This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R2742
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/2742 of 30 November 2023 opening a tariff quota for the year 2024 for the import into the Union of certain goods originating in Norway resulting from the processing of agricultural products covered by Regulation (EU) No 510/2014 of the European Parliament and of the Council
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2742 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2023 lena n-osclaítear taraif-chuóta le haghaidh 2024 le haghaidh allmhairiú earraí áirithe de thionscnamh na hIorua isteach san Aontas, ar de thoradh iad na táirgí sin ar phróiseáil táirgí talmhaíochta a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2742 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2023 lena n-osclaítear taraif-chuóta le haghaidh 2024 le haghaidh allmhairiú earraí áirithe de thionscnamh na hIorua isteach san Aontas, ar de thoradh iad na táirgí sin ar phróiseáil táirgí talmhaíochta a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2023/8340
IO L, 2023/2742, 6.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2742/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2742 |
6.12.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2742 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Samhain 2023
lena n-osclaítear taraif-chuóta le haghaidh 2024 le haghaidh allmhairiú earraí áirithe de thionscnamh na hIorua isteach san Aontas, ar de thoradh iad na táirgí sin ar phróiseáil táirgí talmhaíochta a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar de thoradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1216/2009 agus (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 16(1), pointe (a), de,
Ag féachaint do Chinneadh 2004/859/CE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 maidir le Comhaontú trí Mhalartú Litreacha a thabhairt i gcrích idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na hIorua ar Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála déthaobhach idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (2), agus go háirithe Airteagal 3 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Prótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua an 14 Bealtaine 1973 (3) (‘an Comhaontú Saorthrádála déthaobhach idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua’) agus Prótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) (4) arna leasú le Cinneadh Uimh. 140/2001 ó Chomhchoiste LEE an 23 Samhain 2001 lena leasaítear Prótacail 2 agus 3 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le táirgí próiseáilte talmhaíochta agus táirgí talmhaíochta eile (5), cinntear na socruithe trádála idir an tAontas agus Ríocht na hIorua maidir le táirgí talmhaíochta áirithe agus táirgí próiseáilte talmhaíochta áirithe. |
(2) |
Foráiltear le Prótacal 3 a ghabhann le Comhaontú LEE ráta nialasach dleachta le haghaidh uiscí a bhfuil siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó atá blaistithe, a aicmítear faoin gcód AC 2202 10 00, agus deochanna neamhalcólacha eile nach bhfuil táirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404 iontu ná saill a fhaightear ó tháirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404, a aicmítear faoin gcód AC 2202 90 10. |
(3) |
Ón 1 Eanáir 2017, tá na cóid AC 2202 91 00 agus 2202 99 curtha in ionad an chóid AC 2202 90. Dá bhrí sin, leis an Rialachán seo ba cheart táirgí faoi na cóid 2202 10 00, ex 2202 91 00 agus ex 2202 99 a chumhdach. |
(4) |
Leis an gComhaontú trí Mhalartú Litreacha idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le Prótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála déthaobhach idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (6) (‘an Comhaontú trí Mhalartú Litreacha’) cuirtear ar fionraí go sealadach an córas saor ó dhleacht arna chur i bhfeidhm faoi Phrótacal 2 maidir le hearraí a aicmítear faoi na cóid AC 2202 10 00 (uiscí, lena n-áirítear uiscí mianraí agus uiscí aeraithe, a bhfuil siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó atá blaistithe) agus ex 2202 90 10 (deochanna neamhalcólacha eile ina bhfuil siúcra) ar cuireadh na cóid AC 2202 10 00, ex 2202 91 00 agus ex 2202 99 ina n-ionad. I gcomhréir leis an gComhaontú trí Mhalartú Litreacha, níl allmhairí saor ó dhleacht na n-earraí sin, de thionscnamh na hIorua, le ceadú ach amháin faoi theorainneacha cuóta saor ó dhleacht. Beidh dleacht le híoc ar allmhairí a sháraíonn an cuóta saor ó dhleacht sin. |
(5) |
