, ag féachaint do mhódúlachtaí an aistrithe uathoibríoch a shonraítear sa mhalartú sonraí agus sna sonraíochtaí dá ndéantar foráil in Airteagal 75.’

    ;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3.   I gcás ina bhfuil comhaontú de bhun Airteagal 25 de Threoir 2003/87/CE i bhfeidhm agus go gceanglaítear leis lamháltais eitlíochta a aistriú go cuntais choinneála oibreoirí aerárthaigh i gclárlann córais trádála eile maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, áiritheoidh an riarthóir lárnach, i gcomhar le riarthóir na clárlainne eile, go n-aistreoidh Clárlann an Aontais lamháltais ghinearálta ó Chuntas Leithdháilte Lamháltas Eitlíochta an Aontais go dtí na cuntais chomhfhreagracha sa chlárlann eile.’

    ;

    (d)

    cuirtear an mhír 8 seo a leanas leis:

    ‘8.   Féadfaidh an t-údarás inniúil treoir a thabhairt don riarthóir náisiúnta chun lamháltais bhreise a thagann ar ais a aistriú go dtí Cuntas Leithdháileacháin an Aontais i gcás ina bhfuil ró-leithdháileadh lamháltas ann mar thoradh ar leithdháileadh bliantúil arna eisiúint do bhliain inar athraíodh cuntas coinneála an oibreora aerárthaigh go stádas eisiata ina dhiaidh sin.’

    ;

    (29)

    in Airteagal 51, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    Lamháltais ó oibreoirí aerárthaigh a thabhairt ar ais ’;

    (30)

    leasaítear Airteagal 52(1) mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    ‘Soláthrófar leis an gcóras socraíochta nó leis an gcóras imréitigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír aon tábla ceant amháin le haghaidh gach bliana féilire chun lamháltais a chur ar ceant, agus chun lamháltais eitlíochta a chur ar ceant sa tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2024, agus áiritheofar leis sin go gcuirtear an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn XII san áireamh sa tábla ceant.’;

    (b)

    cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

    ‘Soláthrófar leis an gcóras socraíochta nó leis an gcóras imréitigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír aon tábla ceant amháin le haghaidh gach bliana féilire chun lamháltais a thagann faoi raon feidhme Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/AE a chur ar ceant, agus áiritheofar leis sin go n-áirítear an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn XII sa tábla ceant.’;

    (31)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 54:

    ‘Airteagal 54

    Lamháltais a chur ar ceant

    1.   Tabharfaidh an Coimisiún treoir don riarthóir lárnach, go tráthúil, arna iarraidh sin don Bhallstát ceantála agus maidir leis an gCiste Nuálaíochta, an Ciste don Nuachóiriú, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta nó an Ciste Aeráide Sóisialta, agus ionadaíocht á déanamh ag a cheantálaí ionadaíochta dó, arna cheapadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 1031/2010, chun an méid seo a leanas a aistriú chuig an gcuntas ábhartha um urrúis chomhthaobhacha cheantála a sheachadadh i gcomhréir leis an tábla ceant ábhartha:

    (a)

    lamháltais ghinearálta ó Chuntas Ceantála an Aontais;

    (b)

    go dtí an 31 Nollaig 2024, lamháltais eitlíochta ó Chuntas Ceantála Eitlíochta an Aontais;

    (c)

    ón 1 Eanáir 2025, lamháltais ghinearálta le haghaidh na heitlíochta ó Chuntas Ceantála Eitlíochta an Aontais;

    (d)

    ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, lamháltais eintitis rialáilte ó Chuntas Ceantála Eintitis Rialáilte an Aontais.

    2.   Áiritheoidh sealbhóir cuntais an chuntais ábhartha um urrúis chomhthaobhacha cheantála a sheachadadh go n-aistreofar na lamháltais a cuireadh ar ceant chuig na tairgeoirí rathúla nó chuig a gcomharbaí i dteideal i gcomhréir le hAirteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010.

    3.   Féadfar a cheangal ar ghníomhaire údaraithe cuntais um urrúis chomhthaobhacha cheantála a sheachadadh aon lamháltas nár seachadadh a aistriú ón gcuntas um urrúis chomhthaobhacha cheantála a aistriú go dtí Cuntas Ceantála an Aontais, Cuntas Ceantála Eitlíochta an Aontais, nó go dtí Cuntas Ceantála Eintitis Rialáilte an Aontais, faoi seach.’;

    (32)

    in Airteagal 55, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2, 3 agus 4:

    ‘2.   Ní fhéadfaidh cuntais oibreora lamháltais a aistriú ach amháin chuig cuntas ar liosta na gcuntas iontaofa arna bhunú de bhun Airteagal 23.

    3.   Féadfaidh sealbhóirí cuntas oibreora cinneadh a dhéanamh gur féidir aistriú a dhéanamh óna gcuntais chuig cuntais nach bhfuil ar liosta na gcuntas iontaofa arna bhunú de bhun Airteagal 23. Féadfaidh sealbhóirí cuntas oibreora cinneadh den sórt sin a tharraingt siar. Déanfar cinneadh agus tarraingt siar an chinnidh a chur in iúl i ráiteas atá sínithe go cuí, arna chur faoi bhráid an riarthóra náisiúnta.

    4.   Áiritheoidh an riarthóir lárnach go léireofar le Clárlann an Aontais cé acu is idirbheart déthaobhach é an t-aistriú nó nach ea. Ní mheasfar gur idirbheart déthaobhach é an t-aistriú ach amháin má tá an t-idirbheart curtha trí chórais ionaid margaidh agus go ndearnadh é a thuairisciú de bhun Airteagal 26(5) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5), nó gur cheadaigh contrapháirtí lárnach é de bhun Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

    (*5)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84 ’);"

    (33)

    Leasaítear Airteagal 56(1) mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

    ‘Tabharfaidh oibreoir lamháltais suas tríd an méid seo a leanas a mholadh do Chlárlann an Aontais:’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    ‘(a)

    líon sonraithe lamháltas a aistriú ón gcuntas oibreora ábhartha go dtí Cuntas Scriosta Lamháltas an Aontais;’;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    ‘(b)

    líon agus cineál na lamháltas arna n-aistriú a thaifeadadh mar lamháltais a tugadh suas maidir le hastaíochtaí an oibreora sa tréimhse atá ann faoi láthair.’;

    (34)

    in Airteagal 58(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    ‘(b)

    ‘tar éis an idirbhirt chun tabhairt suas a aisiompú, nach dtiocfadh aon oibreoir chun bheith neamhchomhlíontach mar thoradh ar an aisiompú.’;

    (35)

    cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 59-a

    Idirbhearta údaraithe do chuntais scriosta rialtais tríú tír

    Scriosfar lamháltais a choimeádtar i gcuntais scriosta rialtais tríú tír. Ní dhéanfar lamháltais a aistriú ó chuntais scriosta rialtais tríú tír. Ní bheifear in ann aon idirbheart eile a dhéanamh ó na cuntais sin.’

