EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2497

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2497 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2023 lena leasaítear Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na tairseacha le haghaidh lamháltas

C/2023/7637

IO L, 2023/2497, 16.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2497/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2497/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2497

16.11.2023

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2497 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Samhain 2023

lena leasaítear Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na tairseacha le haghaidh lamháltas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (1), agus go háirithe Airteagal 9(4), an dara fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 2014/115/AE (2), d’fhormheas an Chomhairle an Prótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais (3) a tugadh i gcrích faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Trádála. Ionstraim ilpháirtí is ea an Comhaontú leasaithe maidir le Soláthar Rialtais (‘an Comhaontú’) agus is é is cuspóir dó margaí soláthair rialtais a oscailt go frithpháirteach i measc a chuid páirtithe. Baineann an Comhaontú le haon chonradh soláthair lena mbaineann luach a shroicheann nó a sháraíonn na méideanna a leagtar amach ann (‘tairseacha’) agus a shloinntear mar chearta tarraingthe speisialta.

(2)

Ceann de chuspóirí Threoir 2014/23/AE is ea cead a thabhairt do na heintitis chonarthacha agus do na húdaráis chonarthacha a chuireann an Treoir sin i bhfeidhm na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chomhaontú a chomhlíonadh ag an am céanna. Is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an tairseach a leagtar amach sa Treoir sin chun a áirithiú go mbíonn an tairseach le haghaidh lamháltas a leagtar amach in Airteagal 8(1) de Threoir 2014/23/AE ag comhfhreagairt don tairseach le haghaidh lamháltas a bunaíodh sa Chomhaontú.

(3)

Le hAirteagal 9(1) de Threoir 2014/23/AE ceanglaítear ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh gach dhá bhliain ar na tairseacha le héifeacht ón 1 Eanáir. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na tairseacha do na blianta 2024-2025 ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh.

(4)

Ní féidir tús a chur le ríomh na dtairseach tráth níos luaithe ná an 1 Meán Fómhair mar gheall ar infhaighteacht sonraí. De réir Airteagal 9(3) den Treoir, ní mór don Choimisiún na tairseacha athbhreithnithe (in euro) agus a luachanna comhfhreagracha in airgeadraí náisiúnta na mBallstát den Aontas Eorpach a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ag tús mhí na Samhna. I bhfianaise an mhéid thuas, agus chun an sprioc-am thuasluaite a bhaint amach, tá an Coimisiún chun dul i muinín an nós imeachta práinne chun an rialachán seo a ghlacadh.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/23/AE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 8(1) de Threoir 2014/23/AE, cuirtear ‘EUR 5 538 000’ in ionad ‘EUR 5 382 000’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Samhain 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 94, 28.3.2014, lch. 1.

(2)  Cinneadh 2014/115/AE ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais (IO L 68, 7.3.2014, lch. 1).

(3)   IO L 68, 7.3.2014, lch. 2.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2497/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top