Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2887

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2887 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2023 lena bhformheastar modhnú ar théarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona i gcomhréir le hAirteagal 115(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle — Vino generoso de licor

C/2023/8942

IO L, 2023/2887, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2887/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2887/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2887

22.12.2023

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2887 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Nollaig 2023

lena bhformheastar modhnú ar théarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona i gcomhréir le hAirteagal 115(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle — ‘Vino generoso de licor’

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 115(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 28(2) agus (3) agus Airteagal 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (2), rinne an Coimisiún scrúdú ar an iarratas ar mhodhnú a fhormheas ar an téarma traidisiúnta ‘Vino generoso de licor’, iarratas a rinne an Spáinn agus d’fhoilsigh sé in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) é.

(2)

Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún (4).

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 31(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, ba cheart, dá bhrí sin, an modhnú ar an téarma traidisiúnta ‘Vino generoso de licor’ a fhormheas agus a chur ar chlár leictreonach na dtéarmaí traidisiúnta cosanta dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo an modhnú ar an téarma traidisiúnta ‘Vino generoso de licor’ a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/2023-01-01.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí, cealú cosanta agus lipéadú agus cur i láthair (IO L 9, 11.1.2019, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/33/2023-08-28).

(3)   IO C 275, 4.8.2023, lch. 42.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, clár na n-ainmneacha faoi chosaint, cealú cosanta agus úsáid siombailí, agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le córas iomchuí seiceálacha (IO L 9, 11.1.2019, lch. 46, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/34/2023-08-28).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2887/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top