    (36)

    cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 68:

    ‘5.   I gcás, de bhun Airteagal 53(1), ina dtugann córas imréitigh ardáin ceantála fógra don Choimisiún faoi leasú ar thábla ceant mar gheall ar choimeád siar lamháltas i gcomhréir le hAirteagal 22(5) de [Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010], déanfaidh an riarthóir lárnach an tábla ceant athbhreithnithe sin ar tugadh fógra faoi a iontráil i gClárlann an Aontais agus ní aistreoidh sé na lamháltais lena mbaineann.

    6.   I gcás nach dtugann córas imréitigh an ardáin ceantála ábhartha fógra faoi leasú ar thábla ceant de bhun mhír 5, agus má thug ceantálaí arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 22 de [Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010] an fógra sin, cuirfidh an riarthóir lárnach aistriú na lamháltas don Bhallstát sin ar fionraí.

    7.   I gcás, tar éis ceapachán ceantálaí nua i gcomhréir le hAirteagal 22 de [Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010], ina dtugann córas imréitigh an ardáin ceantála fógra don Choimisiún faoi leasú ar thábla ceant maidir le haitheantas agus sonraí teagmhála an cheantálaí nua, déanfaidh an riarthóir lárnach an tábla ceant athbhreithnithe a iontráil i gClárlann an Aontais agus aistreoidh sé na lamháltais thar ceann an cheantálaí nua go dtí an cuntas um urrúis chomhthaobhacha cheantála a sheachadadh a bhaineann le córas imréitigh an ardáin ceantála ábhartha.

    8.   Ach amháin i gcás ina gcuirtear ceant ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 7(5) nó (6) nó Airteagal 9 de [Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010], cuirfidh an riarthóir lárnach an t-aistriú lamháltas ar fionraí mar a shonraítear sa tábla ceant ábhartha a cuireadh isteach i gClárlann an Aontais in aon cheann de na cásanna a leanas:

    (a)

    ní féidir leis an ardán ceantála ábhartha na ceantanna a dhéanamh de bhun Airteagal 27(1), pointe (b), de [Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010];

    (b)

    na fáltais cheant riachtanacha, a ghintear de bhun Airteagal 10a(9), Airteagal 10e agus Airteagal 30d(4) de Threoir 2003/87/CE, tá siad bainte amach.

    Sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh córas imréitigh an ardáin ceantála an tábla ceant athbhreithnithe isteach, ar bhonn práinne, go dtí an riarthóir lárnach, agus déanfaidh an riarthóir lárnach é a iontráil i gClárlann an Aontais.’

    ;

    (37)

    in Airteagal 80, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    ‘4a.   Gheobhaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 sonraí a stóráiltear i gClárlann an Aontais a fháil go tráthrialta, rud a chinntear i gcomhar leis an riarthóir lárnach, arna iarraidh sin ar an riarthóir lárnach má tá, agus fad atá, bunús maith le hiarrataí den sórt sin agus gá leo chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír.’

    ;

    (38)

    Cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I;

    (39)

    Leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo

    (40)

    Leasaítear Iarscríbhinn VI i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (41)

    cuirtear isteach Iarscríbhinn VIIa nua, faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (42)

    cuirtear isteach Iarscríbhinn VIIb nua, faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (43)

    Leasaítear Iarscríbhinn IX i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (44)

    Leasaítear Iarscríbhinn XIII i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (21), (22), (25) agus (28)(c) ón 1 Eanáir 2025 agus ag Airteagal 1, pointe (30)(b) ón 1 Eanáir 2027.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais (IO L 177, 2.7.2019, lch. 3).

    (3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


    IARSCRÍBHINN I

    ‘IARSCRÍBHINN I

    Tábla I-I

    Cineálacha cuntais agus cineálacha aonaid a d’fhéadfadh a bheith i ngach cineál cuntais

    Ainm an chineáil cuntais

    Sealbhóir cuntais

    Riarthóir Cuntais

    Líon na gcuntas den chineál seo

    Lamháltais

    Aonaid ó CTA atá nasctha faoi Airteagal 25 de Threoir 2003/87/CE

    Lamháltais a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE

    Lamháltais ghinearálta

    Lamháltais eitlíochta

    I.

    Cuntais bhainistíochta CTA i gClárlann an Aontais

    Cuntas Cainníochta Iomláine an Aontais

    AE

    riarthóir lárnach

    1

    Níl

    Níl

    Níl

    Cuntas Cainníochta Iomláine Eitlíochta an Aontais

    AE

    riarthóir lárnach

    1

    Níl

    Níl

    Cuntas Cainníochta Iomláine Eintitis Rialáilte an Aontais

    AE

    riarthóir lárnach

    1

    Níl

    Níl

    Níl

    Cuntas Ceantála an Aontais

    AE

    riarthóir lárnach

    1

    Níl

    Níl

    Níl

    Cuntas Ceantála Eintitis Rialáilte an Aontais

    AE

    riarthóir lárnach

    1

    Níl

    Níl

    Níl

    Cuntas scriosta rialtais tríú tír

    Rialtas tríú tír

    Riarthóir lárnach

    Ceann amháin le haghaidh gach rialtais tríú tír atá páirteach i gcomhaontú neamhcheangailteach leis an Aontas Eorpach

    Níl

    Níl

    Cuntas scriosta maolaithe cánach

    Ballstát

    Riarthóir lárnach

    Ceann amháin le haghaidh gach Ballstáit a úsáideann an maolú faoi Airteagal 30e(3) de Threoir CTA

    Níl

    Níl

    Níl

    Cuntas Leithdháileacháin an Aontais

    AE

    riarthóir lárnach

    1

    Níl

    Níl

    Níl

    Cuntas Ceantála Eitlíochta an Aontais

    AE

    riarthóir lárnach

    1

    Níl

    Níl

    Cuntas Leithdháilte Lamháltas Eitlíochta an Aontais

    AE

    riarthóir lárnach

    1

    Níl

    Níl

    Cuntas Scriosta Lamháltas an Aontais

    AE

    riarthóir lárnach

    1

    Cuntas um Urrúis Chomhthaobhacha Cheantála a Sheachadadh

    Ceantálaí, Ardán ceantála, Córas Imréitigh nó Córas Socraíochta

    an riarthóir náisiúnta a d’oscail an cuntas

    ceann amháin nó níos mó le haghaidh gach ardáin ceantála

    Níl

    II.

