Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2615

    Rialachán (AE) 2023/2615 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2023 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh colmóirí i bhfolimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 de GFCM le haghaidh báid spiléar grinnill a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu agus atá 18 méadar nó níos mó, agus níos lú ná 24 mhéadar, ar fad foriomlán

    C/2023/7843

    IO L, 2023/2615, 20.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2615/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2023

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2615/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2615

    20.11.2023

    RIALACHÁN (AE) 2023/2615 ÓN gCOIMISIÚN

    an 15 Samhain 2023

    lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh colmóirí i bhfolimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 de GFCM le haghaidh báid spiléar grinnill a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu agus atá 18 méadar nó níos mó, agus níos lú ná 24 mhéadar, ar fad foriomlán

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leagtar síos le Rialachán (AE) 2023/195 ón gComhairle (2) deiseanna iascaireachta le haghaidh 2023.

    (2)

    An uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhaineann leis an gcolmóir i bhfolimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 den Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM) agus is infheidhme maidir le báid spiléar grinnill a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu nó atá cláraithe san Iodáil, soithí atá 18 méadar nó níos mó, agus níos lú ná 24 mhéadar, ar fad foriomlán, meastar gur baineadh amach an uasiarracht iascaireachta incheadaithe sin le haghaidh 2023 de réir na faisnéise a fuair an Coimisiún.

    (3)

    Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stocghrúpa sin.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ídiú iarrachta

    An uasiarracht iascaireachta incheadaithe a leithdháileadh ar an Iodáil le haghaidh stocghrúpa an cholmóra i bhfolimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 de GFCM le haghaidh 2023 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar í a bheith bainte amach ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

    Airteagal 2

    Toirmisc

    Maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta le haghaidh an stoic dá dtagraítear in Airteagal 1, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanann báid spiléar grinnill a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu nó atá cláraithe san Iodáil, soithí atá 18 méadar nó níos mó, agus níos lú ná 24 mhéadar, ar fad foriomlán, toirmeascfar iad ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn. Go sonrach, beidh toirmeasc ar éisc ón stoc sin a ghabhann na soithí sin a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Samhain 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Thar ceann an Uachtaráin,

    Virginijus SINKEVIČIUS

    Comhalta den Choimisiún


    (1)   IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) 2023/195 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/110 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh le haghaidh 2022 (IO L 28, 31.1.2023, lch. 220).


    IARSCRÍBHINN

    Uimh.

    16/TQ195

    Ballstát

    An Iodáil

    Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

    EFF1/MED2_LL3

    Stocghrúpa

    An colmóir (Merluccius merluccius) in FLGanna 8, 9, 10 agus 11

    Na soithí lena mbaineann

    Báid spiléar grinnill ≥ 18 m agus < 24 m

    Dáta an iaimh

    27 Deireadh Fómhair 2023


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2615/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top