Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2798

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2798 ón gComhairle an 11 Nollaig 2023 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2017/1770 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

ST/13609/2023/INIT

IO L, 2023/2798, 12.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2798/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2798/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2798

12.12.2023

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2798 ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2023

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2017/1770 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (1), agus go háirithe Airteagal 12(2) agus (6) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 28 Meán Fómhair 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/1770.

(2)

An 13 Nollaig 2021, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2021/2201 ón gComhairle (2) chun éifeacht a thabhairt do Chinneadh (CBES) 2021/2208 ón gComhairle (3), lenar leasaíodh Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle (4), agus lenar bunaíodh creat nua lena ndéantar foráil do bearta sriantacha breise a fhorchur ar dhaoine aonair agus atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhailí i mbaol, nó a bhí comhpháirteach go díreach nó go hindíreach iontu, nó as bac a chur ar aistriú polaitiúil Mhailí a chur i gcrích go rathúil nó as an mbonn a bhaint de chur i gcrích rathúil an aistrithe pholaitiúil sin.

(3)

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart duine amháin a bhaint den liosta sin agus ba cheart na cúiseanna sna hiontrálacha le haghaidh beirt eile a leasú.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Nollaig 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 251, 29.9.2017, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/2201 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1770 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 446, 14.12.2021, lch. 1).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/2208 an 13 Nollaig 2021 ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 446, 14.12.2021, lch. 44).

(4)  Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 251, 29.9.2017, lch. 23).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770, leasaítear ‘Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2b’ mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 3 agus 4.

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘3.

MAÏGA, Choguel

Áit bhreithe: Tabango, Gao, Mailí

Dáta breithe: an 31.12.1958

Náisiúntacht: Mailíoch

Pasuimhir: pas taidhleoireachta DA0004473, a d’eisigh Mailí, víosa Schengen eisithe chuige

Inscne: fireann

Post: An Príomh-Aire

Agus é ina Phríomh-Aire ó mhí an Mheithimh 2021, is é Choguel Maïga atá i gceannas ar Rialtas Idirthréimhseach Mhailí a bunaíodh tar éis coup an 24 Bealtaine 2021.

Agus é ag gníomhú ar bhealach a tháinig salach ar amchlár an athchóirithe agus na dtoghchán a comhaontaíodh roimhe seo le ECOWAS i gcomhréir leis an gCairt Idirthréimhseach, d’fhógair sé i mí an Mheithimh 2021 atheagrú na gComhairliúchán Náisiúnta um an Athbhunú (Assises nationales de la refondation, ANRanna) mar phróiseas réamh-athchóiriúcháin agus mar réamhchoinníoll d’eagrú na dtoghchán a bhí sceidealaithe don 27 Feabhra 2022.

Cuireadh na ANRanna siar roinnt uaireanta, mar a d’fhógair Choguel Maïga é féin, agus cuireadh moill ar na toghcháin ansin. Rinne an t-iliomad páirtithe leasmhara na ANRanna, a tionóladh ar deireadh i mí na Nollag 2021, a bhaghcatáil. Ar bhonn mholtaí deiridh na ANRanna, thíolaic an Rialtas Idirthréimhseach amchlár nua lena bhforáiltear go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí na Nollag 2025, agus lena gceadaítear do na hÚdaráis Idirthréimhseacha fanacht i gcumhacht ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana. Mar thoradh ar amchlár athbhreithnithe a tíolacadh i mí an Mheithimh 2022, inar foráladh go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí an Mhárta 2024, d’fhógair an Rialtas Idirthréimhseach an 21 Meán Fómhair 2023 go gcuirfí na toghcháin siar arís.

Ghlac ECOWAS smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseacha (lena n-áirítear Choguel Maïga) i mí na Samhna 2021 mar gheall ar an moill a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus ar chur i gcrích aistriú polaitiúil Mhailí. Chuir ECOWAS i dtreis gur bhain na hÚdaráis Idirthréimhseach úsáid as an ngá le hathchóirithe a chur chun feidhme mar chur i gcéill chun údar maith a thabhairt le síneadh a chur le haistriú polaitiúil Mhailí agus chun iad féin a choimeád i gcumhacht gan aon toghcháin dhaonlathacha. An 3 Iúil 2022, chinn ECOWAS na smachtbhannaí aonair sin a choinneáil.