    Cuntais choinneála CTA i gClárlann an Aontais

    Cuntas coinneála suiteála do-aistrithe

    Oibreoir

    riarthóir náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an tsuiteáil lonnaithe

    ceann amháin le haghaidh gach suiteála

    Níl

    Cuntas coinneála oibreora aerárthaigh

    Oibreoir aerárthaigh

    riarthóir náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil an t-oibreoir aerárthaigh á riar aige

    ceann amháin le haghaidh gach oibreora aerárthaigh

    Níl

    Cuntas coinneála náisiúnta

    Ballstát

    riarthóir náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil an cuntas á choinneáil aige

    ceann amháin nó níos mó le haghaidh gach Ballstáit

    Cuntas coinneála oibreora mhuirí

    Oibreoir

    riarthóir náisiúnta an Bhallstáit arna chinneadh de bhun Airteagal 3gf de Threoir 2003/87/AE

    ceann amháin le haghaidh gach cuideachta loingseoireachta

    Níl

    Cuntas coinneála Eintitis Rialáilte

    Eintiteas rialáilte

    riarthóir náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas rialáilte lonnaithe

    ceann amháin le haghaidh gach eintitis rialáilte

    Níl

    Níl

    Níl

    III.

    Cuntais trádála CTA i gClárlann an Aontais

    Cuntas trádála

    Duine

    riarthóir náisiúnta nó riarthóir lárnach a d’oscail an cuntas

    de réir mar a formheasadh


    Tábla I-II

    Cuntais chun críche idirbheart cuntasaíochta de bhun Theideal IIA

    Ainm an chineáil cuntais

    Sealbhóir cuntais

    Riarthóir Cuntais

    Líon na gcuntas den chineál seo

    AEA

    Astaíochtaí a thugtar i gcuntas/aistrithe a thugtar i gcuntas

    AMT

    MFLFA

    Cuntas Cainníochta Iomláine AEA EU-ESR

    AE

    riarthóir lárnach

    1

    Níl

    Níl

    Níl

    Cuntas Scriosta Lamháltas ESR

    AE

    riarthóir lárnach

    1

    Níl

    Níl

    Cuntas Cainníochta Iomláine AEA AE Iarscríbhinn II

    AE

    riarthóir lárnach

    1

    Níl

    Níl

    Níl

    Cuntas Cúlchiste Sábháilteachta faoi Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir le Comhroinnt Díchill

    AE

    riarthóir lárnach

    1

    Níl

    Níl

    Níl

    Cuntas Comhlíontachta maidir le comhroinnt díchill

    Ballstát

    riarthóir lárnach

    1 chuntas le haghaidh gach 10 mbliana cuntasaíochta in aghaidh gach Ballstáit

    Níl

    Níl’

    IARSCRÍBHINN II

    In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmlingthe (AE) 2019/1122, leasaítear tábla III-I mar a leanas:

    (1)

    ‘cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró 21:

    ‘21

    Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh ISO 17442

    M i gcás inar sannadh é

    Réamhshocraithe

    Níl

    Tá’

    (2)

    cuirtear na rónna seo a leanas leis:

    ‘22

    Ainm an mháthairghnóthais

    M i gcás inar sannadh é

    Saor in aisce

    Níl

    23

    Ainm an fhoghnóthais

    M i gcás inar sannadh é

    Saor in aisce

    Níl

    24

    Aitheantas sealbhóra cuntais an mháthairghnóthais (arna thabhairt ag Clárlann an Aontais)

    M i gcás inar sannadh é

    Réamhshocraithe

    Níl

    Níl

    25

    Más infheidhme, ainm na cuideachta loingseoireachta mar a taifeadadh in MRV Thetis(**)

    M i gcás inar sannadh é

    Saor in aisce

    26

    Stádas ionaid trádála i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE nó contrapháirtí lárnach i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

    M i gcás inar sannadh é

    Rogha

    Tá’

    (3)

    cuirtear an nóta seo a leanas leis an tábla:

    (**)

    Is é MRV Thetis córas faisnéise uathoibrithe an Aontais a oibríonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE.
    ’.

    IARSCRÍBHINN III

    Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmlingthe (AE) 2019/1122 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil

    Faisnéis atá le soláthar chun cuntas coinneála suiteála do-aistrithe a oscailt ’;

    (2)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla VI-I:

    Tábla VI-I mionsonraí cuntais le haghaidh cuntais choinneála suiteála do-aistrithe

     

    A

    B

    C

    D

    E

    F

    Uimhir Ítime

    Mír mhionsonra cuntais

    Sainordaitheach nó Roghnach?

    Cineál

    An bhfuiltear in ann é a nuashonrú?

    An bhfuil gá le formheas an riarthóra don nuashonrú?

    An bhfuil sé ar taispeáint ar an suíomh gréasáin poiblí?

    1

    Aitheantas Ceada

    M

    Saor in aisce

    2

    Dáta theacht i bhfeidhm an cheada

    M

    Saor in aisce

    3

    Ainm na suiteála

    M

    Saor in aisce

    4

    Cineál gníomhaíochta na suiteála

    M

    Rogha

    5

    Seoladh na suiteála – tír

    M

    Réamhshocraithe

    6

    Seoladh suiteála — réigiún nó stát

    O

    Saor in aisce

    7

    Seoladh suiteála – cathair

    M

    Saor in aisce

    8

    Seoladh suiteála – cód poist

    M

    Saor in aisce

    9

    Seoladh suiteála – líne 1

    M

    Saor in aisce

    10

    Seoladh suiteála – líne 2

    O

    Saor in aisce

    11

    Teileafón suiteála 1

    M

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    12

    Teileafón suiteála 2

    M

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    13

    Seoladh ríomhphoist suiteála

    M

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    14

    Uimhir aitheantais EPRTR

    M i gcás inar sannadh é

    Saor in aisce

    Níl

    15

    Domhanleithead

    O

    Saor in aisce

    Níl

    16

    Domhanfhad

    O

    Saor in aisce

    Níl

    17

    Bliain na chéad astaíochta

    M

    Saor in aisce

     

     

    Tá’


    IARSCRÍBHINN IV

    ‘IARSCRÍBHINN VIIa

    Faisnéis atá le soláthar chun cuntas coinneála oibreora mhuirí a oscailt

    1.

