This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R2628
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/2628 of 27 November 2023 concerning the authorisation of guanidinoacetic acid and a preparation of guanidinoacetic acid as feed additives for chickens reared for breeding and chickens reared for laying in feed and in water for drinking, and chickens for fattening in water for drinking (holder of authorisation: Alzchem Trostberg GmbH), and correcting and amending Implementing Regulation (EU) 2016/1768
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2628 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2023 maidir le haigéad guainidíonaicéiteach agus ullmhóid d’aigéad guainidíonaicéiteach a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh sicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin agus sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga i mbeatha agus in uisce óil, agus sicíní lena ramhrú in uisce óil (sealbhóir an údaraithe: Alzchem Trostberg GmbH), agus lena gceartaítear agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1768
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2628 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2023 maidir le haigéad guainidíonaicéiteach agus ullmhóid d’aigéad guainidíonaicéiteach a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh sicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin agus sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga i mbeatha agus in uisce óil, agus sicíní lena ramhrú in uisce óil (sealbhóir an údaraithe: Alzchem Trostberg GmbH), agus lena gceartaítear agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1768
C/2023/7987
IO L, 2023/2628, 28.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2628/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2628 |
28.11.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2628 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Samhain 2023
maidir le haigéad guainidíonaicéiteach agus ullmhóid d’aigéad guainidíonaicéiteach a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh sicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin agus sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga i mbeatha agus in uisce óil, agus sicíní lena ramhrú in uisce óil (sealbhóir an údaraithe: Alzchem Trostberg GmbH), agus lena gceartaítear agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1768
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta i leith an t-údarú sin a dheonú. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1768 ón gCoimisiún (2) údaraíodh an breiseán aigéad guainidíonaicéiteach mar shubstaint agus mar ullmhóid lena húsáid i mbeatha le haghaidh sicíní lena ramhrú, bainbh scoite agus muca lena ramhrú. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas ar údarú úsáidí nua aigéid ghuainidíonaicéitigh agus ullmhóide d’aigéad guainidíonaicéiteach. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas. |
(4) |
Baineann an t-iarratas sin le húdarú aigéid ghuainidíonaicéitigh agus ullmhóide d’aigéad guainidíonaicéiteach mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch lena n-úsáid i mbeatha agus in uisce óil, agus iarrtar ann go n-aicmeofaí na breiseáin sin sa chatagóir ‘breiseáin chothaitheacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’. |
(5) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 28 Meán Fómhair 2022 (3) go bhfuil aigéad guainidíonaicéiteach agus ullmhóid d’aigéad guainidíonaicéiteach sábháilte do shicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga, bainbh agus muca lena ramhrú maidir lena n-úsáid i mbeatha agus in uisce óil, agus sábháilte do thomhaltóirí agus don chomhshaol, faoi na coinníollacha atá beartaithe maidir lena n-úsáid i mbeatha agus in uisce óil. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid thairis sin nach bhfuil aigéad guainidíonaicéiteach tocsaineach trí ionanálú, nach greannaitheoir craicinn ná súl é, agus nach íogróir deirmeach é. Mhol an tÚdarás a mheas go bhfuil uasleibhéil shábháilte bheartaithe na mbreiseán bunaithe ar an toimhde go bhfuil dóthain deontóirí meitile (seachas meitiainín, e.g. coilín, béitín agus aigéad fólach) agus vitimín B12 sa bheatha. |
(6) |
Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhféadfadh na breiseáin a bheith éifeachtúil le haghaidh sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus le haghaidh pórúcháin, sicíní lena ramhrú, bainbh scoite agus muca lena ramhrú. Baineann an éifeachtúlacht sin le feabhas ar pharaiméadair feidhmíochta sna speicis ainmhithe sin. Dúirt an tÚdarás sna tuairimí uaidh maidir le haigéad guainidíonaicéiteach a glacadh an 27 Eanáir 2016 (4) agus an 28 Meán Fómhair 2022 nár cheart a mheas go mbaineann an breiseán sin leis an bhfeidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’, toisc go dtiontaítear aigéad guainidíonaicéiteach go créitín amháin, agus nach féidir é a thiontú ar ais ina aimíonaigéad, agus go bhfuil an feidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’ comhdhéanta de shubstaintí a théann isteach i meitibileacht na colainne agus a ghlacann páirt sna conairí sintéise próitéine sa riocht sin. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid thairis sin go mba cheart fianaise ábhartha a sholáthar maidir le héifeachtúlacht na mbreiseán i muca agus in éanlaith chlóis chun tacú le héifeacht chothaitheach nua de chuid na mbreiseán lena mbaineann. Níor mheas an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil maidir leis an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar na breiseáin bheathaithe i mbeatha agus in uisce arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
(7) |
