Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2793

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2793 ón gComhairle an 11 Nollaig 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/1529 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine

    ST/15789/2023/INIT

    IO L, 2023/2793, 11.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2793/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2793/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2793

    11.12.2023

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2793 ÓN gCOMHAIRLE

    an 11 Nollaig 2023

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/1529 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1529 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (1), agus go háirithe Airteagal 7(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 20 Iúil 2023, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2023/1529.

    (2)

    Sna conclúidí uaithi an 20 agus an 21 Deireadh Fómhair 2022, an 15 Nollaig 2022, an 23 Márta 2023, an 29 agus an 30 Meitheamh 2023, agus an 26 agus an 27 Deireadh Fómhair 2023, cháin an Chomhairle Eorpach go láidir an tacaíocht mhíleata atá á tabhairt ag údaráis na hIaráine do chogadh foghach na Rúise, nach mór deireadh a chur léi.

    (3)

    Sna conclúidí uaithi an 12 Nollaig 2022, cháin an Chomhairle go láidir aon chineál tacaíochta míleata ón Iaráin do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, atá neamhdhleathach, agus gan chúis gan údar, lena n-áirítear seachadadh na n-aerárthach gan foireann (UAVanna), agus mheas sí an tacaíocht sin a bheith do-ghlactha, ar sárú mór í ar an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe. Tá na harmáin sin a chuir an Iaráin ar fáil á n-úsáid go neamh-idirdhealaitheach ag an Rúis i gcoinne phobal sibhialtach na hÚcráine agus ar an mbonneagair agus tá scrios uafásach á dhéanamh agus fulaingt dhaonna uafásach á cothú leo.

    (4)

    Tá UAVanna a tháirgtear san Iaráin á n-úsáid ag an Rúis chun tacú lena cogadh foghach, rud a sháraíonn ceannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hÚcráine, lena n-áirítear i gcoinne sibhialtach agus in aghaidh an bhonneagair shibhialtaigh. Dá bhrí sin, trí chlár Státurraithe na hIaráine chun UAVanna a fhorbairt agus a tháirgeadh, rannchuidítear le sáruithe ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta. Tá an clár seo á reáchtáil ag an Aireacht Cosanta agus Lóistíocht Fhórsaí Armtha na hIaráine agus ag Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí, atá curtha araon faoi smachtbhannaí ag an Aontas, agus áirítear soláthar, forbairt, táirgeadh agus aistriú UAVanna sa mhéid sin, go háirithe chuig an Rúis. Tá sé bunaithe ar chuideachtaí atá faoi úinéireacht Stáit chomh maith le cuideachtaí príobháideacha agus baineann sé tairbhe as cumais taighde intíre.

    (5)

    Sa chomhthéacs sin, ba cheart seisear agus cúig eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1529.

    (6)

    Ba cheart teideal Rialachán (AE) 2023/1529 i leaganacha áirithe teanga a leasú chun comhfhreagairt do theideal Cinneadh (CBSP) 2023/1532 ón gComhairle. (2)

    (7)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/1529 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) 2023/1529 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    ‘(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)’;

    (2)

    Leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Nollaig 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)   IO L 186, 25.7.2023, lch. 1.

    (2)  Cinneadh (CBES) 2023/1532 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (IO L 186, 25.7.2023, lch. 20).


    IARSCRÍBHINN

    In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1529, cuirtear an fo-cheannteideal seo a leanas agus na hiontrálacha seo a leanas isteach faoin gceannteideal ‘Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3’

    ‘A.

    Daoine nádúrtha

     

    Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

    Ainmneacha

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna lena liostú

    Dáta an liostaithe

    1.

    Hadi ZAHOURIAN

    هادی ظهوریان

    (Litriú Fairsise)

    Post/poist: Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Shakad Sanat Asmari

    Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: Fireann

    Pasuimhir: 0055312047 (Aitheantas Náisiúnta)

    Eintitis chomhlachaithe: Shakad Sanat Asmari

    Is é Hadi Zahourian príomhoifigeach Feidhmiúcháin Shakad Sanat Asmari.

