EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2576

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2576 ón gComhairle an 13 Samhain 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

ST/12422/2023/INIT

IO L, 2023/2576, 14.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2576/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2576/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2576

14.11.2023

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2576 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Samhain 2023

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle an 30 Lúnasa 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 329/2007 (1), agus go háirithe Airteagail 47(2), 47(5) agus 47a de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Lúnasa 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/1509.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 47a(1) de Rialachán (AE) 2017/1509, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liostaí na ndaoine ainmnithe agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinní XV, XVI, XVII agus XVIII a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

Ba cheart na bearta sriantacha i gcoinne gach duine agus gach eintitis atá ar na liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinní XV agus XVI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 a choimeád, cé is moite de dhuine éagtha amháin a ainmnítear in Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an Rialachán sin agus ar cheart a iontráil a bhaint. Ba cheart na hiontrálacha le haghaidh 16 dhuine agus ceithre eintiteas sna hiarscríbhinní sin a thabhairt cothrom le dáta.

(4)

An 29 Meitheamh 2023 agus an 16 Lúnasa 2023, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA), arna bhunú de bhun Rún 1718 (2006) ó CSNA, an fhaisnéis a bhaineann le 23 dhuine agus eintiteas amháin sa liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart, dá bhrí sin, na hiontrálacha le haghaidh 23 dhuine agus eintiteas amháin in Iarscríbhinn XIII a thabhairt cothrom le dáta.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2017/1509 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní XIII, XV agus XVI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Samhain 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 224, 31.8.2017, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

(1)   

Leasaítear Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 mar a leanas:

(a)

faoin gceannteideal ‘Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 34(1) agus 34(3)’, fo-cheannteideal ‘(a) Daoine nádúrtha’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 2, 3, 4, 8, 12, 19, 20, 25, 26, 36, 43, 50, 51, 53, 55, 58, 63, 64, 65, 68, 74, 77 agus 79:

 

Ainm

Ainm eile

Faisnéis aitheantais

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe

Ráiteas ar chúiseanna

‘2.

Ri Je-Son

Ainm Cóiréise:

Image 1
;

Ainm Sínise:

Image 2

ar a dtugtar freisin Ri Che Son

Dáta breithe: 1938

16.7.2009

Bhí sé ina Aire ar Thionscal an Fhuinnimh Adamhaigh. Ba é a bhí ina stiúrthóir ar Bhiúró Ginearálta an Fhuinnimh Adamhaigh, arb é an phríomhghníomhaireacht é a stiúrann clár núicléach DPDC; d’éascaigh sé roinnt tionscadal núicléach lena n-áirítear bainistiú Bhiúró Ginearálta an Fhuinnimh Adamhaigh ar Ionad Taighde Núicléach Yongbyon agus Corparáid Trádála Namchongang.

3.

Hwang Sok-hwa

Hwang Sok Ha

Dáta breithe: 26.9.1943

16.7.2009

Stiúrthóir i mBiúró Ginearálta an Fhuinnimh Adamhaigh; bhí sé páirteach i gclár núicléach Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré; agus é ina cheann ar an mBiúró um Threoir Eolaíoch i mBiúró Ginearálta an Fhuinnimh Adamhaigh, bhí sé ar an gCoiste Eolaíochta na hInstitiúide Comhpháirtí um Thaighde Núicléach.

4.

RI Hong-sop

 

Dáta breithe: 26.2.1940

Náisiúntacht: DPRK

Seoladh: Pyongyang, DPRK

16.7.2009

Bhí sé ina stiúrthóir ar Ionad Taighde Núicléach Yongbyon agus ina cheann ar an Institiúid Arm Núicléach, rinne sé maoirseacht ar thrí chroíshaoráid a chabhraíonn le plútóiniam de ghrád arm a tháirgeadh: an tSaoráid Déantúsaíochta Breosla, an t-Imoibreoir Núicléach, agus an Gléasra Athphróiseála.

8.

Ra Ky’ong-Su

Ra Kyung-Su;

Chang, Myong Ho;

Chang Myo’ng-Ho;

Chang Myong-Ho;

Ra Kyung-Su

Dáta breithe: 4.6.1954

Uimhir an phas: 645120196

Náisiúntacht: DPRK

22.1.2013

Is oifigeach de chuid Bhanc Tráchtála Tanchon é RA Ky’ong-Su. Ina cháil mar oifigeach den bhanc, d’éascaigh sé idirbhearta le haghaidh Bhanc Tráchtála Tanchon. D’ainmnigh an Coiste Smachtbhannaí Tanchon i mí Aibreáin 2009 mar phríomheintiteas airgeadais DPDC a dhíolann gnáth-airm, diúracáin bhalaistíocha agus earraí a bhaineann le cóimeáil agus monarú armán den sórt sin.

12.