    An fhaisnéis a leagtar amach i dTábla III-I d’Iarscríbhinn III agus an fhaisnéis a leagtar amach i dTáblaí VIIa-I agus VIIa-II den Iarscríbhinn seo.

    2.

    Faoi na sonraí a sholáthraítear i gcomhréir le Tábla III-I d’Iarscríbhinn III, ainmneofar an chuideachta loingseoireachta mar an sealbhóir cuntais.

    3.

    I gcás inar ghlac an eagraíocht nó an duine, amhail an bainisteoir nó an cairtfhostóir lánchostais a ghlac freagracht as oibriú na loinge ón longúinéir agus, ar ghlacadh freagrachta den sórt sin, a d’aontaigh ceannas a ghlacadh ar na dualgais agus na freagrachtaí uile arna bhforchur ag an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) freagracht freisin as oibleagáidí comhlíonta na mbeart náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2003/87/CE agus an oibleagáid lamháltais a thabhairt suas faoi Airteagal 3gb agus Airteagal 12 den Treoir sin (‘na hoibleagáidí CTA’), soláthróidh an eagraíocht nó an duine sin doiciméad lena dtugtar le fios go soiléir gur thug an longúinéir sainordú dó oibleagáidí CTA a chomhlíonadh.

    4.

    Síneoidh an longúinéir agus an eagraíocht nó an duine araon an doiciméad dá dtagraítear i bpointe 3. Má bhíonn an doiciméad sin i dteanga eile nach Béarla í, cuirfear aistriúchán Béarla ar fáil. Más cóip é an doiciméad sin, deimhneoidh nótaire poiblí nó duine comhchosúil eile a shonraigh an riarthóir náisiúnta mar fhíorchóip é. Má eisítear an chóip dhílis dheimhnithe lasmuigh de Bhallstát an riarthóra náisiúnta, déanfar an chóip a dhlisteanú ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt leis an dlí náisiúnta. Ní bheidh dáta an deimhnithe nó an dlisteanaithe níos mó ná 3 mhí roimh dháta an iarratais ar chuntas a oscailt.

    Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa doiciméad sin:

    (a)

    ainm agus uimhir aitheantais uathúil cuideachta agus úinéara chláraithe IMO de chuid na heagraíochta nó an duine ar thug an longúinéir sainordú dó;

    (b)

    tír chlárúcháin na heagraíochta nó an duine ar thug an longúinéir sainordú dó, mar a taifeadadh faoi Scéim Uimhrithe um Uimhir Aitheantais Uathúil Cuideachta agus Úinéara Chláraithe IMO;

    (c)

    ainm agus uimhir aitheantais uathúil cuideachta agus úinéara chláraithe IMO de chuid an longúinéara;

    (d)

    an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann le duine teagmhála an longúinéara:

    (i)

    céadainm,

    (ii)

    sloinne,

    (iii)

    teideal an phoist,

    (iv)

    seoladh gnó,

    (v)

    uimhir theileafóin ghnó,

    (vi)

    seoladh ríomhphoist gnó;

    (e)

    dáta chur i bhfeidhm an tsainordaithe ón longúinéir chuig an eagraíocht nó an duine;

    (f)

    uimhir aitheantais loinge IMO de gach long a thagann faoi raon feidhme an tsainordaithe.

    5.

    I gcás nach mbíonn feidhm ag mír 3, soláthróidh an longúinéir doiciméad lena liostaítear na longa faoina fhreagracht, chomh maith le huimhreacha aitheantais loinge IMO dá gcuid faoi seach.

    I gcás athruithe ar liosta na long sin, cuirfidh an longúinéir an riarthóir náisiúnta ar an eolas laistigh de 20 lá oibre agus soláthróidh sé doiciméad nuashonraithe dó, chomh maith le hainm agus uimhir aitheantais uathúil cuideachta agus úinéara chláraithe IMO de chuid na cuideachta loingseoireachta nua le haghaidh gach loinge nach bhfuil faoi fhreagracht an longúinéara a thuilleadh.

    6.

    Más cuid de ghrúpa é an sealbhóir cuntais, soláthróidh sé doiciméad lena sainaithnítear go soiléir struchtúr an ghrúpa. Más cóip é an doiciméad sin, deimhneoidh nótaire poiblí nó duine comhchosúil eile a shonraigh an riarthóir náisiúnta mar fhíorchóip é. Má eisítear an chóip dhílis dheimhnithe lasmuigh den Bhallstát a bhfuil cóip á hiarraidh aige, déanfar í a dhlisteanú ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt leis an dlí náisiúnta. Ní bheidh dáta an deimhnithe nó an dlisteanaithe níos mó ná 3 mhí roimh dháta an iarratais.

    7.

    Má iarrann duine dlítheanach cuntas a oscailt, d’fhéadfadh riarthóirí náisiúnta iarraidh air na doiciméid bhreise seo a leanas a chur isteach:

    (a)

    doiciméad lena gcruthaítear clárú an eintitis dhlítheanaigh;

    (b)

    mionsonraí cuntais bainc;

    (c)

    deimhniú ar chlárú CBL;

    (d)

    ainm, dáta breithe agus náisiúntacht úinéir tairbhiúil an eintitis dhlítheanaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6) de Threoir (AE) 2015/849 lena n-áirítear an cineál úinéireachta nó rialaithe atá siad ag feidhmiú;

    (e)

    cóip na n-ionstraimí lena mbunaítear an t-eintiteas dlítheanach;

    (f)

    cóip den tuarascáil bhliantúil nó de na ráitis airgeadais iniúchta is déanaí, nó mura bhfuil ráitis airgeadais iniúchta le fáil, cóip de na ráitis airgeadais a stampáil an oifig chánach nó an stiúrthóir airgeadais.

