Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2849

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2849 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir leis na sonraí faoi astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta a thuairisciú agus a thíolacadh

    C/2023/6748

    IO L, 2023/2849, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2849/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2849/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2849

    15.12.2023

    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2849 ÓN gCOIMISIÚN

    an 12 Deireadh Fómhair 2023

    lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir leis na sonraí faoi astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta a thuairisciú agus a thíolacadh

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (1), agus go háirithe Airteagal 11a(4) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Ba cheart rialacha a leagan síos maidir le tuairisciú na sonraí faoi astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta i réimse an mhuiriompair, chomh maith le rialacha maidir leis na sonraí faoi astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta a chur faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh.

    (2)

    Ba cheart rialacha a leagan síos freisin maidir le sonraí faoi astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta a chinneadh ag an údarás riaracháin freagrach i gcásanna sonracha, amhail i gcás nár chuir an chuideachta sonraí faoi astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh faoin spriocdháta.

    (3)

    Ní mór na heintitis atá freagrach as comhlíonadh Rialachán (AE) 2015/757 agus Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a shainaithint go soiléir i gcónaí. Chuige sin, agus d’fhonn comhleanúnachas sa riarachán agus san fhorfheidhmiú a áirithiú, foráiltear le Rialachán (AE) 2015/757 nach mór don eintiteas céanna a bheith freagrach as an dá rud. D’ainneoin sin, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Rialachán (AE) 2015/757, ba cheart measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht an chur chuige sin le beartais eile de chuid an Aontais agus le cleachtas idirnáisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún togra reachtach a dhéanamh chun athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2015/757.

    (4)

    Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar chomhsheasmhacht ráta nialasaigh bithmhaise, go háirithe bithmhais atá bunaithe ar bhia agus ar bharra beatha, i dTreoir 2003/87/CE le beartais eile de chuid an Aontais, agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún togra a dhéanamh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht ábhartha.

    (5)

    Chun feidhmiú éifeachtach Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais a áirithiú, atá le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar ón tréimhse tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2024 a chuimsiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Rialacha tuairiscithe maidir le sonraí faoi astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta

    1.   Cuirfidh cuideachtaí faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh na sonraí faoi astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta arna ríomh i gcomhréir leis na rialacha faireacháin dá dtagraítear i gCuid C d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/757.

    2.   Áireoidh cuideachtaí an fhaisnéis seo a leanas sna sonraí faoi astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta:

    (a)

    sonraí lena sainaithnítear an chuideachta agus na longa atá faoi fhreagracht na cuideachta, mar a leanas:

    (i)

    ainm agus cineál na cuideachta;

    (ii)

    uimhir aitheantais uathúil cuideachta agus úinéara chláraithe IMO;

    (iii)

    tír chlárúcháin na cuideachta, mar a taifeadadh faoin Scéim um Uimhir Aitheantais Uathúil Cuideachta agus Úinéara Chláraithe IMO;

    (iv)

    seoladh na cuideachta;

    (v)

    ainm, teideal poist, seoladh gnó, sonraí teileafóin agus ríomhphoist duine teagmhála;

    (vi)

    an t-údarás riaracháin freagrach;

    (vii)

    liosta long, a dtagann a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE, agus atá faoi fhreagracht na cuideachta le linn na tréimhse tuairiscithe, lena n-áirítear, i gcás gach loinge, uimhir aitheantais loinge IMO agus uimhir aitheantais uathúil cuideachta agus úinéara chláraithe IMO an úinéara chláraithe, chomh maith leis an tréimhse ar lena linn a bhí an long faoi fhreagracht na cuideachta;

    (b)

    sonraí a bhaineann leis an bhfíorú, mar a leanas:

    (i)

    ainm an fhíoraitheora;

    (ii)

    seoladh an fhíoraitheora;

    (iii)

    uimhir chreidiúnaithe an fhíoraitheora;

    (iv)

    an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta a chreidiúnaigh an fíoraitheoir;