Mun Cho’ng-Ch’o’l

Mun Chong-Chol

Dáta breithe: 23.12.1964

Náisiúntacht: DPRK

Seoladh: C/O Tanchon Commercial Bank, Pyongyang, DPRK, Saemaeul 1-Dong, Pyongchon District

7.3.2013

Is oifigeach de chuid Bhanc Tráchtála Tanchon é Mun Cho‘ng-Ch’o’l. Ina cháil mar oifigeach den bhanc, d’éascaigh sé idirbhearta le haghaidh Bhanc Tráchtála Tanchon. D’ainmnigh an Coiste Smachtbhannaí Tanchon i mí Aibreáin 2009 mar phríomheintiteas airgeadais DPDC a dhíolann gnáth-airm, diúracáin bhalaistíocha agus earraí a bhaineann le cóimeáil agus monarú armán den sórt sin.

19.

Kang Mun Kil

Jiang Wen-ji;

Jian Wenji

Dáta breithe: 9.2.1963

Uimhir an phas: PS 472330208 (in éag 4.7.2017)

Náisiúntacht: DPRK

Seoladh: DPRK

2.3.2016

Rinne Kang Mun Kil gníomhaíochtaí soláthair núicléach mar ionadaí ar Namchongang, ar a dtugtar Namhung freisin.

20.

Kang Ryong

 

Dáta breithe: 21.8.1969

Náisiúntacht: DPRK

2.3.2016

Ba ionadaí sa tSiria é do Chorparáid Trádála Fhorbairt Mianach na Cóiré (KOMID).

25.

Ko Tae Hun

Kim Myong Gi

Dáta breithe: 25.5.1972;

Uimhir an phas: 563120630;

Dáta éaga an phas: 20.3.2018;

Náisiúntacht: DPRK

2.3.2016

Oifigeach de chuid Bhanc Tráchtála Tanchon.

26.

Ri Man Gon

 

Dáta breithe: 29.10.1945;

Uimhir an phas: P0381230469;

Dáta éaga an phas: 6.4.2016;

Náisiúntacht: DPRK

2.3.2016

Bhí sé ina aire tráth ar Roinn an Tionscail Muinisean.

36.

Kim Sok Chol

 

Dáta breithe: 8.5.1955

Náisiúntacht: DPRK

Seoladh: Maenmar

Uimhir an phas: 472310082

30.11.2016

Ba é Ambasadóir DPDC chuig Maenmar é tráth. Is éascaitheoir de chuid KOMID é. D’íoc KOMID é as a chúnamh agus eagraíonn sé cruinnithe thar ceann KOMID, lena n-áirítear cruinniú idir KOMID agus daoine a bhaineann le cosaint Mhaenmar chun cúrsaí airgeadais a phlé.

43.

Jo Yong-Won

Cho Yongwon

Dáta breithe: 24.10.1957

Uimhir an phas: 108210124 (in éag: 4 Meitheamh 2023)

Náisiúntacht: DPRK

Inscne: fireann

Seoladh: DPRK

2.6.2017

Is é atá ina Rúnaí agus ina Cheann ar Roinn Eagrúcháin agus Treoraíochta Pháirtí Oibrithe na Cóiré agus ba é a bhí ina leas-stiúrthóir ar Roinn Eagrúcháin agus Treoraíochta Pháirtí Oibrithe na Cóiré, comhlacht a stiúrann príomhcheapacháin phearsanra i bPáirtí Oibrithe na Cóiré agus lucht míleata DPDC.

50.

Pak To Chun

Pak Do Chun;

Pak To’-Ch’un

Dáta breithe: 9.3.1944

Náisiúntacht: DPRK

2.6.2017

Bhí Pak To Chun ina rúnaí tráth ar Roinn an Tionscail Muinisean agus, faoi láthair, tugann sé comhairle maidir le gnóthaí a bhaineann le cláir núicléacha agus diúracán. Bhí sé ina bhall den Choimisiún Gnóthaí Stáit agus is ball é de Bhiúró Polaitiúil Pháirtí Oibrithe na Cóiré. Fuair sé bás an 27 Iúil 2022.

51.

Ri Jae Il

Ri, Chae-Il

Bliain bhreithe: 1934

Náisiúntacht: DPRK

2.6.2017

É ina leas-stiúrthóir ar Roinn Bolscaireachta agus Agóidíochta Pháirtí Oibrithe na Cóiré, a rialaíonn meáin Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré uile agus a mbaineann an rialtas úsáid as chun an pobal a rialú. Fuair sé bás an 4 Feabhra 2021.

53.

Ri Yong Mu

Ri Yong-Mu

Dáta breithe: 25.1.1925

Náisiúntacht: DPRK

Seoladh: DPRK

 

Is Leaschathaoirleach é ar an gCoimisiún Gnóthaí Stáit, a stiúrann agus a threoraíonn gnóthaí míleata, cosanta agus slándála uile DPDC, lena n-áirítear fáil agus soláthar. Fuair sé bás an 27 Eanáir 2022.