    8.

    In ionad doiciméid pháipéir a fháil lena gcruthaítear an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Iarscríbhinn seo, d’fhéadfadh riarthóirí náisiúnta uirlisí digiteacha a úsáid chun an fhaisnéis ábhartha a fháil, ar choinníoll go bhfuil uirlisí den sórt sin údaraithe faoin dlí náisiúnta chun an fhaisnéis sin a sholáthar.

    Tábla VIIa-I

    mionsonraí cuntais le haghaidh cuntais choinneála oibreora mhuirí

     

    A

    B

    C

    D

    E

    F

    Uimhir Ítime

    Mír mhionsonra cuntais

    Sainordaitheach nó Roghnach?

    Cineál

    An bhfuiltear in ann é a nuashonrú?

    An bhfuil gá le formheas an riarthóra don nuashonrú?

    An bhfuil sé ar taispeáint ar an suíomh gréasáin poiblí?

    1

    Uimhir aitheantais uathúil cuideachta agus úinéara chláraithe IMO de chuid na cuideachta loingseoireachta

    M

    Saor in aisce

    2

    Cineál na cuideachta loingseoireachta

    M

    Rogha (2)

    3

    Ainm na cuideachta loingseoireachta

    M

    Saor in aisce

    4

    Tír chlárúcháin na cuideachta loingseoireachta (3)

    M

    Réamhshocraithe

    5

    Seoladh na cuideachta loingseoireachta – tír

    M

    Réamhshocraithe

    6

    Seoladh na cuideachta loingseoireachta — réigiún nó stát

    O

    Saor in aisce

    7

    Seoladh na cuideachta loingseoireachta – cathair

    M

    Saor in aisce

    8

    Seoladh na cuideachta loingseoireachta – cód poist

    M

    Saor in aisce

    9

    Seoladh cuideachta loingseoireachta – líne 1

    M

    Saor in aisce

    10

    Seoladh cuideachta loingseoireachta – líne 2

    O

    Saor in aisce

    11

    Teileafón 1 na cuideachta loingseoireachta

    M

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    12

    Teileafón 2 na cuideachta loingseoireachta

    M

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    13

    Seoladh ríomhphoist na cuideachta loingseoireachta

    M

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    14

    Bliain na chéad astaíochta

    M

    Saor in aisce

     

     

    15

    Ainm agus uimhir aitheantais uathúil cuideachta agus úinéara chláraithe IMO de chuid an longúinéara chláraithe (na longúinéirí cláraithe) dá nglacann an chuideachta loingseoireachta freagracht as oibleagáidí CTA (más infheidhme)

    M i gcás inar sannadh é

    Saor in aisce

    Níl

    16

    Ainm agus uimhir aitheantais uathúil cuideachta agus úinéara chláraithe IMO an duine (na ndaoine) nó na heagraíochta (na n-eagraíochtaí) seachas an longúinéir, a ghlacann na freagrachtaí a fhorchuirtear leis an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta (más infheidhme)

    M i gcás inar sannadh é

    Saor in aisce

    Níl

    Tábla VIIa-II

    Mionsonraí dhuine teagmhála an chuntais coinneála oibreora mhuirí

     

    A

    B

    C

    D

    E

    F

    Uimhir Ítime

    Mír mhionsonra cuntais

    Sainordaitheach nó Roghnach?

    Cineál

    An bhfuiltear in ann é a nuashonrú?

    An bhfuil gá le formheas an riarthóra don nuashonrú?

    An bhfuil sé ar taispeáint ar an suíomh gréasáin poiblí?

    1

    Céadainm an duine teagmhála laistigh den Bhallstát

    O

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    2

    Sloinne an duine teagmhála laistigh den Bhallstát

    O

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    3

    Seoladh gnó an duine teagmhála – tír

    O

    Réamhshocraithe

    Níl

    Níl

    4

    Seoladh gnó an duine teagmhála – réigiún nó stát

    O

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    5

    Seoladh gnó an duine teagmhála – cathair

    O

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    6

    Seoladh gnó an duine teagmhála – cód poist

    O

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    7

    Seoladh gnó an duine teagmhála – líne 1

    O

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    8

    Seoladh gnó an duine teagmhála – líne 2

    O

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    9

    Teileafón gnó 1 an duine teagmhála

    O

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    10

    Teileafón gnó 2 an duine teagmhála

    O

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    11

    Seoladh ríomhphoist gnó an duine teagmhála

    O

    Saor in aisce

    Níl

    Níl


    (1)  Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cur chun feidhme an Chóid Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3051/95 ón gComhairle (IO L 64, 4.3.2006, lch. 1).

    (2)   ‘Úinéir cláraithe’ nó ‘Cuideachta ISM nach ionann í agus an t-úinéir cláraithe’.

    (3)  Mar a taifeadadh faoin Scéim Uimhrithe um Uimhir Aitheantais Uathúil Cuideachta agus Úinéara Chláraithe IMO.


    IARSCRÍBHINN V

    ‘IARSCRÍBHINN VIIb

    Faisnéis atá le soláthar chun cuntas coinneála eintitis rialáilte a oscailt

    1.

    An fhaisnéis a leagtar amach i dTábla III-I d’Iarscríbhinn III.

    2.

    Faoi na sonraí a sholáthraítear i gcomhréir le Tábla III-I d’Iarscríbhinn III, ainmneofar an t-eintiteas rialáilte mar an sealbhóir cuntais. Beidh an t-ainm a sholáthraítear le haghaidh an tsealbhóra cuntais a bheith díreach mar an gcéanna le hainm an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh atá ina shealbhóir ar an gcead gás ceaptha teasa ábhartha.

    3.

    Más cuid de ghrúpa é an sealbhóir cuntais, soláthróidh sé doiciméad lena sainaithnítear go soiléir struchtúr an ghrúpa. Más cóip é an doiciméad sin, deimhneoidh nótaire poiblí nó duine comhchosúil eile a shonraigh an riarthóir náisiúnta mar fhíorchóip é. Má eisítear an chóip dhílis dheimhnithe lasmuigh den Bhallstát a bhfuil cóip á hiarraidh aige, déanfar í a dhlisteanú ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt leis an dlí náisiúnta. Ní bheidh dáta an deimhnithe nó an dlisteanaithe níos mó ná 3 mhí roimh dháta an iarratais ar chuntas a oscailt.