Ina cháil mar Phríomh-Aire, tá Choguel Maïga freagrach go díreach as na toghcháin dá bhforáiltear sa Chairt Idirthréimhseach a chur siar, agus dá bhrí sin, tá bac á chur aige ar thabhairt chun críche rathúil aistriú polaitiúil Mhailí agus an bonn á bhaint aige den tabhairt chun críche sin, go háirithe trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil agus an chumhacht a aistriú chuig údaráis thofa agus tríd an mbonn a bhaint de sin.

4.2.2022

4.

MAÏGA, Ibrahim Ikassa

Áit bhreithe: Tondibi, réigiún Gao, Mailí

Dáta breithe: 5.2.1971

Náisiúntacht: Mailíoch

Pasuimhir: pas taidhleoireachta a d’eisigh Mailí

Inscne: fireann

Post: An tAire um an Athbhunú

Is comhalta de choiste straitéiseach M5-RFP é Ibrahim Ikassa Maïga (Mouvement du 5 juin - Rassemblement des forces patriotiques), a raibh ról lárnach aige i dtreascairt an Uachtaráin Keita.

Mar an tAire um an Athbhunú ó mhí an Mheithimh 2021 i leith, bhí Ibrahim Ikassa Maïga freagrach as na Comhairliúcháin Náisiúnta um an Athbhunú (Assises nationales de la Refondation, ANR), a d’fhógair an Príomh-Aire Choguel Maïga, a phleanáil.

Agus é ag gníomhú ar bhealach a tháinig salach ar an amchlár le haghaidh athchóirithe agus na dtoghchán a comhaontaíodh le ECOWAS roimhe seo i gcomhréir leis an gCairt Idirthréimhseach, d’fhógair an Rialtas Idirthréimhseach na ANRanna mar phróiseas réamh-athchóiriúcháin agus mar réamhchoinníoll d’eagrú na dtoghchán a bhí sceidealaithe don 27 Feabhra 2022.

Mar a d’fhógair Choguel Maïga, cuireadh na ANRanna siar roinnt uaireanta agus cuireadh moill ar na toghcháin. Rinne an t-iliomad páirtithe leasmhara na ANRanna, a tionóladh ar deireadh i mí na Nollag 2021, a bhaghcatáil. Ar bhonn mholtaí deiridh na ANRanna, thíolaic an Rialtas Idirthréimhseach amchlár nua lena bhforáiltear go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí na Nollag 2025, agus lena gceadaítear do na hÚdaráis Idirthréimhseacha fanacht i gcumhacht ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana. Mar thoradh ar amchlár athbhreithnithe a tíolacadh i mí an Mheithimh 2022, inar foráladh go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí an Mhárta 2024, d’fhógair an Rialtas um an Aistriú an 21 Meán Fómhair 2023 go gcuirfí na toghcháin siar arís.

Ghlac ECOWAS smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseacha (lena n-áirítear Ibrahim Ikassa Maïga) i mí na Samhna 2021, mar gheall ar an moill a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus ar chur i gcrích aistriú polaitiúil Mhailí. Chuir ECOWAS i dtreis gur bhain na hÚdaráis Idirthréimhseach úsáid as an ngá le hathchóirithe a chur chun feidhme mar chur i gcéill chun údar maith a thabhairt le síneadh a chur le haistriú polaitiúil Mhailí agus chun iad féin a choimeád i gcumhacht gan aon toghcháin dhaonlathacha. An 3 Iúil 2022, chinn ECOWAS na smachtbhannaí aonair sin a choinneáil.

Ina cháil mar an tAire um an Athbhunú, tá bac á chur ag Ibrahim Ikassa Maïga ar thabhairt chun críche rathúil aistriú polaitiúil Mhailí agus an bonn á bhaint aige den tabhairt chun críche sin, go háirithe trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil agus an chumhacht a aistriú chuig údaráis thofa agus tríd an mbonn a bhaint de sin

4.2.2022’:

(2)

scriostar iontráil 5.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2798/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top