55.

Han Jang Su

Chang-Su Han

Dáta breithe: 8.11.1969

Áit breithe: Pyongyang, DPRK

Náisiúntacht: DPRK

Uimhir an phas: 745420176, in éag an 19.10.2020

Inscne: fireann

4.8.2017

Bhí sé ina ionadaí tráth de chuid an Bhainc Trádála Eachtraí.

58.

Jo Chol Song

Cho Ch’o’l-so’ng

Dáta breithe: 25.9.1984

Náisiúntacht: DPRK

Uimhir an phas: 654320502, in éag an 16.9.2019

Inscne: fireann

4.8.2017

Is Ionadaí de chuid Chorparáid Baincéireachta Kwangson na Cóiré é agus bhí sé ina leas-ionadaí tráth de chuid Chorparáid Baincéireachta Kwangson na Cóiré, a sholáthraíonn seirbhísí airgeadais chun tacú le Banc Tráchtála Tanchon agus Trádáil Hyoksin na Cóiré, fo-eintiteas de chuid Chorparáid Ginearálta Ryonbong na Cóiré.

63.

Pak Yong Sik

Pak Yo’ng-sik

Dáta breithe: 1950

Náisiúntacht: DPRK

Seoladh: DPRK

11.9.2017

Bhí sé ina chomhalta tráth de Choimisiún Lárnach Míleata Pháirtí Oibrithe na Cóiré, atá freagrach as forbairt agus cur chun feidhme bheartais mhíleata Pháirtí Oibrithe na Cóiré, a rialaíonn agus atá i gceannas ar arm DPDC, agus a chabhraíonn le tionscail mhíleata na tíre a stiúradh.

64.

Ch’oe So’k Min

Choe Sok Min

Dáta breithe: 25.7.1978

Náisiúntacht: DPRK

Inscne: fireann

22.12.2017

Ba ionadaí thar lear de chuid an Bhainc Trádála Eachtraí é tráth. In 2016, ba é Ch’oe So’k-min leas-ionadaí in oifig brainse an Bhainc Trádála Eachtraí sa suíomh sin thar lear. Bhí sé bainteach le haistrithe airgid ó oifig sin an Bhainc Trádála Eachtraí thar lear chuig bainc atá cleamhnaithe le heagraíochtaí speisialta na Cóiré Thuaidh agus oibrithe an Bhiúró Ghinearálta Taiscéalaíochta atá lonnaithe thar lear in iarracht smachtbhannaí a sheachaint.

65.

Chu Hyo’k

Ju Hyok

Dáta breithe: 23.11.1986

Uimhir an phas: 836420186, eisithe in 28.10.2016 (in éag 28.10.2021);

Náisiúntacht: DPRK

Inscne: fireann

22.12.2017

Ba ionadaí thar lear de chuid an Bhainc Trádála Eachtraí é tráth.

68.

Kim Tong Chol

Kim Tong-ch’o’l

Dáta breithe: 28.1.1966

Náisiúntacht: DPRK

Inscne: fireann

Uimhir an phas:

(a)

927234267

(b)

108120258 (eisithe ag DPRK an 14.2.2018; in éag an 14.2.2023)

22.12.2017

Ba ionadaí thar lear de chuid an Bhainc Trádála Eachtraí é tráth.

74.

Pak Mun Il

Pak Mun-il

Dáta breithe: 1.1.1965

Uimhir an phas: 563335509, in éag 27.8.2018.

Náisiúntacht: DPRK

Inscne: fireann

22.12.2017

Ba ionadaí thar lear de chuid Bhanc Daesong na Cóiré é tráth.

77.

RI Pyong Chul

Ri Pyong Chol, Ri Pyo’ng-ch’o’l

Bliain bhreithe: 1948

Náisiúntacht: DPRK

Inscne: fireann

Address: DPRK

22.12.2017

Is rúnaí Pháirtí na nOibrithe agus comhalta den Bhiúró Polaitiúil é. Comhalta malartach ab ea é de Bhiúró Polaitiúil Pháirtí Oibrithe na Cóiré agus bhí sé ina chéad leas-stiúrthóir ar Roinn an Tionscail Muinisean.

79.

Ri U’n So’ng

Ri Eun Song;

Ri Un Song

Dáta breithe: 23.7.1969

Náisiúntacht: DPRK

Inscne: fireann

22.12.2017

Ba ionadaí thar lear de chuid Bhanc Forbartha Aontaithe na Cóiré é tráth.’

(b)

faoin gceannteideal ‘Liosta na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 23(1) agus liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 27(1)’, fo-cheannteideal ‘B. Eintitis’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 28:

 

Ainm

Ainm eile

Suíomh

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe

Ráiteas ar chúiseanna

‘28.