    4.

    An fhaisnéis a leagtar amach i dTáblaí VIIb-I agus VIIb-II den Iarscríbhinn seo.

    5.

    Má iarrann duine dlítheanach cuntas a oscailt, d’fhéadfadh riarthóirí náisiúnta iarraidh air na doiciméid bhreise seo a leanas a chur isteach:

    (a)

    doiciméad lena gcruthaítear clárú an eintitis dhlítheanaigh;

    (b)

    mionsonraí cuntais bainc;

    (c)

    deimhniú ar chlárú CBL;

    (d)

    ainm, dáta breithe agus náisiúntacht úinéir tairbhiúil an eintitis dhlítheanaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6) de Threoir (AE) 2015/849 lena n-áirítear an cineál úinéireachta nó rialaithe atá siad ag feidhmiú;

    (e)

    cóip na n-ionstraimí lena mbunaítear an t-eintiteas dlítheanach;

    (f)

    cóip den tuarascáil bhliantúil nó de na ráitis airgeadais iniúchta is déanaí, nó mura bhfuil ráitis airgeadais iniúchta le fáil, cóip de na ráitis airgeadais a stampáil an oifig chánach nó an stiúrthóir airgeadais.

    6.

    In ionad doiciméid pháipéir a fháil lena gcruthaítear an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Iarscríbhinn seo, d’fhéadfadh riarthóirí náisiúnta uirlisí digiteacha a úsáid chun an fhaisnéis ábhartha a fháil, ar choinníoll go bhfuil uirlisí den sórt sin údaraithe faoin dlí náisiúnta chun an fhaisnéis sin a sholáthar.

    Tábla VIIb-I

    mionsonraí cuntais le haghaidh cuntais choinneála eintitis rialáilte

     

    A

    B

    C

    D

    E

    F

    Uimhir Ítime

    Mír mhionsonra cuntais

    Sainordaitheach nó Roghnach?

    Cineál

    An bhfuiltear in ann é a nuashonrú?

    An bhfuil gá le formheas an riarthóra don nuashonrú?

    An bhfuil sé ar taispeáint ar an suíomh gréasáin poiblí?

    1

    Aitheantas Ceada

    M

    Saor in aisce

    2

    Dáta theacht i bhfeidhm an cheada

    M

    Saor in aisce

    3

    Ainm an eintitis rialáilte

    M

    Saor in aisce

    5

    Seoladh an eintitis rialáilte – tír

    M

    Réamhshocraithe

    6

    Seoladh an eintitis rialáilte — réigiún nó stát

    O

    Saor in aisce

    7

    Seoladh an eintitis rialáilte – cathair

    M

    Saor in aisce

    8

    Seoladh an eintitis rialáilte – cód poist

    M

    Saor in aisce

    9

    Seoladh an eintitis rialáilte – líne 1

    M

    Saor in aisce

    10

    Seoladh an eintitis rialáilte – líne 2

    O

    Saor in aisce

    11

    Teileafón 1 an eintitis rialáilte

    M

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    12

    Teileafón 2 an eintitis rialáilte

    M

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    13

    Seoladh ríomhphoist an eintitis rialáilte

    M

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    14

    Bliain na chéad astaíochta

    M

    Saor in aisce

     

     

    Tábla VIIb-II

    Mionsonraí dhuine teagmhála an eintitis rialáilte

     

    A

    B

    C

    D

    E

    F

    Uimhir Ítime

    Mír mhionsonra cuntais

    Sainordaitheach nó Roghnach?

    Cineál

    An bhfuiltear in ann é a nuashonrú?

    An bhfuil gá le formheas an riarthóra don nuashonrú?

    An bhfuil sé ar taispeáint ar an suíomh gréasáin poiblí?

    1

    Céadainm an duine teagmhála laistigh den Bhallstát

    O

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    2

    Sloinne an duine teagmhála laistigh den Bhallstát

    O

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    3

    Seoladh gnó an duine teagmhála – tír

    O

    Réamhshocraithe

    Níl

    Níl

    4

    Seoladh gnó an duine teagmhála – réigiún nó stát

    O

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    5

    Seoladh gnó an duine teagmhála – cathair

    O

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    6

    Seoladh gnó an duine teagmhála – cód poist

    O

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    7

    Seoladh gnó an duine teagmhála – líne 1

    O

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    8

    Seoladh gnó an duine teagmhála – líne 2

    O

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    9

    Teileafón gnó 1 an duine teagmhála

    O

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    10

    Teileafón gnó 2 an duine teagmhála

    O

    Saor in aisce

    Níl

    Níl

    11

    Seoladh ríomhphoist gnó an duine teagmhála

    O

    Saor in aisce

    Níl

    Níl’

    ’.

    IARSCRÍBHINN VI

    Leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmlingthe (AE) 2019/1122 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Thábla IX-I:

    Sonraí astaíochta le haghaidh suiteálacha do-aistrithe ’;

    (2)

    cuirtear isteach pointe 1a seo a leanas:

    ‘1a.

    Beidh an fhaisnéis a leagtar amach i dTábla IX-Ia i sonraí astaíochtaí le haghaidh cuideachtaí loingseoireachta, ag féachaint don fhormáid leictreonach chun sonraí astaíochtaí ar a dtugtar tuairisc sna sonraíochtaí malartaithe sonraí agus teicniúla dá ndéantar foráil in Airteagal 75 a chur isteach.

