Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2868

Rialachán (AE) 2023/2868 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh tuinníní gorma san Aigéan Atlantach, lastoir de 45° I, agus sa Mheánmhuir i gcás soithí a bhfuil bratach na Cipire ar foluain acu

C/2023/8845

IO L, 2023/2868, 19.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2868/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2868/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2868

19.12.2023

RIALACHÁN (AE) 2023/2868 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2023

lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh tuinníní gorma san Aigéan Atlantach, lastoir de 45° I, agus sa Mheánmhuir i gcás soithí a bhfuil bratach na Cipire ar foluain acu

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2023/194 (2) ón gComhairle cuótaí le haghaidh 2023.

(2)

De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta a leithdháileadh le haghaidh 2023 ídithe ag gabhálacha an stoic tuinníní gorma san Aigéan Atlantach, lastoir de 45° I, agus sa Mheánmhuir ag soithí a bhfuil bratach na Cipire ar foluain acu nó atá cláraithe sa Phortaingéil.

(3)

Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ídiú cuótaí

Maidir leis an gcuóta iascaireachta le haghaidh 2023 a leithdháileadh ar an gCipir le haghaidh an stoic tuinníní gorma san Aigéan Atlantach, lastoir de 45° I, agus sa Mheánmhuir dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Toirmisc

Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí a bhfuil bratach na Cipire ar foluain acu nó atá cláraithe sa Phortaingéil. Go sonrach, beidh toirmeasc ar éisc ón stoc sin a ghabhann na soithí sin a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Virginijus SINKEVIČIUS

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Uimh.

19/TQ194

An Ballstát

An Chipir

Stoc

BFT/AE45WM (lena n-áirítear coinníollacha speisialta BFT/*641, BFT/*643, BFT/*8301, BFT/*8302, BFT/*8303F)

Speiceas

An tuinnín gorm (Thunnus thynnus)

Limistéar

An tAigéan Atlantach, lastoir de 45° I, agus an Mheánmhuir

Dáta deiridh

an 5 Meitheamh 2023


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2868/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top