Leagtar amach freisin sa Chomhaontú trí Mhalartú Litreacha, más rud é nach bhfuil an taraif-chuóta ídithe faoin 31 Deireadh Fómhair i mbliain áirithe, go bhfuil rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar an Aontas le deonú do na táirgí i dtrácht ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig den bhliain dár gcionn. |
(6) |
Cuóta bliantúil 2022 do na táirgí i dtrácht, arna oscailt le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2169 ón gCoimisiún (7), níor ídíodh é faoin 31 Deireadh Fómhair 2022. Dá thoradh sin, foráladh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2515 ón gCoimisiún (8) nach mbeadh feidhm ag an gcóras dleachta a leagtar síos sa Chomhaontú trí Mhalartú Litreacha maidir le hallmhairí isteach san Aontas ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023, agus dá réir sin tugadh rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar an Aontas do na hearraí lena mbaineann. |
(7) |
Ceanglaítear leis an gComhaontú trí Mhalartú Litreacha go n-osclófar arís an cuóta saor ó dhleacht le haghaidh na dtáirgí atá i gceist i gcomhair 2024. An cuóta bliantúil deireanach le haghaidh na dtáirgí sin, osclaíodh é i gcomhair 2022 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2169. De bharr nár osclaíodh aon chuóta bliantúil le haghaidh 2023, is iomchuí méid an chuóta a shocrú le haghaidh 2024 ar an leibhéal céanna le 2022. |
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um cheisteanna cothrománacha a bhaineann le trádáil i dtáirgí próiseáilte talmhaíochta nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2024, beidh an taraif-chuóta saor ó dhleacht a leagtar amach san Iarscríbhinn oscailte d’earraí de thionscnamh na hIorua atá liostaithe san Iarscríbhinn sin, faoi na coinníollacha a shonraítear inti.
2. Na rialacha tionscnaimh a leagtar amach i bPrótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála déthaobhach idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua, beidh feidhm acu maidir leis na hearraí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
3. Maidir le cainníochtaí a allmhairítear os cionn mhéid an chuóta a leagtar amach san Iarscríbhinn, beidh feidhm ag dleacht tosaíochta 0,047 EUR/lítear maidir leo.
Airteagal 2
Déanfaidh an Coimisiún an taraif-chuóta saor ó dhleacht dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (9).
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Samhain 2023.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Thierry BRETON
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 150, 20.5.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/510/oj.
(2) IO L 370, 17.12.2004, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2004/859/oj.
(3) IO L 171, 27.6.1973, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1973/1691/oj.
(4) IO L 1, 3.1.1994, lch. 3,ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1994/1/oj.
(5) IO L 22, 24.1.2002, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2001/140(2)/oj.
(6) IO L 370, 17.12.2004, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2004/859/oj.
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2169 ón gCoimisiún an 02 Nollaig 2021 lena n-osclaítear taraif-chuóta do 2022 maidir le hallmhairiú isteach san Aontas ar earraí de thionscnamh na hIorua ar de thoradh iad ar phróiseáil táirgí talmhaíochta a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 438, 8.12.2021, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2169/oj).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2515 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2022 maidir le rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar an Aontas a dheonú le haghaidh 2023 d’earraí áirithe de thionscnamh na hIorua ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad a chumhdaítear leis an Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 326, 21.12.2022, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2515/oj).
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2447/oj).
IARSCRÍBHINN
Taraif-chuóta saor ó dhleacht is infheidhme ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2024 maidir le hallmhairí earraí áirithe de thionscnamh na hIorua isteach san Aontas
Uimhir an ordaithe |
Cód AC |
Cód TARIC |
Tuairisc ar na hearraí |
|
Méid an chuóta |
||
09.0709 |
2202 10 00 |
|
|
|
23,029 milliún lítear |
||
ex 2202 91 00 |
10 |
|
|
||||
ex 2202 99 11 |
11 19 |
|
Nach bhfuil táirgí iontu atá faoi cheannteidil 0401 go 0404 ná saill a fhaightear ó tháirgí atá faoi cheannteidil 0401 go 0404 |
||||
ex 2202 99 15 |
11 19 |
|
|||||
ex 2202 99 19 |
11 19 |
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2742/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)