    Is cuideachta de chuid na hIaráine é Shakad Sanat Asmari (ar a dtugtar freisin Chekad Sanat Faraz Asia) a fhorbraíonn agus a mhonaraíonn comhpháirteanna d’aerárthach gan foireann (UAVanna) Shahed.

    Ina cháil mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Shakad Sanat Asmari, tá Hadi Zahourian, ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann.

    11.12.2023

    2.

    Mohammad Shahab Khanian

    محمد شهاب خانیان

    (Litriú Fairsise)

    Post/poist: Leas-Phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Shakad Sanat Asmari

    Áit bhreithe: Mashhad, an Iaráin

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: Fireann

    Pasuimhir: 0930588411 (Aitheantas Náisiúnta)

    Eintitis chomhlachaithe: Shakad Sanat Asmari

    Is é Mohammad Shabab Khanian Leas-Phríomhoifigeach feidhmiúcháin Shakad Sanat Asmari.

    Is cuideachta de chuid na hIaráine é Shakad Sanat Asmari (ar a dtugtar freisin Chekad Sanat Faraz Asia) a fhorbraíonn agus a mhonaraíonn comhpháirteanna d’UAVanna Shahed.

    Ina cháil mar Leas-phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Shakad Sanat Asmari, tá Mohammad Shabab Khanian, ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann.

    11.12.2023

    3.

    Ehsan Rahat VARNOSFADRANI

    احسان راحت وارنوسفدرانی

    (Litriú Fairsise)

    Post/poist: Príomheolaí Shakad Sanat Asmari

    Dáta breithe: 1983

    Áit bhreithe: Bahman, an Iaráin

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: Fireann

    Eintitis chomhlachaithe: Shakad Sanat Asmari

    Is é Ehsan Rahat Varnosfadrani Príomheolaí agus iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Shakad Sanat Asmari.

    Is cuideachta de chuid na hIaráine é Shakad Sanat Asmari (ar a dtugtar freisin Chekad Sanat Faraz Asia) a fhorbraíonn agus a mhonaraíonn comhpháirteanna d’UAVanna Shahed.

    Ina cháil mar Phríomheolaí agus iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Shakad Sanat Asmari, tá Ehsan Rahat Varnosfadrani, ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann.

    11.12.2023

    4.

    Rahmatollah HEIDARI

    ar a dtugtar freisin Rehmatollah HEIDARI

    رحمت الله حیدری

    (Litriú Fairsise)

    Post/poist: Stiúrthóir Bainistíochta agus comhalta de bhord stiúrthóirí Baharestan Kish Company atá lonnaithe san Iaráin

    Dáta breithe: 22.9.1985

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: Fireann

    Eintitis chomhlachaithe: Baharestan Kish Company; Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC)

    Is é Rahmatollah Heidari an Stiúrthóir Bainistíochta ar Baharestan Kish Company agus is comhalta de bhord stiúrthóirí an chuideachta sin é freisin.

    Monaraíonn Baharestan Kish Company comhpháirteanna UAVanna do Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC).

    Ina cháil mar Stiúrthóir Bainistíochta agus mar chomhalta de bhord stiúrthóirí Baharestan Kish Company, tá Rahmatollah Heidari, ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann.

    11.12.2023

    5.

    Nader Khoon SIAVASH

    نادر خون سیاوش

    (Litriú Fairsise)

    Post/poist: Stiúrthóir ar Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis (AIO)

    Dáta breithe: 30.4.1963

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: Fireann

    Pasuimhir: 0028892753 (Aitheantas Náisiúnta)

    Eintitis chomhlachaithe: Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis (AIO); Eagraíocht na dTionscal Cosanta (DIO); Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC)

    Is é Nader Khoon Siavash an Stiúrthóir ar Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis (AIO).

    Is eagraíocht í AIO a thuairiscíonn d’Aireacht Cosanta na hIaráine agus do Lóistíocht na bhFórsaí Armtha agus atá gníomhach i gclár aerárthach gan foireann (UAVanna) na hIaráine.

    Ina cháil mar stiúrthóir ar AIO, tá Nader Khoon Siavash, ag tacú dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann.