    Tábla IX-Ia

    Sonraí astaíochtaí le haghaidh cuideachtaí loingseoireachta

     

     

     

     

    1

    Aitheantas na cuideachta loingseoireachta:

     

    2

    Uimhir aitheantais uathúil cuideachta agus úinéara chláraithe IMO de chuid na cuideachta loingseoireachta

     

    3

    Bliain tuairiscithe

     

    Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa

    Astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi réir ceanglais maidir le tabhairt suas roimh chur i bhfeidhm an mhaolaithe faoi Airteagal 12(3-e) de Threoir 2003/87/CE  (1)

     

     

    i dtonaí

    i dtonaí de choibhéis CO2

    4

    Astaíochtaí CO2 faoi réir ceanglais maidir le tabhairt suas roimh chur i bhfeidhm an mhaolaithe faoi Airteagal 12(3-e) de Threoir 2003/87/CE

    (Comhfhreagraíonn sé don mhéid astaíochtaí CO2 i gCuid C, pointe 5 den Tuarascáil ar leibhéal cuideachta (2))

     

     

    5

    Astaíochtaí CH4 faoi réir ceanglais maidir le tabhairt suas roimh chur i bhfeidhm an mhaolaithe faoi Airteagal 12(3-e) de Threoir 2003/87/CE (3)

    (Comhfhreagraíonn sé don mhéid astaíochtaí CH4 i gCuid C, pointe 5 den Tuarascáil ar leibhéal cuideachta)

     

     

    6

    Astaíochtaí N2O faoi réir ceanglais maidir le tabhairt suas roimh chur i bhfeidhm an mhaolaithe faoi Airteagal 12(3-e) de Threoir 2003/87/CE (4)

    (Comhfhreagraíonn sé don mhéid astaíochtaí N2O i gCuid C, pointe 5 den Tuarascáil ar leibhéal cuideachta)

     

     

    7

    Astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána faoi réir ceanglais maidir le tabhairt suas roimh chur i bhfeidhm an mhaolaithe faoi Airteagal 12(3-e) de Threoir 2003/87/CE

    (Comhfhreagraíonn sé don mhéid astaíochtaí gas ceaptha teasa i gCuid C, pointe 5 den Tuarascáil ar leibhéal cuideachta)

    Σ (C4 + C5 + C6)

    Astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi réir ceanglais maidir le thabhairt suas, agus na maoluithe ó Airteagal 12(3) de Threoir 2003/87/CE dá ndéantar foráil in Airteagal 12(3-e) go 12(3-b)  (5) á gcur san áireamh

     

     

    i dtonaí

    i dtonaí de choibhéis CO2 eq

    8

    Astaíochtaí CO2 faoi réir ceanglais maidir le tabhairt suas

    (Comhfhreagraíonn sé don mhéid astaíochtaí CO2 i gCuid C, pointe 6 den Tuarascáil ar leibhéal cuideachta)

     

     

    9

    Astaíochtaí CH4 faoi réir ceanglais maidir le tabhairt suas (6)

    (Comhfhreagraíonn sé don mhéid astaíochtaí CH4 i gCuid C, pointe 6 den Tuarascáil ar leibhéal cuideachta)

     

     

    10

    Astaíochtaí N2O faoi réir ceanglais maidir le tabhairt suas (7)

    (Comhfhreagraíonn sé don mhéid astaíochtaí N2O i gCuid C, pointe 6 den Tuarascáil ar leibhéal cuideachta)

     

     

    11

    Astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána faoi réir ceanglais maidir le tabhairt suas

    (Comhfhreagraíonn sé don mhéid astaíochtaí gas ceaptha teasa i gCuid C, pointe 6 den Tuarascáil ar leibhéal cuideachta)

    Σ (C8 + C9 + C10)

    (3)

    cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    ‘3.

    Beidh an fhaisnéis a leagtar amach i dTábla IX-III i sonraí astaíochtaí le haghaidh eintitis rialáilte, ag féachaint don fhormáid leictreonach chun sonraí astaíochtaí ar a dtugtar tuairisc sna sonraíochtaí malartaithe sonraí agus teicniúla dá ndéantar foráil in Airteagal 75 a chur isteach.

    Tábla IX-III

    Sonraí astaíochtaí le haghaidh eintitis rialáilte

     

     

     

    1

    Aitheantas an eintitis rialáilte:

     

    2

    Bliain tuairiscithe

     

    Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa

     

    i dtonaí CO2

    3

    Astaíochtaí intíre iomlána

    (Baineann sé leis na breoslaí uile a scaoiltear lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit)’.

     


    (1)  Níl feidhm ag an roinn seo (línte 4, 5 agus 6) ach maidir le cuideachtaí loingseoireachta ar mian leo tairbhiú den mhaolú a leagtar síos in Airteagal 12(3-e) de Threoir 2003/87/CE. Maidir leis na hastaíochtaí a scaoiltear in 2024 agus 2025 faoi seach, bainfidh na sonraí astaíochtaí atá le soláthar i línte 4, 5 agus 6 leis na sonraí astaíochtaí roimh chur i bhfeidhm an mhaolaithe a leagtar amach in Airteagal 12(3-e) de Threoir 2003/87/CE agus roimh chur i bhfeidhm Airteagal 3gb den Treoir sin.

    (2)  Tagraíonn an ‘Tuarascáil ar leibhéal Cuideachta’ don tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 11a de Rialachán (AE) 2015/757. Bunaítear teimpléad na Tuarascála ar leibhéal cuideachta i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2449 ón gCoimisiún an 6 Samhain 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le teimpléid le haghaidh pleananna faireacháin, tuarascálacha astaíochtaí, tuarascálacha páirteacha astaíochtaí, doiciméid comhlíontachta, agus tuarascálacha ar leibhéal cuideachta, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1927 ón gCoimisiún (IO L 2023/2449, 7.11.2023). Leagtar síos leis an teimpléad sin na ranna éagsúla dá dtagraítear i dTábla IX-Ia den Iarscríbhinn seo.

    (3)  Ó bhliain tuairiscithe 2026.

    (4)  Ó bhliain tuairiscithe 2026.

    (5)  Maidir leis na hastaíochtaí a scaoiltear in 2024 agus 2025 faoi seach, bainfidh na sonraí astaíochtaí atá le soláthar i línte 8 agus 11 leis na sonraí astaíochtaí tar éis chur i bhfeidhm an mhaolaithe a leagtar síos in Airteagal 12(3-e) de Threoir 2003/87/CE agus roimh chur i bhfeidhm Airteagal 3gb den Treoir sin. Ríomhtar na céatadán dá dtagraítear in Airteagal 3gb de Threoir 2003/87/CE go huathoibríoch.

    (6)  Ó bhliain tuairiscithe 2026.

    (7)  Ó bhliain tuairiscithe 2026.’.’.