Roinn an Tionscail Muinisean

Roinn an Tionscail Soláthairtí Míleata;

MID;

Roinn an Tionscail Innealra

Pyongyang, DPRK

2.3.2016

Tá Roinn an Tionscail Muinisean rannpháirteach i ngnéithe lárnacha de chlár diúracán DPDC. Tá MID freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt dhiúracáin bhalaistíocha DPDC, lena n-áirítear Taepo Dong-2. Déanann MID maoirseacht ar tháirgeadh arm agus ar chláir T&F DPDC, lena n-áirítear clár diúracán balaistíoch DPDC. Tá an Dara Coiste Eacnamaíoch agus an Dara hAcadamh Eolaíochtaí Nádúrtha – a ainmníodh freisin i mí Lúnasa 2010 – faoi réir MID. Tá obair déanta ag MID le blianta beaga anuas chun diúracán balaistíoch idir-ilchríochach iniompartha de bhóthar KN08 a fhorbairt. Déanann MID maoirseacht ar chlár núicléach DPDC. Tá Institiúid na nArm Núicléach faoi réir MID.’

(2)   

leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 mar a leanas:

(a)

faoin gceannteideal ‘I. Daoine agus eintitis atá freagrach as cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile, nó daoine nó eintitis atá ag gníomhú thar a gceann nó faoina stiúir, nó eintitis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu’, fo-cheannteideal ‘A. Daoine’, scriostar iontráil 3 agus cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 4, 7, 10, 11, 17, 28, 29 agus 31:

 

Ainm (agus ainmneacha féideartha eile)

Ainm eile

Faisnéis aitheantais

Dáta an ainmniúcháin

Cúiseanna

‘4.

PAK Jae-gyong

박재경

PAK Chae-Kyong

PAK Jae Gyong

Dáta breithe: 10.6.1933

Uimhir an phas: 554410661

Inscne: fireann

22.12.2009

Ginearál Airm Pobail na Cóiré. Iar-Leas-Stiúrthóir na Roinne Polaitiúla Ginearálta d’Fhórsaí Armtha an Phobail agus iar-Leas-Stiúrthóir Bhiúró Lóistíochta Fhórsaí Armtha an Phobail (comhairleoir míleata Kim Jong-Il nach maireann). I láthair ag iniúchadh KIM Jong Un ar Fhórsa Rialaithe na Roicéad Straitéiseach in 2012. Iarchomhalta de Choiste Lárnach Pháirtí Oibrithe na Cóiré. Uachtarán Choiste Iarbhaill Fhórsaí Armtha na Cóiré i gcoinne an Impiriúlachais. Cuireadh síos ar Pak Jae Gyong mar chomhalta de chaidrí iarbhaill na bhfórsaí armtha ar tugadh cuireadh dóibh chuig féastaí le Kim Jong Un in Pyongyang an 9 Meán Fómhair 2022 tráth ar comóradh 74 bliana bhunú Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré.

7.

KIM Yong Chol

김영철

KIM Yong-Chol; KIM Young-Chol; KIM Young-Cheol; KIM Young-Chul

Dáta breithe: 1946

Áit bhreithe: Pyongan-Pukto, DPRK

Inscne: fireann

19.12.2011

Comhalta malartach den Bhiúró Polaitiúil agus comhalta de Choiste Lárnach Pháirtí Oibrithe na Cóiré, Comhalta de Choimisiún um Gnóthaí Stáit Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus, ó mhí an Mheithimh 2023 i leith, comhairleoir i Roinn an Fhronta Aontaithe. Iarcheannasaí an Reconnaissance General Bureau (an Biúró Ginearálta um Thaiscéalaíocht), eintiteas atá faoi réir smachtbhannaí ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

10.

HONG Sung-Mu

홍승무

HONG Sung Mu

Dáta breithe: 1.1.1942

Inscne: fireann

20.5.2016

Leas-Stiúrthóir Roinn an Tionscail Muinisean. Tá Roinn an Tionscail Muinisean – a d’ainmnigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 2 Márta 2016 – rannpháirteach i ngnéithe lárnacha de chlár diúracán DPDC. Tá an Roinn freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt dhiúracáin bhailistíocha DPDC, lena n-áirítear cláir thaighde agus forbartha. Sa cháil sin dó, tá Hong freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn. Bhí sé i láthair ag lainseáil an diúracáin bhalaistíoch idir-ilchríochaigh Hwasong-15 an 28 Samhain 2017. Ghlac sé páirt i gcruinniú de Choiste Lárnach Míleata Choimisiún Pháirtí Oibrithe na Cóiré i mí Iúil 2020, a bhí dírithe ar ‘díspreagadh cogaí’, sofhriotal a úsáidtear chun tagairt do chlár núicléach DPDC. Atofa chuig Coiste Lárnach an Pháirtí i mí Eanáir 2021. I mí an Mhárta 2023, tógadh grianghraf de i gcuideachta Kim Jong Un agus iad ag amharc ar shoic phléascáin núicléacha a airbheartaíodh a bheith réidh le cur ar dhiúracáin bhalaistíocha.