    11.12.2023

    6.

    Ehsan IMANINEJAD

    Ar a dtugtar freisin Ehsan IMANIJAD

    احسان ایمانی نژاد احسان ایمانی نژاد

    (Litriú Fairsise)

    Post/poist: Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Saad Sazeh Faraz Sharif

    Dáta breithe: 1982

    Áit bhreithe: Shahrivar, an Iaráin

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: Fireann

    Eintitis chomhlachaithe: Saad Sazeh Faraz Sharif

    Is é Ehsan Imaninejad Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Saad Sazeh Faraz Sharif.

    Is cuideachta de chuid na hIaráine é Saad Sazeh Faraz Sharif (ar a dtugtar freisin Daria Fanavar Borhan Sharif) a thairgeann seirbhísí innealtóireachta aeraspáis agus a mhonaraíonn codanna d’aerárthach gan foireann (UAVanna) Shahed.

    Ina cháil mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Saad Sazeh Faraz Sharif, tá Ehsan Imaninejad, ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann.

    11.12.2023

    ‘B.

    Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí

     

    Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

    Ainmneacha

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna lena liostú

    Dáta an liostaithe

    1.

    Shakad Sanat Asmari

    ar a dtugtar freisin Chekad Sanat Faraz Asia

    شکاد صنعت آسماری/چکاد صنعت فراز آسیا

    (Litriú Fairsise)

    Seoladh: Tehran Province - District 18, Tehran City, Central Sector, Tehran City, Tehran Station Quarter, Afshar Nou Alley, Fadaiyan Islam St., No. 841, 1st floor, postal code 1851617167

    An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

    Áit chlárúcháin: Tehran, an Iaráin

    Dáta clárúcháin: 2013

    Príomhionad gnó: An Iaráin

    Daoine aonair comhlachaithe: Hadi Zahourian (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin); Mohammad Shabab Khanian (Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin); Ehsan Rahat Varnosfadrani (Príomheolaí agus Iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin)

    Is cuideachta de chuid na hIaráine é Shakad Sanat Asmari (ar a dtugtar freisin Chekad Sanat Faraz Asia) a fhorbraíonn agus a mhonaraíonn comhpháirteanna d’aerárthach gan foireann (UAVanna) Shahed.

    Tá sí ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann.

    11.12.2023

    2.

    Baharestan Kish Company

    شرکت بهارستان کیش

    (Litriú Fairsise)

    Seoladh uimh. 1: Unit 17, Fifth Floor, Yas Building, Number 116, Sheikh Fazlollah Highway, Teimuri Blvd, before Sharif University Metro Station, Tehran, an Iaráin;

    Seoladh uimh. 2: Unit 18, Fifth Floor, Yas Building, Number 116, Sheikh Fazlollah Highway, Teimuri Blvd, before Sharif University Metro Station, Tehran, an Iaráin;

    Seoladh uimh. 3: Unit 19, Fifth Floor, Yas Building, Number 116, Sheikh Fazlollah Highway, Teimuri Blvd, before Sharif University Metro Station, Tehran 1459994450, an Iaráin;

    Seoladh uimh. 4: No. 47, East 18th Street, Farhang Boulevard, Sa’adat Abad, Tehran 1997857976, an Iaráin;

    Seoladh uimh. 5: Unit 2, First Floor, EX35, Number 2, Exhibition Industrial Town, Kish Island 7941659854, Iran;

    Áit chlárúcháin: An Iaráin

    Dáta clárúcháin: 2002

    Daoine aonair comhlachaithe: Rahmatollah Heidari (Stiúrthóir Bainistíochta agus comhalta den bhord stiúrthóirí)

    Monaraíonn Baharestan Kish Company comhpháirteanna aerárthach gan foireann (UAVanna) do Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC).

    D’oibrigh an chuideachta freisin ar chomhpháirteanna UAV Shahed; onnmhairíodh na comhpháirteanna sin go dtí an Rúis.

    Tá Baharestan Kish Company tar éis maoirseacht a dhéanamh ar thionscadail éagsúla a bhaineann le cosaint, lena n-áirítear monarú UAVanna.