    IARSCRÍBHINN VII

    In Iarscríbhinn XIII, leasaítear Cuid I mar a leanas:

    (1)

    leasaítear pointe 1 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear an chéad mhír mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a);

    ‘(a)

    an fhaisnéis uile atá sonraithe le bheith ‘ar taispeáint ar an suíomh gréasáin poiblí’ i dTábla III-I d’Iarscríbhinn III, Tábla VI-I d’Iarscríbhinn VI, Tábla VII-I d’Iarscríbhinn VII, Táblaí VIIa-I agus VIIa-II d’Iarscríbhinn VIIa agus Táblaí VIIb-I agus VIIb-II d’Iarscríbhinn VIIb;’;

    (ii)

    i bpointe (f) cuirtear ‘an 1 Meán Fómhair’ in ionad ‘an 1 Aibreán’;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

    ‘(g)

    siombail agus ráiteas lena léirítear cé acu a thug suas nó nár thug suas an tsuiteáil, an t-oibreoir aerárthaigh nó an chuideachta loingseoireachta a bhaineann leis na cuntais oibreora roinnt lamháltais faoin 30 Meán Fómhair atá cothrom ar a laghad lena chuid astaíochtaí uile sna blianta uile a chuaigh thart;’;

    (iv)

    cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    ‘(h)

    siombail agus ráiteas lena léirítear cé acu a thug suas nó nár thug suas an t-eintiteas rialáilte a bhaineann leis an gcuntas oibreora eintitis rialáilte roinnt lamháltas faoin 31 Bealtaine atá cothrom ar a laghad lena chuid astaíochtaí uile sna blianta uile a chuaigh thart.’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

     

    ‘Chun críocha phointe (g), leagtar na siombailí agus na ráitis atá le taispeáint amach i dTábla XIV-I. Nuashonrófar an tsiombail ar an 1 Deireadh Fómhair agus, ach amháin * a chur leis sna cásanna ar a dtugtar tuairisc fúthu ró 5 i dTábla XIV-I, ní athrófar é go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain dár gcionn, mura ndúnfar an cuntas roimhe sin.’;

    (c)

    cuirtear an mhír seo a leanas leis:

     

    ‘Chun críocha phointe (h), beidh feidhm mutatis mutandis ag na siombailí agus na ráitis a leagtar amach i dTábla XIV-I. Nuashonrófar an tsiombail ar an 1 Meitheamh agus, ach amháin * a chur leis sna cásanna ar a dtugtar tuairisc faoi ró 5 i dTábla XIV-I, ní athrófar é go dtí an 1 Meitheamh den bhliain dár gcionn, mura ndúnfar an cuntas roimhe sin.’;

    (d)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla XIV-I:

    Tábla XIV-I

    Ráitis Chomhlíontachta

    Uimhir ró

    An figiúr stádais comhlíontachta de réir Airteagal 33

    An bhfuil astaíochtaí fíoraithe taifeadta le haghaidh iomlán na bliana roimhe sin?

    Siombail

    Ráiteas

    atá le taispeáint ar an suíomh gréasáin poiblí

    1

    0 nó aon uimhir dheimhneach

    A

    ‘Maidir le suiteálacha, oibreoirí aerárthaigh, oibreoirí muirí, is mó an líon lamháltas arna dtabhairt suas faoin 30 Meán Fómhair ná astaíochtaí fíoraithe nó tá sé coibhéiseach leo.

    ‘Maidir heintitis rialáilte, is mó an líon lamháltas arna dtabhairt suas faoin 31 Bealtaine ná astaíochtaí fíoraithe nó tá sé coibhéiseach leo’.

    2

    aon uimhir lúide

    B

    ‘Maidir le suiteálacha, oibreoirí aerárthaigh, oibreoirí muirí, is lú an líon lamháltas arna dtabhairt suas faoin 30 Meán Fómhair ná astaíochtaí fíoraithe

    ‘Maidir heintitis rialáilte, is lú an líon lamháltas arna dtabhairt suas faoin 31 Bealtaine ná astaíochtaí fíoraithe’.

    3

    aon uimhir

    Níl

    C

    ‘Níor cuireadh astaíochtaí fíoraithe don bhliain roimhe sin isteach go dtí an 30 Meán Fómhair le haghaidh suiteálacha, oibreoirí aerárthaigh, oibreoirí muirí.

    Níor cuireadh astaíochtaí fíoraithe don bhliain roimhe sin isteach go dtí an 31 Bealtaine le haghaidh eintiteas rialáilte.’

    4

    aon uimhir

    Níl (De thoradh gur cuireadh an próiseas maidir le tabhairt suas lamháltas agus/nó an próiseas maidir le nuashonrú astaíochtaí fíoraithe ar fionraí le haghaidh chlárlann an Bhallstáit)

    X

    ‘I gcás suiteálacha, oibreoirí aerárthaigh, oibreoirí muirí, níorbh fhéidir leo astaíochtaí fíoraithe ná tabhairt suas lamháltas a chur isteach go dtí an 30 Meán Fómhair nó an 31 Bealtaine i gcás eintiteas rialáilte, de thoradh gur cuireadh an próiseas maidir le tabhairt suas lamháltas agus/nó an próiseas maidir le nuashonrú astaíochtaí fíoraithe ar fionraí le haghaidh chlárlann an Bhallstáit’.

    5

    aon uimhir

    Tá nó Níl (ach nuashonraigh an t-údarás inniúil sin ina dhiaidh)

    * [curtha leis an siombail tosaighl]

    ‘Rinne an t-údarás inniúil meastachán ar na hastaíochtaí fíoraithe nó cheartaigh sé iad.’’;

    (2)

    i bpointe 3, cuirtear ‘an 30 Meán Fómhair’ in ionad ‘an 30 Aibreán’;

    (3)

    leasaítear pointe 4 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear ‘an 30 Meán Fómhair’ in ionad ‘an 30 Aibreán’;

    (b)

    cuirtear ‘an 1 Deireadh Fómhair’ in ionad ‘an 1 Bealtaine’;

    (4)

    leasaítear pointe 5 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear ‘an 1 Deireadh Fómhair’ in ionad ‘an 1 Bealtaine’;

    (b)

    cuirtear ‘an 30 Meán Fómhair’ in ionad ‘an 30 Aibreán’;

    (5)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    ‘6a.

    Chun pointí 3 agus 4 den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm maidir le hastaíochtaí, eintitis rialáilte agus lamháltais a thagann faoi raon feidhme Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE, léifear aon tagairt don 30 Meán Fómhair agus don 1 Deireadh Fómhair faoi seach, de réir Airteagal 30e de Threoir 2003/87/CE, mar thagairt don 31 Bealtaine agus don 1 Meitheamh faoi seach.’


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2904/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top