11.

JO Kyongchol

조경철

JO Kyong Chol

Inscne: fireann

20.5.2016

Ginearál in Airm Pobail na Cóiré. Ceapadh mar chomhalta de Choimisiún Míleata Lárnach Pháirtí Oibrithe na Cóiré é i mí an Mheithimh 2022, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Stiúrthóir Cheannas na Slándála Míleata. Sa cháil sin dó, bhí sé freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn. I dteannta Kim Jong Un don druil dóiteáin airtléire fadraoin is mó riamh. Atofa ar Choiste an Pháirtí Lárnach i mí Eanáir 2021.

17.

PAK Jong-chon

박정천

PAK Jong Chon

Inscne: fireann

20.5.2016

Iarchomhalta de Phraesidium Bhiúró Polaitiúil Choiste Lárnach Pháirtí na nOibrithe, iar-Leas-Chathaoirleach ar an gCoimisiún Míleata Lárnach, iar-Rúnaí Choiste Lárnach Pháirtí Oibrithe na Cóiré. Comhalta den Choimisiún um Ghnóthaí Stáit, Marascal agus iar-Cheann Foirne Ginearálta. Rinne sé an t-athbhreithniú foirmiúil ag mórshiúl míleata an 25 Aibreán 2022, rud a thugann le fios go bhfuil ról aige i gcláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile agus an fhreagracht atá air i ndáil le tacú leis na cláir sin nó iad a chur chun cinn.

28.

Kim Su Gil

김수길

Kim Su-gil

Dáta breithe: 1950

21.4.2022

Ina cháil mar Stiúrthóir ar Bhiúró Polaitiúil Ginearálta Arm Pobail na Cóiré idir 2018 agus 2021 agus mar Chomhalta den Choimisiún um Ghnóthaí Stáit idir 2019 agus 2021, agus ina phost mar Phríomh-Rúnaí ar Choiste Pháirtí Chathair Pyongyang agus mar chomhalta malartach den Bhiúró Polaitiúil in 2023, tá sé freagrach as cinntí Pháirtí Oibrithe na Cóiré a chur chun feidhme, a bhaineann le cláir núicléacha agus bhalaistíocha a fhorbairt a sháraíonn Rúin 1718 (2006), 1874 (2009), 2087 (2013), 2094 (2013), 2270 (2016), 2321 (2016), 2356 (2017), 2371 (2017), 2375 (2017), agus 2397 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

29.

JON Il Ho

전일호

JON Il-Ho

Dáta breithe: 1955 nó 1956

Náisiúntacht: DPRK

Inscne: fireann

21.4.2022

Ina cháil mar Chathaoirleach ar Choiste Pháirtí Oibrithe na Cóiré, Coiste an Acadaimh um Thaighde Cosanta agus mar chomhalta de Choiste Lárnach Pháirtí Oibrithe na Cóiré, tá ról tábhachtach aige i bhforbairt chláir arm ollscriosta DPDC agus tá sé freagrach as na cláir sin a fhorbairt. Fuair sé ardú céime agus rinneadh Coirnéal Ginearálta de i mí Lúnasa 2019, fuair sé Duais Eolaíochta agus Teicneolaíochta mhí Feabhra 16, mar Stiúrthóir ar an Institiúid Taighde um Uathoibriú agus mar Stiúrthóir Institiúide Ollscoil Teicneolaíochta Kim Chaek, agus mar Leas-Stiúrthóir i Roinn de chuid Choiste Lárnach Pháirtí Oibrithe na Cóiré, bhí sé i láthair ag lainseálacha na ndiúracán balaistíoch idir-ilchríochach Hwasong-14 an 4 Iúil 2017 agus an 28 Iúil 2017, chomh maith leis an gcuid is mó de na lainseálacha diúracán eile in 2017, 2019 agus Márta 2020.

31.