Dá bhrí sin ba cheart aigéad guainidíonaicéiteach agus an ullmhóid d’aigéad guainidíonaicéiteach a athshannadh don chatagóir ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus don fheidhmghrúpa ‘breiseáin zóiteicniúla eile’, agus na gnéithe ón Údarás maidir le héifeachtaí na mbreiseán ar fheidhmíocht zóiticniúil ainmhithe á gcur san áireamh, mar aon leis an bhfíoras nach bhfreagraíonn siad don chineál táirgí a áirítear san fheidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’. |
(8) |
De bhun Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún (5) agus treoraíocht an Údaráis maidir leis an measúnú ar éifeachtúlacht breiseán beathaithe (6), ba cheart trí staidéar ar a laghad a sholáthar chun éifeachtúlacht a léiriú le haghaidh na spriocspeiceas agus na gcatagóirí ábhartha ainmhithe a mhéid a bhaineann le breiseáin zóiteicniúla a dhéanann difear do tháirgeadh nó d’fheidhmíocht ainmhithe. Dá réir sin, ba cheart don iarratasóir staidéir bhreise a sholáthar maidir le húsáid aigéid ghuainidíonaicéitigh agus na hullmhóide d’aigéad guainidíonaicéiteach le haghaidh bainbh scoite agus muca lena ramhrú. |
(9) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1768 foráiltear go gceadaítear aigéad guainidíonaicéiteach a chur ar an margadh agus a úsáid mar bhreiseán atá comhdhéanta d’ullmhóid, ach go hearráideach níor sonraíodh comhdhéanamh na hullmhóide sin i dtéarmaí an údaraithe. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le tuairisc níos cruinne ar aigéad guainidíonaicéiteach a údaraítear mar shubstaint agus mar ullmhóid le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1768, trí chomhdhéanamh an bhreiseáin a údaraítear mar ullmhóid a shonrú. Ba cheart uimhir aitheantais nua a shannadh freisin chun idirdhealú a dhéanamh idir an dá fhoirm den bhreiseán. |
(10) |
Maidir le hathshannadh na mbreiseán don fheidhmghrúpa ‘breiseáin zóiteicniúla eile’, lena n-áirítear an tagairt do shealbhóir an údaraithe mar aon le sonraíocht chomhdhéanamh na hullmhóide d’aigéad guainidíonaicéiteach, ba cheart na gnéithe sin a léiriú san údarú a dheonaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1768, agus dá bhrí sin ba cheart an Rialachán sin a cheartú dá réir. |
(11) |
Ina theannta sin, ba cheart foráil a dhéanamh leis an údarú a dheonaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1768 maidir le ceanglais lipéadaithe shonracha i ndáil le dálaí stórála agus cobhsaíochta na mbreiseán agus na réamh-mheascán lena mbaineann. Níor cheart ach oiread tagairt a dhéanamh a thuilleadh san údarú sin do nósanna imeachta agus bearta sábháilteachta na n-úsáideoirí, ar bhonn na gconclúidí sa tuairim ón Údarás an 28 Meán Fómhair 2022. Thairis sin, i ngeall ar údarú aigéid ghuainidíonaicéitigh agus na hullmhóide d’aigéad guainidíonaicéiteach lena n-úsáid i mbeatha agus in uisce óil araon, is iomchuí foráil a dhéanamh nach gceadaítear úsáid chomhuaineach na mbreiseán i mbeatha agus in uisce óil, sa chaoi go seachnófar aon riosca go sárófaí na leibhéil shábháilte úsáide le haghaidh na spriocainmhithe. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1768 a leasú dá réir. |
(12) |
Léirítear leis an measúnú ar aigéad guainidíonaicéiteach agus ar an ullmhóid d’aigéad guainidíonaicéiteach go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, a mhéid a bhaineann lena n-úsáid le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus sicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin. Dá réir sin, ba cheart úsáid na mbreiseán sin a údarú i mbeatha agus in uisce óil. A mhéid a bhaineann leis an úsáid i mbeatha, níor cheart baint a bheith ag an údarú a dheonaítear leis an Rialachán seo ach amháin le sicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin agus sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga. |
(13) |
Ós rud é nach gá na modhnuithe ar choinníollacha údaraithe na mbreiseán arna n-údarú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1768 a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí idirthréimhse a cheadú do pháirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as na modhnaithe sin a chomhlíonadh. Go háirithe, mar thoradh ar athshannadh na mbreiseán don chatagóir ‘breiseáin zóiteicniúla’ deonaítear an t-údarú gaolmhar do shealbhóir sonrach. Dá bhrí sin, leis an idirthréimhse ba cheart deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara iarratas a chur isteach ar údarú na mbreiseán lena mbaineann ar breiseáin iad a bhaineann leis an gcatagóir ‘breiseáin zóiteicniúla’, agus ba cheart an t-am is gá chun an t-iarratas sin a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 a chur san áireamh leis. Mar sin féin, níor cheart an idirthréimhse a bheith níos déanaí ná dáta éaga an údaraithe a dheonaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1768. |
(14) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
An tsubstaint agus an ullmhóid a shonraítear in Iarscríbhinn I, ar nithe iad a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an ngrúpa feidhmiúil ‘breiseáin zóiteicniúla eile’, údaraítear iad mar bhreiseáin i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Ceartúchán agus leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1768
1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1768:
‘Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1768 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2016 maidir le húdarú aigéid ghuainidíonaicéitigh agus ullmhóide d’aigéad guainidíonaicéiteach mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, bainbh scoite agus muca lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe: Alzchem Trostberg GmbH) agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 904/2009 ón gCoimisiún’.