    (v)

    ráiteas an fhíoraitheora;

    (c)

    suim astaíochtaí comhiomlánaithe iomlána gás ceaptha teasa gach loinge atá le tuairisciú faoi Threoir 2003/87/CE mar a chinntear ar leibhéal na loinge i gcomhréir le Cuid C, pointí 1.1 go 1.7, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/757, arna sloinneadh ina tonaí de choibhéis CO2 agus dí-chomhiomlánaithe de réir gás ceaptha teasa;

    (d)

    suimeanna astaíochtaí comhiomlánaithe iomlána gás ceaptha teasa gach loinge atá le tuairisciú faoi Threoir 2003/87/CE mar a chinntear ar leibhéal na loinge i gcomhréir le Cuid C d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/757, arna ríomh i gcomhréir le:

    (i)

    Cuid C, pointe 1.1, den Iarscríbhinn sin;

    (ii)

    Cuid C, pointí 1.1 agus 1.2, den Iarscríbhinn sin;

    (iii)

    Cuid C, pointí 1.1, 1.2 agus 1.3, den Iarscríbhinn sin;

    (iv)

    Cuid C, pointí 1.1 go 1.4, den Iarscríbhinn sin;

    (v)

    Cuid C, pointí 1.1 go 1.5, den Iarscríbhinn sin;

    (vi)

    Cuid C, pointí 1.1 go 1.6, den Iarscríbhinn sin;

    (e)

    an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis an modheolaíocht a úsáideadh chun sonraí astaíochtaí a chomhiomlánú ar leibhéal cuideachta, lena n-áirítear athruithe ar an modheolaíocht i gcomparáid leis an tréimhse tuairiscithe roimhe sin.

    Airteagal 2

    Cinneadh astaíochtaí ag an údarás riaracháin freagrach

    1.   Déanfaidh an t-údarás riaracháin freagrach meastachán coimeádach ar na sonraí faoi astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

    (a)

    níor thíolaic an chuideachta sonraí faoi astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta faoin sprioc-am dá dtagraítear in Airteagal 11a de Rialachán (AE) 2015/757;

    (b)

    fuarthas amach nach bhfuil na sonraí fíoraithe faoi astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta dá dtagraítear in Airteagal 11a de Rialachán (AE) 2015/757 i gcomhréir leis an Rialachán sin;

    (c)

    níor fíoraíodh go raibh na sonraí faoi astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta sásúil i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2072 ón gCoimisiún (3).

    2.   I gcás ina gcinneann fíoraitheoir, sa tuarascáil fíorúcháin de bhun Airteagal 13(5) de Rialachán (AE) 2015/757, gurb ann do mhíráitis neamhábhartha agus nár cheartaigh an chuideachta iad roimh an ráiteas fíorúcháin a eisiúint, déanfaidh an t-údarás riaracháin freagrach measúnú ar na míráitis sin, agus i gcás ina bhfaighfear amach go bhfuil na míráitis ábhartha, déanfaidh sé meastachán coimeádach ar na sonraí faoi astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta.

    3.   I gcás ina ndéanann an t-údarás riaracháin freagrach meastachán coimeádach ar na sonraí faoi astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta, cuirfidh sé in iúl don chuideachta an bhfuil gá le ceartúcháin agus cad iad na ceartúcháin a bhfuil gá leo. Cuirfidh an chuideachta an fhaisnéis sin ar fáil don fhíoraitheoir.

    4.   Bunóidh na Ballstáit malartú éifeachtúil faisnéise idir na húdaráis inniúla atá freagrach as pleananna faireacháin a fhormheas agus na húdaráis inniúla a fhaigheann sonraí faoi astaíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta, i gcás nach ionann na húdaráis sin.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Deireadh Fómhair 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 123, 19.5.2015, lch. 55.

    (2)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2072 ón gCoimisiún an 22 Meán Fómhair 2016 maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (IO L 320, 26.11.2016, lch. 5).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2849/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top