YU Jin

유진

YU Jin

Dáta breithe: 1960

Náisiúntacht: DPRK

Inscne: fireann

21.4.2022

Ina cháil mar iar-Stiúrthóir ar Roinn an Tionscail Muinisean agus, ón 1 Eanáir 2023 i leith, mar Chomhalta de Choiste Lárnach Pháirtí Oibrithe na Cóiré, tá sé freagrach as ról tábhachtach a ghlacadh i bhforbairt chláir armán ollscriosta DPDC, i réimsí núicléacha agus balaistíocha araon. Bhí sé in éineacht le Kim Jong Un ag an National Aerospace Development Administration (Riarachán Náisiúnta um Fhorbairt an Aeraspáis) sula lainseáladh diúracán balaistíoch idir-ilchríochach i mí an Mhárta 2022 agus ghlac sé páirt i dTaispeántas Náisiúnta Cosanta 2021, ag a taispeánadh córais armán ar córais nua iad de réir cosúlachta. Mar Leas-Stiúrthóir bhí sé i láthair le linn na tástálacha a rinneadh ar Hwasong-14 ICBM an 4 Iúil 2017 agus an 28 Iúil 2017, agus ag an iniúchadh a rinne Kim Jong Un ar chineál nua fomhuireáin an 22 Iúil 2019, agus chuir DPDC in iúl go raibh sé beartaithe an cineál sin fomhuireáin a úsáid chun críoch ‘straitéiseach’, is é sin chun diúracáin bhalaistíocha arna lainseáil ó fhomhuireán a imscaradh, agus gur fomhuireáin é a d’fhéadfadh a bheith in ann soic phléascáin núicléach a iompar agus ag lainseálacha na ndiúracán balaistíoch an 25 Iúilagus an 30 Iúil 2019, agus an 2 Lúnasa 2019.’

(b)

faoin gceannteideal ‘I. Daoine agus eintitis atá freagrach as cláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile, nó daoine nó eintitis atá ag gníomhú thar a gceann nó faoina stiúir, nó eintitis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fo-cheannteideal ‘B. Eintitis’, iontráil 4:

 

Ainm (agus ainmneacha féideartha eile)

Ainm eile

Suíomh

Dáta an ainmniúcháin

Cúiseanna

‘4.

Yongbyon Nuclear Scientific Research Centre

녕변 원자력 연구소

영변 원자력 연구소

 

 

22.12.2009

Saoráidí atá in ann ábhar inscoilte a tháirgeadh le haghaidh úsáidí míleata, lena n-áirítear imoibreoir 5MW (e), saoráid athphróiseála plútóiniam (saotharlann raidió-cheimiceach), agus saoráid tuairiscithe saibhrithe úráiniam. Tá an láraonad á chothabháil ag an General Bureau of Atomic Energy (Biúró Ginearálta um Fhuinneamh Adamhach) (eintiteas a d’ainmnigh CSNA an 16.7.2009). Sa tuarascáil deiridh uaidh i mí an Mhárta 2023, thug an Painéal Saineolaithe a bunaíodh de bhun Rún 1874 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe dá aire tásca maidir le tástálacha féideartha ar an gcóras uiscefhuaraithe ag an imoibreoir éadromuisce agus íomhánna satailíte a léiríonn gur lean an t-imoibreoir 5MW de bheith ag oibriú agus a thaispeánann comharthaí eatramhacha deataigh ó shimléir ghléasra teirmeach na saotharlainne radaicheimicí. Léiríonn na púireanna gaile ón bhfoirgneamh táirgthe dé-ocsaíde úráiniam gur dócha go leanfadh DPDC d’ábhar inscoilte a tháirgeadh.’

(3)   

leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 mar a leanas:

(a)

faoin gceannteideal ‘Liosta na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 23(1) agus i bpointe (c) d’Airteagal 27(1)’, fo-cheannteideal ‘A. Daoine’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 8, 10, 11, 12, 13, 14, 15 agus 31:

 

Ainm (agus ainmneacha féideartha eile)

Faisnéis aitheantais

Dáta an ainmniúcháin

Cúiseanna

‘8.

KIM Chang Hyok

ar a dtugtar freisin: James Kim

김창혁

Dáta breithe: 29.4.1963

Áit bhreithe: N. Hamgyong

Uimhir an phas: 472130058

22.1.2018

Tá Kim Chang Hyok sainaitheanta ag Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe mar ionadaí ar Pan Systems Pyongyang sa Mhalaeisia. Tá Pan Systems Pyongyang sainaitheanta ag an Aontas as cúnamh a thabhairt chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré. Tá Pan Systems á rialú ag Reconnaissance General Bureau (an Biúró Ginearálta Taiscéalaíochta), atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann.

Bhunaigh sé a lán cuntas sa Mhalaeisia in ainm cuideachtaí caocha de chuid ‘Glocom’, ar cuideachta chaoch í sin de chuid an eintitis ainmnithe, Pan Systems Pyongyang.

Tugtar le fios i dTuarascáil Chríochnaitheach mhí an Mhárta 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe go bhfuil Pan Systems ag leanúint leis na hiarrachtaí airm a onnmhairiú.

10.