2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1768:
‘An tsubstaint agus an ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ar nithe iad a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla.’ agus leis an ngrúpa feidhmiúil ‘breiseáin zóiteicniúla eile’, údaraítear iad mar bhreiseáin i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.’.
3. Cuirtear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1768.
Airteagal 3
Bearta idirthréimhseacha
An tsubstaint agus an ullmhóid a shonraítear in Iarscríbhinn II, lena n-úsáid i mbeatha le haghaidh sicíní lena ramhrú, bainbh scoite agus muca lena ramhrú, agus an bheatha a bhfuil na nithe sin inti, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí an 25 Deireadh Fómhair 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 18 Nollaig 2023.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Samhain 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1768 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2016 maidir le húdarú aigéid ghuainidíonaicéitigh mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, bainbh scoite agus muca lena ramhrú agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 904/2009 ón gCoimisiún (IO L 270, 5.10.2016, lch. 4).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(5):7269.
(4) EFSA Journal [Iris EFSA] 2016;14(2):4394.
(5) Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair agus maidir le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1).
(6) EFSA Journal [Iris EFSA] 2018;16(5):5274.
IARSCRÍBHINN I
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||
mg aigéad guainidíonaicéiteach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
mg aigéad guainidíonaicéiteach/l d’uisce óil |
||||||||||||||||||||||||
Catagóir: Breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: breiseáin zóiteicniúla eile (feabhas ar pharaiméadair feidhmíochta) |
|||||||||||||||||||||||||
4d372 |
Alzchem Trostberg GmbH |
Aigéad guainidíonaicéiteach |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Aigéad guainidíonaicéiteach 98 % (ar bhonn ábhar tirim) Foirm sholadach Tréithriú na substainte gníomhaí: Aigéad guainidíonaicéiteach arna tháirgeadh trí shintéis cheimiceach Foirmle cheimiceach: C3H7N3O2 Uimhir CAS: 352-97-6 Íonacht: 98 % Eisíontais:
Modh anailíse (1): Maidir le haigéad guainidíonaicéiteach i mbeatha chumaisc agus in uisce a chinneadh: Crómatagrafaíocht iain cúpláilte le brath ultraivialaite (IC-UV). |
Sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus le haghaidh pórúcháin |
— |
600 |
1 200 |
300 |
600 |
|
an 18 Nollaig 2033 |
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||
mg aigéad guainidíonaicéiteach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
mg aigéad guainidíonaicéiteach/l d’uisce óil |
||||||||||||||||||||||||
Catagóir: Breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: breiseáin zóiteicniúla eile (feabhas ar pharaiméadair feidhmíochta) |
|||||||||||||||||||||||||
4d372i |
Alzchem Trostberg GmbH |
Aigéad guainidíonaicéiteach |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Ullmhóid ina bhfuil íoschion 96 % d’aigéad guainidíonaicéiteach. Foirm sholadach Tréithriú na substainte gníomhaí: Aigéad guainidíonaicéiteach arna tháirgeadh trí shintéis cheimiceach Foirmle cheimiceach: C3H7N3O2 Uimhir CAS: 352-97-6 Íonacht: 98 % Eisíontais:
Modh anailíse (2): Maidir le haigéad guainidíonaicéiteach i mbeatha chumaisc agus in uisce a chinneadh: Crómatagrafaíocht iain cúpláilte le brath ultraivialaite (IC-UV). |
Sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus le haghaidh pórúcháin |
— |
600 |
1 200 |
300 |
600 |
|
an 18 Nollaig 2033 |
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||
mg aigéad guainidíonaicéiteach/l d’uisce óil |
|||||||||||||||||||||||
Catagóir: Breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: breiseáin zóiteicniúla eile (feabhas ar pharaiméadair feidhmíochta) |
