Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2662

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2662 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/447 a mhéid a bhaineann le téarmaí údarú ullmhóid Bacillus subtilis (DSM 5750) agus Bacillus licheniformis (DSM 5749) le haghaidh turcaithe lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe: Chr. Hansen A/S)

    C/2023/8022

    IO L, 2023/2662, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2662/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2662/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2662

    30.11.2023

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2662 ÓN gCOIMISIÚN

    an 29 Samhain 2023

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/447 a mhéid a bhaineann le téarmaí údarú ullmhóid Bacillus subtilis (DSM 5750) agus Bacillus licheniformis (DSM 5749) le haghaidh turcaithe lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe: Chr. Hansen A/S)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 13(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta i leith an t-údarú sin a dheonú agus a mhodhnú.

    (2)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/447 ón gCoimisiún (2) údaraíodh ullmhóid Bacillus subtilis (DSM 5750) agus Bacillus licheniformis (DSM 5749) a úsáid mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cránacha, bainbh scoite, muca lena ramhrú, laonna lena dtógáil agus turcaithe lena ramhrú ar feadh tréimhse 10 mbliana.

    (3)

    I gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach an 19 Aibreán 2018 ar mhodhnú ar théarmaí údarú ullmhóid Bacillus subtilis (DSM 5750) agus Bacillus licheniformis (DSM 5749) a mhéid a bhaineann le turcaithe lena ramhrú. Baineann an t-iarratas sin le comhoiriúnacht úsáid na hullmhóide sin leis an leasaitheach aigéad formach agus le roinnt coicideastat agus bhí na sonraí a thacaigh leis an iarraidh ar an athrú ag gabháil leis an iarratas sin.

    (4)

    Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 15 Bealtaine 2019 (3) maidir leis an modhnú atá beartaithe ar choinníollacha údarú ullmhóid Bacillus subtilis (DSM 5750) agus Bacillus licheniformis (DSM 5749) nach modhnófaí leis an modhnú sin na conclúidí ar ar thángthas roimhe sin maidir le sábháilteacht an bhreiseáin. Dúirt an tÚdarás freisin maidir leis na conclúidí i ndáil le comhoiriúnacht an bhreiseáin le roinnt coicideastat agus an leasaitheach aigéad formach, ar conclúidí iad ar ar thángthas le haghaidh sicíní lena ramhrú sna tuairimí uaidh an 22 Deireadh Fómhair 2008 (4) agus an 6 Eanáir 2011 (5), go bhfuil feidhm ag na conclúidí sin freisin maidir le turcaithe lena ramhrú ar choinníoll go bhfuil tiúchan údaraithe uasta na gcoicideastat seamdaraimícin, amóiniam madúraimícine, sóidiam lasalaicide agus an leasaitheach aigéad formach (nuair is ann do thiúchan údaraithe uasta) comhionann leis an tiúchan údaraithe uasta le haghaidh sicíní lena ramhrú, nó níos ísle ná í. Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil úsáid ullmhóid Bacillus subtilis (DSM 5750) agus Bacillus licheniformis (DSM 5749) comhoiriúnach freisin leis na coicideastait déchlasairil agus sóidiam monainsine. Ar bhonn na sonraí atá ar fáil, ní raibh an tÚdarás in ann teacht ar aon chonclúid maidir le comhoiriúnacht úsáid na hullmhóide sin leis an gcoicideastat hidreaclóiríd róibeinidín agus, in éagmais sonraí, leis an gcoicideastat halafuganón.

    (5)

    Údaraítear an coicideastat sóidiam lasalaicide, i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1172 ón gCoimisiún (6), le haghaidh sicíní lena ramhrú ag uaschion 90 mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %. Dá bhrí sin, chun conclúidí na tuairime ón Údarás an 15 Bealtaine 2019 a chur san áireamh ina n-iomláine, níor cheart úsáid chomhuaineach ullmhóid Bacillus subtilis (DSM 5750) agus Bacillus licheniformis (DSM 5749) agus sóidiam lasalaicide a údarú le haghaidh turcaithe lena ramhrú ach amháin i gcás inarb é 90 mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % an t-uaschion sóidiam lasalaicide.

    (6)

    I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann údarú ullmhóid Bacillus subtilis (DSM 5750) agus Bacillus licheniformis (DSM 5749) na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go fóill nuair a mhodhnaítear na téarmaí ann a mhéid a bhaineann le turcaithe lena ramhrú, trí chomhoiriúnacht na húsáide sin in éineacht le haigéad formach a shonrú agus, i gcás ina n-údaraítear iad mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh an speicis agus na catagóire céanna ainmhí, na coicideastait seamdaraimícin, amóiniam madúraimícine, déchalsairil, sóidiam monainsine agus sóidiam lasalaicide le huaschion 90 mg de shóidiam lasalaicide/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/447 a leasú dá réir.

    (7)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/447

    Cuirtear an fhoráil seo a leanas isteach sa cholún ‘Forálacha eile’ san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/447:

    ‘6.

    Féadfar an breiseán a úsáid i dturcaithe lena ramhrú i mbeatha chumaisc ina bhfuil aigéad formach, nó ina bhfuil na coicideastait seo a leanas, i gcás ina údaraítear iad mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh an speicis agus na catagóire céanna ainmhí: seamdaraimícin, amóiniam madúraimícine, déchalsairil, sóidiam monainsine agus sóidiam lasalaicide le huaschion 90 mg de shóidiam lasalaicide/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %.’

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Samhain 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/447 ón gCoimisiún an 14 Márta 2017 maidir le húdarú ullmhóid Bacillus subtilis (DSM 5750) agus Bacillus licheniformis (DSM 5749) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cránacha, bainbh scoite, muca lena ramhrú, laonna lena dtógáil agus turcaithe lena ramhrú agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1453/2004, (CE) Uimh. 2148/2004 agus (CE) Uimh. 600/2005 (sealbhóir an údaraithe Chr. Hansen A/S) (IO L 69, 15.3.2017, lch. 18).

    (3)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(6):5726.

    (4)   EFSA Journal [Iris EFSA] (2008) 841, 1-7

    (5)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2011;9(1):1953.

    (6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1172 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2023 maidir le húdarú ullmhóide sóidiam lasalaicide A (Avatec 150 G) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, maidir le húdarú ullmhóide sóidiam lasalaicide A (Avatec 150 G) a dhiúltú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga, maidir le hullmhóid sóidiam lasalaicide A (Avatec 15 % cc) a tharraingt siar ón margadh mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú agus sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1455/2004 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/932 (sealbhóir an údaraithe: Zoetis Belgium S.A.) (IO L 155, 16.6.2023, lch. 22).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2662/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top