RYANG Su Nyo

량수니오

Dáta breithe: 11.8.1959

Áit bhreithe: Japan

22.1.2018

Stiúrthóir Pan Systems Pyongyang. Tá Pan Systems Pyongyang sainaitheanta ag an Aontas as cúnamh a thabhairt chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré. Tá Pan Systems á rialú ag Reconnaissance General Bureau (an Biúró Ginearálta um Thaiscéalaíocht), atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann. Tugtar le fios i dTuarascáil Chríochnaitheach mhí an Mhárta 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe go bhfuil Pan Systems ag leanúint leis na hiarrachtaí airm a onnmhairiú.

11.

PYON Won Gun

변원군

Dáta breithe: 13.3.1968

Áit bhreithe: S. Phyongan

Pasuimhir sheirbhíse: 836220035

Uimhir an phas: 290220142

22.1.2018

Stiúrthóir Glocom, cuideachta tosaigh de chuid Pan Systems Pyongyang. Tá Pan Systems Pyongyang sainaitheanta ag an Aontas as cúnamh a thabhairt chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré. Tá Pan Systems á rialú ag Reconnaissance General Bureau (an Biúró Ginearálta um Thaiscéalaíocht), atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann.

Fógraíonn Glocom trealamh cumarsáide raidió d’eagraíochtaí míleata agus paraimíleata.

D’aithin Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe Pyon Won Gun freisin mar náisiúnach de chuid DPDC a oibríonn Pan Systems Pyongyang. Tugtar le fios i dTuarascáil Chríochnaitheach mhí an Mhárta 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe go bhfuil Pan Systems ag leanúint leis na hiarrachtaí airm a onnmhairiú.

12.

PAE Won Chol

배원철

Dáta breithe: 30.8.1969

Áit bhreithe: Pyongyang

Uimhir an Phas Taidhleoireachta: 654310150

22.1.2018

D’aithin Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe Pae Won Chol mar náisiúnach de chuid DPDC a oibríonn Pan Systems Pyongyang. Tá Pan Systems Pyongyang sainaitheanta ag an Aontas as cúnamh a thabhairt chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré. Tá Pan Systems á rialú ag Reconnaissance General Bureau (an Biúró Ginearálta um Thaiscéalaíocht), atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann. Tugtar le fios i dTuarascáil Chríochnaitheach mhí an Mhárta 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe go bhfuil Pan Systems ag leanúint leis na hiarrachtaí airm a onnmhairiú.

13.

RI Sin Song

리신송

 

22.1.2018

D’aithin Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe Ri Sin Song mar náisiúnach de chuid DPDC a oibríonn Pan Systems Pyongyang. Tá Pan Systems Pyongyang sainaitheanta ag an Aontas as cúnamh a thabhairt chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré. Tá Pan Systems á rialú ag Reconnaissance General Bureau (an Biúró Ginearálta um Thaiscéalaíocht), atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann. Tugtar le fios i dTuarascáil Chríochnaitheach mhí an Mhárta 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe go bhfuil Pan Systems ag leanúint leis na hiarrachtaí airm a onnmhairiú.

14.

KIM Sung Su

김성수

 

22.1.2018

Tá Kim Sung Su sainaitheanta ag Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe mar ionadaí ar Pan Systems Pyongyang sa tSín. Tá Pan Systems Pyongyang sainaitheanta ag an Aontas as cúnamh a thabhairt chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré. Tá Pan Systems á rialú ag Reconnaissance General Bureau (an Biúró Ginearálta um Thaiscéalaíocht), atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann. Tugtar le fios i dTuarascáil Chríochnaitheach mhí an Mhárta 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe go bhfuil Pan Systems ag leanúint leis na hiarrachtaí airm a onnmhairiú.

15.

KIM Pyong Chol

김병철

 

22.1.2018

D’aithin Painéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe Kim Pyong Chol mar náisiúnach de chuid DPDC a oibríonn Pan Systems Pyongyang. Tá Pan Systems Pyongyang sainaitheanta ag an Aontas as cúnamh a thabhairt chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré. Tá Pan Systems á rialú ag Reconnaissance General Bureau (an Biúró Ginearálta um Thaiscéalaíocht), atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann. Tugtar le fios i dTuarascáil Chríochnaitheach mhí an Mhárta 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe go bhfuil Pan Systems ag leanúint leis na hiarrachtaí airm a onnmhairiú.

31.