|||||||||||||||||||||||
4d372 |
Alzchem Trostberg GmbH |
Aigéad guainidíonaicéiteach |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Aigéad guainidíonaicéiteach 98 % (ar bhonn ábhar tirim) Foirm sholadach Tréithriú na substainte gníomhaí: Aigéad guainidíonaicéiteach arna tháirgeadh trí shintéis cheimiceach Foirmle cheimiceach: C3H7N3O2 Uimhir CAS: 352-97-6 Íonacht: 98 % Eisíontais:
Modh anailíse (3): Maidir le haigéad guainidíonaicéiteach in uisce a chinneadh: Crómatagrafaíocht iain cúpláilte le brath ultraivialaite (IC-UV). |
Sicíní lena ramhrú |
— |
300 |
600 |
|
an 18 Nollaig 2033 |
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||
mg aigéad guainidíonaicéiteach/l d’uisce óil |
|||||||||||||||||||||||
Catagóir: Breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: breiseáin zóiteicniúla eile (feabhas ar pharaiméadair feidhmíochta) |
|||||||||||||||||||||||
4d372i |
Alzchem Trostberg GmbH |
Aigéad guainidíonaicéiteach |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Ullmhóid ina bhfuil íoschion 96 % d’aigéad guainidíonaicéiteach. Foirm sholadach Tréithriú na substainte gníomhaí: Aigéad guainidíonaicéiteach arna tháirgeadh trí shintéis cheimiceach Foirmle cheimiceach: C3H7N3O2 Uimhir CAS: 352-97-6 Íonacht: 98 % Eisíontais:
Modh anailíse (4): Maidir le haigéad guainidíonaicéiteach in uisce a chinneadh: Crómatagrafaíocht iain cúpláilte le brath ultraivialaite (IC-UV). |
Sicíní lena ramhrú |
— |
300 |
600 |
|
an 18 Nollaig 2033 |
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga
(3) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga
(4) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga
IARSCRÍBHINN II
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||
mg aigéad guainidíonaicéiteach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||||||
Catagóir: Breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: breiseáin zóiteicniúla eile (feabhas ar pharaiméadair feidhmíochta) |
|||||||||||||||||||||
4d372 |
Alzchem Trostberg GmbH |
Aigéad guainidíonaicéiteach |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Aigéad guainidíonaicéiteach 98 % ar bhonn ábhar tirim Foirm sholadach Tréithriú na substainte gníomhaí: Aigéad guainidíonaicéiteach arna tháirgeadh trí shintéis cheimiceach Foirmle cheimiceach: C3H7N3O2 Uimhir CAS: 352-97-6 Íonacht: 98 % Eisíontais:
Modh anailíse (1): Maidir le haigéad guainidíonaicéiteach i mbeatha chumaisc a chinneadh: Crómatagrafaíocht iain cúpláilte le brath ultraivialaite (IC-UV). |
Sicíní lena ramhrú |
— |
600 |
1 200 |
|
an 25 Deireadh Fómhair 2026 |
||||||||||||
Bainbh scoite |
600 |
1 200 |
|||||||||||||||||||
Muca lena ramhrú |
600 |
1 200 |
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||
mg aigéad guainidíonaicéiteach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||||||
Catagóir: Breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: breiseáin zóiteicniúla eile (feabhas ar pharaiméadair feidhmíochta) |
|||||||||||||||||||||
4d372i |
Alzchem Trostberg GmbH |
Aigéad guainidíonaicéiteach |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Ullmhóid ina bhfuil íoschion 96 % d’aigéad guainidíonaicéiteach. Foirm sholadach Tréithriú na substainte gníomhaí: Aigéad guainidíonaicéiteach arna tháirgeadh trí shintéis cheimiceach Foirmle cheimiceach: C3H7N3O2 Uimhir CAS: 352-97-6 Íonacht: 98 % Eisíontais:
Modh anailíse (2): Maidir le haigéad guainidíonaicéiteach i mbeatha chumaisc a chinneadh: Crómatagrafaíocht iain cúpláilte le brath ultraivialaite (IC-UV). |
Sicíní lena ramhrú |
— |
600 |
1 200 |
|
an 25 Deireadh Fómhair 2026 |
||||||||||||
Bainbh scoite |
600 |
1 200 |
|||||||||||||||||||
Muca lena ramhrú |
600 |
1 200 |
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2628/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)