    Tá sí, dá bhrí sin, ag tacú le clár UAV na hIaráine agus tá sí rannpháirteach ann.

    11.12.2023

    3.

    Saad Sazeh Faraz Sharif

    ar a dtugtar freisin

    Daria Fanavar Borhan Sharif; Sadid Sazeh Parvaz Sharif

    سدید سازه پرواز شریف/داریا فن آور برهان شریف/شرکت سعد سازه فراز شریف

    (Litriú Fairsise)

    Seoladh: Tehran Province - Tehran City - Central Sector - Tehran City - Shahrak Ansar Neighbourhood - Tehran Karaj Highway - Chogan Street 9 - Plate 0 - Ground Floor

    An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

    Áit chláraithe: Tehran, an Iaráin

    Dáta clárúcháin: 2017

    Uimhir chlárúcháin: 534295

    Príomhionad gnó: An Iaráin

    Daoine aonair comhlachaithe: Ehsan Imaninejad (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin)

    Is cuideachta de chuid na hIaráine é Saad Sazeh Faraz Sharif, a thairgeann seirbhísí innealtóireachta aeraspáis agus a mhonaraíonn codanna d’UAVanna Shahed.

    Tá sí ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann.

    11.12.2023

    4.

    Sarmad Electronic Sepahan Company

    ar a dtugtar freisin

    Sarmad Electronics; Sarmad Electronic Sepahan; Sarmad Electronics Co.

    سدید سازه پرواز شریف/داریا فن آور برهان شریف/شرکت سعد سازه فراز شریف

    (Litriú Fairsise)

    Seoladh: Second Floor, No. 309, Alley 28, South Abou Na’im Street, Jaber Ansari Street, Isfahan, an Iarái

    Áit chlárúcháin: An Iaráin

    Dáta clárúcháin: 2014

    Príomhionad gnó: An Iaráin

    Is cuideachta de chuid na hIaráine é Sarmad Electronic Sepahan Company, a tháirgeann na comhpháirteanna sonracha a úsáidtear in aerárthach gan foireann (UAVanna) na hIaráine.

    Tá na UAVanna sin á n-imscaradh ag an Rúis ina cogadh foghach ar an Úcráin. Fuarthas seirbheamhótair agus sreabhmhótair i UAV scoite de chuid na hIaráine ar láthair an chatha san Úcráin; bhíothas in ann iad a rianú siar díreach go dtí Sarmad Electronic Sepahan Company.

    Tugann an chuideachta féin le fios ina cuid poiblíochta go bhfuil sí gníomhach i dtionscail mhóra íogaire san Iaráin, lena n-áirítear i dtionscail na UAVanna.

    Tá sí ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann.

    11.12.2023

    5.

    Kimia Part Sivan Company (KIPAS)

    ar a dtugtar freisin

    Kimiar Parts Sibon

    شرکت کیمیا پارت سیوان (کیپس)

    (Litriú Fairsise)

    Seoladh: 1st Street, 6th Side Street, No. 81, Jey Industrial Park, Isfahan 8376100000, Iran;

    Áit chlárúcháin: An Iaráin

    Uimhir chlárúcháin: 10320661315 nó 414950 nó 47779,

    Is cuideachta atá lonnaithe san Iaráin é Kimia Part Sivan Company (KIPAS) a d’oibrigh le Islamic Revolutionary Guard Corps Quds Force (IRGC-QF) chun feabhas a chur ar chlár an fhórsa maidir le aerárthach gan foireann (UAVanna).

    Rinne oifigigh KIPAS tástálacha eitilte UAVanna do IRGC-QF agus thug siad cúnamh teicniúil d’UAVanna IRGC-QF a aistríodh chuig an Iaráic lena n-úsáid in oibríochtaí IRGC-QF. Chuir KIPAS comhpháirteanna luachmhara UAV ar fáil freisin lena n-úsáid ag IRGC.

    Tá sí, dá bhrí sin, ag tacú le clár UAV na hIaráine agus tá sí rannpháirteach ann.

    11.12.2023’


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2793/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top