O Yong Ho

Dáta breithe: 25.12.1961

Uimhir an phas: 108410041

Náisiúntacht: DPRK

Inscne: fireann

12.12.2022

Ina cháil mar ionadaí i Moscó, Cónaidhm na Rúise, ag a bhfuil naisc dhíreacha leis an Second Academy of Natural Sciences ( an Dara Acadamh Eolaíochtaí Nádúrtha), glacann O Yong Ho páirt, faoi stádas taidhleoireachta, i ngníomhaíochtaí le haghaidh eintiteas ar ar forchuireadh smachtbhannaí mar a leagtar amach i UNSCR 2094 (2013). Tá sé de cháil ar an eintiteas sin a bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí leata a bhaineann tairbhe as cláir DPDC a bhfuil baint acu le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile. Rinne sé iarracht earraí diúracán is infheidhme a fháil ó thríú tíortha thar ceann chlár diúracán DPDC, lena n-áirítear snáithín araimíde, feadáin chruach dhosmálta, agus imthacaí gránacha. D’fhéach sé freisin le cuid mhór earraí arna rialú ag Grúpa na Soláthraithe Núicléacha a fháil a bhfuil feidhmeanna diúracán balaistíoch acu, lena n-áirítear snáithe Kevlar, snáithín araimíde, ola eitlíochta, imthacaí gránacha, agus meaisíní beachtmhuilleoireachta. Sa cháil sin dó, tá sé páirteach go díreach i gcur ar fáil cistí agus soláthairtí do chláir DPDC a bhaineann le harmáin núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le harmáin ollscriosta eile.’

(b)

faoin gceannteideal ‘Liosta na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 23(1) agus i bpointe (c) d’Airteagal 27(1)’, fo-cheannteideal ‘B. Eintitis’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 4, 5 agus 6:

 

Ainm (agus ainmneacha féideartha eile)

Faisnéis aitheantais

Dáta an ainmniúcháin

Cúiseanna

‘4.

Pan Systems Pyongyang

ar a dtugtar freisin Wonbang Trading Co.; Glocom; International Golden Services; International Global System

Seoladh: Room 818, Pothonggang Hotel, Ansan-Dong, Pyongchon district, Pyongyang, DPRK.

16.10.2017

Tá cúnamh tugtha ag Pan Systems chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré.

Ina theannta sin, tá Pan Systems faoi rialú ag Reconnaissance General Bureau (an Biúró Ginearálta um Thaiscéalaíocht), eintiteas atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann. Tugtar le fios i dTuarascáil Chríochnaitheach mhí an Mhárta 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe go bhfuil Pan Systems ag leanúint leis na hiarrachtaí airm a onnmhairiú.

5.

Eritech Computer Assembly & Communication Technology PLC

Seoladh: Denden Street N028, Asmara, 257, Eritrea

21.4.2022

Cuirtear Eritech Computer Assembly & Communication technology PLC faoi údarás nó faoi stiúir Fhórsaí Cosanta na hEiritré agus tá sé lonnaithe ina gcoimpléasc Lárionad Teicniúil Míleata Asha Golgol, a úsáidtear chun trealamh sibhialta agus míleata agus paraimíleata a tháirgeadh, a mhodhnú nó a dheisiú. Tá smachtbhannaí á seachaint ag an eintiteas agus tá sé freagrach as tacú le cláir núicléacha agus bhalaistíocha DPDC ón tráth ar aithníodh é mar fhaighteoir beartaithe lastais trealaimh chumarsáide míleata de thionscnamh DPDC ón tSín i mí Iúil 2016. Tháinig an chuid is mó den trealamh lena mbaineann ó GLOCOM, cuideachta de chuid DPDC atá speisialaithe i soláthar trealaimh tarchurtha mhíleata, agus atá nasctha le seirbhísí faisnéise DPDC, de shárú, go háirithe, ar UNSCR 2270 (2016) . Tugtar le fios i dTuarascáil Chríochnaitheach mhí an Mhárta 2023 ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe go bhfuil Pan Systems ag leanúint leis na hiarrachtaí airm a onnmhairiú.

6.

Korea General Corporation for External Construction (Ainmneacha eile: KOGEN, GENCO)

조선대외건설총회사

Seoladh: Taedonggang District, Pyongyang, Democratic People’s Republic of Korea

21.4.2022

Tá fógraí tugtha ag Korea General Corporation for External Construction (KOGEN) go n-úsáideann sé fostaithe DPDC le haghaidh tionscadal i dtíortha eile, lena n-áirítear trí Naenara, tairseach idirlín oifigiúil DPDC. Dá bhrí sin, tá smachtbhannaí á seachaint ag KOGEN trí shárú a dhéanamh ar UNSCR 2397 (2017), lena gcuirtear toirmeasc ar oibrithe a n-íoctar a bpá le rialtas DPDC a chur thar lear agus a bhféadfaí iad a chur i mbun oibre chun tacú le cláir núicléacha agus diúracán balaistíoch DPDC, agus tá sé freagrach as tacaíocht airgeadais a thabhairt do chláir núicléacha agus bhalaistíocha DPDC mar go n-aistríonn sé pá iomlán nó cuid de phá na n-oibrithe a chuireann sé thar lear chuig an réimeas, cleachtas a thoirmeasctear le UNSCR 2397 (2017).’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2576/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top